Uimhir 21 de 1947.
AN tACT UM CHUIDEACHTA MHÓR-BHÓITHRE IARAINN AN DEISCIRT (SCÉIM AOISLIÚNTAS), 1947.
[An tiontó oifigiúil.]
CUID I.
Reamhraiteach agus Ginearalta.
Gearrtheideal.
1.—Féadfar an tAcht um Chuideachta Mhór-Bhóithre Iarainn an Deiscirt (Scéim Aoisliúntas), 1947, a ghairm den Acht seo.
Mínithe.
2.—San Acht seo—
ciallaíonn an abairt “an Chuideachta” Córas Iompair Éireann;
ciallaíonn an abairt “an Chorparáid” Corparáid Chiste Aoisliúntais Chórais Imréitigh na nIarnród;
ciallaíonn an abairt “an Nua-Chiste” an Ciste a bunaítear leis an scéim aoisliúntas nua;
ciallaíonn an abairt “an scéim aoisliúntas nua” an scéim a bhfuil cóip di leagtha amach sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo;
ciallaíonn an abairt “an Sean-Chiste” Ciste na Corparáide;
ciallaíonn an abairt “an Bille Breataineach beartaithe” Bille atá beartaithe a chur ar aghaidh ag an gCorparáid i bParlaimint Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Tuaiscirt Éireann do dhéanamh socruithe (i dteannta nithe eile) chun aistriú a dhéanamh, chun iontaobhaithe an Nua-Chiste, ar na sócmhainní uile leis an gCorparáid atá ar áireamh i Rannóig C agus i Rannóig D den tSean-Chiste, lúide suim £751 16s. 10d. (seacht gcéad agus aon phunt caogad, sé scillinge déag agus deich bpingne), is é sin, suim a bhfuil idir í agus costais uile na Corparáide i leith atheagruithe an tSean-Chiste faoin Railway Clearing System Superannuation Fund Act, 1941, an cothrom céanna a bhí idir an comhaltas (comhaltaí ranníochacha agus comhaltaí aoisliúntais) a bhain le Sean-Chuideachta Mhór-Bhóithre Iarainn an Deiscirt agus comhaltas iomlán (comhaltaí ranníocacha agus comhaltaí aoisliúntais) an tSean-Chiste amhail ar an 30ú lá de Mheitheamh, 1941.
Costais na Corparáide maidir le cur ar aghaidh an Bhille Bhreatainigh bheartaithe d'aisíoc.
3.—Íocfaidh an Chuideachta leis an gCorparáid suim is comhionann le costais agus caiteachas na Corparáide maidir leis an mBille Breataineach beartaithe, pé acu a hachtófar an Bille sin nó ná hachtófar.
Tosach feidhme Coda II.
4.—(1) Ní thiocfaidh Cuid II den Acht seo i ngníomh mura n-achtaítear ná go dtí go n-achtófar an Bille Breataineach beartaithe.
(2) I gcás an Bille Breataineach beartaithe d'achtú ar dháta an Achta seo a rith nó roimhe sin, tiocfaidh Cuid II den Acht seo i ngníomh an lá is lá cinn trí mhí ó dháta an Achta seo a rith.
(3) I gcás an Bille Breataineach beartaithe d'achtú tar éis dáta an Achta seo a rith, tiocfaidh Cuid II den Acht seo i ngníomh an lá is lá cinn trí mhí ó dháta an Achta Bhreatainigh bheartaithe d'achtú.
CUID II.
An Sceim Aoisliuntas nua a Dhaingniu agus Forala i dTaobh Rannog C agus D den tSean-Chiste.
An dáta feidhme.
5.—Sa Chuid seo, ciallaíonn an abairt “an dáta feidhme” an dáta ar a dtiocfaidh an Chuid seo i ngníomh.
An scéim aoisliúntas nua a dhaingniú.
6.—(1) Déantar leis seo an scéim aoisliúntas nua a dhaingniú agus feidhm dlí a thabhairt di.
(2) Is tuighthe an Nua-Chiste a bheith arna bhunú faoi iontaobhas nach féidir a chúlghairm.
Costais aistrithe sócmhainní Rannóg C agus D den tSean-Chiste.
7.—Íocfaidh an Chuideachta na costais a ghabhfas agus a bhainfeas leis na sócmhainní atá ar áireamh i Rannóig C agus i Rannóig D den tSean-Chiste d'aistriú chun iontaobhaithe an Nua-Chiste.
E a bheith de dhliteanas ar an gCuideachta sochair d'íoc a mhéid nach acmhainneach an Nua-Chiste.
8.—Má bhíonn an Nua-Chiste, tráth ar bith, neamhacmhainneach chun aon tsochair d'íoc a bheas iníoctha láithreach faoin scéim aoisliúntas nua, íocfaidh an Chuideachta na sochair sin a mhéid a bheas an Nua-Chiste neamhacmhainneach chun na sochair sin d'íoc.
Alt 45 den Acht Iompair, 1944, a 1 asú.
9.—(1) San alt seo, ciallaíonn an abairt “Acht 1944” an tAcht Iompair, 1944 (Uimh. 21 de 1944).
(2) Beidh éifeacht ag alt 45 d'Acht 1944 amhail is ná beadh na focail “agus folaíonn an abairt sin Ciste Aoisliúntais Chórais Imréitigh na nIarnród” i bhfo-alt (1) den alt sin.
(3) Athghairmtear leis seo fo-alt (8) d'alt 45 d'Acht 1944.
Fórala i dtaobh Rannóg C agus D. den tSean-Chiste.
10.—(1) San alt seo—
ciallaíonn an abairt “na comhaltaí aistrithe” na daoine is comhaltaí ranníocacha nó comhaltaí aoisliúntais de Rannóig C nó de Rannóig D den tSean-Chiste díreach roimh an dáta feidhme;
ciallaíonn an abairt “dliteanais láithreacha na Corparáide” aon tsuim—
(a) is suim d'fhaibhrigh chun bheith dlite roimh an dáta feidhme ar scór aon íocaíochta tréimhsiúla dob iníoctha faoi Rialacha na Corparáide le comhalta aistrithe nó i leith comhalta aistrithe agus nár híocadh,
(b) aon tsuim eile a tháinig chun bheith dlite, faoi Rialacha na Corparáide, roimh an dáta feidhme do chomhalta aistrithe nó i leith comhalta aistrithe agus nár híocadh;
ciallaíonn an abairt “dliteanais teagmhasacha na Corparáide” aon tsuim a thiocfadh, mura mbeadh an t-alt seo, chun bheith dlite, faoi Rialacha na Corparáide, ar an dáta feidhme nó dá éis do chomhalta aistrithe nó i leith comhalta aistrithe, agus folaíonn sí aon dliteanas faoi Riail 6 de na Rialacha Forlíontacha atá sa Dara Sceideal a ghabhas leis na Rialacha a rinneadh faoi na Railway Clearing System Superannuation Fund Acts, 1873 to 1914.
(2) Ar an dáta feidhme—
(a) scoirfidh gach comhalta aistrithe de bheith ina chomhalta de Rannóig C nó de Rannóig D (pé acu é) den tSean-Chiste,
(b) scoirfidh dliteanais láithreacha na Corparáide agus dliteanais teagmhasacha na Corparáide de bheith ina n-éilithe i gcoinne na Corparáide, agus ní beidh aon éileamh intsuite ag duine ar bith i gcoinne na Corparáide ná i gcoinne iontaobhaithe an tSean-Chiste maidir leis na dliteanais sin,
(c) tiocfaidh dliteanais láithreacha na Corparáide chun bheith, agus beid, ina muirir ar an Nua-Chiste agus déanfaidh iontaobhaithe an Nua-Chiste iad d'íoc as an Nua-Chiste.
(3) Íocfaidh an Chuideachta leis an gCorparáid suim is comhionann le haon chaiteachas a mbeidh an Chorparáid tar éis dul faoi maidir le Rannóig C nó Rannóig D den tSean-Chiste a riaradh agus nár híocadh as Rannóig C nó as Rannóig D den tSean-Chiste roimh an dáta feidhme.
AN SCEIDEAL.
An Sceim Aoisliuntas Nua.
1.—Is é is ainm don scéim seo “Scéim Aoisliúntas Cléireach agus Oifigeach Tuarastail (M.I.D.), Córas Iompair Éireann” agus is i mBaile Atha Cliath a bheas oifigí na scéime.
