[EN]

harp.jpg


Uimhir 2 de 1988


[EN]

AN tACHT LUACHÁLA, 1988


RIAR NA nALT

Alt

1.

Mínithe.

2.

Binse Luachála.

3.

Athbhreithnithe agus luachálacha nua.

4.

Luacháil uileghabhálach na ngnóthas fóntais phoiblí.

5.

Cás a shonrú don Ard-Chúirt.

6.

An Coimisinéir Luachála do tharmligean feidhmeanna.

7.

Táillí.

8.

Foirmeacha.

9.

Caiteachais.

10.

Rialacháin chun deacrachtaí riaracháin a dhíchur.

11.

Orduithe agus rialacháin áirithe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtas.

12.

Gearrtheideal agus forléiriú.

An Binse Luachála

Maoin atá le hÁireamh i Luacháil Uileghabhálach na nGnóthas Fóntais Phoiblí


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1945

1945, Uimh. 12

An tAcht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977

1977, Uimh. 30

An tAcht Léiriúcháin, 1937

1937, Uimh. 38

Public Offices Fees Act, 1879

1879, c. 58

Valuation (Ireland) Act, 1852

1852, c. 63

An tAcht Luachála, 1986

1986, Uimh. 2

harp.jpg


Uimhir 2 de 1988


AN tACHT LUACHÁLA, 1988

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ NA nACHTANNA LUACHÁLA.

[3 Márta, 1988]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Mínithe.

1.—San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1852” an Valuation (Ireland) Act, 1852;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1986” an tAcht Luachála, 1986;

[EN]

ciallaíonn “maoin” aon oidhreachtán inrátaithe;

[EN]

folaíonn “gnóthas fóntais phoiblí” aon ghnóthas cibé acu ar bunaíodh é le haon achtachán nó faoi nó ar shlí eile, a sholáthraíonn seirbhís don phobal cibé acu ar fud an Stáit nó in aon chuid den Stát;

[EN]

ciallaíonn “údarás rátúcháin”—

[EN]

(a) comhairle contae,

[EN]

(b) bardas contaebhuirge nó buirge eile,

[EN]

[EN]

(c) comhairle ceantair uirbigh;

folaíonn “oidhreachtán inrátaithe” aon mhaoin lena mbaineann Acht 1986 nó an tAcht seo.

[EN]

Binse Luachála.

2.—(1) (a) Beidh binse, ar a dtabharfar an Binse Luachála, arna bhunú ar cibé dáta a fhorordóidh an tAire Airgeadais le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Comhshaoil.

[EN]

(b) Beidh éifeacht le forálacha an Chéad Sceidil a ghabhann leis an Acht seo i ndáil leis an mBinse.

[EN]

(2) Éistfidh agus cinnfidh an Binse achomhairc faoi alt 3 (5) nó 4 (11) den Acht seo.

[EN]

(3) Faoi réir cirt achomhairc chun na hArd-Chúirte ar cheist dlí, is cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh an Bhinse.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire Airgeadais, ó am go ham, cibé daoine agus cibé líon daoine a cheapadh a mheasfaidh sé is gá chun cuidiú leis an mBinse i gcomhlíonadh a fheidhmeanna faoin Acht seo.

[EN]

(5) Gan dochar d'alt 21 den Acht Léiriúcháin, 1937 (a dhéanann foráil, i measc nithe eile, le haghaidh imeachtaí ar feitheamh) aisghairtear leis seo ailt 22 agus 23 d'Acht 1852 le héifeacht ó bhunú an Bhinse.

[EN]

Athbhreithnithe agus luachálacha nua.

3.—(1) Féadfaidh úinéir nó áititheoir aon mhaoine, an t-údarás rátúcháin, nó oifigeach don Choimisinéir Luachála iarratas a dhéanamh tráth ar bith chun luacháil aon mhaoine a bheidh taifeadta sna Liostaí Luachála a athbhreithniú nó chun aon mhaoin nach mbeidh taifeadta amhlaidh a áireamh iontu.

[EN]

(2) (a) Gach iarratas faoi fho-alt (1) den alt seo (seachas iarratas ó údarás rátúcháin) díreofar é chuig an údarás rátúcháin ar ina limistéar atá an mhaoin suite.

[EN]

(b) Déanfaidh an t-údarás rátúcháin liosta de na hiarratais go léir a dhéanfar sa mhí dar tosach dáta thosach feidhme an ailt seo nó in aon mhí dá éis sin a chur faoi bhráid an Choimisinéara Luachála, i ngach cás laistigh de dheich lá tar éis dheireadh na míosa sin.

[EN]

(3) Cuirfidh an Coimisinéir Luachála faoi deara go ndéanfar, i gcás gach iarratais a dhéanfar chuige faoi fho-alt (1) den alt seo, cinneadh maidir leis laistigh de shé mhí tar éis an t-iarratas a fháil nó a luaithe is féidir ina dhiaidh sin agus eiseoidh sé a luaithe is féidir liosta de na cinntí a bheidh déanta sa ráithe dar tosach dáta thosach feidhme an ailt seo nó in aon ráithe dá éis sin, laistigh de dheich lá tar éis dheireadh na ráithe sin.

