Uimhir 22 de 1984
AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL, 1984
RIAR NA nALT
Alt | |
1. | |
2. | |
3. |
Daoine Gafa a Choinneáil i gCoimeád an Gharda Síochána in Imthosca Áirithe
Cionta a Dhéantar le linn bheith faoi Bhannaí agus Cionta eile
11. | Cionta a dhéantar le linn bheith faoi bhannaí: pianbhreitheanna as a chéile. |
12. | |
13. | |
14. | |
15. | |
16. | |
17. | Fíneáil uasta ar dhuine a chiontú go hachomair i gcionta indíotáilte áirithe. |
Tátail as Faillí an Chúisí Cuntas a Thabhairt i dtaobh Ábhar Áirithe
18. | Tátail as faillí, diúltú cuntas a thabhairt i dtaobh rudaí, marcanna, etc. |
19. |
Nós Imeachta Trialach
20. | |
21. | |
22. | |
23. | Neamhniú ar cheart an chúisí ráiteas neamh-mhionnaithe a dhéanamh. |
24. | |
25. |
Ilghnéitheach
26. | |
27. | |
28. | |
29. | |
30. | |
31. | |
32. |
Na hAchtanna Dá dTagraítear | |
Children Act, 1908 | 1908, c. 67 |
Criminal Procedure Act, 1865 | 1865, c. 18 |
Explosive Substances Act, 1883 | 1883, c. 3 |
Achtanna na nArm Tine, 1925 go 1971 | |
Probation of Offenders Act, 1907 | 1907, c. 17 |
Uimhir 22 de 1984
AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL, 1984
[An tiontú oifigiúil]
Tosach feidhme.
1.—(1) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar le hordú nó le horduithe ón Aire Dlí agus Cirt chuige sin i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus forálacha éagsúla den Acht seo.
(2) Ní dhéanfar ordú faoi fho-alt (1) i leith aon cheann de na hailt seo a leanas, eadhon, ailt 4 go 6, 8 go 10, 15, 16, 18 agus 19 go dtí go mbeidh forálacha a bhaineann le himscrúdú ar ghearáin ón bpobal in aghaidh comhaltaí den Gharda Síochána nach airde céim ná ardcheannfort agus le breithniú gearáin den sórt sin ag comhlacht seachas an Garda Síochána achtaithe ag an Oireachtas agus tagtha i ngníomh ná go dtí go ndéanfar rialacháin faoi alt 7.
(3) Ní bheidh feidhm le hailt 12 agus 14 i ndáil le cionta a dhéantar roimh thosach feidhme an ailt lena mbaineann.
Ré alt áirithe.
2.—Scoirfidh gach ceann de na hailt seo a leanas, eadhon, ailt 4 go 6, 8 go 10, 15, 16, 18 agus 19 de bheith i ngníomh tar éis ceithre bliana ó thosach feidhme an ailt sin mura rud é go mbeidh rún rite ag gach Teach den Oireachtas ag cinneadh go leanfaidh an t-alt sin i ngníomh.
Léiriú.
3.—(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—
ciallaíonn “Acht 1939” an tAcht um Chiontaí in aghaidh an Stáit, 1939;
folaíonn “príosúnacht” pianseirbhís agus coinneáil i bhForas Naomh Pádraig;
folaíonn “áit” aon fhoirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh, aon fheithicil, soitheach, aerárthach nó sciorrárthach agus aon áit ar bith eile.
(2) Déanfar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile a fhorléiriú, ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo, nó faoi.
(3) San Acht seo, aon tagairt d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo agus aon tagairt d'fho-alt nó do mhír is tagairt í don fho-alt nó don mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán nó d'fhoráil éigin eile, de réir mar is iomchuí, atá beartaithe.
Daoine Gafa a Choinneáil i gCoimeád an Gharda Síochána in Imthosca Áirithe
Coinneáil tar éis gabhála.
4.—(1) Baineann an t-alt seo le haon chion ar ina leith a fhéadtar duine lánaoise lán-inniúlachta nár ciontaíodh roimhe sin a phionósú, faoi réim nó de bhua aon achtacháin, trí phríosúnacht ar feadh téarma cúig bliana nó trí phionós is déine ná sin agus le haon iarracht cion den sórt sin a dhéanamh.
(2) I gcás ina ngabhfaidh comhalta den Gharda Síochána, gan bharántas, duine a bhfuil drochamhras aige air, agus cúis réasúnach aige leis sin, go ndearna sé cion lena mbaineann an t-alt seo, féadfar an duine sin a thabhairt go dtí stáisiún Garda Síochána agus a choinneáil ann go ceann cibé tréimhse a údaraítear leis an alt seo más rud é go bhfuil ag an gcomhalta den Gharda Síochána atá i gceannas an stáisiúin a dtugtar an duine sin chuige ar é a ghabháil forais réasúnacha chun a chreidiúint, nuair a thagann an duine sin go dtí an stáisiún, gur gá é a choinneáil chun an cion a imscrúdú go cuí.
(3) (a) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, ní rachaidh an tréimhse a bhféadtar duine atá gafa amhlaidh a choinneáil thar shé huaire a chloig ó am a ghabhála.
(b) Féadfaidh oifigeach den Gharda Síochána nach ísle céim ná ceannfort a ordú go ndéanfar duine atá á choinneáil de bhun fho-alt (2) a choinneáil go ceann tréimhse breise nach faide ná sé huaire a chloig má tá forais réasúnacha aige chun a chreidiúint gur gá an choinneáil bhreise sin chun an cion a imscrúdú go cuí.
(c) Féadfar ordú faoi mhír (b) a thabhairt ó bhéal nó i scríbhinn agus más ó bhéal a thugtar é taifeadfar i scríbhinn é a luaithe is féidir.
(4) Más rud é, aon tráth le linn choinneáil duine de bhun an ailt seo, nach bhfuil forais réasúnacha ann a thuilleadh chun drochamhras a bheith air go ndearna sé cion lena mbaineann an t-alt seo, scaoilfear as coimeád láithreach é mura mbeidh a choinneáil údaraithe ar leith ón Acht seo.
(5) I gcás ina mbeidh dóthain fianaise ag comhalta den Gharda Síochána chun cúiseamh i leith ciona a chur in aghaidh duine atá á choinneáil i stáisiún Garda Síochána de bhun an ailt seo, cúiseoidh sé nó cuirfidh sé faoi deara go gcúiseofar an duine gan mhoill mura bhfuil drochamhras ar an duine sin, agus cúis réasúnach leis sin, go ndearna sé cion eile lena mbaineann an t-alt seo agus go bhfuil forais réasúnacha ag an gcomhalta den Gharda Síochána atá i gceannas an stáisiúin an tráth sin chun a chreidiúint gur gá leanúint dá choinneáil de bhun an ailt seo chun an cion sin a imscrúdú go cuí.