2.—(1) Sa scéim seo tá leis na habairtí seo a leanas na bríonna faoi seach a ceaptar dóibh sa riail seo mura bhfuil aon ní ar neamhréir leis sin san abhar nó sa chomhthéacs:—
ciallaíonn “an chuideachta” Córas Iompair Éireann;
ciallaíonn “na stiúrthóirí” na daoine is stiúrthóirí de thuras na huaire ar an gcuideachta;
ciallaíonn “na hiontaobhaithe” Folucht Iompair Teoranta nó an t-iontaobhaí nó na hiontaobhaithe eile de thuras na huaire don scéim seo;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;
ciallaíonn “an ciste” an ciste a bunaítear leis an scéim seo;
ciallaíonn “oifigeach nó cléireach tuarastail”
(a) oifigeach nó seirbhíseach (fireannach nó baineannach) lena n-íoctar tuarastal atá socair do réir ráta sa bhliain; nó
(b) duine in aon ghrád de na gráid mhaoirseoireachta; nó
(c) banchléireach sa tseirbhís lena n-íoctar luach saothair atá socair ar shlí seachas do réir ráta sa bhliain;
ciallaíonn “na gráid mhaoirseoireachta” na gráid sin a dtugtar an tuairisc sin orthu sna comhaontuithe iomaí idir Cuideachta Mhór-Bhóithre Iarainn an Deiscirt agus ceardchumainn iomaí i dtaobh rátaí páighe agus/nó coinníollacha seirbhíse;
ciallaíonn “an tseirbhís” seirbhís na cuideachtan nó seirbhís Chuideachta Mhór-Bhóithre Iarainn an Deiscirt i gcáil oifigigh nó chléirigh thuarastail;
ciallaíonn “an sean-chiste” ciste Chorparáid Chiste Aoisliúntais Chórais Imréitigh na nIarnród;
ciallaíonn “comhalta ranníocach” comhalta, séachas comhalta aoisliúntais, den scéim nó de Rannóig C nó de Rannóig D den tsean-chiste;
ciallaíonn “comhalta aoisliúntais” comhalta den scéim nó de Rannóig C nó de Rannóig D den tsean-chiste atá tar éis teacht i dteideal sochair d'fháil fúithi;
ciallaíonn “dáta an aistrithe” an lá a déanfar Rannóga C agus D den tsean-chiste d'aistriú chun na n-iontaobhaithe chun tairbhe an chiste;
ciallaíonn “comhalta roimh 1913” comhalta a tháinig chun bheith ina chomhalta ranníocach roimh an gcéad lá d'Iúil, 1913;
ciallaíonn “comhalta 1913-1941” comhalta a tháinig chun bheith ina chomhalta ranníocach tar éis an tríochadú lá de Mheitheamh, 1913, agus roimh an 1ú lá d'Iúil, 1941;
ciallaíonn “comhalta d'éis 1941” comhalta a tháinig chun bheith ina chomhalta ranníocach an chéad lá d'Iúil, 1941, nó dá éis;
ciallaíonn “an coiste” an coiste a ceapfar ó am go ham faoi na rialacha seo;
ciallaíonn “na coisteoirí ranníocóirí” na comhaltaí den choiste a cheapfas na comhaltaí ranníocacha ó am go ham;
ciallaíonn “na coisteoirí stiúrthóirí” na comhaltaí den choiste a cheapfas na stiúrthóirí ó am go ham;
ciallaíonn “na hiniúchóirí” an bheirt iniúchóirí don chiste a luaitear i Riail 50 den scéim seo;
ciallaíonn “an rúnaí” an duine is sealbhóir de thuras na huaire ar oifig an rúnaí don choiste;
ciallaíonn “dochtúir oifigiúil” duine de na dochtúirí oifigiúla don chuideachta nó dochtúir oifigiúil arna cheapadh ag an gcoiste;
ciallaíonn “cruinniú ginearálta” cruinniú ginearálta de na comhaltai ranníocacha arna ghairm agus arna chóiriú go cuí agus aon atráthú ar an gcruinniú sin;
ciallaíonn “mí” mí caileandair.
(2) Sa scéim seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt:—
(a) focail lena ngabhann brí na huimhreach uatha folaíd an uimhir íolra;
(b) focail lena ngabhann brí na huimhreach iolra folaíd an uimhir uatha;
(c) focail lena ngabhann brí na firinscne folaíd an bhaininscne.
3.—Bunaítear an ciste chun blianachta agus sochair eile a sholáthar le haghaidh:—
(a) daoine a bhí i bhfostaíocht Chuideachta Mhór-Bhóithre Iarainn an Deiscirt díreach roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1945, agus a bheas sa tseirbhís ar dháta an aistrithe nó a raghas sa tseirbhís i ndiaidh an dáta sin, agus
(b) daoine is comhaltaí aoisliúntais díreach roimh dháta an aistrithe.
4.—Déanfaidh na hiontaobhaithe socrú chun go n-íocfar as an gciste na costais, na muirir agus an caiteachas uile facina raghfar go cuí ag riaradh an chiste agus ná fuil aon tsocrú eile déanta leis an scéim seo chun iad d'íoc agus a ghlanadh.
5.—(1) Is é Folucht Iompair Teoranta céad-iontaobhaí na scéime seo.
(2) Dílsítear sa chuideachta an chumhacht chun iontaobhaí nó iontaobhaithe nua don chiste a cheapadh tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste agus faoi réir ceaduithe an Aire.
(3) Dílsítear sa chuideachta an chumhacht chun iontaobhaí a chur as oifig mar iontaobhaí don scéim tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste agus le toiliú an Aire.
(4) Má tharlann aon tráth ná beidh aon iontaobhaí don chiste ann féadfaidh an chuideachta gníomhú mar iontaobhaí don chiste go dtí go gceapfar iontaobhaí nó iontaobhaithe nua.
(5) Má dhéanann an chuideachta aon tráth, le toiliú an Aire, pearsain a cheapadh ina n-iontaobhaithe in ionad Foluchta Iompair Teoranta nó in ionad aon chorparáide a bheas ina hiontaobhaí don scéim seo, ní mó ná cúigear an líon iontaobhaithe a ceapfar amhlaidh agus, má tharlann aon tráth gur lú ná triúr a lion, déanfaidh an chuideachta, le toiliú an Aire, iontaobhaí nua amháin nó níos mó a cheapadh ionas go mbeidh triúr iontaobhaí ar a laghad ann.
6.—(1) Bunófar an ciste ar dháta an aistrithe.
(2) Beidh an ciste comhdhéanta díobh seo a leanas:—
(a) an t-airgead, na sócmhainní agus na suncála sin a haistreofar ón sean-chiste;
(b) ranníocaíochta na gcomhaltaí ranníocacha;
(c) ranníocaíochta na cuideachtan;
(d) aon ús ó airgead a shuncáil is leis an gciste agus a bheas ar láimh ag na hiontaobhaithe; agus
(e) aon tsuimeanna eile a híocfar ó am go ham leis na hiontaobhaithe nó leis an gcoiste chun críocha na scéime seo.
7.—(1) Dílseofar an ciste sna hiontaobhaithe agus coimeádfaidh na hiontaobhaithe cuntais chuí ar an gciste agus déanfar na cuntais sin d'iniúchadh mar foráltar anseo ina dhiaidh seo.
(2) Aon airgead leis an gciste a bheas ar láimh ag na hiontaobhaithe agus ná beidh ag teastáil chun críocha láithreacha na scéime seo, déanfar, a luaithe is féidir, é a shuncáil in ainm nó faoi urlámhas na n-iontaobhaithe i pé urrúis is dóigh leis an gcuideachta, tar éis dul i gcomhirale leis an gcoiste, is cuí nó féadfar é a thabhairt ar iasacht don chuideachta agus é inaisíochta arna éileamh faoi ráta úis comhaontaithe.
8.—Déanfaidh an coiste an scéim seo a riaradh.
9.—(1) Beidh na hiontaobhaithe i seilbh an chiste, ar iontaobhas, as ioncam an chéanna agus, a mhéid is gá sin, as an gcaipiteal chun socrú a dhéanamh (mar luaitear sa chéad mhír ina dhiaidh seo den riail seo) le haghaidh na sochar is iníochta faoin scéim seo.
(2) Déanfaidh na hiontaobhaithe socrú chun na sochair go léir faoin scéim d'íoc trí pé suimeanna a lóisteáil ó am go ham i gcuntas reatha ar leithligh a choimeádfas cuntasóir na cuideachtan i mbanc chun na críche sin is suimeanna is dóigh leis na hiontaobhaithe, do réir sonraí deimhnithe a bhéarfas an coiste do na hiontaobhaithe, is gá chun go bhféadfar an t-airgead go léir is iníoctha go cuí as an gciste d'íoc ó am go ham, Áiritheoidh na hiontaobhaithe go dtabharfar cuntas dóibh mar is cuí ar aon iarmhéid neamhchaite a bheas sa chuntas reatha seo ó am go ham,
(3) Na híocaíochta go léir a bheas dlite as an gciste do chomhaltaí aoisliúntais agus do dhaoine eile, is as an airgead a bheas lóisteálta chun creidiúna an chuntais ar leithligh mar adúradh a híofar iad, trí sheiceanna a bheas tarraingte ar an gcuntas sin agus nfhar aon tslí eile. Ullamhóidh an cuntasóir sin na seiceanna uile a tarraingeofar ar an gcuntas sin agus déanfaidh an cuntasóir sin agus Rúnaí na cuideachtan nó a n-ionadaithe na seiceanna sin a shíniú. Soláthróidh an coiste na liostaí, na cuntais agus na cruthúnachta is gá chun a chumasú don chuntasóir na seiceanna d'ullmhú agus beidh gach liosta, cuntas agus cruthúnacht den tsórt sin sínithe ag coisteoir stiúrthóirí agus ag coisteoir ranníocóirí agus ag rúnaí an choiste. Bhéarfaidh an coiste go gcoimeádfar taifid agus cuntais chuí ar na híocaíochta go léir den tsórt sin. Déanfaidh na hiontaobhaithe, a mhéid is féidir do réir réasúin, a dheimhniú dhóibh féin go gcoimeádtar go cruinn na taifid agus na cuntais sin.
10.—(1) Ar dháta an aistrithe tiocfaidh na daoine go léir is comhaltaí aoisliúntais chun bheith, agus beidh, ina gcomhaltaí aoisliúntais den scéim seo agus tiocfaidh na daoine go léir is comhaltaí ranníocacha chun bheith, agus beid, ina gcomhaltaí ranníocacha den scéim seo.
