[EN]

Uimhir 22 de 1975


[EN]

AN tACHT FORBARTHA MÓNA, 1975

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA FORBARTHA MÓNA, 1946 GO 1968. [5 Lúnasa, 1975] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Míniú.

1957, Uimh. 10.

1.—San Acht seo ciallaíonn “Acht 1957” an tAcht Forbartha Móna, 1957.

[EN]

Leasú ar alt 1 d'Acht 1957.

965, Uimh. 9.

2.—Leasaítear leis seo alt 1 d'Acht 1957—

[EN]

(a) trí “, lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit,” a chur isteach i ndiaidh “airgead” i bhfo-alt (1) agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo;

AN TABLA

(1) Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire Airgeadais agus an Aire, chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh, airgead, lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit, d'fháil ar iasacht trí stoc nó urrúis de chineálacha eile a chruthú a heiseofar, a haistreofar, a riarfar agus a fuasclófar i pé slí agus ar pé téarmaí agus coinníollacha a chinnfeas an Bord leis an toiliú a dúradh;

[EN]

(b) trí “sheasca milliún punt” a chur i bhfo-alt (4) in ionad “fiche is ocht milliún punt” (a cuireadh isteach ann le halt 2 den Acht Forbartha Móna, 1965) agus tá an fo-alt sin (4), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo;

AN TABLA

(4) Ní raghaidh iomlán na suimeanna a hairleacfar chun an Bhoird faoi alt 53 den Acht Forbartha Móna, 1946 (Uimh. 10 de 1946), agus aon airgid a gheofar ar iasacht faoin alt seo thar sheasca milliún punt;

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis an alt:

“(5) Maidir le hairgead a gheofar ar iasacht faoin alt seo in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit, is é an ráta malairte an ráta malairte de thuras na huaire don airgead reatha sin in airgead reatha an Stáit.”.

[EN]

Us áirithe ar airleacain chun an Bhoird a tharscaoileadh.

3.—(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire agus tar éis dó airgeadas an Bhoird a scrúdú agus ag féachaint dó do staid airgeadais láithreach an Bhoird agus d'ionchais airgeadais an Bhoird, agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire Airgeadais tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire amhlaidh, an t-ús go léir, nó cuid den ús, a tharscaoileadh a bheidh dlite den Bhord i leith na tréimhse cúig bliana dar tosach an lú lá de Lúnasa, 1975, ar shuimeanna a airleacadh chun an Bhoird i ndáil lena thríú clár forbartha (dá ngairtear airleacain tríú clár san alt seo) faoi alt 53 den Acht Forbartha Móna, 1946.

[EN]

(2) Ar an tréimhse a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo a bheith críochnaithe, féadfaidh an tAire Airgeadais le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire agus tar éis dó airgeadas an Bhoird a scrúdú agus ag féachaint dó do staid airgeadais láithreach an Bhoird agus d'ionchais airgeadais an Bhoird, agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire Airgeadais tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire amhlaidh, an t-ús go léir, nó cuid shonraithe den ús, a tharscaoileadh a bheidh dlite den Bhord ar airleacain tríú clár faoin alt sin 53 maidir leis an tréimhse dar tosach lá thosach feidhme an ordaithe agus dar críoch an lá a scoirfidh an t-ordú de bheith i bhfeidhm.

[EN]

(3) I gcás an tAire Airgeadais do dhéanamh ordaithe faoi fho-alt (2) den alt seo, sonróidh sé san ordú an tréimhse a bheidh an t-ordú, faoi réir fho-alt (4) den alt seo, i bhfeidhm.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire Airgeadais le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a leasú nó a chúlghairm.

[EN]

(5) Gach ordú a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

[EN]

Leasú ar alt 3 d'Acht 1957.