[EN]

(4) (a) I gcás gur aon duine eile seachas úinéir nó áititheoir aon mhaoine a dhéanfaidh iarratas faoi fho-alt (1) den alt seo i ndáil leis an maoin sin, cuirfidh an t-údarás rátúcháin an t-iarratas in iúl don úinéir agus don áititheoir, más eol cé hiad.

[EN]

(b) Cuirfidh an t-údarás rátúcháin an cinneadh ar an iarratas in iúl don úinéir agus don áititheoir, más eol cé hiad, chomh maith lena gceart, de réir ailt 19 agus 31 d'Acht 1852, achomharc a dhéanamh in aghaidh na luachála a bheidh arna cinneadh ag an gCoimisinéir Luachála agus cuirfidh an t-údarás rátúcháin toradh an achomhairc sin in iúl dóibh freisin.

[EN]

(5) (a) Féadfaidh úinéir nó áititheoir maoine nó údarás rátúcháin ar ina limistéar atá an mhaoin suite, trí fhógra i scríbhinn a bheidh curtha leis an bpost chuig an mBinse nó a thabharfaidh an t-achomharcóir, nó a thabharfar thar a cheann, don Bhinse, achomharc in aghaidh an chinnidh a rinne an Coimisinéir a dhéanamh chuig an mBinse faoi alt 20 d'Acht 1852, laistigh de 28 lá tar éis liosta na gcinntí a fhoilsiú.

[EN]

(b) Beidh san fhógra sonraí na luachála mar a taifeadadh iad sna Liostaí Luachála agus ráiteas faoi fhorais shonracha an achomhairc.

[EN]

(c) Déanfaidh an Binse cóip de gach fógra a gheobhaidh sé a tharchur chuig an gCoimisinéir Luachála (arb é an freagróir é san achomharc lena mbaineann agus a bheidh i dteideal éisteacht a fháil, agus fianaise a thabhairt ar aird, ag éisteacht an achomhairc sin), chuig an údarás, nó chuig na húdaráis, rátúcháin lena mbaineann agus chuig aon duine eile a ndealraíonn sé don Bhinse go bhfearann an cinneadh air go díreach agus beidh aon duine den sórt sin i dteideal éisteacht a fháil agus fianaise a thabhairt ar aird ag éisteacht an achomhairc.

[EN]

(6) Déanfaidh an Coimisinéir Luachála, i gcás aon leasú a bheith le déanamh sna Liostaí Luachála de bhun chinnidh ón mBinse nó de bhun breithe ón gCúirt i ndáil le hachomharc faoin alt seo, fógra faoin leasú a thabhairt i scríbhinn don údarás, nó do na húdaráis, rátúcháin lena mbaineann, agus cuirfidh sé faoi deara an taifeadadh iomchuí sna liostaí a leasú.

[EN]

(7) Beidh éifeacht leis an alt seo d'ainneoin aon ní contrártha dó sin sna hAchtanna Luachála.

[EN]

(8) Féadfaidh an tAire Airgeadais, le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Comhshaoil, an dáta a thiocfaidh an t-alt seo i ngníomh a fhorordú.

[EN]

Luacháil uileghabhálach na ngnóthas fóntais phoiblí.

4.—(1) (a) Féadfaidh an tAire Airgeadais le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Comhshaoil agus le haon Aire eile de chuid an Rialtais a ndealraíonn sé don Aire Airgeadais é bheith bainteach leis an ábhar, a ordú don Choimisinéir Luachála socrú a dhéanamh chun go gcinnfear luacháil na maoin, arna dtógáil ina n-iomláine, cibé áit a bhfuil siad suite, de chuid ghnóthais fóntais phoiblí shonraithe nó de chuid ghnóthais fóntais phoiblí de thuairisc shonraithe, agus sonróidh sé an dáta ar faoina threoir a dhéanfar an cinneadh agus an dáta faoina bhfuil an cinneadh le déanamh. “Luacháil uileghabhálach” a ghairtear san alt seo de gach luacháil den sórt sin.

[EN]

(b) Folófar i ngach luacháil uileghabhálach a chinnfear faoi fho-alt (1) (a) na hoidhreachtáin go léir a úsáidtear chun críocha príomha an ghnóthais cibé acu atá na hoidhreachtáin sin athbhreithnithe agus taifeadta cheana féin sna Liostaí Luachála nó nach bhfuil agus déanfar aon luachálacha den sórt sin a bheidh folaithe cheana sna Liostaí Luachála a scriosadh as na liostaí sin.

[EN]

(c) Déanfar cibé maoin de chuid gnóthais shonraithe ar chun críche seachas aon cheann de chríocha príomha an ghnóthais sin í, i dtuairim an Choimisinéara Luachála, a eisiamh an tráth a bheidh an luacháil uileghabhálach á cinneadh.

[EN]

(2) Is é a bheidh i nglanluach bliantúil an ghnóthais cúig faoin gcéad de luach caipitiúil éifeachtúil mhaoin an ghnóthais sin, lena n-áirítear maoin a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire Airgeadais le hordú, tar éis cibé comhairliúchán a dhéanamh a fhoráiltear le fo-alt (1) den alt seo, an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a leasú.