(2) Duine a thiocfas chun bheith ina chomhalta den scéim seo de bhuaidh míre (1) den riail seo ní bheidh fáil thar n-ais aige as an gciste ná as an sean-chiste ar a ranníocaíochta ná ar ús ar a ranníocaíochta faoi fhorála Rialach 6 de na Rialacha Forlíontacha a ghabhas leis an sean-chiste de dhroim an chuideachta nó Cuideachta Mhór-Bhóithre Iarainn an Deiscirt do scor d'íocaíochta d'íoc leis an sean-chiste nó de dhroim é do scor de bheith ina chomhalta den tsean-chiste; agus déanfar gach foráil den scéim seo faoina bhfuil nó faoina mbeidh duine i dteideal na sochair chéanna d'fháil a bheadh sé i dteideal d'fháil as an sean-chiste a léiriú mar fhorála faoi réir forál na míre seo.
(3) Bean a bheas ar buan-fhostú ar dháta an aistrithe ag an gcuideachta agus a bhí ar fostú díreach roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1945, ag Cuideachta Mhór-Bhóithre Iarainn an Deiscirt mar oifigeach nó cléireach tuarastail agus ná raibh os cionn 50 bliain d'aois an 1ú lá d'Iúil, 1941, féadfaidh sí teacht chun bheith ina comhalta ranníocach amhail ó dháta an aistrithe má chuireann sí go dtí an rúnaí, lá nach déanaí ná sé mhí tar éis dáta an aistrithe, fógra i scríbhinn go bhfuil ar intinn aici bheith ina comhalta, maraon le pé deimhnithe ó dhohctúirí leighis agus pé fianaise eile lena nglacfaidh an coiste mar chruthú go bhfuil dea-shláinte aici agus go bhfuil sí saor ó laige aigne nó choirp.
(4) Duine ar bith a bhí i bhfostaíocht Chuideachta Mhór-Bhóithre Iarainn an Deiscirt díreach roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1945, agus a chuaigh sa tseirbhís dá éis sin agus a bheadh i dteideal teacht chun bheith ina chomhalta den tsean-chiste dá mba nár díscaoileadh Cuideachta Mhór-Bhóithre Iarainn an Deiscirt, féadfaidh sé (faoi réir é do dhéanamh do réir aon nós imeachta agus é do chomhlíonadh aon choinníll a mbeadh air déanamh dá réir nó a chomhlíonadh roimh theacht dó chun bheith ina chomhalta den tsean-chiste) teacht chun bheith ina chomhalta den scéim seo.
(5) Déanfar na modhnuithe seo a leanas sa scéim seo sa mhéid a bhaineas sí le ban-chomhalta, is é sin le rá:—
(a) cuirfear an abairt “cúig bliana caogad” in ionad “cúig bliana seascad” gach áit ina bhfuil sé;
(b) cuirfear an táible atá leagtha amach i Riail 25 in ionad gach ceann de na taiblí atá faoi seach i Rialacha 14 agus 16;
(c) cuirfear gaol cleithiúnach amháin, ná fuil thar dheich mbliana níos óige (más óige é) ná an comhalta, in ionad an duine a tuairiscítear i bhfo-mhír (a) de Riail 23, agus
(d) laghdófar cúig bliana gach aois a luaitear i bhfo-mhír (f) de Riail 23
(6) Scoirfidh comhalta ranníocach de bheith ina chomhalta ranníocach—
(a) má thagann sé chun bheith ina chomhalta aoisliúntais, nó
(b) má fhágann sé seirbhís na cuideachtan gan teacht chun bheith ina chomhalta aoisliúntais faoi na rialacha.
(7) Féadfaidh ban-oifigeach nó banchléireach tuarastail, más mian lé agus faoi réir mar foráltar anseo ina dhiaidh seo, a chomhaltas a réamhdhátú go dtí dáta ar bith nach luaithe ná an dáta ar a ndeachaigh sí sa tseirbhís nó an chéad lá d'Eanáir, 1923, pé dáta acu is déanaí, ar choinníoll go n-íocfaidh sí leis an gciste:—
(a) ranníocaíochta cúlghabhálacha ar an bhforas céanna is dá mba fear-chomhalta ranníocach í ón dáta a réamhdhátófar a comhaltas chuige go dtí dáta a glactha, agus
(b) ús iolraithe do réir ceathair faoin gcéad sa bhliain ar an ranníocaíocht chúlghabhálach sin ón dáta ar a mbeadh sé iníoctha,
ar choinníoll, ámh, má ba mhó ná cúig bliana ceathrachad d'aois i an 1ú lá d'Iúil, 1941, nach foláir a comhaltas a réamhdhátú go dtí dáta roimh an dáta ar ar shlánaigh sí cúig bliana ceathrachad d'aois agus ranníocaíochta cúlghabhálacha agus ús d'íoc leis an gciste, mar foráltar i bhfo-mhír (a) agus i bhfo-mhír (b) den mhír seo.
(8) Beidh gach comhalta den scéim seo faoi cheangal ag na rialacha.
11.—(1) Ranníocfaidh gach comhalta ranníocach (pé acu, i gcás comhalta ranníocaigh a bhí sa tseirbhís díreach roimh an 1ú lá d'Iúil, 1941, a fheidhmeos nó ná feidhmeoidh sé an rogha a forcoimeádtar do chomhaltaí den tsórt sin le mír (1) de Riail 15 chun diúltú do na sochair dá ndéantar socrú i Riail 14) suim is comhionann leis an gcéadchodán sin dá thuarastal dá ndéantar socrú sna scálaí seo a leanas, agus i gcás duine ba chomhalta ranníocach díreach roimh lá an aistrithe íocfaidh sé leis an gciste aon mhéid a bhí a ranníocaíochta i leith athuarastail ón 1ú lá d'Iúil, 1941, níos lú ná an méid a bheidís dá ríomhtaí iad do réir pé scála acu s bhaineas leis:—
(a) do gach comhalta roimh 1913:—
AN SCALA
Aois an chéad lá cothrom breithe tar éis teacht chun bheith ina chomhalta ranníocach | An céadchodán den tuarastal | ||||
28 nó faoina bhun | ...... | ...... | 4 | ||
29 go dtí 33 | ...... | ...... | ...... | 4½ | |
34 go dtí 37 | ...... | ...... | ...... | 5 | |
38 go dtí 40 | ...... | ...... | ...... | 5½ | |
41, 42 | ...... | ...... | ...... | ...... | 6 |
43 go dtí 45 | ...... | ...... | ...... | 6½ |
(b) do gach comhalta 1913-1941:—
AN SCALA
Aois an chéad lá cothrom breithe tar éis teacht chun bheith ina chomhalta ranníocach | An céadchodán den tuarastal | ||||
19 nó faoina bhun | ...... | ...... | 4 | ||
20 go dtí 24 | ...... | ...... | ...... | 4½ | |
25 go dtí 29 | ...... | ...... | ...... | 5 | |
30 go dtí 33 | ...... | ...... | ...... | 5½ | |
34 go dtí 37 | ...... | ...... | ...... | 6 | |
38 go dtí 40 | ...... | ...... | ...... | 6½ | |
41 go dtí 43 | ...... | ...... | ...... | 7 | |
44, 45 | ...... | ...... | ...... | ...... | 7½ |
(c) do gach comhalta d'éis 1941:—
AN SCALA
Aois an chéad lá cothrom breithe tar éis teacht chun bheith ina chomhalta ranníocach | An céadchodán den tuarastal | ||||
22 nó faoina bhun | ...... | ...... | 5 | ||
23 go dtí 25 | ...... | ...... | ...... | 5¼ | |
26 go dtí 28 | ...... | ...... | ...... | 5½ | |
29 go dtí 31 | ...... | ...... | ...... | 5¾ | |
32 go dtí 34 | ...... | ...... | ...... | 6 | |
35, 36 | ...... | ...... | ...... | ...... | 6¼ |
37, 38 | ...... | ...... | ...... | ...... | 6½ |
39, 40 | ...... | ...... | ...... | ...... | 6¾ |
41, 42 | ...... | ...... | ...... | ...... | 7 |
43 | ...... | ...... | ...... | ...... | 7¼ |
44, 45 | ...... | ...... | ...... | ...... | 7½ |
(2) Féadfaidh an chuideachta na ranníocaíochta a bheas le híoc ag comhalta ranníocach faoin riail seo a bhaint ó am go ham as a thuarastal agus féadfaidh an chuideachta iad d'íoc leis an gciste do réir ordachán na n-iontaobhaithe; ach mura n-asbhaintear aon ranníocaíocht amhlaidh íocfaidh an comhalta ranníocach féin í leis an gciste do réir ordachán na n-iontaobhaithe.
(3) Ranníocfaidh an chuideachta leis an gciste suimeanna is comhionann leis na méideanna a ranníocfas na comhaltaí agus sin pé trátha a íocfas na comhaltaí a ranníocaíochta, agus íocfaidh sí gach ranníocaíocht den tsórt sin leis an gciste do réir ordachán na n-iontaobhaithe.
12. Chun sochair a ríomh faoin scéim seo is tuigthe gurb é an tsuim ar ar bunaíodh na ranníocaíochta an tuarastal.
13.—(1) Gach duine ba chomhalta aoisliúntais ar dháta an aistrithe beidh, faoi réir míre 2 den riail seo, i dteideal—
(a) na sochair agus na cearta a mbeadh teideal acu chucu as an sean-chiste, agus
(b) na liúntais forlíontacha (más ann) a dheoin an chuideachta nó Cuideachta Mhór-Bhóithre Iarainn an Deiscirt do na daoine sin,
d'fháil as an gciste ach ní bheidh teideal acu chun aon tsochair eile as.