(6) (a) Más rud é go bhfuil duine á choinneáil de bhun an ailt seo i stáisiún Garda Síochána idir meán oíche agus 8 a.m. agus gurb é tuairim an chomhalta atá i gceannas an stáisiúin gur ceart aon cheistiú ar an duine sin, chun críche an imscrúdaithe, a chur ar fionraí d'fhonn am réasúnach a thabhairt don duine sin a scíth a ligean, agus go dtoileoidh an duine sin i scríbhinn leis an bhfionraí sin, féadfaidh an comhalta fógra a thabhairt dó i scríbhinn (ina sonrófar an t-am a thugtar é) go bhfuil an t-imscrúdú (a mhéid a bhaineann sé lena cheistiú) ar fionraí go dtí cibé am a bheidh sonraithe san fhógra agus iarrfaidh sé air an fógra a shíniú mar admháil go bhfuair sé é; agus má thugtar an fógra, déanfar an tréimhse idir an t-am ar tugadh an fógra agus an t-am a bheidh sonraithe ann (nach déanaí ná 8 a.m.) a eisiamh nuair a bheidh tréimhse choinneála a cheadaítear leis an alt seo á ríomh agus ní fheidhmeofar na cumhachtaí a thugtar le halt 6 i rith na tréimhse a eisiatar amhlaidh:
Ar choinníoll nach dtabharfar níos mó ná fógra amháin faoin alt seo do dhuine i rith aon tréimhse idir meán oíche agus 8 a.m.
(b) Féadfar fógra faoi mhír (a) a tharraingt siar, ar chúiseanna tromaí, trí fhógra ina dhiaidh sin a thabharfar sa tslí chéanna, agus i gcás den sórt sin ní dhéanfar aon am i ndiaidh an dara fógra a thabhairt a eisiamh faoin mír sin.
(c) Déanfaidh comhalta den Gharda Síochána, nuair a bheidh fógra á thabhairt aige d'aon duine faoi mhír (a) nó (b), éifeacht an fhógra a mhíniú dó ó bhéal.
(d) Déanfar na sonraí seo a leanas a chur gan mhoill i dtaifid an stáisiúin Gharda Síochána—
(i) an t-am ar tugadh fógra faoi mhír (a) agus an t-am a sonraítear ann gurb é an t-am é ar chuige atá an ceistiú á chur ar fionraí,
(ii) ar thug an duine atá á choinneáil admháil go bhfuair sé an fógra, agus
(iii) an t-am ar tugadh aon fhógra faoi mhír (b).
(e) Déanfar taifid a choimeádfar de bhun mhír (d) a chaomhnú ar feadh dhá mhí dhéag ar a laghad agus, má thionscnaítear aon imeachtaí in aghaidh an duine lena mbaineann i leith an chiona ar maidir leis a coinníodh é, go dtí deireadh na n-imeachtaí (lena n-áirítear aon achomharc nó atriail).
(7) (a) Faoi réir mhír (b), ní bhainfidh fo-alt (2) le duine faoi bhun dhá bhliain déag d'aois.
(b) Más rud é go bhfuil ag an gcomhalta atá i gceannas an stáisiúin Gharda Síochána ina bhfuil duine á choinneáil forais réasúnacha chun a chreidiúint nach bhfuil an duine faoi bhun dhá bhliain déag d'aois bainfidh an fo-alt leis amhail is dá mbeadh an aois sin aige, ar choinníoll, i gcás ina bhfionnfaidh an comhalta sin, nó go mbeidh forais réasúnacha aige chun a chreidiúint, go bhfuil an duine faoi bhun na haoise sin, go scaoilfear as coimeád láithreach é mura mbeidh a choinneáil údaraithe ar leith ón Acht seo.
(8) Má dhealraíonn sé do chomhalta den Gharda Síochána gur gá cóir liachta a chur ar dhuine a bheidh gafa sna himthosca atá luaite i bhfo-alt (2), nó má thugtar faoi deara i rith a choinneála gur gá cóir den sórt sin a chur air, agus go dtabharfar chuig ospidéal nó chuig áit oiriúnach eile é chun na críche sin, déanfar an t-am roimh theacht go dtí an stáisiún dó nó an t-am a mbeidh sé as láthair ón stáisiún lena linn, de réir mar a bheidh, a eisiamh nuair a bheidh tréimhse choinneála a cheadaítear leis an alt seo á ríomh.
(9) Chun amhras a sheachaint, dearbhaítear leis seo nach ndéanfar, in aon chás, duine atá á choinneáil de bhun fho-alt (2) i ndáil le cion a choimeád faoi choinneáil (cibé acu chun an cion sin nó cion eile a imscrúdu) tráth is faide ná dhá uair déag a chloig ón am a gabhadh é, gan aon tréimhse a áireamh atá le heisiamh faoi fho-alt (6) nó (8) nuair a bheidh tréimhse choinneála á ríomh.
(10) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear d'oibríocht alt 30 d'Acht 1939.
(11) Is cumhachtaí gan dochar d'aon chumhachtaí is infheidhmithe ag comhalta den Gharda Síochána i ndáil le cionta seachas cionta lena mbaineann an t-alt seo na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo.
Teacht ar aturnae agus fógra faoi choinneáil.
5.—(1) I gcás ina gcoinneofar duine nach bhfuil faoi bhun seacht mbliana déag d'aois i stáisiún Garda Síochána de bhun alt 4, cuirfidh an comhalta den Gharda Síochána atá i gceannas an stáisiúin in iúl dó, nó cuirfidh sé faoi deara go gcuirfear in iúl dó, gan mhoill, go bhfuil sé i dteideal dul i gcomhairle le haturnae agus fógra faoina choinneáil agus faoin stáisiún ina bhfuil sé á choinneáil a chur chuig duine amháin eile a ainmneoidh sé go réasúnach agus déanfaidh an comhalta sin, ar iarratas a fháil, a chur faoi deara go gcuirfear sin in iúl dá réir sin a luaithe is féidir don aturnae agus don duine ainmnithe.
(2) I gcás ina gcoinneofar duine atá faoi bhun seacht mbliana déag d'aois i stáisiún Garda Síochána de bhun alt 4, déanfaidh an comhalta den Gharda Síochána atá i gceannas an stáisiúin—
(a) a chur in iúl dó, nó a chur faoi deara go gcuirfear in iúl dó, gan mhoill, go bhfuil sé i dteideal dul i gcomhairle le haturnae, agus
(b) a luaithe is féidir, a chur in iúl, nó a chur faoi deara go gcuirfear in iúl, do thuismitheoir nó do chaomhnóir de chuid an duine sin go bhfuil sé á choinneáil, cén áit a bhfuil sé á choinneáil agus go bhfuil teideal aige dul i gcomhairle le haturnae,
agus déanfaidh sé, ar iarratas a fháil, a chur faoi deara go gcuirfear sin in iúl dá réir sin don aturnae a luaithe is féidir:
Ar choinníoll—
(i) más duine pósta an duine atá á choinneáil, go mbeidh éifeacht leis an alt seo ach tagairtí dá chéile a chur in ionad na dtagairtí do thuismitheoir nó do chaomhnóir;
(ii) mura féidir leis an gcomhalta den Gharda Síochána atá i gceannas an stáisiúin scéala a chur chuig tuismitheoir nó caomhnóir de chuid an duine atá á choinneáil, ná chuig céile an duine sin, de réir mar a bheidh, go mbeidh feidhm le fo-alt (1) amhail is dá mbeadh seacht mbliana déag d'aois slánaithe ag an duine atá á choinneáil.
(3) Más rud é go bhfuil, agus fad atá, ag an gcomhalta den Gharda Síochána atá i gceannas an stáisiúin Gharda Síochána ina bhfuil duine á choinneáil de bhun alt 4, forais réasúnacha chun a chreidiúint nach bhfuil an duine faoi bhun seacht mbliana déag d'aois, beidh feidhm le forálacha fho-alt (1) amhail is dá mbeadh an aois sin aige.
Cumhachtaí an Gharda Síochána maidir le duine atá á choinneáil.