[EN]

(4) Is é a bheidh i luach caipitiúil éifeachtúil an ghnóthais comhiomlán an méid seo a leanas—

[EN]

(a) na luachanna láithreán a chomhchuimsítear sa ghnóthas sin,

[EN]

(b) costas athsholáthair díluachta maoine eile de chuid an ghnóthais, is é sin le rá, costas athsholáthair na maoine arna laghdú mar is cuí chun freagairt dá haois, dá riocht agus dá seanchaiteacht agus d'aon fhachtóir eile, arb é is éifeacht leis a luach a laghdú go dtí luach is lú ná an costas athsholáthair,

[EN]

(c) luach aon éasúna nó aon chirt chomhghabhálaigh nó cheangaltais eile a ghabhann le haon mhaoin de chuid an ghnóthais,

[EN]

(d) luach aon chirt atá ag an ngnóthas comharthaí raidió, teilifíse nó teileachumarsáide a tharchur.

[EN]

(5) Beidh éifeacht ag fo-ailt (1), (2) agus (3) den alt seo d'ainneoin alt 11 d'Acht 1852 ach sin faoi réir alt 5 den Acht Luachála, 1986.

[EN]

(6) Déileálfar leis an ngnóthas chun críocha an ailt seo mar ghnóthas a áitíonn oidhreachtán inrátaithe i ngach ceantar rátúcháin ina mbeidh a chuid seirbhísí ar fáil nó ina mbeidh a chuid maoine suite.

[EN]

(7) Déanfaidh an Coimisinéir Luachála luacháil uileghabhálach gnóthais, arna cinneadh nó arna hathbhreithniú faoin alt seo, a chionroinnt idir údaráis rátúcháin i cibé slí a fhorordóidh an tAire Airgeadais le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Chomhshaoil agus is é a bheidh sa mhéid a chionroinnfear amhlaidh ar aon údarás rátúcháin ná luacháil mhaoin an ghnóthais i limistéar an údaráis sin.

[EN]

(8) Cuirfidh an Coimisinéir Luachála faoi deara go ndéanfar luacháil uileghabhálach gnóthais a athbhreithniú sa chúigiú bliain tar éis an luacháil a chinneadh nó tar éis an athbhreithnithe roimhe sin nó níos túisce má iarrann an tAire Airgeadais amhlaidh, tar éis cibé comhairliúchán a dhéanamh dá bhforáiltear le fo-alt (1) den alt seo, nó má iarrann an gnóthas amhlaidh.

[EN]

(9) Gach gnóthas lena mbaineann ordú faoi fho-alt (1) den alt seo, déanfaidh sé, laistigh de dhá mhí ón tráth a iarradh air é, cibé eolas a sholáthar don Choimisinéir Luachála a theastóidh uaidh chun a chuid feidhmeanna a fheidhmiú faoin alt seo.

[EN]

(10) Déanfaidh an Coimisinéir Luachála, tar éis dó a chur faoi deara cinneadh nó athbhreithniú faoin alt seo a dhéanamh, fógra ina thaobh a thabhairt láithreach don ghnóthas agus don Aire Comhshaoil agus féadfar achomharc a dhéanamh chun an Choimisinéara faoi ailt 19 agus 31 d'Acht 1852 agus beidh éifeacht ag forálacha ailt 20 agus 21 den Acht sin.

[EN]

(11) Beidh ceart achomhairc chuig an mBinse ag an ngnóthas agus ag an Aire Comhshaoil araon in aghaidh aon chinnidh a dhéanfaidh an Coimisinéir Luachála faoi alt 20 d'Acht 1852 trí fhógra i scríbhinn a sheirbheáil laistigh de thrí mhí ón tráth a thabharfaidh an Coimisinéir Luachála an fógra dóibh faoin gcinneadh.

[EN]

(12) Féadfaidh an tAire Airgeadais le hordú ordú faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú.

[EN]

(13) Beidh éifeacht ag an alt seo d'ainneoin aon ní contrártha dó sin in aon fhoráil eile sna hAchtanna Luachála.

[EN]

(14) Aon uair a bheartófar ordú a dhéanamh faoi fho-alt (3) den alt seo leagfar dréacht den ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

[EN]

Cás a shonrú don Ard-Chúirt.

5.—(1) Díreach tar éis cinneadh achomhairc ag an mBinse, féadfaidh aon pháirtí san achomharc, má bhíonn sé míshásta leis an gcinneadh mar go bhfuil sé earráideach i bpointe dlí, a mhíshástacht a dhearbhú don Bhinse.

[EN]

(2) Féadfaidh an páirtí, tar éis a mhíshástacht a dhearbhú, laistigh de lá is fiche tar éis an chinnidh, a cheangal ar an mBinse le fógra i scríbhinn a bheidh dírithe chuig Cathaoirleach an Bhinse, cás a shonrú agus a shíniú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil maidir leis an gcinneadh laistigh de trí mhí den dáta a bhfaighfear an fógra sin.

[EN]

(3) Déanfaidh an páirtí atá ag éileamh an cháis, sula mbeidh sé i dteideal an cás a bheith sonraithe, cibé táille a íoc leis an mBinse a fhorordóidh an tAire Airgeadais le rialacháin don chás agus i leith an cháis.

[EN]

(4) Beidh na fíorais agus cinneadh an Bhinse leagtha amach sa chás agus déanfaidh an páirtí a bheidh ag éileamh an cháis, nuair a bheidh sé sonraithe agus sínithe, é a tharchur chun na hArd-Chúirte laistigh de sheacht lá tar éis é a fháil.

