[EN]

Uimhir 21 de 1928.


[EN]

ACHT NA nÚDARÁS nÁITIÚIL (COMHAR-ÁRACHAS), 1928.


ACHT CHUN COSAINT IAR-RÉ DO THABHAIRT DO CHOMHAR-ÁRACHAIS CHÓLUCHTA PUIBLÍ NA hÉIREANN, TEORANTA, MAIDIR LE NITHE ÁIRITHE AGUS CHUN ACHT NA nÚDARÁS nÁITIÚIL (COMHAR-ÁRACHAS), 1926, DO LEASÚ. [30adh Iúl, 1928.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

An Príomh-Acht.

1.—San Acht so cialluíonn an focal “an Príomh-Acht” Acht na nUdarás nAitiúil (Comhar-Arachas), 1926 (Uimh. 34 de 1926).

[EN]

Cosaint do Chomhar-Arachais Chóluchta Puiblí na hÉireann Teoranta.

2.—(1) Tuigfar go raibh Comhar-Arachais Chóluchta Puiblí na hÉireann Teoranta riamh agus (fé réir forálacha an ailt seo) leanfa sé de bheith ina chuideachtain le n-a mbaineann an Príomh-Acht agus saor o pé forálacha den Assurance Companies Act, 1909, a bhaineann le héarlaisí fén Acht san.

[EN]

(2) Tuigfar go bhfuil Memorandum agus Airtiogail Chomhlachais Chomhar-Arachais Chóluchta Puiblí na hÉireann Teoranta san agus go rabhdar riamh do réir a n-éilítear leis na hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924.

[EN]

(3) Na polasaithe árachais go léir do thug Comhar-Arachais Chóluchta Puiblí na hÉireann Teoranta san amach roimh rith an Achta so no dá éis sin, le linn é bheith, de bhua an ailt seo, ina chuideachtain le n-a mbaineann an Príomh-Acht, tuigfar gur polasaithe comhar-árachais iad do réir bhrí an Phríomh-Achta agus do réir bhrí Mhemorandum Chomhlachais Chomhar-Arachais Chóluchta Puiblí na hÉireann Teoranta san agus, i gcás polasaithe do tugadh amach roimh rith an Achta so, gur pholasaithe comhar-árachais den tsórt san riamh iad.

[EN]

(4) Má dhineann Comhar-Arachais Chóluchta Puiblí na hÉireann Teoranta san a Mhemorandum Comhlachais d'atharú in aon tslí aon uair tar éis rithte an Achta so scuirfe se láithreach de bheith, de bhua an ailt seo, ina chuideachtain le n-a mbaineann an Príomh-Acht agus do bheith saor, de bhua an ailt seo, o sna forálacha san den Assurance Companies Act, 1909, ach beidh san gan dochar do bhaint an Phríomh-Achta no do shaoirse o sna forálacha san, eadhon, aon bhaint no saoirse a bheidh ann le n-a linn sin no a eireoidh ina dhiaidh sin fén bPríomh-Acht no ar aon tslí eile.

[EN]

Brí “comharárachas” sa Phríomh-Acht.

3.—I ngach áit ina bhfuil an focal “comhar-árachas” sa Phríomh-Acht ciallóidh sé bheith fé árachas ag cuideachtain gur baill di na daoine uile agus na daoine sin amháin is sealbhóirí ar pholasaithe do thug an chuideachta san amach pe'ca tá no ná fuil aon fhiachas idir na baill sin, ag gach ball díobh don chuid eile agus leo, maidir le héilithe fé sna polasaithe sin.

[EN]

Leasú ar alt 4 den Phríomh-Acht.

4.—Athghairmtear leis seo alt 4 den Phríomh-Acht agus ina ionad san achtuítear leis seo, pé cinn d'fhorálacha an Assurance Companies Act, 1909, a bhaineann le héarlaisí fén Acht san, ná bainfid le cuideachtain le n-a mbaineann an Príomh-Acht.

[EN]

Gearr-theideal agus luadh.

5.—(1) Féadfar Acht na nUdarás nAitiúil (Comhar-Arachas), 1928, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Féadfar Achtanna na nUdarás nAitiúil (Comhar-Arachas), 1926 agus 1928, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.