[EN]

Uimhir 21 de 1938.


[EN]

ACHT NA nOISPIDÉAL PUIBLÍ (LEASÚ), 1938.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN COMHACHTA, DUALGAISÍ AGUS FEIDHMEANNA IONTAOBHAITHE NÁISIÚNTA NA nOISPIDÉAL FÉ ACHT NA nOISPIDÉAL PUIBLÍ, 1933, D'AISTRIÚ GO DTÍ CÓLUCHT CORPRUITHE AGUS CHUN AN ACHTA SAN DO LEASÚ CHUN NA CRÍCHE SEO AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE. [27adh Iúl, 1938.] ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Léiriú.

1.—(1) San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” Acht na nOispidéal Puiblí, 1933 (Uimh. 18 de 1933).

[EN]

(2) Léireofar an Príomh-Acht agus an tAcht so le chéile, agus dá réir sin gach focal agus abairt dá dtugtar brí áirithe leis an bPríomh-Acht no ann chun crícheanna an Achta san tá leis san Acht so an bhrí tugtar dó amhlaidh.

[EN]

Bord Iontaobhais na nOispidéal do bhunú.

2.—(1) Ar theacht i bhfeidhm don Acht so bunófar bord (dá ngairmtear an Bord san Acht so) ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal Bord Iontaobhais na nOispidéal chun na bhfeidhmeanna ceaptar dóibh leis an Acht so do chólíonadh.

[EN]

(2) Beidh an Bord ina gcólucht chorpruithe go síor-chomharbas agus có-shéala (ar a dtabharfar áird i gcúrsaí breithiúntais) agus féadfaid dul chun dlí, agus féadfar dul chun dlí leo, fé n-a n-ainm chorpruithe agus féadfaid talamh do shealbhú agus do chur de láimh.

[EN]

Ballraíocht an Bhúird agus téarma oifige na mball.

3.—(1) Cúig bhall a bheidh ar an mBord.

[EN]

(2) Fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo, déanfaidh an tAire o am go ham fé mar is gá é gach ball fé leith den Bhord do cheapadh le hordú ar n-a dhéanamh fén alt so agus, maran éag no eirghe as no cur as oifig roimhe sin dó, beidh gach ball fé leith den Bhord i seilbh oifige mar bhall den tsórt san go ceann tréimhse cúig mblian ón lá tar éis dáta an orduithe le n-a gceapfar é, ach beidh sé ion-athcheaptha.

[EN]

(3) Gach duine ba dhuine d'Iontaobhaithe Náisiúnta na nOispidéal díreach roimh theacht i bhfeidhm don Acht so, tiocfa sé chun bheith agus beidh sé, ar theacht i bhfeidhm don Acht so, ina bhall den Bhord agus, maran éag no eirghe as no cur as oifig roimhe sin dó, beidh sé i seilbh oifige mar bhall den tsórt san go ceann tréimhse cúig mblian o theacht i bhfeidhm don Acht so, ach beidh sé ion-athcheaptha.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, le hordú, aon bhall den Bhord do chur as an oifig sin, agus beidh éifeacht ag aon chur-asoifig den tsórt san an lá tar éis dáta an orduithe le n-a gcuirfear an ball san as oifig.

[EN]

(5) Féadfaidh aon bhall den Bhord eirghe as a oifig tráth ar bith tré leitir a chur chun an Aire, agus cuirfidh an tAire an t-eirghe-as san in úil don Bhord, agus beidh éifeacht ag gach eirghe-as den tsórt san i dtosach an chéad chruinnithe den Bhord a comórfar tar éis don Aire an t-eirghe-as san do chur in úil dóibh.

[EN]

Imeachta an Bhúird.

4.—(1) Ag gach cruinniú den Bhord déanfaidh na baill den Bhord a bheidh i láthair duine dá líon do thoghadh chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

[EN]

(2) Déanfar gach ceist ag cruinniú den Bhord do shocrú le móráireamh de vótanna na mball a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist, agus i gcás na vótanna bheith roinnte go có-ionann beidh an dara vóta no vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe ach amháin nuair a bheidh an cathaoirleach á thogha.

[EN]

(3) Triúr is quorum do chruinniú den Bhord.

[EN]

(4) Féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntas amháin, ach ní d'ainneoin níos mó ná folúntas amháin, do bheith ina mballraíocht.

[EN]

(5) Fé réir forálacha an ailt seo, déanfaidh an Bord a nós imeachta agus a ngnó féin do rialáil.

[EN]

Séala an Bhúird.

5.—(1) Déanfaidh an Bord, an túisce bunófar iad, có-shéala do chur ar fáil dóibh féin.