[EN]

(5) Déanfaidh an páirtí atá ag éileamh an cháis fógra i scríbhinn á rá go bhfuil an cás sonraithe ar iarratas uaidh, mar aon le cóip den chás, a chur chuig an bpáirtí eile an tráth a tharchuirfidh sé an cás chuig an Ard-Chúirt nó roimhe sin.

[EN]

(6) Éistfidh an Ard-Chúirt agus cinnfidh sí aon cheist nó aon cheisteanna dlí a thig maidir leis an gcás agus freaschuirfidh sí, daingneoidh sí nó leasóidh sí an cinneadh ar ina leith a bheidh an cás sonraithe, nó tarchuirfidh sí an t-ábhar chuig an mBinse mar aon le tuairim na Cúirte air nó féadfaidh sí cibé ordú eile a dhéanamh i ndáil leis an ábhar is cuí leis an gCúirt.

[EN]

(7) Féadfaidh an Ard-Chúirt a chur faoi deara an cás a chur siar lena leasú agus air sin leasófar an cás dá réir sin, agus tabharfar breithiúnas tar éis é a bheith leasaithe.

[EN]

(8) Beidh ábhar achomhairc ann chuig an gCúirt Uachtarach ó bhreith na hArd-Chúirte.

[EN]

An Coimisinéir Luachála do tharmligean feidhmeanna.

6.—(1) Féadfaidh an Coimisinéir Luachála feidhm shonraithe de chuid an Choimisinéara faoi na hAchtanna Luachála a tharmligean i scríbhinn chuig aon oifigeach don Choimisinéir ach ní tharmligfidh sé feidhm i ndáil le hachomharc nó le hiarratas faoi ailt 19 agus 31 d'Acht 1852 chuig oifigeach a chomhlíon feidhm roimhe sin i ndáil leis an athbhreithniú is déanaí ar luacháil na maoine lena mbaineann.

[EN]

(2) I gcás go dtarmligfear feidhm faoi fho-alt (1) den alt seo comhlíonfaidh an t-oifigeach an fheidhm faoi threoir ghinearálta agus faoi réir rialú ginearálta an Choimisinéara agus de réir cibé teorainneacha (más ann) a shonrófar sa tarmligean i ndáil leis an limistéar nó leis an tréimhse ina gcomhlíonfaidh sé, nó go feadh an méid a chomhlíonfaidh sé, an fheidhm.

[EN]

(3) Nuair a fheidhmeoidh oifigeach aon fheidhm a tharmligtear dó faoin alt seo measfar gurb é an Coimisinéir a fheidhmeoidh í.

[EN]

(4) Féadfaidh tarmligean faoin alt seo baint a bheith aige le comhlíonadh feidhme i gcoitinne nó le comhlíonadh feidhme i gcás áirithe nó in aicme cáis áirithe nó i ndáil le maoin inrátaithe i limistéar áirithe.

[EN]

(5) Féadfaidh an Coimisinéir tarmligean faoin alt seo a chúlghairm tráth ar bith i gcoitinne nó i ndáil le cás áirithe nó le haicme cáis áirithe nó i ndáil le maoin i limistéar áirithe.

[EN]

(6) Más rud é, maidir le cás áirithe, go gcúlghairtear tarmligean feidhme tráth nach mbíonn an fheidhm comhlíonta go hiomlán féadfaidh an Coimisinéir féin nó oifigeach cuí-tharmligthe eile leanúint de chomhlíonadh na feidhme maidir leis an gcás.

[EN]

(7) Féadfaidh an tAire Airgeadais orduithe ginearálta a thabhairt don Choimisinéir maidir le feidhmiú a chuid feidhmeanna faoin alt seo agus déanfaidh an Coimisinéir de réir aon orduithe den sórt sin.

[EN]

Táillí.

7.—(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais le rialachán an táille a fhorordú a mhuirearófar i leith achomhairc chuig an gCoimisinéir Luachála faoi ailt 19 agus 31 d'Acht 1852 nó chuig an mBinse nó i leith iarratais chuig an gCoimisinéir Luachála nó i leith aon aicme achomhairc nó iarratais den sórt sin faoin Acht seo.

[EN]

(2) Déanfar táillí faoin Acht seo a thógáil agus a bhailiú i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais ó am go ham agus íocfar iad isteach sa Státchiste nó déanfar iad a dhiúscairt chun sochar an Státchiste de réir orduithe an Aire Airgeadais.

[EN]

(3) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir leis na táillí sin.

[EN]

Foirmeacha.

8.—Gach iarratas, fógra agus liosta a theastaíonn chun críocha na nAchtanna Luachála beidh siad i cibé foirm a sholáthróidh an tAire Airgeadais ó am go ham tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisinéir Luachála.

[EN]

Caiteachais.

9.—Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire Airgeadais nó an tAire Comhshaoil nó an Coimisinéir Luachála ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

[EN]

Rialacháin chun deacrachtaí riaracháin a dhíchur.

10.—(1) Más rud é go mbainfidh aon deacracht in aon slí leis an Acht seo a thabhairt i ngníomh féadfaidh an tAire Airgeadais le rialacháin aon ní a dhéanamh a dhealraíonn a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun an tAcht seo a thabhairt i ngníomh, agus féadfaidh aon rialachán den sórt sin forálacha an Achta seo a mhodhnú a mhéid a dhealraíonn sin a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun an rialachán a thabhairt in éifeacht.