(2) Gach duine a tháinig, an 1ú lá d'Iúil, 1941, agus dá éis, chun bheith agus a bhí, ar dháta an aistrithe, ina chomhalta aoisliúntais:—
(a) más rud é, laistigh de thrí mhí ó dháta an aistrithe, go nglacfaidh sé de roghain, trí fhógra i scríbhinn a chur chun an rúnaí, bheith i dteideal mar foráltar sa riail seo, agus
(b) go n-íocfaidh sé leis an gciste aon mhéid a raibh a ranníocaíochta i leith a thuarastail idir an 1ú lá d'Iúil, 1941, adúradh, agus dáta a scortha níos lú ná mar bheidís dá mba do réir an scála iomchuí i Riail 11 a ríomhfaí iad,
beidh sé i dteideal na sochair agus na cearta iomchuí dá ndéantar socrú anseo ina dhiaidh seo do chomhaltaí ranníocacha den chiste d'fháil, amhail ó dháta a scortha, as an gciste in ionad na sochar, na gceart agus na liúntas a bheadh é, mura mbeadh an rogha sin a ghlacadh agus an t-íoc sin a dhéanamh, i dteideal d'fháil faoi mhír (1) den Riail seo.
14.—(1) Gach comhalta ranníocach a bhí deich mbliana agus os a chionn ina chomhalta ranníocach, beidh sé, ar sheasca bliain d'aois a shlánú dhó nó aon tráth dá éis sin agus ar choinníoll go bhfágfaidh sé an tseirbhís, i dteideal scor de ranníocaíochta d'íoc agus i dteideal aoisliúntais agus beidh sé i dteideal suim chaipitil agus blianacht lena shaol d'fháil mar aoisliúntas as an gciste.
(2) Is é a bheas sa tsuim chaipitil sin suim is comhionann leis an gceathrachadú cuid den tuarastal bliantúil a bhí á fháil ag an gcomhalta ar dháta a scortha arna iolrú faoin uimhir de bhlianta iomlána a bhí sé ina chomhalta ranníocach ach gan an uimhir sin de bhlianta do dhul thar ceathracha bliain ar fad.
(3) Is é a bheas sa bhlianacht sin ná suim bhliantúil is comhionann le comhshuim na méideanna seo a leanas:—
(a) an céad-is-fichiú cuid den mheántuarastal bliantúil a bhí á fháil aige ar feadh tréimhse iomláine a chomhaltais ranníocaigh, mura mó ná ceathracha bliain an tréimhse sin, agus ar feadh na gceathracha bliain deiridh dá chomhaltas ranníocach, má bhí sé ina chomhalta ranníocach ar feadh níos mó ná ceathracha bliain, arna iolrú faoin uimhir de bhlianta iomlána a bhí sé ina chomhalta ranníocach nó faoi cheathracha, pé acu is lú; agus
(b) an céad-is-fichiú cuid den mheántuarastal bliantúil a bhí á fháil aige ar feadh na tréimhse seacht mblian dá chomhaltas ranníocach díreach roimh dháta a scortha arna iolrú faoin uimhir de bhlianta iomlána a bhí sé ina chomhalta ranníocach nó faoi cheathracha, pé acu is lú;
ar choinníoll nach lú an bhlianacht sin in aon chás ná an tsuim a taispeántar leis an scála seo a leanas:—
AN SCALA
Méid íosta na blianachta sa bhliain | ||||||
Blianta iomlána comhaltais ranníocaigh | Más £200 nó os a chionn sa bhliain an tuarastal ar dháta an scortha | Más lú ná £200 sa bhliain an tuarastal ar dháta an scortha | ||||
£ | £ | |||||
26 nó os a chionn | .. | 120 | 100 | |||
25 | .. | .. | .. | .. | 116 | 98 |
24 | .. | .. | .. | .. | 112 | 96 |
23 | .. | .. | .. | .. | 108 | 94 |
22 | .. | .. | .. | .. | 104 | 92 |
21 | .. | .. | .. | .. | 100 | 90 |
20 | .. | .. | .. | .. | 96 | 88 |
19 | .. | .. | .. | .. | 92 | 86 |
18 | .. | .. | .. | .. | 88 | 84 |
17 | .. | .. | .. | .. | 84 | 82 |
16 | .. | .. | .. | .. | 80 | 80 |
10 go dtí 15 | .. | .. | 78 | 78 |
15.—(1) Féadfaidh gach comhalta ranníocach a bhí sa tseirbhís díreach roimh an gcéad lá d'Iúil, 1941, an rogha chun diúltú do na sochair dá ndéantar socrú i Riail 14 d'fheidhmiú mar sonraítear i mír (2) den riail seo agus ina ionad sin féadfaidh a ghlacadh de roghain na sochair chéanna agus an pinsean forlíontach céanna (más ann) d'fháil as an gciste a bheadh sé i dteideal d'fháil sna tosca agus faoi na coinníollacha a luaitear i mír (1) den Riail sin 14, dá leanadh sé de bheith ina chomhalta den tsean-chiste, agus dá leanadh na hAchta, na rialacha agus na socruithe a bhí ann díreach roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1945, de bhaint leis.
(2) Gach comhalta ranníocach mar adúradh ar mian leis an rogha chun diúltú amhlaidh d'fheidhmiú cuirfidh sé an mian sin in iúl i scríbhinn don Rúnaí aon tráth laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta an aistrithe mura scoire sé de bheith sa tseirbhís ar dháta is luaithe ná sin agus sa chás sin cuirfidh an mian sin in iúl roimh dháta a scortha de bheith sa tseirbhís.
16.—(1) Aon chomhalta ranníocach a bheas deich mbliana agus os a chionn ina chomhalta ranníocach agus a scoirfeas de bheith sa tseirbhís sar a mbeidh seasca bliain d'aois slán aige mar gheall ar éagumas chun a dhualgais a chomhlíonadh de dheasca tionóisce nó laige aigne nó choirp nach dá mhí-iompar féin agus a shásós an coiste maidir leis an éagumas sin, beidh sé i dteideal, faoi réir forál na rialach seo, suim chaipitil agus blianacht lena shaol arna ríomh ar an bhforas a foráltar i riail 14 d'fháil i bhfoirm aoisliúntais ar é scor de bheith sa tseirbhís ach amháin gur do réir an scála seo a leanas a bheas an méid íosta sa bhliain in ionad an scála atá leagtha amach sa riail sin: —
AN SCALA
Blianta iomlána comhaltais ranníocaigh | Méid iosta na blianachta sa bhliain | ||||
£ | |||||
26 nó os a chionn | .. | .. | 100 | ||
25 | .. | .. | .. | .. | 97 |
24 | .. | .. | .. | .. | 94 |
23 | .. | .. | .. | .. | 91 |
22 | .. | .. | .. | .. | 88 |
21 | .. | .. | .. | .. | 85 |
20 | .. | .. | .. | .. | 82 |
19 | .. | .. | .. | .. | 79 |
18 | .. | .. | .. | .. | 76 |
17 | .. | .. | .. | .. | 74 |
16 | .. | .. | .. | .. | 72 |
10 go dtí 15 | .. | .. | 70 |
(2) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le duine a bheas ag fáil blianachta faoi mhír (1) den riail seo, is é sin le rá:—
(a) féadfaidh an coiste tráth ar bith, faid a bheas sé faoi bhun seasca bliain d'aois, a cheangal air pé fianaise a mheasfaid a bheith sásúil a thabhairt ar éagumas a bheith air i gconaí agus ar an méid (más ann) atá á thuilleamh aige agus, mura dtuga sé an fhianaise sin, féadfaid a bhlianacht d'athrú, d'fhionraí nó a chúlghairm agus má chúlghairmid í féadfaid tráth ar bith an chúlghairm sin a chealú;
(b) más dóigh leis an gcoiste leor-théarnó a bheith déanta aige chun ioncam a thuilleamh féadfaidh an coiste a bhlianacht d'fhionraí nó a chúlghairm do réir mar mheasfaid is cóir igcúrsaí an cháis agus féadfaid dá réir sin méid a bhlianachta a shocrú agus d'athrú ó am go ham;
(c) más dóigh leis an gcoiste leor-théarnó a bheith déanta aige chun teacht thar n-ais agus go dtiocfaidh sé thar n-ais sa tseirbhís, féadfaidh an coiste deighleáil lena chás mar is dóigh leo is ceart agus réasúnach tar éis dóibh na tosca go léir a bhreithniú.
(3) Má déantar a bhlianacht a laghdú, d'fhionraí nó a chúlghairm mar adúradh, beidh sé, ar sheasca bliain d'aois a shlánú dhó agus ar feadh na coda eile dá shaol, i dteideal blianacht lena shaol d'fháil do réir míre (1) den riail seo pé acu a mhairfeas nó ná mairfidh a éagumas agus pé acu a bheas nó ná beidh ioncam á thuilleamh aige.
17.—Gach duine a bheas tréimhse is lú ná deich mbliana ina chomhalta ranníocach agus a scoirfeas de bheith sa tseirbhís mar gheall ar éagumas de dheasca tionóisce nó laige aigne nó choirp nach dá mhí-iompar féin agus a shásós an coiste maidir leis an éagumas sin, scoirfidh sé de bheith ina chomhalta ranníocach ar é do scor amhlaidh de bheith sa tseirbhís agus tiocfaidh chun bheith ina chomhalta aoisliúntais agus beidh sé, ar é do scor de bheith sa tseirbhís, i dteideal blianacht fiche punt sa bhliain lena shaol d'fháil faoi réir forál míre (2) de Riail 16, forála a bhainfeas lena chás.