[EN]

(2) Déanfar séala an Bhúird do dhílse-dheimhniú le sighniú aon dá bhall den Bhord a bheidh údaruithe ag an mBord chun gníomhú chuige sin.

[EN]

(3) Gach scríbhinn a bhéarfaidh le tuisgint í bheith séaluithe le séala an Bhúird agus í bheith dílse-dheimhnithe do réir an ailt seo beidh sí, in aon imeachta dlí, ina fianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gurb iad an Bord do thug amach í no gur fé údarás an Bhúird do tugadh amach í.

[EN]

Feidhmeanna Iontaobhaithe Náisiúnta na nOispidéal d'aistriú chun an Bhúird agus oiriúnuithe iarmartacha do dhéanamh ar an bPríomh-Acht.

6.—(1) Deintear leis seo comhachta, dualgaisí agus feidhmeanna Iontaobhaithe Náisiúnta na nOispidéal fén bPríomh-Acht d'aistriú chun an Bhúird agus do bhronnadh agus d'fhorchur ortha.

[EN]

(2) Chun lán-éifeacht do thabhairt d'fho-alt (1) den alt so beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) déanfar na tagairtí d'Iontaobhaithe Náisiúnta na nOispidéal atá sa Phríomh-Acht do léiriú mar thagairtí don Bhord;

[EN]

(b) déanfar, ar theacht i bhfeidhm don Acht so, Ciste Iontaobhais na nOispidéal d'aistriú chun ainm an Bhúird;

[EN]

(c) an t-airgead agus na suncála gurbh iad caipital Chiste Iontaobhais na nOispidéal iad díreach roimh theacht i bhfeidhm don Acht so agus fós an mhaoin uile, réalta no pearsanta (agus rudaí-ar-fiunraoi d'áireamh), a bhí, díreach roimh theacht i bhfeidhm don Acht so, dílsithe in Iontaobhaithe Náisiúnta na nOispidéal agus ar seilbh acu mar Iontaobhaithe den tsórt san ar iontaoibh chun aon chríche de chrícheanna an Phríomh-Achta, agus gach ceart, comhacht agus príbhléid a bhaineann no ghabhann leis an gCiste sin no le haon mhaoin den tsórt san, tiocfaid chun bheith agus beid, ar theacht i bhfeidhm don Acht so agus gan leithliú ná sannadh ar bith ach fé réir a n-aistrithe i leabhair aon bhainc, corpráide no cuideachtan más gá san, dílsithe sa Bhord chun an estáit, an téarma no an leasa uile chun a rabhadar, díreach roimh theacht i bhfeidhm don Acht so, dílsithe sna hIontaobhaithe sin;

[EN]

(d) aon mhaoin (le n-a n-áirmhítear Ciste Iontaobhais na nOispidéal) a haistrítear leis an alt so agus a bhí, díreach roimh theacht i bhfeidhm don Acht so, i leabhair aon bhaine no cláruithe i leabhair aon bhainc, corpráide no cuideachtan in ainm no in ainmneacha aon duine no daoine, aistreoidh an banc no an chorpráid no an chuideachta san í sna leabhair sin chun ainm an Bhúird, ar n-a iarraidh sin don Bhord ar theacht i bhfeidhm don Acht so no tráth ar bith dá éis sin;

[EN]

(e) gach rud-ar-fiunraoi a haistrítear leis an alt so chun an Bhúird féadfaidh an Bord, ar theacht i bhfeidhm don Acht so agus dá éis sin, dul chun dlí mar gheall air no é bhaint amach no é d'fhoirfheidhmiú ina n-ainm féin agus ní gá don Bhord fógra, i dtaobh an aistrithe deintear leis an alt so, do thabhairt don té ar a mbeidh an rud-ar-fiunraoi sin ina cheangal;

[EN]

(f) na fiacha agus na fiachaisí eile go léir (ar a n-áirmhítear fiachaisí nea-shocruithe do tháinig as torta no as sáruithe connartha) a bhí, díreach roimh theacht i bhfeidhm don Acht so, dlite ar Iontaobhaithe Náisiúnta na nOispidéal no ar aon duine no níos mó acu ag gníomhú thar ceann na ndaoine no an duine eile acu agus gan íoc ag an gcéanna no curtha suas agus gan glanadh ag an gcéanna, tiocfaid chun bheith agus beid, ar theacht i bhfeidhm don Acht so, ina bhfiacha no ina bhfiachaisí ar an mBord agus íocfaidh no glanfaidh an Bord iad agus féadfar iad a bhaint den Bhord no iad d'fhoirfheidhmiú i gcoinnibh an Bhúird dá réir sin.