[EN]

(2) Ní dhéanfar aon rialachán faoi fho-alt (1) den alt seo tar éis dhá bhliain a bheith caite ó thráth an Achta seo a rith.

[EN]

Orduithe agus rialacháin áirithe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

11.—Gach ordú faoi alt 4 (7) nó rialachán faoi alt 10 den Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán.

[EN]

Gearrtheideal agus forléiriú.

12.—(1) Féadfar an tAcht Luachála, 1988, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Déanfar na hAchtanna Luachála agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon ní amháin.

[EN]

AN CHÉAD SCEIDEAL

An Binse Luachála

Alt 2.

1. (1) Is iad a bheidh ar an mBinse cathaoirleach agus cibé líon leaschathaoirleach (más ann) agus gnáthchomhaltaí a chinnfidh an tAire Airgeadais ó am go ham, ar cibé líon é a mheasfaidh an tAire Airgeadais a bheith riachtanach chun an Binse do chomhlíonadh a chuid feidhmeanna faoin Acht seo.

(2) Is é an tAire Airgeadais, ó am go ham de réir mar is gá sa chás, a cheapfaidh comhaltaí an Bhinse agus faoi réir fhorálacha an Achta seo sealbhóidh siad oifig ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire Airgeadais tráth a gceaptha.

(3) Is é a bheidh i dtéarma oifige comhalta den Bhinse cibé tréimhse, nach faide ná 5 bliana, a chinnfidh an tAire Airgeadais tráth a cheaptha agus, faoi réir fhorálacha an Achta seo féadfar comhalta den Bhinse a athcheapadh mar chomhalta den sórt sin.

(4) Féadfaidh comhalta den Bhinse, tráth ar bith, éirí as a oifig mar chomhalta den sórt sin trí litir a bheidh dírithe chun an Aire Airgeadais agus glacfaidh an t-éirí-as éifeacht ar an agus ón dáta a gheofar an litir.

(5) Más rud é go dtarlóidh corrfholúntas i measc chomhaltaí an Bhinse, féadfaidh an tAire Airgeadais, más iomchuí leis déanamh amhlaidh, cibé bearta a dhéanamh is gá chun an folúntas a líonadh agus beidh an duine a cheapfar chun an folúntas a líonadh i seilbh oifige go ceann a mbeidh fágtha den téarma oifige ar ceapadh a réamhtheachtaí ina leith.

(6) Íocfar le comhaltaí an Bhinse cibé luach saothair (más ann), agus cibé liúntais le haghaidh caiteachas, a chinnfidh an tAire Airgeadais ó am go ham.

(7) (a) I gcás go n-ainmneofar comhalta den Bhinse mar chomhalta de Sheanad Éireann nó mar iarrthóir lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas nó chun Tionól na gComhphobal Eorpach nó go measfar, de bhun alt 15 den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977, é a bheith tofa chun an Tionóil sin chun folúntas a líonadh, scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den Bhinse.

(b) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó a bheidh ina chomhalta de Thionól na gComhphobal Eorpach beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta den sórt sin, dícháilithe ó theacht chun bheith ina chomhalta den Bhinse.

2. (1) Déanfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham de réir mar is gá sa chás comhalta den Bhinse a cheapadh le bheith ina chathaoirleach ar an mBinse.

(2) I gcás go scoirfidh cathaoirleach an Bhinse, le linn a théarma oifige mar chathaoirleach den sórt sin, de bheith ina chomhalta den Bhinse, scoirfidh sé air sin freisin de bheith ina chathaoirleach ar an mBinse.

(3) Beidh cathaoirleach an Bhinse i seilbh oifige mar chathaoirleach den sórt sin mura túisce a éagfaidh sé, a éireoidh sé as oifig, nó a scoirfidh sé ar shlí eile de bheith ina chathaoirleach go dtí go mbeidh a théarma oifige mar chomhalta den Bhinse caite ach má athcheaptar é mar chomhalta den Bhinse, féadfar é a athcheapadh mar chathaoirleach ar an mBinse.

3. (1) Déanfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham de réir mar is gá sa chás comhalta den Bhinse a cheapadh le bheith ina leaschathaoirleach ar an mBinse.

(2) I gcás go scoirfidh leaschathaoirleach an Bhinse le linn a théarma oifige mar leaschathaoirleach den sórt sin, de bheith ina chomhalta den Bhinse, scoirfidh sé air sin freisin de bheith ina leaschathaoirleach ar an mBinse.

(3) Beidh leaschathaoirleach an Bhinse i seilbh oifige mar leaschathaoirleach den sórt sin mura túisce a éagfaidh sé, a éireoidh sé as oifig, nó a scoirfidh sé ar shlí eile de bheith ina leaschathaoirleach, go dtí go mbeidh a théarma oifige mar chomhalta den Bhinse caite ach má athcheaptar é mar chomhalta den Bhinse, féadfar é a athcheapadh mar leaschathaoirleach ar an mBinse.