6.—(1) I gcás ina gcoinneofar duine de bhun alt 4, féadfaidh comhalta den Gharda Síochána—
(a) a ainm agus a sheoladh a éileamh air;
(b) é a chuardach nó a chur faoi deara é a chuardach;
(c) é a ghrianghrafadh nó a chur faoi deara é a ghrianghrafadh;
(d) a mhéarloirg agus loirg a dhearnana a thógáil nó a chur faoi deara iad a thógáil;
(e) aon tástáil a dhéanamh, nó a chur faoi deara í a dhéanamh, a bheidh ceaptha chun a fháil amach an raibh sé i dtadhall le haon arm tine (de réir bhrí Achtanna na nArm Tine, 1925 go 1971) nó le haon ábhar pléascach (de réir bhrí an Explosive Substances Act, 1883) agus chun na críche sin táithíní a thógáil óna chraiceann nó samplaí dá ghruaig a thógáil;
(f) aon ní a bheidh ina sheilbh aige a urghabháil agus a choinneáil lena thástáil.
(2) Ní fheidhmeofar na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (1) (c) agus (1) (d) ach amháin ar údarás ó chomhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná ceannfort.
(3) Ní chumhachtaítear le fo-alt (1) (b) do chomhalta den Gharda Síochána a cheangal ar dhuine a chuid fo-éadaí a bhaint de, ach amháin i gcás drochamhras a bheith ag an gcomhalta sin air, agus cúis réasúnach aige leis sin, go bhfuil druga rialaithe (de réir bhrí alt 2 den Acht um Mí-Úsáid Drugaí, 1977) nó ábhar pléascach i bhfolach ar a phearsa agus i gcás comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná ceannfort é sin a údarú.
(4) Aon duine a choiscfidh aon chomhalta den Gharda Síochána nó aon duine eile, nó a fhéachfaidh lena chosc agus an comhalta sin nó an duine eile sin ag gníomhú faoi na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (1), nó a loicfidh nó a dhiúltóidh a ainm agus a sheoladh a thabhairt nuair a éileofar sin, nó a thabharfaidh ainm nó seoladh bréagach nó míthreorach, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag, nó iad araon, a chur air.
(5) Leasaítear leis seo alt 7 (2) den Acht um an Dlí Coiriúil, 1976, trí “£1,000” a chur in ionad “£500” i mír (a) agus trí mhír (b) a scriosadh.
Rialacháin a bhaineann leis an mbail a chuirfear ar dhaoine faoi choimeád.
7.—(1) Déanfaidh an tAire rialacháin lena ndéanfar foráil faoin mbail a chuirfear ar dhaoine faoi choimeád i stáisiúin Gharda Síochána.
(2) Beidh foráil sna rialacháin chun freagracht a shannadh don chomhalta i gceannas stáisiúin Gharda Síochána, nó do chomhalta éigin eile, as maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmiú na rialachán sa stáisiún sin, gan dochar do fhreagrachtaí agus do dhualgais aon chomhalta eile den Gharda Síochána.
(3) Má fhaillíonn aon chomhalta den Gharda Síochána déanamh de réir aon cheann d'fhorálacha na rialachán, ní fhágfaidh an fhaillí sin, uaithi féin, go ndlífear aon imeachtaí coiriúla nó sibhialta a thionscnamh i gcoinne an duine sin, ná ní dhéanfaidh sí difear, uaithi féin, do dhlíthiúlacht choimeád an duine atá á choinneáil ná d'inghlacthacht aon ráitis a dhéanfaidh sé i bhfianaise.
(4) Má dhéanann aon chomhalta den Gharda Síochána fáillí aon cheann d'fhorálacha na rialachán a chomhlíonadh fágfaidh an fhaillí sin go ndlífear imeachtaí araíonachta a thionscnamh ina choinne.
(5) Déanfar dréacht de gach rialachán a bheartaítear a dhéanamh faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an rialachán go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.
Taifid a dhíothú.
8.—(1) Déanfar gach grianghraf (lena n-áirítear claonchló), méarlorg, agus lorg dearna duine a thógfar de bhun na gcumhachtaí a thugtar le halt 6 agus gach cóip agus taifead díobh a dhíothú, mura mbeidh siad díothaithe roimhe sin, de réir mar a ordaítear leis an alt seo.
(2) I gcás nach dtionscnófar imeachtaí i leith ciona lena mbaineann alt 4 i gcoinne an duine laistigh den tréimhse sé mhí ón dáta ar tógadh an grianghraf nó an lorg agus nach é is cúis leis an bhfaillí imeachtaí den sórt sin a thionscnamh gur éalaigh sé nó nach féidir teacht air, déanfar an díothú ag deireadh na tréimhse sin.
(3) I gcás ina mbeidh imeachtaí tionscanta amhlaidh agus go n-éigiontófar nó go scaoilfear an duine nó go scoirfear de na himeachtaí, déanfar an díothú tráth an éigiontaithe, an scaoilte nó an scoir.
(4) (a) I gcás ina mbeidh ordú déanta i leith duine faoi fho-alt (1) nó (2) d'alt 1 den Probation of Offenders Act, 1907, déanfar an díothú nuair a bheidh trí bliana caite ón dáta a ndearnadh an t-ordú ar choinníoll nach mbeidh sé cúisithe i leith ciona i rith na tréimhse sin.
(b) Ní bhainfidh mír (a) le hordú faoi alt 1 (2) den Acht sin a urscaoilfear ar achomharc ó dhuine i gcoinne ciontú má dhaingnítear an ciontú tar éis achomharc a dhéanamh.
(5) Beidh an duine lena mbaineann, a aturnae nó duine éigin eile a bheidh údaraithe i scríbhinn aige chun gníomhú thar a cheann i dteideal, ar iarratas a dhéanamh, bheith i láthair nuair a dhéanfar an díothú.
(6) I gcás ina dtionscnófar imeachtaí sibhialta roimh an tráth a cheanglaítear grianghraf nó lorg áirithe a dhíothú faoin alt seo agus go seirbheálfaidh páirtí sna himeachtaí fógra ar Choimisinéir an Gharda Síochána go bhféadfadh an grianghraf nó an lorg a bheith ag teastáil i ndáil leis na himeachtaí, ansin, d'ainneoin aon ní san alt seo, caomhnófar an grianghraf nó an lorg go ceann sé mhí ó chríoch na n-imeachtaí nó go dtí go gcríochnófar aon imeachtaí de dhroim achomhairc, cibé acu is déanaí.
(7) D'ainneoin aon ní sna forálacha sin roimhe seo den alt seo, féadfaidh breitheamh den Chúirt Dúiche, ar iarratas ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, a údarú go gcaomhnófar grianghraf nó lorg go ceann tréimhse nach faide ná sé mhí más deimhin leis go bhféadfadh an grianghraf nó an lorg a bheith ag teastáil chun críche imeachtaí eile maidir leis an gcion.
Feidhm maidir le daoine i gcoimeád faoi alt 30 den Acht um Chiontaí in aghaidh an Stáit, 1939.
9.—Beidh feidhm le hailt 4 (8), 5, 6 (2) agus 6 (3), fara na modhnuithe is gá, maidir le daoine i gcoimeád faoi alt 30 d'Acht 1939 agus maidir leis na cumhachtaí a thugtar le halt 7 den Acht um an Dlí Coiriúil, 1976, amhail mar atá feidhm leo maidir le daoine atá á gcoinneáil de bhun alt 4 den Acht seo.
Athghabháil.