18.—Má bhíonn duine a bheas tar éis teacht i dteideal aoisliúntais nó íocaíochta eile faoin scéim seo neamhábalta de dheasca díchumais choirp nó aigne ar a chúrsaí a bhainistí nó doiciméidí a shíniú, féadfaidh an coiste, ó am go ham, a ordú an liúntas nó an iocaíocht eile d'íoc lena bhean chéile nó le duine eile a bheas ina fheighil. Agus déanfar an t-íoc sin dá réir sin agus is tuigthe gur íoc leis an gcomhalta é agus ní bheidh aon éileamh ag an gcomhalta dá dhroim sin i gcoinne na n-iontaobhaithe ná an choiste ná an chiste.
19.—Má gheibheann aon chomhalta ranníocach bás roimh theacht dó chun bheith ina chomhalta aoisliúntais, íocfar as an gciste lena ionadaithe suim is comhionann leis an tríochadú cuid den tuarastal bliantúil a bhí á fháil aige ar dháta a bháis arna iolrú faoin uimhir de bhlianta iomlána a bhí sé ina chomhalta ranníocach nó suim is comhionann le leath an tuarastail bhliantúil sin, pé acu is mó, ar choinníoll nach lú an méid a bheas iníoctha ná an méid iomlán ranníocaíocht d'íoc an comhalta sin leis an gciste agus leis an sean-chiste maraon le suim is comhionann le dó go leith faoin gcéad ar an tuarastal iomlán ar a ndearna sé ranníocaíochta leis an gciste agus leis an sean-chiste.
20.—Ar chomhalta aoisliúntais d'fháil bháis beidh a ionadaithe i dteideal, nó, i gcás comhalta den tsórt sin a mbeifear tar éis a phinsean rialta nó cuid dá phinsean rialta a chomhshó ina chomhbhlianacht de bhun rialach 23, ar an gcomhalta agus an comhbhlianachtóir d'fháil bháis, beidh ionadaithe an té acu is marthanóir i dteideal méid d'fhail as an gciste is comhionann leis an tsuim dob iníoctha faoi Riail 19 dá mb'é lá a fuair an comhalta bás an lá roimh an lá a tháinig sé chun bheith ina chomhalta aoisliúntais, faoi réir an méid a híocadh cheana féin mar bhlianacht agus suim chaipitil ar scór an chomhalta (lena n-áirítear aon mhéid a híocadh leis an gcomhalta nó leis an gcomhbhlianachtóir i leith comhbhlianachta faoi Riail 23) a bhaint, i ngach cás, as an tsuim is iníoctha amhlaidh.
21.—Aon chomhalta ranníocach a stopfar a thuarastal de dheasca easláinte, beidh sé i dteideal, faid a fhanfas a ainm ar leabhair na cuideachtan ach gan an tréimhse a bheith níos sia ná dhá bhliain in aon chás, leanúint dá chomhaltas ar choinníoll go n-íocfar na ranníocaíochta céanna leis an gciste d'íoc an comhalta sin agus a híocadh thar a cheann sar ar stopadh a thuarastal. Tar éis na tréimhse sin deighleálfar leis do réir Rialach 16, 17 nó 18, do réir mar dhlífeas an cás.
22.—Aon chomhalta ranníocach a scoirfeas go saorálach de bheith i seirbhís na cuideachtan nó a brisfear aisti sar a dtaga sé chun bheith i dteideal aon aoisliúntais, scoirfidh sé de bheith ina chomhalta agus beidh sé i dteideal a ranníocaíochta féin, gan ús, d'fháil as an gciste agus ní bheidh aon éileamh eile aige ar an gciste. Ar choinníoll go mbeidh ag an gcuideachta, i gcás aon chomhalta den tsórt sin a brisfear as an tseirbhís mar gheall ar mhímhacántacht nó calaois, lian ar mhéid a ranníocaíochta i leith aon tsuimeanna a bheas dlite uaidh dóibh agus faoi réir an liain sin go bhféadfaidh an coiste, as a gcomhairle féin, a ordú na ranníocaíochta nó a n-iarmhéid d'íoc, go hiomlán nó go páirteach, le haon chleithiúnaí leis an gcomhalta nó le pé duine eile a chinnfeas an coiste in ionad sin d'íoc leis an gcomhalta agus déanfar an t-íoc sin dá réir sin agus is tuigthe gur íoc leis an gcomhalta é agus ní bheidh aon éileamh ag an gcomhalta dá dhroim sin i gcoinne na n-iontaobhaithe ná an choiste ná an chiste.
23.—Aon chomhalta a bheas faoi réir forál na Rialach seo beidh de roghain aige an bhlianacht a mbeidh teideal aige chuici ar theacht dó chun bheith ina chomhalta aoisliúntais faoi Riail 14 do réir an ráta a foráltar sa Riail sin (dá ngairmtear an “pinsean rialta” anseo feasta) nó aon chuid di a chomhshó ina comhbhlianacht mar sonraítear i mír (b) den riail seo agus í iníoctha le comhshaoil an chomhalta sin agus dhuine (dá ngairmtear an comhbhlianachtóir anseo feasta) den tuairisc a luaitear i mir (a) den riail seo agus le saol an té acu is marthanóir.
(a) Is é seo a leanas tuairisc an duine dá dtagartar thuas sa riail seo:—
(i) i gcás fearchomhalta phósta, a bhean chéile más beo dhi;
(ii) i gcás comhalta gan phósadh nó baintrigh fir nó baintrí, gaol cleithiúnach amháin ná fuil thar cúig bliana déag níos óige (más óige é) ná an comhalta;
(b) is é comhbhlianacht inar féidir an pinsean rialta a chomhshó, mar luaitear sa riail seo, ná:—
(i) i gcás inarb í bean chéile an chomhalta an comhbhlianachtóir, comhbhlianacht de mhéid a cinnfear do réir míre (c) den Riail seo; agus
(ii) i gcás inar gaol cleithiúnach an comhbhlianachtóir, comhbhlianacht de pé méid nó méideanna a chinnfeas an coiste ar chomhairle na n-achtúirí;
(c) is iad seo a leanas na scálaí chun pinsean rialta a chomhshó ina bhlianacht a bheas iníoctha le comhshaoil chomhalta agus a mhná céile agus le saol an mharthanóra:—
SCALA A.—AN BHLIANACHT IS INIOCTHA LE COMHALTA SCORTHA.
Aois a mhná céile (an lá cothrom breithe deiridh) ar dháta an chomhalta do scor | In aghaidh gach £100 de phinsean rialta beidh an bhlianacht seo a leanas iníoctha leis an gcomhalta scortha agus dá réir sin in aghaidh gach coda de £100 | |||||||||||||
Aois (an lá cothrom breithe deiridh) an chomhalta ar dháta a scortha | ||||||||||||||
60 | 61 | 62 | 63 | 64 | 65 | |||||||||
bliain | bliain | bhliain | bliana | bliana | bliana | |||||||||
Blianta | £ | s. | £ | s. | £ | s. | £ | s. | £ | s. | £ | s. | ||
45 | ...... | ...... | 84 | 0 | -- | -- | -- | -- | -- | |||||
46 | ...... | ...... | 84 | 6 | 83 | 8 | -- | -- | -- | -- | ||||
47 | ...... | ...... | 84 | 14 | 83 | 16 | 82 | 16 | -- | -- | -- | |||
48 | ...... | ...... | 85 | 2 | 84 | 4 | 83 | 4 | 82 | 2 | -- | -- | ||
49 | ...... | ...... | 85 | 10 | 84 | 12 | 83 | 12 | 82 | 12 | 81 | 10 | -- | |
50 | ...... | ...... | 85 | 18 | 85 | 0 | 84 | 0 | 83 | 0 | 82 | 0 | 80 | 18 |
51 | ...... | ...... | 86 | 8 | 85 | 10 | 84 | 10 | 83 | 10 | 82 | 8 | 81 | 6 |
52 | ...... | ...... | 86 | 16 | 85 | 18 | 85 | 0 | 84 | 0 | 82 | 18 | 81 | 16 |
53 | ...... | ...... | 87 | 4 | 86 | 8 | 85 | 10 | 84 | 10 | 83 | 8 | 82 | 6 |
54 | ...... | ...... | 87 | 14 | 86 | 16 | 85 | 18 | 85 | 0 | 83 | 18 | 82 | 16 |
55 | ...... | ...... | 88 | 2 | 87 | 6 | 86 | 8 | 85 | 10 | 84 | 10 | 83 | 8 |
56 | ...... | ...... | 88 | 12 | 87 | 16 | 86 | 18 | 86 | 0 | 85 | 0 | 84 | 0 |
57 | ...... | ...... | 89 | 2 | 88 | 6 | 87 | 8 | 86 | 10 | 85 | 10 | 84 | 10 |
58 | ...... | ...... | 89 | 12 | 88 | 16 | 87 | 18 | 87 | 0 | 86 | 2 | 85 | 2 |
59 | ...... | ...... | 90 | 2 | 89 | 6 | 88 | 10 | 87 | 12 | 86 | 14 | 85 | 14 |
60 | ...... | ...... | 90 | 10 | 89 | 16 | 89 | 0 | 88 | 4 | 87 | 6 | 86 | 6 |
61 | ...... | ...... | 91 | 0 | 90 | 6 | 89 | 10 | 88 | 14 | 87 | 18 | 86 | 18 |
62 | ...... | ...... | 91 | 10 | 90 | 16 | 90 | 2 | 89 | 6 | 88 | 10 | 87 | 12 |
63 | ...... | ...... | 92 | 0 | 91 | 6 | 90 | 12 | 89 | 18 | 89 | 2 | 88 | 4 |
64 | ...... | ...... | 92 | 8 | 91 | 16 | 91 | 2 | 90 | 8 | 89 | 12 | 88 | 16 |
65 | ...... | ...... | 92 | 18 | 92 | 6 | 91 | 14 | 91 | 0 | 90 | 4 | 89 | 8 |
66 | ...... | ...... | -- | 92 | 16 | 92 | 4 | 91 | 10 | 90 | 16 | 90 | 0 | |
67 | ...... | ...... | -- | -- | 92 | 14 | 92 | 2 | 91 | 8 | 90 | 12 | ||
68 | ...... | ...... | -- | -- | -- | 92 | 12 | 91 | 18 | 91 | 4 | |||
69 | ...... | ...... | -- | -- | -- | -- | 92 | 10 | 91 | 16 | ||||
70 | ...... | ...... | -- | -- | -- | -- | -- | 92 | 8 |
Má bhíonn an comhalta sé bliana seascad d'aois nó os a chionn ar scor dó nó má bhíonn aois a mhná céile lasmuigh de réim Scála A cinnfidh na hachtúirí an chomhbhlianacht a bheas inioctha leis an gcomhalta scortha.