(4) Aon uair a bheidh cathaoirleach an Bhinse den tuairim gurbh fhóirsteanach don Bhinse, ar mhaithe le dlús a chur le gnó an Bhinse, gníomhú trí rannáin féadfaidh sé ordú a thabhairt dá réir sin agus má ordaíonn sé amhlaidh, ansin go dtí go gcúlghairfidh sé a ordú—

(a) féadfaidh an Binse gníomhú le cibé líon rannán a chinnfidh cathaoirleach an Bhinse ó am go ham,

(b) trí chomhalta den Bhinse arna roghnú ag cathaoirleach an Bhinse a mbeidh duine amháin acu ar a laghad ina chathaoirleach nó ina leaschathaoirleach ar an mBinse a bheidh i rannán den Bhinse,

(c) sannfaidh cathaoirleach an Bhinse do rannán den Bhinse na hachomhairc a bheidh le cinneadh aige,

(d) is é a bheidh ina chathaoirleach ar rannán den Bhinse cathaoirleach an Bhinse nó, mura comhalta den rannán cathaoirleach an Bhinse, an comhalta den rannán is leaschathaoirleach ar an mBinse, agus

(e) beidh, chun críoch achomhairc a shanntar dó, cumhachtaí uile an Bhinse ag rannán den Bhinse agus beidh cumhachtaí uile chathaoirleach an Bhinse ag an gcathaoirleach a bheidh ar rannán den Bhinse agus forléireofar tagairtí san Acht seo don Bhinse agus do chathaoirleach an Bhinse mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do rannán agus do chathaoirleach rannáin, faoi seach.

4. (1) Más rud é gur triúr, agus aon uair gur triúr, an líon comhaltaí a bheidh ar an mBinse, éistfidh an triúr comhaltaí achomharc chun an Bhinse agus déanfaidh siad cinneadh maidir leis.

(2) Más rud é gur mó ná triúr, agus aon uair is mó ná triúr, an líon comhaltaí a bheidh ar an mBinse agus nach mbeidh ordú faoi fhomhír (4) de mhír 3 den Sceideal seo i bhfeidhm, éistfidh triúr comhalta den Bhinse arna roghnú ag cathaoirleach an Bhinse achomharc chun an Bhinse agus déanfaidh siad cinneadh maidir leis agus mura mbeidh cathaoirleach an Bhinse i measc na gcomhaltaí de a roghnófar chun an t-achomharc a éisteacht agus a chinneadh gníomhóidh comhalta amháin de na comhaltaí sin a roghnóidh cathaoirleach an Bhinse mar chathaoirleach ar an gcéanna.

(3) Eiseoidh an Binse breithiúnas scríofa a leagfaidh amach na cúiseanna a bhí lena chinneadh i ngach achomharc.

5. (1) Tionólfaidh an Binse suíonna agus ag na suíonna féadfaidh sé fianaise agus aighneachtaí a ghlacadh ón achomharcóir agus ón bhfreagróir nó thar a gceann in achomharc faoin Acht seo agus ó aon duine eile nó thar ceann aon duine eile ar dóigh leis an mBinse go bhfuil leas aige san achomharc nó ar dóigh go ndéanfadh cinneadh an achomhairc difear dó.

(2) Tionólfar suíonna den Bhinse i ndáil phríobháideach.

6. Beidh finné a mbeidh a fhianaise tugtha, á tabhairt nó le tabhairt aige os comhair an Bhinse i dteideal na pribhléidí agus na díolúintí céanna a fháil le finné i gcúirt.

7. Féadfaidh sé gur trí thromlach de na comhaltaí a éisteann achomharc a dhéanfaidh an Binse cinneadh ag achomharc nó i ndáil le hachomharc.

8. Féadfaidh cathaoirleach an Bhinse—

(a) a ordú i scríbhinn do dhuine a n-éilíonn an Binse a fhianaise freastal os comhair an Bhinse ar dháta, tráth agus in áit a bheidh sonraithe san ordú agus fianaise a thabhairt ansin agus aon doiciméad nó ní ina sheilbh nó faoina chumhacht agus a bheidh sonraithe san ordú a thabhairt ar aird,

(b) a ordú d'aon duine den sórt sin aon doiciméad nó ní sonraithe ina sheilbh nó faoina chumhacht a thabhairt ar aird dó,

(c) aon orduithe eile a thabhairt chun críche achomhairc a dhealraíonn dó a bheith réasúnach agus cóir.

9. Duine—

(a) a mbeidh ordaithe dó faoi mhír 8 den Sceideal seo freastal os comhair an Bhinse agus a mbeidh aon suim tairgthe dó i leith na gcaiteachas i ndáil lena fhreastal a mbeadh finné a thoghairfí chun freastal os comhair na Cúirte Dúiche i dteideal go dtairgfí dó í, agus a dhiúltóidh don ordú gan cúis nó leithscéal réasúnach,

(b) agus é ag freastal os comhair an Bhinse de bhun ordaithe faoin mír sin 8, a dhiúltóidh an mionn a ghlacadh ar an mBinse á cheangal air sin a dhéanamh, nó a dhiúltóidh aon cheist a fhreagairt a n-iarrfaidh an Binse go dlíthiúil freagra ina leith,

(c) a dhiúltóidh gan cúis nó leithscéal réasúnach d'ordú faoi fhomhír (a) den mhír sin 8 i ndáil le fianaise a thabhairt nó doiciméad nó ní a thabhairt ar aird, nó d'ordú faoi fhomhír (b) nó (c) den mhír sin 8, nó

(d) a dhéanfaidh aon ní eile i ndáil leis na himeachtaí os comhair an Bhinse ar dhíspeagadh ar chúirt é dá mba finné sa chúirt a dhéanfadh é i ndáil le himeachtaí os a comhair,

beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £700 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

10. Má thugann duine fianaise bhréagach os comhair an Bhinse in imthosca a thabharfadh, dá mba os comhair cúirte a thabharfadh sé an fhianaise, go mbeadh sé ciontach i mionnú éithigh, beidh sé ciontach sa chion sin.