10.—(1) I gcás ina ndéanfar duine a gabhadh, agus drochamhras air go ndearna sé cion, a choinneáil de bhun alt 4 agus go scaoilfear saor é gan aon chúiseamh a chur ina leith, ní dhéanfar—
(a) é a ghabháil arís i leith an chiona chéanna, nó
(b) é a ghabháil i leith aon chiona eile i gcás ina raibh, nó inar cheart le réasún go mbeadh, tráth na chéad ghabhála, drochamhras ag an gcomhalta den Gharda Síochána a ghabh é air go ndearna sé an cion eile sin,
ach amháin ar údarás ó bhreitheamh den Chúirt Dúiche ar deimhin leis, tar éis faisnéis a fháil faoi mhionn ó chomhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná ceannfort, go bhfuil faisnéis bhreise faighte ag an nGarda Síochána, ó scaoileadh saor an duine, i ndáil le drochamhras a bheith ar an duine sin go raibh sé páirteach sa chion ar ina leith a lorgaítear é a ghabháil. Is de bhun alt 4 a dhéileálfar le duine a ghabhfar faoin údarás sin.
(2) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1), féadfar duine lena mbaineann an fo-alt sin a ghabháil i leith aon chiona chun é a chúiseamh láithreach sa chion sin.
(3) I gcás ina scaoilfear saor duine a gabhadh faoi alt 30 d'Acht 1939 i ndáil le cion gan aon chúiseamh a chur ina leith, ní choinneofar é de bhun alt 4—
(a) i ndáil leis an gcion céadluaite, nó
(b) i ndáil le haon chion eile i gcás ina raibh, nó inar cheart le réasún go mbeadh, tráth a ghabhála i leith an chiona chéadluaite, drochamhras ag an gcomhalta den Gharda Síochána a ghabh é air go ndearna sé an cion eile sin.
Cionta a Dhéantar le linn bheith faoi Bhannaí agus Cionta eile
Cionta a dhéantar le linn bheith faoi bhannaí: pianbhreitheanna as a chéile.
11.—(1) Aon phianbhreith phríosúnachta a thabharfar ar dhuine mar gheall ar chion arna dhéanamh tar éis thosach feidhme an ailt seo le linn dó bheith faoi bhannaí, leanfaidh sí aon phianbhreith a thabharfar air mar gheall ar chion roimhe sin nó, má thugtar pianbhreith air mar gheall ar dhá chion roimhe sin nó níos mó, leanfaidh sí an phianbhreith is déanaí a bheidh le dul in éag, sa dóigh, áfach, má thugann an Chúirt Dúiche dhá phianbhreith nó níos mó as a chéile mar a cheanglaítear leis an alt seo, nach mó ná dhá bhliain an téarma iomlán príosúnachta i leith na bpianbhreitheanna sin as a chéile.
(2) Ní bheidh feidhm le fo-alt (1) i gcás inar pianbhreith phríosúnachta saoil nó pianbhreith choinneála faoi alt 103 den Children Act, 1908, aon phianbhreith den sórt sin.
(3) Beidh feidhm le fo-alt (1) d'ainneoin aon ní in alt 5 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1951.
Méadú ar théarma iomlán príosúnachta i gcásanna áirithe.
12.—(1) Leasaítear leis seo alt 5 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1951 (lena ndéantar foráil nach mó ná dhá mhí dhéag an téarma iomlán príosúnachta in aon chás ina n-ordófar dhá phianbhreith nó níos mó, a thabharfaidh an Chúirt Dúiche, a bheith le leanúint as a chéile) trí “dhá bhliain” a chur in ionad “dhá mhí dhéag”. San alt sin folóidh “príosúntacht” coinneáil i bhForas Naomh Pádraig.
(2) Leasaítear leis seo alt 13 (1) den Acht um an Dlí Coiriúil, 1976 (lena ndéantar foráil i dtaobh pianbhreitheanna as a chéile i gcás cion a rinne duine le linn dó pianbhreith a chur isteach) trí “dhá bhliain” a chur in ionad “dhá mhí dhéag”.
Faillí géilleadh do bhannaí.
13.—(1) Má fhaillíonn duine a scaoileadh saor faoi bhannaí in imeachtaí coiriúla láithriú os comhair cúirte de réir a chúirtbhanna, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag, nó iad araon, a chur air.
(2) In aon imeachtaí i leith ciona faoi fho-alt (1) is cosaint don chosantóir a shuíomh go raibh leithscéal réasúnach aige gan láithriú amhlaidh.
(3) Chun críche alt 11 áireofar cion faoin alt seo mar chion a dhéantar le linn bheith faoi bhannaí.
(4) I gcás ina bhfailleoidh duine láithriú os comhair cúirte de réir a bhannaí agus go mbeidh ordú tugtha ag an gcúirt go n-eiseofar barántas chun an duine sin a ghabháil de thairbhe gur fhailligh sé déanamh de réir a bhannaí, féadfaidh comhalta den Gharda Síochána duine den sórt sin a ghabháil d'ainneoin nach bhfuil an barántas ina sheilbh aige tráth na gabhála.
(5) I gcás ina ngabhfar duine de bhun fho-alt (4) déanfaidh an comhalta a bheidh á ghabháil an barántas sin a thabhairt ar aird agus a sheirbheáil, a luaithe is féidir, ar an duine sin.
Méadú ar phionóis i leith cionta arm tine áirithe.
14.—(1) Leasaítear leis seo alt 15 d'Acht na nArm Teine, 1925, arna leasú le halt 21 (4) den Acht um an Dlí Coiriúil (Dlínse), 1976 (seilbh ar arm tine nó lón lámhaigh le hintinn duine a chur i gcontúirt bháis nó díobháil mhór a dhéanamh do mhaoin) trí “príosúnacht saoil a chur air” a chur in ionad “é chur i bpríosún ar feadh téarma nach faide ná ceithre bliana déag”.
(2) Leasaítear leis seo alt 26 (1) d'Acht na nArm Tine, 1964, arna leasú le halt 21 (6) (b) den Acht um an Dlí Coiriúil (Dlínse), 1976 (arm tine a bheith ag duine agus é ag tógáil feithicle gan údarás) trí “ceithre bliana déag” a chur in ionad “seacht mbliana”.
(3) Leasaítear leis seo alt 27 (2) d'Acht na nArm Tine, 1964, arna leasú le halt 21 (6) (c) den Acht um an Dlí Coiriúil (Dlínse), 1976 (arm tine a úsáid chun comhrac in aghaidh gabhála nó cabhrú le héalú) trí “príosúnacht saoil” a chur in ionad “príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná ceithre bliana déag”.
(4) Leasaítear leis seo alt 27A (1) d'Acht na nArm Tine, 1964, a cuireadh isteach le halt 8 den Acht um an Dlí Coiriúil (Dlínse), 1976 (arm tine nó lón lámhaigh a shealbhú in imthosca amhrasacha) trí “deich mbliana” a chur in ionad “cúig bliana”.
(5) Leasaítear leis seo alt 27B (1) d'Acht na nArm Tine, 1964, a cuireadh isteach le halt 9 den Acht um an Dlí Coiriúil (Dlínse), 1976 (arm tine a iompar le hintinn choiriúil) trí “ceithre bliana déag” a chur in ionad “deich mbliana”.
Faisnéis maidir le hairm thine nó lón lámhaigh a cheilt.
15.—(1) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána, i gcás—
(a) ina bhfaighidh sé duine i seilbh aon airm thine nó lóin lámhaigh,
(b) forais réasúnacha a bheith aige chun a chreidiúint go bhfuil an duine i seilbh an airm thine nó an lóin lámhaigh de shárú ar an dlí coiriúil, agus
(c) ina gcuirfidh se iul don duine sin go gcreideann se amhlaidh.
a cheangal ar an duine sin aon fhaisnéis a thabhairt dó atá aige, nó is féidir leis a fháil trí bhearta réasúnacha a dhéanamh, i dtaobh an dóigh ina bhfuair sé an t-arm tine nó an lón lámhaigh agus i dtaobh aon bhaint a bhí aige féin nó ag aon duine eile leis roimhe sin.
