[EN]

Uimhir 20 de 1974


[EN]

AN tACHT CAIRDE TIONSCAIL (LEASÚ), 1974

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA CAIRDE TIONSCAIL, 1933 GO 1971. [16 Iúil, 1974] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Léiriú.

1971, Uimh. 9.

1933, Uimh. 25.

1.—(1) San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1971” an tAcht Cairde Tionscail (Leasú), 1971;

[EN]

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Cáirde Tionnscail, 1933.

[EN]

(2) Forléireofar na hAchtanna Cairde Tionscail, 1933 go 1971, agus an tAcht seo mar aon Acht amháin.

[EN]

Cumhacht na Cuideachta airgead a chruinniú nó a fháil ar iasacht trí bhintiúir nó ar shlí eile.

2.—Leasaítear leis seo mír 4 den Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht trí “seachtó is cúig mhilliún punt” a chur i bhfomhír (d) (i) (a cuireadh isteach le halt 5 (1) d'Acht 1971) in ionad “tríocha milliún punt”.

[EN]

Ráthaíochtaí ón Aire.

1958, Uimh.10.

3.—Leasaítear leis seo alt 3 den Acht Cairde Tionscail (Leasú), 1958, trí “£75,000,000” a chur i bhfo-alt (3) in ionad “£30,000,000” (a cuireadh isteach le halt 7 d'Acht 1971).

[EN]

Cumhacht Meabhrán agus Airteagail Chomhlachais na Cuideachta a athrú.

1963, Uimh. 33.

4.—Déanfaidh an Chuideachta cibé bearta is gá faoi Acht na gCuideachtaí, 1963, chun Meabhrán agus Airteagail Chomhlachais na Cuideachta a athrú le go mbeidh siad ar comhréir leis na hAchtanna Cairde Tionscail, 1933 go 1974.

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

5.—(1) Féadfar an tAcht Cairde Tionscail (Leasú), 1974, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna Cairde Tionscail, 1933 go 1974, a ghairm de na hAchtanna Cairde Tionscail, 1933 go 1971, agus den Acht seo le chéile.