11. Faoi réir fhorálacha an Achta seo, is de réir cibé nósa imeachta a chinnfidh an Binse le rialacha arna ndéanamh aige le toiliú an Aire Airgeadais a bheidh nós imeachta an Bhinse, agus gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo déanfar socrú leis na rialacha le haghaidh an méid seo a leanas—

(a) na daoine lena mbaineann d'fháil fógra maidir leis an dáta, an tráth agus an áit ina mbeidh an suí iomchuí den Bhinse,

(b) a chumasú do na daoine lena mbaineann a gcásanna a chur i láthair an Bhinse go pearsanta nó trí ionadaí,

(c) ceistiú (faoi mhionn nó ar shlí eile mar a chinnfidh an Binse) a dhéanamh ag an mBinse ar fhinnéithe os comhair an Bhinse,

(d) ceistiú agus croscheistiú (faoi mhionn nó ar shlí eile mar a chinnfidh an Binse) do dhéanamh ag daoine lena mbaineann, nó do dhéanamh thar a gceann, ar fhinnéithe os comhair an Bhinse,

(e) an Binse do chinneadh ar chóir fianaise ag an mBinse a thabhairt faoi mhionn,

(f) cathaoirleach an Bhinse do chur finnéithe os comhair an Bhinse faoi mhionn,

(g) gach cinneadh den Bhinse i ndáil le hachomharc chuige a fhógairt ag suí den Bhinse, agus

(h) taifead leordhóthanach a dhéanamh d'imeachtaí an Bhinse.

12. (1) Faoi réir fhomhír (3) den mhír seo, féadfaidh an Binse a ordú maidir le costais agus caiteachais duine a bheidh bainteach le hachomharc chuige faoin Acht seo i leith an achomhairc go n-íocfaidh duine eile a bheidh bainteach leis an achomharc na costais agus na caiteachais sin agus féadfaidh sé méid aon chostas agus aon chaiteachas den sórt sin a chinneadh agus ordóidh sé, mura mbeidh cúis mhaith gan déanamh amhlaidh, go n-íocfaidh an freagróir nár éirigh leis nó an t-achomharcóir nár éirigh leis, de réir mar a bheidh, in achomharc costais agus caiteachais achomharcóra nó freagróra ar éirigh leis san achomharc chuig an mBinse faoin Acht seo i leith an achomhairc.

(2) Féadfaidh duine méid na gcostas agus na gcaiteachas a d'ordaigh an Binse faoin mír seo a íoc leis, a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla ón duine ar ordaigh an Binse dó iad a íoc.

(3) Ní ordóidh an Binse go n-íocfaidh úinéir nó áititheoir maoine inrátaithe costais agus caiteachais achomharcóra nó freagróra in achomharc chuige faoin Acht seo seachas i leith na maoine lena mbaineann an t-achomharc.

13. (1) Más rud é go mbeidh leas tairbhiúil ag comhalta den Bhinse i maoin is ábhar achomhairc faoin Acht seo nó in aon mhaoin eile a ndéanfaidh, nó ar dóigh go ndéanfaidh, achomharc den sórt seo difear di nó go mbeidh aon leas eile aige san achomharc ar dhóigh dó tionchar a bheith aige air i ndáil le cinneadh an achomhairc—

(a) nochtfaidh an comhalta don Bhinse an cineál leasa atá aige,

(b) ní ghlacfaidh an comhalta aon pháirt sa phlé faoin achomharc ná sa bhreithniú a dhéanfar air,

(c) ní vótálfaidh ná ní ghníomhóidh an comhalta ar shlí eile mar chomhalta den Bhinse i ndáil le cinneadh an achomhairc.

(2) Chun críocha na míre seo, measfar leas tairbhiúil i maoin a bheith ag comhalta den Bhinse más rud é—

(a) gurb é féin nó a chéile úinéir nó áititheoir na maoine nó páirtúinéir nó páirtáititheoir na maoine, cibé acu mar nasc-thionónta, mar thionónta i gcoiteannas nó ar shlí eile, le duine amháin eile nó le níos mó ná duine amháin eile, nó

(b) go bhfuil baint aige féin nó ag a chéile le húinéir nó le háititheoir na maoine nó gur fostóir nó fostaí nó príomhaí nó gníomhaire é féin nó a chéile de chuid úinéir nó áititheoir na maoine nó de chuid duine a mbeidh baint aige leis an úinéir nó leis an áititheoir sin, nó gur iontaobhaí nó airíoch ar an maoin é féin nó a chéile don úinéir nó don áititheoir nó don duine eile sin.

(3) Chun críocha na míre seo, ní mheasfar gur leas tairbhiúil i maoin aon leas sa mhaoin a bheidh chomh fada amach nó chomh neamhshuntasach nach féidir a mheas go réasúnach maidir leis gur dóigh go mbeadh tionchar aige ar an duine a mbeadh sé aige.