(2) Más rud é go bhfailleoidh nó go ndiúltóidh an duine sin, gan leithscéal réasúnach, an fhaisnéis a thabhairt nó go dtabharfaidh sé faisnéis is eol dó bheith bréagach nó míthreorach, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag, nó iad araon, a chur air.
(3) Ní bheidh éifeacht le fo-alt (2) mura rud é gur inis an comhalta den Gharda Síochána don chúisí i ngnáthchaint, an tráth ar ceanglaíodh air an fhaisnéis a thabhairt, cén éifeacht a d'fhéadfadh a bheith lena fhaillí nó lena dhiúltú.
(4) Ní bheidh aon fhaisnéis a thabharfaidh duine de réir ceanglais faoi fho-alt (1) inghlactha i bhfianaise i gcoinne an duine sin ná a chéile in aon imeachtaí sibhialta nó imeachtaí coiriúla seachas imeachtaí i leith ciona faoi fho-alt (2).
Faisnéis maidir le maoin ghoidte, etc. a cheilt.
16.—(1) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána, i gcás—
(a) forais réasúnacha a bheith aige chun a chreidiúint go ndearnadh cion arbh é a bhí ann airgead nó maoin eile a ghoid, a chomhshó go calaoiseach, a chlaonchasadh nó a fháil nó a ghlacadh go neamhdhleathach,
(b) ina bhfaighidh sé aon duine i seilbh aon mhaoine,
(c) forais réasúnacha a bheith aige chun a chreidiúint go n-áirítear sa mhaoin dá dtagraítear i mír (b), nó go bhféadfaí a áireamh inti, an mhaoin dá dtagraítear i mír (a) nó cuid di, nó fáltais iomlána nó aon chuid d'fháltais na maoine sin nó na coda sin di, agus
(d) ina gcuirfidh sé in iúl don duine sin go gcreideann sé amhlaidh,
a cheangal ar an duine sin cuntas a thabhairt dó i dtaobh an dóigh ina bhfuair sé an mhaoin.
(2) Más rud é go bhfailleoidh nó go ndiúltóidh an duine sin, gan leithscéal réasúnach, an cuntas sin a thabhairt nó go dtabharfaidh sé faisnéis is eol dó bheith bréagach nó míthreorach, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag, nó iad araon, a chur air.
(3) Ní bheidh éifeacht le fo-alt (2) mura rud é gur inis an comhalta den Gharda Síochána don chúisí i ngnáthchaint, an tráth ar ceanglaíodh air an cuntas a thabhairt, cén éifeacht a d'fhéadfadh a bheith leis an bhfaillí nó leis an diúltú.
(4) Ní bheidh aon fhaisnéis a thabharfaidh duine de réir ceanglais faoi fho-alt (1) inghlactha i bhfianaise i gcoinne an duine sin ná a chéile in aon imeachtaí sibhialta nó imeachtaí cóiriúla seachas imeachtaí i leith ciona faoi fho-alt (2).
Fíneáil uasta ar dhuine a chiontú go hachomair i gcionta indíotáilte áirithe.
17.—Leasaítear leis seo alt 4 (1) den Acht um Cheartas Coiriúil, 1951, agus alt 13 (3) (a) den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 (a ndéantar foráil leo araon le haghaidh fíneáil uasta £100 ar dhuine a chiontú go hachomair i gcionta indíotáilte áirithe) trí “£1,000” a chur in ionad “céad punt” san fhoráil chéadluaite agus in ionad “£100” san fhoráil is deireanaí atá luaite.
Tátail as Faillí an Chúisí Cuntas a Thabhairt i dtaobh Ábhar Áirithe
Tátail as faillí, diúltú cuntas a thabhairt i dtaobh rudaí, marcanna, etc.
18.—(1) I gcás—
(a) ina ndéanfaidh comhalta den Gharda Síochána duine a ghabháil gan bharántas agus go mbeidh—
(i) ar phearsa an duine, nó
(ii) ina chuid éadaí nó orthu nó ina choisbheart nó air, nó
(iii) ina sheilbh ar dhóigh eile, nó
(iv) in aon áit ina bhfuil sé tráth a ghabhála,
aon rud, substaint nó marc, nó go mbeidh aon mharc ar aon rud den sórt sin, agus go gcreidfidh an comhalta le réasún gurb é is cúis leis an rud, an tsubstaint nó an marc a bheith ann an duine a gabhadh a bheith páirteach i ndéanamh an chiona ar ina leith a gabhadh é, agus
(b) ina gcuirfidh an comhalta in iúl don duine a gabhadh go gcreideann sé amhlaidh, agus go n-iarrfaidh sé air cuntas a thabhairt i dtaobh an rud, an tsubstaint nó an marc a bheith ann, agus
(c) ina bhfailleoidh nó ina ndiúltóidh an duine déanamh amhlaidh,
ansin más rud é, in aon imeachtaí i gcoinne an duine i leith an chiona, go dtabharfar fianaise ar na hábhair a dúradh, féadfar cibé tátail is cuí a bhaint as an bhfaillí nó an diúltú le linn don chúirt a bheith á chinneadh an gcuirfear an cúisí ar aghaidh chun trialach nó an bhfuil cás ann le freagairt agus le linn don chúirt (nó, faoi réir orduithe an bhreithimh, don ghiúiré) bheith á chinneadh an bhfuil an cúisí ciontach sa chion inar cúisíodh é (nó in aon chion eile a bhféadfaí é a chiontú go dleathach ann ar an gcúiseamh sin); agus féadfar déileáil leis an bhfaillí nó an diúltú, ar bhonn na dtátal sin, mar chomhthacaíocht, nó mar ní a d'fhéadfadh bheith ina chomhthacaíocht, le haon fhianaise eile ar i ndáil léi atá an fhaillí nó an diúltú ábhartha, ach ní chiontófar duine i gcion mar gheall ar thátal, agus mar gheall air sin amháin, a bhainfear as faillí nó diúltú den sórt sin.
(2) Measfar, i ndáil le réamhscrúdú ar chúiseamh, go bhfolaíonn tagairtí i bhfo-alt (1) d'fhianaise, ráiteas ar an bhfianaise a thabharfaidh finné ag an triail.
(3) Beidh feidhm le fo-alt (1) maidir le riocht na n-éadaí nó an choisbhirt mar atá feidhm leis maidir le substaint nó marc ar an gcéanna.
(4) Ní bheidh éifeacht le fo-alt (1) mura rud é gur inis an comhalta den Gharda Síochána don chúisí i ngnáthchaint, le linn dó an iarraidh a dhéanamh atá luaite i bhfo-alt (1) (b), cén éifeacht a d'fhéadfadh a bheith leis an bhfaillí nó leis an diúltú.
(5) Ní mheasfar go gcuireann aon ní san alt seo cosc ar aon tátal a bhaint as faillí nó diúltú cuntas a thabhairt ar rud, substaint nó marc a bheith ann nó as riocht éadaí nó coisbhirt ar tátal é a d'fhéadfaí a bhaint as go cuí ar leith ón alt seo.
(6) Ní bheidh feidhm leis an alt seo maidir le faillí nó diúltú má tharla an fhaillí nó an diúltú roimh thosach feidhme an ailt seo.