Scala b.—an bhlianacht is inioctha le baintreach chomhalta.
Beidh trian na blianachta, arna ríomh do réir Scála A, iníoctha lena saol le baintreach an chomhalta scortha ag tosnú an lá i ndiaidh an lae a gheobhaidh an comhalta scortha bás.
(d) má gheibheann an comhbhlianachtóir bás roimh an gcomhalta, ní raghaidh aon athrú ar mhéid na blianachta is iníoctha leis an gcomhalta;
(e) is é iomlán an phinsin rialta, mura mó é ná £120, an méid íosta de phinsean rialta chomhalta a féadfar a chomhshó ina chomhbhlianacht; agus £120 den phinsean rialta, más mó é ná £120; slán-uimhir punt a bheas i gcuid den phinsean rialta a comhshófar amhlaidh agus ní lú ná deich bpuint an difríocht a bheas idir an chuid sin agus an pinsean rialta;
(f) ní fhéadfaidh comhalta an rogha sin d'fheidmiú go dtí go slánóidh sé ceithre bliana caogad agus sé mhí d'aois agus ní fhéadfaidh í d'fheidhmiú ó cheart agus gan scrúdú dochtúra ach amháin sar a slánóidh an comhalta cúig bliana caogad d'aois;
(g) aon chomhalta ná beidh tar éis an rogha sin d'fheidhmiú laistigh den am a teorantar le mír (f) den riail seo féadfaidh sé, aon tráth laistigh de thrí mhí díreach roimh dháta a scortha, cead d'iarraidh ar an gcoiste chun an rogha sin d'fheidhmiú. Sar a dtuga an coiste an cead sin cuirfid de cheangal ar an gcomhalta dul faoi scrúdú dochtúra, ach faoina réir sin féadfaid an cead sin a thabhairt nó gan é a thabhairt do réir mar thogróid. Ní hinchúlghairmthe iarratas faoin mír seo ar chead chun an rogha sin d'fheidhmiú agus má bheirtear an cead oibreoidh an t-iarratas amhail is dá mba feidhmiú ar an roghain é ag comhalta déanta an iarratais;
(h) nuair a fheidhmeos comhalta an rogha sin ní hinchúlghairmthe an feidhmiú ach amháin sna cásanna seo a leanas, is é sin le rá:—
(i) má gheibheann an comhbhlianachtóir bás roimh an gcomhalta a theacht chun bheith ina chomhalta aoisliúntais faoi Riail 14, nó má gheibheann an comhalta aoisliúntas faoi fhorála Rialacha 16 agus 17 roimh theacht go haois scortha dhó déanfaidh sin uaidh féin cúlghairm ar fheidhmiú na roghan sin aige;
(ii) féadfaidh an Coiste as a gcomhairle féin, ar iarratas i scríbhinn d'fháil ó chomhalta aon tráth roimh scor dó nó laistigh de mhí dá éis sin, cúlghairm na roghan sin a cheadú más dóigh leo sin a bheith cóir i gcúrsaí an cháis;
(i) ar fheidhmiú na roghan sin ag aon chomhalta a bheith arna chúlghairm uaidh féin nó le cead an choiste, bhéarfar arís don chomhalta na cearta a mbeadh teideal aige chucu faoi Riail 14 de seo amhail is nár fheidhmigh sé an rogha riamh;
(j) is i scribhinn ón gcomhalta a bheas gach iarratas ar chead chun an rogha sin d'fheidhmiú agus díreofar é chun an choiste agus seachadfar é don rúnaí maille le deimhniú breithe an chomhbhlianachtóra agus, i gcás inarb í bean chéile an chomhalta an comhbhlianachtóir, le deimhniú ar an bpósadh nó le pé fianaise eile air sin is oiriúnach leis an gcoiste a ghlacadh
24.—Ar aon chomhalta do scor de bheith sa tseirbhís, féadfaidh an coiste le toiliú na cuideachtan comhaontú leis aon tsuim chaipitil a mbeidh teideal aige chuici faoin scéim a chomhshó ina blianacht fhorlíontach nó féadfaid, i gcásanna neamhghnáthacha, ag féachaint do staid shláinte nó do chúrsaí eile an chomhalta, iomlán aon bhlianachta, nó aon chuid d'aon bhlianacht, a mbeidh teideal aige chuici d'imathrú ina suim chaipitil agus cinnfidh na hachtúirí forais an chomhshó nó an imathruithe i ngach cás.
25.—Is do réir an scála seo a leanas a bheas méid íosta blianacht banchomhaltaí faoin scéim seo:—
AN SCALA
Blianta iomlána comhaltais ranníocaigh | Méid íosta na blianachta sa bhliain | |||
£ | ||||
25 nó os a chionn | ...... | ...... | ...... | 78 |
24 | ...... | ...... | ...... | 76 |
23 | ...... | ...... | ...... | 74 |
22 | ...... | ...... | ...... | 72 |
21 | ...... | ...... | ...... | 70 |
20 | ...... | ...... | ...... | 68 |
19 | ...... | ...... | ...... | 66 |
18 | ...... | ...... | ...... | 64 |
17 | ...... | ...... | ...... | 62 |
10 go dtí 16 | ...... | ...... | ...... | 60 |
26.—Ní lú an méid i bhfoirm aoisliúntais a gheobhaidh aon chomhalta faoin scéim seo ná an méid a mbeadh teideal aige chuige as an sean-chiste agus ó Chuideachta Mhór-Bhóithre Iarainn an Deiscirt dá mba ná hachtófaí an scéim seo.
27.—Ní bheidh aon éileamh, ach amháin mar hordaítear leis an scéim seo, ag aon chomhalta ranníocach ar an gciste.
28.—Íocfar na blianachta go léir in aghaidh an mhí, an lá deiridh de gach mí caileandair nó, más rogha leis an bhfáltóir é, i gceann tréimhsí is sia ná sin má cheadaíonn an coiste é.
29.—Ní bheidh aon chomhalta i dteideal aon tsochair as an gciste faid a bheas sé sa tseirbhís.
30.—(1) Faoi réir forál na scéime seo beidh bainistí agus rialú an chiste dílsithe i gcoiste ochtair—ar coisteoirí stiúrthóirí ceathrar acu agus ar coisteoirí ranníocóirí an ceathrar eile—a ceapfar nó a toghfar mar luaitear anseo ina dhiaidh seo.
(2) Féadfar gníomhartha uile an choiste agus na ceisteanna uile a thiocfas nó éireos os comhair an choiste a dhéanamh agus a chinneadh ag tromlach na gcomhaltaí sin den choiste a bheas i láthair agus a vótálfas ag cruinniú den choiste.
(3) Ní bheidh imeachta an choiste neamhbhaili de dhroim aon fholúntais i measc a gcomhaltaí ná de dhroim aon éalainge i gcáilíocht nó i dtoghadh aon chomhalta.
(4) Beidh an dara vóta nó réitigh, i gcás comhionannais vótaí, ag an gcathaoirleach ag cruinniú den choiste.
(5) Cúigear comhaltaí an córam ag cruinniú den choiste, ar coisteoirí stiúrthóirí beirt ar a laghad acu agus ar coisteoirí ranníocóirí beirt ar a laghad acu.
(6) Ceapfaidh an coiste cathaoirleach an choiste as líon na gcoisteoir stiúrthóirí.
(7) Is é a bheas ina chathaoirleach ar chruinniú den choiste ná cathaoirleach an choiste, má bhíonn sé i láthair, agus, má bhíonn sé as láthair an coisteoir is sinsearaí de na coisteoirí stiúrthóirí a bheas i láthair.
(8) Faoi réir na rialach seo rialóidh an coiste a nós imeachta féin.
31.—Cinnfidh an coiste na héilithe go léir a déanfar ar an gciste.
32.—Aon uair is gá go gcinnfeadh an coiste ceist fíorais beidh cead acu gníomhú ar pé cruthúnais agus toimhdeana a mheasfaid a bheith sásúil, pé acu a bheas nó ná beidh an céanna inghlactha go dlíthiúil mar fhianaise, agus is cinneadh críochnaitheach a gcinneadh.