(4) (a) Duine a sháróidh ceanglas den mhír seo nó a mhainneoidh é a chomhlíonadh beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £1,000, a chur air.

(b) In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoin bhfomhír seo is cosaint don duine a chúiseofar sa chion a chruthú nárbh eol dó agus nach raibh aon chúis aige lena chreidiúint tráth an chiona líomhnaithe—

(i) go raibh leas tairbhiúil aige sa mhaoin lena mbaineann, nó

(ii) maidir leis an leas tairbhiúil lena mbaineann an cion líomhnaithe gur leas é a raibh feidhm ag ceanglas den mhír seo i ndáil leis.

(c) Ní thionscnófar imeachtaí mar gheall ar chion faoin bhfo-alt seo ach amháin ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó lena thoiliú.

(5) Comhalta den Bhinse a chiontófar i gcion faoi fhomhír (4) den mhír seo scoirfidh sé, ar é a chiontú amhlaidh, de bheith ina chomhalta den chéanna.

(6) Más rud é go ndéanfaidh duine a mbeidh leas tairbhiúil aige i maoin lena mbaineann achomharc faoin Acht seo ceanglas den mhír seo a shárú nó go mainneoidh sé an ceanglas sin a chomhlíonadh cuirfidh sárú nó mainneachtain den sórt sin cinneadh an achomhairc ó bhail.

(7) Más rud é go gcuirfear ó bhail de bhua fhomhír (6) den mhír seo cinneadh achomhairc faoin Acht seo ag an mBinse, déanfaidh an Binse cinneadh arís maidir leis an achomharc.

[EN]

AN DARA SCEIDEAL

Maoin atá le hÁireamh i Luacháil Uileghabhálach na nGnóthas Fóntais Phoiblí

Alt 4.

1. Foirgnimh, tógálacha agus suiteálacha.

2. Na gréasáin uile a chomhchuimsítear sa ghnóthas, lena n-áirítear trealamh tarchurtha agus glactha comharthaí agus gach crann, líne, cábla, post, piolón, taca, braicéad, duchtra agus feadánra atá gaolmhar leis sin agus gach trealamh is gá le haghaidh gnáthfheidhmiú éifeachtúil na ngréasán suas go dtí an pointe soláthair do gach tomhaltóir ar leith.

3. Gach gréasán agus córas píblínte lena n-áirítear trealamh brúchóirithe agus trealamh brúlaghdaithe mar aon le forbairtí láithreáin gaolmhara.

4. Saoráidí stórála agus coimeádta lena n-áirítear dabhcha, sadhlanna nó gléasra nó forbairtí eile a úsáidtear chun aon substaint cibé acu soladach nó sreabhach (leacht nó gás) a stóráil agus a choimeád.

5. Oibreacha gáis, píblínte gáis agus críochfoirt gáis nádúrtha.

6. Gréasáin leaschraolta agus idirleata teileachumarsáide, raidió agus teilifíse lena n-áirítear línte, cáblaí agus gabhálais choimhdeacha is gá chun na gréasáin sin a oibriú.

7. Stáisiúin Ghineadóireachta Leictreachais, lena n-áirítear más iomchuí—

(a) gach foirgneamh agus déanmhas,

(b) gach dabhach lena n-áirítear dabhcha ola bhreosla, dabhcha uisce agus dabhcha ceimiceán,

(c) coirí, foirnéisí agus trealamh láimhsithe breosla coimhdeach,

(d) saoráidí ionraonta agus asraonta uisce fuaracháin lena n-áirítear tithe caidéil, lintéir, píboibreacha, coraí agus oibreacha éalaithe,

(e) suiteálacha gáis nádúrtha,

(f) oibreacha diúscartha eisiltigh lena n-áirítear simléir, oibreacha diúscartha camrais agus gléasra cóireála,

(g) gineadóirí gaoithe, tuirbíní agus gineadóirí mar aon le gléasra coimhdeach agus trealamh leictreach lena n-áirítear claochladáin,

(h) dugaí, túir fhuaracháin, claífoirt, canálacha (tarae cinn, tarae deiridh), loic, loc-chomhlaí, agus borrdhabhcha,

(i) dambaí, coraí, droichid, lamairní, iarnróid, bóithre agus taiscumair,

(j) gach forbairt choimhdeach ar an láthair,

(k) gach líne leictreach.

8. Stáisiúin Chlaochladáin Leictreachais lena n-áirítear—

(a) gach foirgneamh agus déanmhas,

(b) gach forbairt láithreáin,

(c) claochladáin,

(d) trealamh leictreach — lena n-áirítear lascghiar, scoradáin ciorcaid agus forbairtí gaolmhara,

(e) gach líne leictreach.

9. Línte leictreacha (mar a mhínítear in alt 46 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1945) lena n-áirítear gréasáin tarchurtha agus imdháilte agus príomhlíonra agus gréasáin seirbhíse tomhaltóirí ar thalamh, os a chionn nó faoi, mar aon le línte agus cáblaí lena dtacaí (lena n-áirítear cuaillí, piolóin, braicéid), lintéir, caidhséir, duchtraí agus pol-chlaochladáin, faoi seach, a úsáidtear i bpáirt leis na seoltóirí leictreachais sin.