4.—Leasaítear leis seo alt 3 d'Acht 1957—

[EN]

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

[EN]

“(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais a ráthú, i cibé foirm agus slí agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis, go n-aisíocfaidh an Bord go cuí príomhshuim aon airgid (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) a gheobhaidh an Bord ar iasacht faoi alt 1 den Acht seo nó go n-íocfar ús ar an airgead sin nó go n-aisíocfar an phríomhshuim agus go n-íocfar an t-ús agus féadfaidh ráthaíocht go n-íocfar costais theagmhasacha i ndáil leis an airgead sin a fháil ar iasacht a áireamh in aon ráthaíocht den sórt sin.”;

[EN]

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur leis an alt:

[EN]

“(6) Féadfaidh an tAire Airgeadais, d'fhonn soláthar a dhéanamh d'airleacain as an bPríomh-Chiste faoin alt seo, aon suimeanna a theastóidh chun na críche sin a fháil ar iasacht ar urrús an Phríomh-Chiste nó a thoradh fáis agus, chun an céanna a fháil ar iasacht, féadfaidh sé urrúis a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi cibé ráta úis agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis, agus íocfaidh sé isteach sa Státchiste an t-airgead go léir a gheofar ar iasacht amhlaidh.

[EN]

(7) Is ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis a bheidh muirear príomh-shuime agus úis na n-urrús go léir a eiseofar faoi fho-alt (6) den alt seo agus muirear na gcostas a thabhófar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint.

[EN]

(8) Déanfar airgead a íocfaidh an Bord faoi fho-alt (3) nó (5) den alt seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí is oiriúnach leis an Aire Airgeadais.

[EN]

(9) Maidir le ráthaíochtaí a thabharfaidh an tAire Airgeadais in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit—

[EN]

(i) gach tagairt do phríomhshuim, gach tagairt d'ús agus an tagairt do chostais theagmhasacha i bhfo-alt (1) den alt seo glacfar gur tagairt í don mhéid in airgead an Stáit is coibhéis don phríomhshuim iarbhír, don ús iarbhír agus do na costais theagmhasacha iarbhír, faoi seach, agus an choibhéis sin a ríomh de réir an mhéid in airgead reatha an Stáit is comhionann le costas na príomhshuime iarbhír, an úis iarbhír nó na gcostas teagmhasach iarbhír, de réir mar is iomchuí,

[EN]

(ii) an tagairt do phríomhshuim in alt 4 den Acht seo glacfar gur tagairt í don mhéid in airgead reatha an Stáit is coibhéis don phríomhshuim iarbhír, agus an choibhéis sin a ríomh de réir an ráta arb é de thuras na huaire an ráta malairte é don airgead reatha sin agus d'airgead reatha an Stáit,

[EN]

(iii) gach tagairt d'airgead i bhfo-ailt (2) agus (5) den

[EN]

alt seo glacfar gur tagairt í don mhéid in airgead reatha an Stáit arb é costas an airgid iarbhír é,

(iv) gach tagairt d'airleacain i bhfo-ailt (3) agus (4) den alt seo glacfar gur tagairt í don mhéid in airgead reatha an Stáit arb é costas an airgid iarbhír é atá sna hairleacain.”.

[EN]

Leasú ar alt 6 den Acht Forbartha Móna, 1953.

1953, Uimh. 19.

5.—Leasaítear leis seo alt 6 (2) den Acht Forbartha Móna, 1953, tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

[EN]

“(bb) daoine lena mbaineann an scéim do dhéanamh íocaíochtaí leis an gciste i leith sochair a shonraítear sa scéim agus is sochair i dteannta na sochar lena mbaineann ranníocaí ó dhaoine den sórt sin, faoi fhorálacha a cuireadh sa scéim de bhua mhír (b) den fho-alt seo,”.

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

6.—(1) Féadfar an tAcht Forbartha Móna, 1975, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Déanfar na hAchtanna Forbartha Móna, 1946 go 1968, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna Forbartha Móna, 1946 go 1975, a ghairm díobh le chéile.