33.—Ceapfaidh na stiúrthóirí na coisteoirí stiúrthóirí agus rialóidh na stiúrthóirí cáilíochta na gcoisteoirí stiúrthóirí, a gceapadh, agus a scor ó am go ham.
34.—(1) Toghfaidh na comhaltaí ranníocaíocha na coisteoirí ranníocóirí, agus déanfar do réir na rialachán seo a leanas maidir lena dtoghadh:—
(a) Is í an cháilíocht do choisteoir ranníocóirí é a bheith ina chomhalta ranníocach.
(b) Tar éis na coisteoirí ranníocóirí a thoghadh den chéad uair beidh toghchán ann gach trí bliana.
(c) Déanfaidh an rúnaí, sé seachtaine ar a dhéanaí roimh dháta an chruinnithe ghinearálta bhliantúil i mbliain a comórfar toghchán, fógra á iarraidh go n-ainmneofar iarrthóirí a chur, lena thaispeáint ina roinn, go dtí an t-oifigeach don chuideachta a bheas i gceannas aon roinne den chuideachta lena mbainfidh aon chomhalta ranníocach.
(d) Ní foláir ainmniú ar iarrthóir a bheith ag an rúnaí ocht lá fichead ar a laghad roimh dháta an chruinnithe bhliantúil. Ní foláir é a bheith i scríbhinn faoi shíniú ochtar comhaltaí ranníocacha éatacha agus toiliú i scríbhinn faoi láimh an iarrthóra a bheith leis.
(e) Má hainmnítear go bailí níos mó ná ceathrar iarrthóirí cuirfidh an rúnaí go dtí gach comhalta ranníocach éatach, cheithre lá déag ar a dhéanaí roimh an gcruinniú, páipéar ballóide ar a mbeidh ainmneacha na n-iarrthóirí in ord aibítre. Comhalta ranníocach ar mian leis vótáil, féadfaidh sé vótáil do cheathrar iarrthóirí ar a mhéid, agus bhéarfaidh an páipéar ballóide thar n-ais go dtí an rúnai agus cuirfidh seisean sa bhosca ballóide é.
(f) Ceapfaidh an coiste beirt scrúdanóirí a scrúdós na páipéirí ballóide tar éis 1 p.m. an lá roimh lá an chruinnithe ghinearálta bhliantiúl agus a chuirfeas an toradh in iúl don chathaoirleach ag an gcruinniú.
(g) Beidh an ceathrar iarrthóirí is mó a gheobhaidh vótaí arna dtoghadh, nó, má bhíonn comhionannas vótaí ann, cinnfear trí chrannchur cén t-iarrthóir a toghfar.
(h) Dearbhóidh cathaoirleach an chruinnithe ghinearálta bhliantiúil toradh an toghcháin, agus is cinneadh críochnaitheach an cinneadh a dhéanfaidh, maidir leis na hiarrthóirí a bheas arna dtoghadh, sa dearbhú sin.
(2) Aon chorr-fholúntas a tharlós in oifig na gcoisteoirí ranníocóirí de dhroim báis nó éirí-as, déanfaidh na coisteoirí ranníocóirí a bheas fágtha é a líonadh láithreach agus cuirfidh an coiste an ceapadh sin in iúl do na comhaltaí i pé slí a chinnfeas an coiste. Coimeádfaidh an duine a ceapfar amhlaidh a oifig go dtí an chéad toghchán eile.
35.—(1) Déanfar an chéad toghadh ar choisteoirí ranníocóirí sa bhliain 1948.
(2) Aon chomhaltaí is coisteoirí ranníocóirí chun críocha an tsean-chiste díreach roimh dháta an aistrithe beid ina gcoisteoirí ranníocóiri sealadacha go dtí go gcomórfar an chéad toghchán.
(3) Más lú ná ceathrar an líon de choisteoirí rannícóirí sealadacha faoi mhír (2) den Riail seo, déanfaidh na stiúrthóirí an oiread comhaltaí ranníocacha éatacha agus is comhionann leis an easnamh a cheapadh ina gcoisteoirí ranníocóirí sealadacha.
(4) Go dtí an chéad toghchán beidh an coiste comhdhéanta de na coisteoirí stiúrthóirí agus de na coisteoirí ranníocóirí sealadacha.
36.—Ní bheidh ar iontaobhaí ná ar chomhalta den choiste freagairt in aon chaillteanas de dhroim faillí nó sárú iontaoibhe maidir leis an gciste in aon chás inar ghníomhaigh an t-iontaobhaí nó an comhalta sin go macánta réasúnach agus inar chóir gan é a mhilléan.
37.—(1) Tionólfar an cruinniú ginearálta bliantúil ann i Meitheamh gach bliana chun an ráiteas cuntas agus an clár comhardaíochta bliantúil maraon leis an deimhniú agus an tuarascáil (más ann) ar an gcéanna ó na hiniúchóirí a ghlacadh agus chun gnó ginearálta na scéime seo a sheoladh.
(2) Tionólfar cruinnithe ginearálta urghnáthacha aon uair a ghairmfeas an coiste iad.
(3) Gairmfidh an coiste cruinniú ginearálta urghnáthach aon uair a hiarrfar sin orthu trí fhoriarratas faoi shíniú 100 ar a laghad de na comhaltaí ranníocacha éatacha.
(4) Tionólfar na cruinnithe ginearálta pé tráth agus pé áit a cheapfas an coiste ó am go ham.
(5) Gach comhalta ranníocach éatach a bheas i láthair go pearsanta nó trí ionadach, beidh vóta aige ag cruinniú ginearálta.
38.—Aon chomhalta ranníocach ar mian leis rún i dtaobh cúrsaí nó riaradh na scéime seo nó an chiste a thairiscint ag cruinniú bliantúil, ní foláir dó fógra i scríbhinn a thabhairt i slí go mbeidh sé ag an rúnai 28 lá ar a laghad roimh dháta an chruinnithe.
39.—Is i gcló nó i scríbhinn a bheas ionstraimí lena gceapfar ionadaigh ag cruinniú ginearálta, nó go páirteach i gcló agus go páirteach i scríbhinn, agus ní foláir iad a bheith sínithe ag an gceapóir, agus iad a bheith fianaithe agus iad a thabhairt don rúnaí nó iad a lóisteáil in oifig na scéime seo ocht n-uaire ceathrachad a chloig roimh an tráth a bheas ceaptha don chruinniú. Ní ceapfar ina ionadach ach comhalta ranníocach éatach, nó coisteoir arna cheapadh ag na stiúrthóirí faoi Riail 33. Is é seo a leanas foirm na hionstraime ionadachta:—
Déanaimse, A.B., comhalta ranníocach de Scéim Aoisliúntas Cléireach agus Oifigeach Tuarastail (M.I.D.,) Córas Iompair Éireann, leis seo, C.D., comhalta ranníocach eile (nó coisteoir) den scéim sin, a cheapadh chun gníomhú mar ionadach dom ag an gcruinniú ginearálta a bheas ar siúl an lá de agus ag gach atráthú ar an gcruinniú sin.
I bhfianaise air sin chuireas mo lámh leis seo an | lá seo de |
Fínné | (Sínithe) A.B. |
40.—Ní raghaidh aon chruinniú ginearálta i mbun aon ghnótha ná beidh leagtha amach sa bhfógra lenar gairmeadh é; ná ní cuirfear aon abhar os comhair aon chruinnithe lena bhreithniú mura mbeidh sin curtha in iúl don rúnaí ocht lá fichead roimh an gcruinniú. Féadfar gach cruinniú d'atráthú.
41.—Nuair a ghairmfeas an coiste aon chruinniú ginearálta bhéarfaid fógra lae agus fiche ar a laghad, trí fhógrán nó i pé slí eile a chinnfeas an coiste i dtaobh an lae, an ionaid agus an trátha bheas ceaptha don chruinniú ginearálta agus i gcas cruinnithe ghinearálta bhliantúil beidh ag gabhail leis an bhfógra sin an tuarascáil bhliantúil ón gcoiste agus an ráiteas cuntas deimhnithe agus an tuarascáil ó na hiniúchóirí, más ann.
42.—Is é cathaoirleach an choiste a bheas ina chathaoirleach ar aon chruinniú ginearálta ach má bhíonn seisean as láthair roghnóidh na comhaltaí ranníocacha a bheas i láthair ag aon chruinniú ginearálta cathaoirleach an chruinnithe sin as (a) líon na gcoisteoirí ranníocóirí nó, mura mbíonn coisteoir ranníocóirí i láthair, ansin (b) as líon na gcoisteoirí stiúrthóirí nó, mura mbíonn coisteoir stiúrthóirí i láthair, ansin (c) as líon na gcomhaltaí ranníocacha, ag an gcruinniú sin. I gcás comhionannais vótaí ag aon chruinniú ginearálta beidh vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.
43.—Mura mbeidh deichniúr comhaltaí i láthair i bpearsain laistigh d'uair a chloig tar éis an trátha a bheas ceaptha do chruinniú ginearálta beidh an cruinniú arna atráthú go dtí an lá céanna an tseachtain ina dhiaidh sin san áit chéanna agus an tráth céanna agus dá réir ó sheachtain go seachtain, más gá sin, go dtí go mbeidh an deichniúr comhaltaí sin i láthair.
