Uimhir 20 de 1974
AN tACHT CAIRDE TIONSCAIL (LEASÚ), 1974
[An tiontú oifigiúil]
Léiriú.
1.—(1) San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1971” an tAcht Cairde Tionscail (Leasú), 1971;
ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Cáirde Tionnscail, 1933.
(2) Forléireofar na hAchtanna Cairde Tionscail, 1933 go 1971, agus an tAcht seo mar aon Acht amháin.
Cumhacht na Cuideachta airgead a chruinniú nó a fháil ar iasacht trí bhintiúir nó ar shlí eile.
2.—Leasaítear leis seo mír 4 den Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht trí “seachtó is cúig mhilliún punt” a chur i bhfomhír (d) (i) (a cuireadh isteach le halt 5 (1) d'Acht 1971) in ionad “tríocha milliún punt”.
Ráthaíochtaí ón Aire.
1958, Uimh.10.
3.—Leasaítear leis seo alt 3 den Acht Cairde Tionscail (Leasú), 1958, trí “£75,000,000” a chur i bhfo-alt (3) in ionad “£30,000,000” (a cuireadh isteach le halt 7 d'Acht 1971).
Cumhacht Meabhrán agus Airteagail Chomhlachais na Cuideachta a athrú.
4.—Déanfaidh an Chuideachta cibé bearta is gá faoi Acht na gCuideachtaí, 1963, chun Meabhrán agus Airteagail Chomhlachais na Cuideachta a athrú le go mbeidh siad ar comhréir leis na hAchtanna Cairde Tionscail, 1933 go 1974.
Gearrtheideal agus comhlua.
5.—(1) Féadfar an tAcht Cairde Tionscail (Leasú), 1974, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna Cairde Tionscail, 1933 go 1974, a ghairm de na hAchtanna Cairde Tionscail, 1933 go 1971, agus den Acht seo le chéile.