Tátail as an gcúisí a bheith i láthair in áit áirithe.
19.—(1) I gcás—
(a) ina bhfuair comhalta den Gharda Síochána duine, a ghabh sé gan bharántas, in áit áirithe an tráth nó gar don tráth a líomhnaítear go ndearnadh an cion ar ina leith a gabhadh é, agus
(b) ina gcreidfidh an comhalta le réasún gurb é is cúis leis an duine a bheith i láthair san áit sin agus an tráth sin é a bheith páirteach i ndéanamh an chiona, agus
(c) ina gcuirfidh an comhalta in iúl don duine go gcreideann sé amhlaidh, agus ina n-iarrfaidh sé air cuntas a thabhairt ar é a bheith i láthair amhlaidh, agus
(d) ina bhfailleoidh nó ina ndiúltóidh an duine déanamh amhlaidh,
ansin más rud é, in aon imeachtaí i gcoinne an duine i leith an chiona, go dtabharfar fianaise ar na hábhair a dúradh, féadfar cibé tátail is cuí a bhaint as an bhfaillí nó an diúltú le linn don chúirt a bheith á chinneadh an gcuirfear an cúisí ar aghaidh chun trialach nó an bhfuil cás ann le freagairt agus le linn don chúirt (nó, faoi réir orduithe an bhreithimh, don ghiúiré) bheith á chinneadh an bhfuil an cúisí ciontach sa chion inar cúisíodh é (nó in aon chion eile a bhféadfaí é a chiontú go dleathach ann ar an gcúiseamh sin); agus féadfar déileáil leis an bhfaillí nó an diúltú, ar bhonn na dtátal sin, mar chomhthacaíocht, nó mar ní a d'fhéadfadh bheith ina chomhthacaíocht, le haon fhianaise eile ar i ndáil léi atá an fhaillí nó an diúltú ábhartha, ach ní chiontófar duine i gcion mar gheall ar thátal, agus mar gheall air sin amháin, a bhainfear as faillí nó diúltú den sórt sin.
(2) Measfar, i ndáil le réamhscrúdú ar chúiseamh, go bhfolaíonn tagairtí i bhfo-alt (1) d'fhianaise, ráiteas ar an bhfianaise a thabharfaidh finné ag an triail.
(3) Ní bheidh éifeacht le fo-alt (1) mura rud é gur inis an comhalta den Gharda Síochána don chúisí i ngnáthchaint, le linn dó an iarraidh a dhéanamh atá luaite i bhfo-alt (1) (c), cén éifeacht a d'fhéadfadh a bheith leis an bhfaillí nó leis an diúltú.
(4) Ní mheasfar go gcuireann aon ní san alt seo cosc ar aon tátal a bhaint as duine d'fhaillí nó do dhiúltú cuntas a thabhairt ar é féin a bheith i láthair ar tátal é a d'fhéadfaí a bhaint as go cuí ar leith ón alt seo.
(5) Ní bheidh feidhm leis an alt seo maidir le faillí nó diúltú má tharla an fhaillí nó an diúltú roimh thosach feidhme an ailt seo.
Nós Imeachta Trialach
Fógra i dtaobh alibi i dtrialacha ar díotáil.
20.—(1) Ní dhéanfaidh an cúisí, gan chead ón gcúirt, i dtriail ar díotáil i leith ciona arna dhéanamh tar éis thosach feidhme an ailt seo, fianaise ag tacú le alibi a thabhairt ar aird mura rud é, roimh dheireadh na tréimhse forordaithe, go dtabharfaidh sé fógra i dtaobh shonraí an alibi.
(2) Gan dochar d'fho-alt (1) ní iarrfaidh an cúisí, gan chead ón gcúirt, in aon triail den sórt sin, ar aon duine eile (dá ngairtear an finné san alt seo) fianaise den sórt sin a thabhairt mura rud é—
(a) go mbeidh ar áireamh san fhógra faoin bhfo-alt sin ainm agus seoladh an fhinné nó, mura mbeidh an t-ainm ná an seoladh ar eolas ag an gcúisí an tráth a thabharfaidh sé an fógra, aon fhaisnéis a bheidh ina sheilbh a d'fhéadfadh bheith ina cabhair ábhartha chun an finné a fháil,
(b) i gcás nach mbeidh an t-ainm nó an seoladh ar áireamh san fhógra sin, gur deimhin leis an gcúirt go ndearna an cúisí, roimh an bhfógra a thabhairt, gach beart réasúnach a ghlacadh agus gur lean sé dá nglacadh ina dhiaidh sin lena áirithiú go bhfaighfí amach an t-ainm nó an seoladh,
(c) i gcás nach mbeidh an t-ainm nó an seoladh ar áireamh san fhógra sin, ach, ina dhiaidh sin, go dtiocfaidh an cúisí ar an ainm nó ar an seoladh nó go bhfaighidh sé faisnéis eile a d'fhéadfadh bheith ina cabhair ábhartha chun an finné a fháil, go dtabharfaidh sé, láithreach, fógra faoin ainm, faoin seoladh nó faoin bhfaisnéis eile, de réir mar a bheidh. agus
(d) i gcás fógra a bheith tugtha don chúisí ag an ionchúiseamh, nó thar a cheann, nach bhfuarthas an finné faoin ainm ná ag an seoladh a tugadh, go dtabharfaidh sé fógra láithreach faoi aon fhaisnéis den sórt sin a bheidh ina sheilbh an tráth sin nó, ar aon fhaisnéis den sórt sin a fháil ina dhiaidh sin, go dtabharfaidh sé fógra fúithi láithreach.
(3) Ní dhiúltóidh an chúirt cead a thabhairt faoin alt seo má dhealraíonn sé don chúirt nach raibh ceanglais an ailt seo curtha in iúl don chúisí—
(a) ag an gCúirt Dúiche an tráth a cuireadh ar aghaidh chun trialach é, nó
(b) ag cúirt na trialach an tráth a d'athraigh sé a phléadáil chuig pléadáil neamhchiontach tar éis é bheith curtha ar aghaidh i gcomhair pianbhreithe, nó
(c) i gcás inar tugadh os comhair Cúirte Coiriúla Speisialta é lena thriail faoi alt 47 d'Acht 1939, ag an gCúirt an tráth a shocraigh sí dáta na trialach.
(4) Aon fhianaise a fhorthairgfear chun alibi a bhréagnú féadfar í a thabhairt sula dtabharfar fianaise ag tacú leis an alibi nó ina dhiaidh sin, ach sin faoi réir aon orduithe ón gcúirt maidir leis an am a thabharfar í.
(5) Aon fhógra a airbheartaíonn a bheith tugtha faoin alt seo thar ceann an chúisí ag a aturnae, measfar é a bheith tugtha le húdarás an chúisí mura gcruthófar a mhalairt.
(6) Tabharfar fógra faoi fho-alt (1) sa chúirt i rith, nó ag deireadh, an réamhscrúdaithe ar an gcion lena mbaineann nó tabharfar i scríbhinn é d'aturnae an ionchúisimh, agus tabharfar fógra faoi mhír (c) nó (d) d'fho-alt (2) i scríbhinn don aturnae sin.
(7) Féadfar fógra a cheanglaítear a thabhairt leis an alt seo d'aturnae an ionchúisimh a thabhairt trína sheachadadh air nó trína fhágáil ag a oifig nó trína chur chuige leis an bpost cláraithe ag a oifig.