44.—Déanfaidh an rúnaí miontuairiscí ar imeachta aon chruinnithe ghinearálta a thaifeadadh, ag an gcruinniú sin nó a luaithe is féidir é dá éis sin; i leabhar a coimeádfar chuige sin agus síneoidh cathaoirleach an chruinnithe iad nó i gcás gan eisean dá dhéanamh nó gan é a bheith i gcumas a dhéanta síneofar iad ag aon triúr comhaltaí ranníocacha nó níos mó a bhí i láthair ag an gcruinniú sin agus beidh na miontuairiscí sin arna dtaifeadadh agus arna síniú amhlaidh ina bhfianaise dhochlaíte, mura gcruthaítear earraíd a bheith iontu, ar imeachta an chruinnithe sin.
45.—Ní bheidh aon chumhachta ag aon chruinniú ginearálta seachas mar bheirtear dó go sainraíte nó go hintuigthe leis an scéim seo.
46.—Déanfaidh an coiste ó am go ham, le toiliú na stiúrthóirí maidir leis an bpearsain a roghnófar, duine d'fhoirinn na cuideachtan a cheapadh ina rúnaí don choiste, agus féadfaidh an coiste, le toiliú na stiúrthóirí, an duine a ceapfar amhlaidh a chur as oifig.
47.—Íocfaidh an chuideachta an luach saothair as na seirbhísí go léir a déanfar ag cur na scéime seo i ngníomh.
48.—Gníomhóidh an Rúnai go ginearálta faoi orduithe an choiste, agus comhlíonfaidh na dualgais seo a leanas, is é sin le rá—
Coimeádfaidh sé na leabhair agus na páipéirí taifid a bhainfeas leis an gciste agus le gnó an chiste.
Glacfaidh agus tuairisceoidh don choiste gach iarratas ar chomhaltas den scéim seo agus ar liúntais as an gciste, gach éirí-as agus gach ní eile a bheas le cur faoi bhreithniú an choiste.
Bhéarfaidh sé fógra i dtaobh gach cruinnithe ghinearálta a ghairmfeas an Coiste.
Déanfaidh sé na miontuairiscí ar imeachta gach cruinnithe ghinearálta agus gach cruinnithe den choiste agus freastal comhaltaí an choiste a thaifeadadh.
Comhlíonfaidh sé pé dualgais eile chun críocha na scéime seo a cheapfas an coiste ó am go ham.
Cuirfidh sé faoi ndear go dtabharfar cóip den scéim seo do gach comhalta, agus bhéarfaidh sé cóip bhreise den scéim seo, arna éileamh sin air, d'aon chomhalta, agus cóip den ráiteas cuntas bliantúil maraon leis and deimhniú agus an tuarascáil (más ann) air ó na hiniúchóirí, ar choinníoll go mbeidh íocaíocht deich scillinge agus sé pingne i dteannta an éilimh sin.
49.—Féadfaidh an coiste tráth ar bith, le toiliú na stiúrthóirí, ionadaí sealadach don rúnaí a cheapadh.
50.—(1) Beidh beirt iniúchóirí ann don chiste arb é an duine is iniúchóir de thuras na huaire don chuideachta duine acu, agus déanfar an duine eile acu, dá ngairmfear iniúchóir na ranníocóirí, a cheapadh, agus sealbhóidh sé oifig, do réir na bhforál anseo ina dhiaidh seo den riail seo.
(2) A luaithe is féidir tar éis na coisteoirí ranníocóirí a bheith tofa, déanfaidh na coisteoirí ranníocóirí a toghfar comhalta ranníocach a cheapadh chun gníomhú mar iniúchóir na ranníocóirí don chiste agus cuirfid in iúl don rúnaí ainm an duine a ceapfar amhlaidh.
(3) Má tharlann corr-fholúntas in oifig iniúchóra na ranníocóirí líonfar é a luaithe is féidir tar éis dó tarlachtaint tríd na coisteoirí ranníocóirí a bheas in oifig an uair sin do cheapadh comhalta ranníocaigh.
(4) Duine a ceapfar chun oifige iniúchóra na ranníocóirí beidh sé, mura dtarlaí é d'éag, é d'éirí as nó é a theacht faoi dhícháilíocht, i seilbh na hoifige go dtí go gceapfar a chomharba tar éis an chéad toghcháin eile coisteoirí ranníocóirí.
51.—Ceapfaidh na stiúrthóirí ó am go ham achtúire nó achtúirí a chomhlíonfas na feidhmeanna a sannaítear faoin scéim seo do na hachtúirí, agus déanfaid fiosrúcháin i dtaobh staid an chiste aon uair a mheasfas na stiúrthóirí gur gá sin. Cuirfidh an chuideachta faoi ndear go ndéanfaidh an t-achtúire nó na hachtúirí fiosrú i dtaobh an chiste uair amháin ar a laghad in aghaidh gach cúig bliana agus go dtabharfaidh an t-achtuire nó na hachtúirí tuarascáil don choiste ar gach fiosrúchán den tsórt sin. Leagfar gach tuarascáil den tsórt sin os comhair an chéad chruinnithe ghinearálta bhliantúil eile. Íocfaidh an chuideachta luach saothair an achtúire nó na n-achtúirí.
52.—(1) Cuirfidh na hiontaobhaithe agus an coiste faoi ndear go gcoimeádfar cuntais iomlána fíora, suas go dtí an 31ú Nollaig gach bliain, ar an gciste agus ar na deighleála go léir leis an gciste.
(2) Iniúchfaidh na hiniúchóirí na cuntais agus bhéarfaid deimhniú ar a gcruinneas, nó bhéarfaid tuarascáil orthu in am chun go bhféadfar cóipeanna a chur go dtí na comhaltaí ranníocacha i dteannta an fhógra i dtaobh an chruinnithe ghinearálta bhliantúil.
(3) Déanfaidh na hiontaobhaithe, an coiste agus an rúnaí gach cúnamh réasúnach ar a gcumas a thabhairt do na hiniúchóirí.
53.—Cuirfidh an coiste faoi ndear go gcoimeádfar taifid iomlána fíora ar thrátha agus tosach comhaltais, ar dhátaí na gcéad ranníocaíocht, agus ar na nithe iomchuí uile eile maidir leis na comhaltaí ranníocacha, agus cuirfid faoi ndear freisin go gcoimeádfar clár de na comhaltaí ranníocacha.
54.—(1) Faoi réir forál na rialach seo féadfaidh an chuideachta, agus déanfaid, ar an gcoiste dá iarraidh sin orthu, scéim (dá ngairmtear scéim leasaitheach sa riail seo) ag leasú na scéime seo (trí bhreisiú, fágaint ar lár nó athrú) d'ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire.
(2) I gcás ina gcuirfear scéim leasaitheach faoi bhráid an Aire faoi mhír (1) den riail seo féadfaidh an tAire an scéim a chur thar n-ais chun na cuideachtan chun a hathbhreithnithe agus chun a curtha chuige arís nó féadfaidh, le hordú, an scéim a dhaingniú gan modhnú nó fara pé modhnú (trí bhreisiú, fágaint ar lár nó athrú) is cuí leis an Aire.
(3) Sar a ndéanfaidh nó sar a ndiúltóidh an tAire scéim leasaitheach a dhaingniú éistfidh sé na páirtithe uile ar mian leo éisteacht d'fháil agus ar dóigh leis leas a bheith acu inti.
(4) Ní bhainfidh aon scéim leasaitheach le Riail 3 ná lé Riail 26 ná ní oibreoidh sí chun comhalta den scéim seo a bhí ina chomhalta de Rannóig C nó de Rannóig D den tsean-chiste ná dúine a bheas ag éileamh ina cheart a chosc ó bheith i dteideal sochar ón gciste nach lú a luach ná luach na sochar a mbeadh teideal (do réir dlí nó do réir gnáis) ag an gcomhalta sin nó ag an duine sin (pé acu é) chuchu as an sean-chiste agus ón gCuideachta dá mba ná hachtófaí an scéim seo.
(5) I gcás ina ndaingneoidh an tAire scéim leasaitheach faoi mhír (2) den riail soe beidh éifeacht ag an scéim leasaitheach sin arna daingniú amhlaidh, agus is tuigthe an scéim seo a bheith arna leasú dá réir sin.
(6) Aon uair a leasófar an scéim seo trí scéim leasaitheach faoin riail seo cuirfidh an Rúnaí faoi ndear go ndéanfar na leasuithe a chlóbhualadh agus d'imdháil ar na comhaltaí ranníocacha agus ar pé daoine eile is oiriúnach leis an gcoiste.
55.—Ráthaíonn an chuideachta sócmhainneacht an chiste sa mhéid seo amháin, eadhon, go mbeidh leordhóthain airgid ar fáil gach tráth le haghaidh na n-éilithe réidh-airgid láithreacha uile a déanfar ar an gciste chun na sochair dá ndéantar socrú sa scéim seo d'íoc na trátha sin.
56.—Nuair a bheas cuspóir an chiste i gcrích go hiomlán de dhroim báis an duine dheiridh ag a raibh teideal chun aon tsochair as an gciste nó ar aon dáta is luaithe ná sin ar a ndeimhneoidh an t-achtúire nó na hachtúirí barrachas a bheith ar an gciste ná beidh ag teastáil ar aon chor le haghaidh dliteanas an chiste, agus tiocfaidh an barrachas sin chun bheith ina mhaoin leis an gcuideachta.
57.—Ní shrianfaidh aon ní sa scéim seo in aon tslí ceart na cuideachtan chun fostaíocht aon chomhalta d'fhorceannadh tráth ar bith agus ná tuigtear gurb ionann comhaltas den scéim seo agus buaine fostaíochta.
58.—Déanfaidh an coiste aon cheist maidir le brí aon fhorála den scéim seo nó aon ní a éireos aisti a chinneadh agus is cinneadh críochnaitheach a gcinneadh.