[EN]

Iontaobhaithe Náisiúnta na nOispidéal d'fhuascailt.

7.—Féadfaidh an tAire, más deimhin leis a gcuid feidhmeanna fén bPríomh-Acht do bheith cólíonta go cuibhe ag Iontaobhaithe Náisiúnta na nOispidéal, an méid sin do dheimhniú fé n-a shéala oifige, agus oibreoidh an deimhniú san chun Iontaobhaithe Náisiúnta na nOispidéal, a n-oighrí, a seiceadúirí agus a riarthóirí d'fhuascailt o gach aicsean agus éileamh eireoidh de bhuadh fo-ailt (6) d'alt 20 den Phríomh-Acht.

[EN]

Comhachta an Bhúird maidir le hoifigí do chur ar fáil do choistí scuabghill.

8.—(1) Féadfaidh an Bord, pé uair iarrfaidh coiste scuab-ghill ortha san do dhéanamh, glacadh le scéim chun oifigí agus cóiríocht eile do chur ar fáil do choistí scuab-ghill agus d'fhostaithe coistí scuab-ghill agus do dhaoine eile go bhfuil leas acu i scuab-ghill do bhunú agus do bhainistí, no baint acu le scuab-ghill do bhunú agus do bhainistí, do bhun forálacha an Phríomh-Achta.

[EN]

(2) Luadhfar i ngach scéim le n-a nglacfaidh an Bord fén alt so an tslí ina mbeidh an Bord ar intinn an chuid sin de Chiste Iontaobhais na nOispidéal dá ndéanfaidh an scéim sin deifir d'úsáid, agus cuirfidh an Bord an scéim sin fé bhráid an Aire chun a cheaduithe d'fháil agus ní raghaid fé aon chaiteachas fén alt so maidir leis an scéim sin (seachas caiteachas maidir le hí ullamhú) gan ceadú ón Aire.

[EN]

(3) Chó luath agus is féidir é tar éis don Aire aon scéim a cuirfear fé n-a bhráid fén alt so do cheadú, féadfaidh an Bord cromadh ar an scéim sin do chur i ngníomh, agus chuige sin féadfaid talamh ar bith do thógaint chúcha (tré cheannach no tré mhalairtiú no ar shlí eile), agus féadfaid foirgintí ar bith do chur suas air, agus féadfaid aon fhoirgintí bheidh air cheana do thógaint chúcha agus d'ath-dhéanamh agus troscán do chur ionta, agus féadfaid go generálta gach ní do dhéanamh a húdarófar dóibh leis an scéim sin do dhéanamh.

[EN]

(4) Aon talamh no foirgint a thógfaidh an Bord chúcha no chuirfid suas do bhun scéime bheidh ceaduithe ag an Aire fén alt so féadfaidh an Bord é chur ar léas, chun crícheanna na scéime sin agus chun na gcrícheanna eile sin (más ann dóibh) a luadhfar sa léas san, ar feadh an téarma san agus ar na coinníollacha san i dtaobh cíosa agus eile is oiriúnach leis an mBord.

[EN]

(5) Aon talamh no foirgint a thógfaidh an Bord chúcha no chuirfid suas fén alt so agus ná beidh ag teastáil chun crícheanna scéime bheidh ceaduithe ag an Aire fén alt so féadfaidh an Bord é chur ar léas chun na ndaoine sin agus ar feadh an téarma san agus ar na coinníollacha san is oiriúnach leis an mBord, no féadfaidh an Bord é dhíol no é chur de láimh ar shlí eile.

[EN]

(6) Is amach as Ciste Iontaobhais na nOispidéal a híocfar na costaisí uile fé n-a raghaidh an Bord fén alt so.

[EN]

(7) Íocfar isteach i gCiste Iontaobhais na nOispidéal aon chíosanna agus sochair a gheobhaidh an Bord as aon talamh no foirgint a chuirfidh an Bord ar léas fén alt so agus fós an t-airgead a thiocfaidh as an mBord do dhíol aon tailimh no foirginte fén alt so.

[EN]

Cuid d'alt 20 den Phríomh-Acht d'athghairm.

9.—Athghairmtear leis seo fo-ailt (1), (2), (3), (4), (5) agus (6) d'alt 20 den Phríomh-Acht.

[EN]

Gearr-theideal, có-luadh agus tosach feidhme.

10.—(1) Féadfar Acht na nOispidéal Puiblí (Leasú), 1938, do ghairm den Acht so, agus féadfar Achtanna na nOispidéal Puiblí, 1933 agus 1938, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.

[EN]

(2) Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh an lá san a ceapfar chuige sin le hordú ón Aire.