(8) San alt seo—
ciallaíonn “fianaise ag tacú le alibi” fianaise a d'fhéadfadh a thaispeáint, de dheasca an cúisí a bheith i láthair in áit áirithe nó i limistéar áirithe tráth áirithe, nach raibh sé, nó nár dhóigh dó a bheith, san áit a líomhnaítear go ndearnadh an cion inti an tráth a líomhnaítear go ndearnadh an cion;
ciallaíonn “an tréimhse fhorordaithe”—
(a) an tréimhse ceithre lá dhéag ó dheireadh an réamhscrúdaithe dá dtagraítear i bhfo-alt (6), nó
(b) i gcás ina dtarscaoilfidh an cúisí réamhscrúdú, an tréimhse ceithre lá dhéag ó dháta an tarscaoilte, nó
(c) i gcás ina ndéanfaidh an cúisí, tar éis é a chur ar aghaidh i gcomhair pianbhreithe, a phléadáil a athrú chuig pléadáil neamhchiontach, an tréimhse ceithre lá dhéag ón dáta a ndéanann sé amhlaidh, nó
(d) i gcás ina dtabharfar an cúisí os comhair Cúirte Coiriúla Speisialta lena thriail faoi alt 47 d'Acht 1939, cibé tréimhse a shocróidh an Chúirt le linn don Chúirt dáta na trialach a shocrú.
Cruthúnas trí ráiteas scríofa.
21.—(1) In aon imeachtaí in aghaidh duine i leith ciona, seachas an réamhscrúdú ar chion indíotáilte, beidh ráiteas scríofa a dhéanfaidh aon duine, má chomhlíontar cibé acu de na coinníollacha a luaitear i bhfo-alt (2) agus atá infheidhme, inghlactha mar fhianaise sa mhéid céanna gurb inghlactha fianaise béil sa chéill chéanna ón duine sin.
(2) Is iad na coinníollacha sin:
(a) go n-airbheartaíonn an ráiteas a bheith sínithe ag an duine a rinne é;
(b) go bhfuil sa ráiteas dearbhú ón duine sin sa chéill gur fíor é de réir mar is fearr is eol dó agus mar a chreideann sé agus go ndearna sé an ráiteas agus fios aige, i gcás ina bhforthairgfí i bhfianaise é, go ndlífí é a ionchúiseamh dá luafadh sé aon ní ann ab eol dó bheith bréagach nó nár chreid sé a bheith fíor;
(c) go seirbheálfaidh an páirtí a bheartaíonn an ráiteas a fhorthairiscint i bhfianaise cóip de, nó go seirbheálfar thar a cheann í, ar gach páirtí de na páirtithe eile sna himeachtaí; agus
(d) nach ndéanfaidh aon pháirtí de na páirtithe eile ná a n-aturnaetha, laistigh de lá is fiche ón gcóip den ráiteas a sheirbheáil, fógra a sheirbheáil ar an bpáirtí a bheartaíonn amhlaidh ag agóid i gcoinne an ráiteas a fhorthairiscint i bhfianaise faoin alt seo.
(3) Ní bheidh feidhm leis na coinníollacha atá luaite i míreanna (c) agus (d) d'fho-alt (2) más rud é go n-aontóidh na páirtithe ag an éisteacht nó go n-aontóidh na páirtithe nó a n-aturnaetha roimh an éisteacht go bhforthairgfear an ráiteas amhlaidh.
(4) Beidh éifeacht leis na coinníollacha seo a leanas freisin i ndáil le haon ráiteas scríofa a fhorthairgfear i bhfianaise faoin alt seo:
(a) más duine faoi bhun bliain is fiche d'aois a dhéanfaidh an ráiteas, luafar a aois ann;
(b) más duine nach féidir leis é a léamh a dhéanfaidh é, léifear dó é sula síneoidh sé é agus beidh ina theannta dearbhú ón duine a léigh an ráiteas amhlaidh sa chéill gur léadh amhlaidh é; agus
(c) má thagraíonn sé d'aon doiciméad eile mar fhoilseán, beidh i dteannta na cóipe a sheirbheálfar ar aon pháirtí eile sna himeachtaí faoi fho-alt (2) (c) cóip den doiciméad sin nó cibé faisnéis is gá chun a chumasú don pháirtí ar a seirbheálfar í an doiciméad sin nó cóip de a iniúchadh.
(5) D'ainneoin gurb inghlactha mar fhianaise, de bhua an ailt seo, ráiteas scríofa a dhéanfaidh aon duine—
(a) féadfaidh an páirtí a sheirbheáil cóip den ráiteas, nó ar seirbheáladh thar a cheann í, an duine sin a ghlaoch chun fianaise a thabhairt, agus
(b) féadfaidh an chúirt, ar fhoriarratas uaithi féin nó ar iarratas ó aon pháirtí sna himeachtaí, a cheangal ar an duine sin freastal os comhair na cúirte agus fianaise a thabhairt.
(6) Féadfar iarratas faoi fho-alt (5) (b) a dhéanamh roimh an éisteacht i gcás ina bhfuil na himeachtaí á seoladh sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, sa Chúirt Chuarda nó sa Chúirt Choiriúil Speisialta agus, chun na críche sin, beidh cumhachtaí na Príomh-Chúirte Coiriúla infheidhmithe ag aon bhreitheamh den Ard-Chúirt agus beidh cumhachtaí na Cúirte Cuarda infheidhmithe ag aon bhreitheamh den chúirt sin.
(7) Déanfar cibé méid d'aon ráiteas a ghlacfar mar fhianaise de bhua an ailt seo, mura n-ordóidh an chúirt a mhalairt, a léamh os ard ag an éisteacht.
(8) Déileálfar le haon doiciméad nó rud dá dtagraítear mar fhoilseán agus a aithnítear i ráiteas scríofa a fhorthairgfear i bhfianaise faoin alt seo amhail is dá dtabharfaí ar aird é mar fhoilseán agus dá n-aithneodh déantóir an ráitis é sa chúirt.
(9) Féadfar, faoi réir fho-alt (10), doiciméad a cheanglaítear a sheirbheáil leis an alt seo ar aon duine a sheirbheáil—
(a) trína sheachadadh air nó ar a aturnae,
(b) trína dhíriú chuige agus trína fhágáil ag a ghnáth-áit chónaithe nó ag an áit chónaithe dheireanach is eol a bheith aige nó ag a ghnáth-áit ghnó nó ag an áit ghnó dheireanach is eol a bheith aige nó trína dhíriú chuig a aturnae agus trína fhágáil ag oifig an aturnae,
(c) trína chur chuige leis an bpost cláraithe ag a ghnáth-áit chónaithe nó ag an áit chónaithe dheireanach is eol a bheith aige nó ag a ghnáth-áit ghnó nó ag an áit ghnó dheireanach is eol a bheith aige nó chuig a aturnae ag oifig an aturnae, nó
(d) i gcás comhlachta chorpraithe, trína sheachadadh ar rúnaí nó cléireach an chomhlachta ag a oifig chláraithe nó ag a phríomh-oifig nó trína chur leis an bpost cláraithe chuig rúnaí nó cléireach an chomhlachta sin ag an oifig sin.
(10) Mura mbeidh aturnae ag feidhmiú ar son cúisí, déanfar doiciméad a cheanglaítear a sheirbheáil leis an alt seo ar an gcúisí a sheirbheáil ar an gcúisí go pearsanta.
(11) Más rud é—
(a) go bhforthairgfear ráiteas i bhfianaise de bhua an ailt seo, agus
(b) go mbeidh aon ní ab eol dó bheith bréagach nó nár chreid sé bheith fíor luaite ann ag an duine a rinne an ráiteas,
beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag nó iad araon a chur air nó dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £2,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná cúig bliana nó iad araon a chur air.
(12) Beidh feidhm leis an alt seo freisin maidir le ráiteas scríofa arna dhéanamh lasmuigh den Stát ach na focail i bhfo-alt (2) (b) ó “agus go ndearna sé an ráiteas” go dtí deireadh na míre a fhágáil ar lár agus fo-alt (11) a fhágáil ar lár.
Cruthúnas trí admháil fhoirmiúil.
22.—(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, féadfaidh an t-ionchúiseamh nó an cúisí aon fhíoras a bhféadfar fianaise béil a thabhairt ina thaobh in aon imeachtaí coiriúla a admháil chun críche na n-imeachtaí sin nó féadfar admháil den sórt sin a dhéanamh thar ceann an ionchúisimh nó an chúisí, agus má admhaíonn aon pháirtí aon fhíoras den sórt sin faoin alt seo beidh an admháil sin ina fianaise dhochloíte amhail i gcoinne an pháirtí sin ar an bhfíoras a admhaíodh sna himeachtaí sin.
(2) Maidir le hadmháil faoin alt seo—
(a) féadfar í a dhéanamh roimh an éisteacht nó ag an éisteacht,
(b) más i slí seachas sa chúirt a dhéanfar í, beidh sí i scríbhinn,
(c) más pearsa aonair a dhéanfaidh i scríbhinn í, síneoidh an duine a mbeidh sí á déanamh aige í agus más comhlacht corpraithe a dhéanfaidh amhlaidh í, síneoidh stiúrthóir nó bainisteoir de chuid an chomhlachta chorpraithe í, nó síneoidh rúnaí nó cléireach an chomhlachta chorpraithe í nó síneoidh oifigeach eile dá samhail sin don chomhlacht corpraithe í,
(d) más thar ceann cúisí is pearsa aonair a dhéanfar í, is é a abhcóide nó a aturnae a dhéanfaidh í,
(e) más cúisí is pearsa aonair a dhéanfaidh í aon tráth roimh an éisteacht, ní mór dá abhcóide nó dá aturnae í a cheadú tráth a déanta nó ina dhiaidh sin,
agus measfar, mura suífear a mhalairt, maidir le haon síniú dá dtagraítear i mír (c), gurb é síniú an duine é a ndealraíonn sé gurb é a shíniú é.
(3) Déileálfar le hadmháil faoin alt seo chun críche imeachtaí a bhaineann le haon ábhar mar admháil chun críche aon imeachtaí coiriúla ina dhiaidh sin a bhaineann leis an ábhar sin (lena n-áirítear aon achomharc nó atriail).
(4) Féadfar, le cead ón gcúirt, admháil faoin alt seo a tharraingt siar sna himeachtaí ar lena n-aghaidh a dhéanfar í nó in aon imeachtaí coiriúla ina dhiaidh sin a bhaineann leis an ábhar céanna.
Neamhniú ar cheart an chúisí ráiteas neamh-mhionnaithe a dhéanamh.
23.—(1) In aon imeachtaí i gcoinne duine i leith ciona ní bheidh an cúisí i dteideal ráiteas a dhéanamh gan dul faoi mhionn agus, dá réir sin, má thugann sé fianaise, déanfaidh sé amhlaidh faoi mhionn agus féadfar é a chroscheistiú, ach ní dhéanfaidh sé sin difear—
(a) do cheart an chúisí, mura mbeidh abhcóide nó aturnae ag feidhmiú ar a shon, an chúirt nó an giúiré a aitheasc i slí seachas faoi mhionn i dtaobh aon ábhair ar ina thaobh a d'fhéadfadh a abhcóide nó a aturnae an chúirt nó an giúiré a aitheasc thar a cheann, dá mbeadh abhcóide nó aturnae aige,
(b) d'aon triail, nó do réamhscrúdú ar aon chion indíotáilte, a bheidh tosaithe roimh thosach feidhme an ailt seo.
(2) Ní choiscfidh aon ní i bhfo-alt (1) an cúisí ó ráiteas a dhéanamh gan dul faoi mhionn—
(a) más ráiteas é a cheanglaítear le dlí air a dhéanamh go pearsanta, nó
(b) má dhéanann sé é mar mhaolú sula gcuireann an chúirt pianbhreith air.
(3) Aisghairtear leis seo na forálacha seo a leanas:
(a) mír (h) den choinníoll a ghabhann le halt 1 den Acht Breithiúnais Choiriúla (Fianaise), 1924, agus
(b) alt 7 (4) den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967, agus, in alt 8 (2) den Acht sin, na focail ó “rachaidh sé ar aghaidh de réir” go dtí “mír (a),”.
Ord na n-óráidí deiridh.
24.—(1) D'ainneoin aon riail dlí nó aon chleachtais, agus d'ainneoin aon ní atá in alt 2 den Criminal Procedure Act, 1865, is mar a leanas a bheidh an nós imeachta ag triail ar díotáil maidir leis na hóráidí deiridh ar son an ionchúisimh agus ar son na cosanta:
(a) beidh an ceart ag an ionchúiseamh óráid deiridh a thabhairt i ngach cás ach amháin i gcás nach mbeidh abhcóide ná aturnae ag feidhmiú ar son an chúisí agus nach nglaofaidh sé aon fhinné (seachas finné carachtair amháin), agus beidh an ceart ag an gcosaint óráid deiridh a thabhairt i ngach cás, agus
(b) tabharfar an óráid deiridh ar son na cosanta tar éis na hóráide deiridh ar son an ionchúisimh.
(2) Aisghairtear leis seo alt 3 den Acht Breithiúnais Choiriúla (Fianaise), 1924.
Fíoraisc thromlaigh.
25.—(1) Ní gá gur fíorasc d'aon ghuth fíorasc giúiré in imeachtaí coiriúla i gcás nach lú ná aon duine dhéag líon na ngiúróirí má aontaíonn deichniúr acu faoin bhfíorasc.
(2) Ní ghlacfaidh an chúirt le fíorasc ciontachta mura mbeidh sé ráite ag an bpríomhghiúróir i gcúirt oscailte cibé acu is fíorasc d'aon ghuth é nó is fíorasc tromlaigh é de réir fho-alt (1) agus, sa chás is deireanaí atá luaite, céard é líon na ngiúróirí a d'aontaigh leis an bhfíorasc.
(3) Ní ghlacfaidh an chúirt le fíorasc de bhua fho-alt (1) mura léir don chúirt go raibh ag an ngiúiré cibé tréimhse chun machnamh a dhéanamh is réasúnach leis an gcúirt ag féachaint do chineál agus do chastacht an cháis; agus ní ghlacfaidh an chúirt, in aon chás, le fíorasc den sórt sin mura léir don chúirt go raibh dhá uair a chloig ar a laghad ag an ngiúiré chun machnamh a dhéanamh.
(4) Cuirfidh an chúirt faoi deara an fíorasc a thógáil i slí nach ndéarfar, más fíorasc neamhchiontachta an fíorasc, arbh fhíorasc d'aon ghuth nó fíorasc tromlaigh é.
(5) Ní dhéanfaidh an t-alt seo difear do thriail aon chiona ar ina leith a cheanglaítear ar an gcúirt, ar an gcúisí a chiontú, pionós báis a ghearradh air nó d'aon triail a bheidh tosaithe roimh thosach feidhme an ailt seo.
Iighnéitheach
Imeachtaí tar éis gabhála.
26.—Cuirfear an t-alt seo a leanas in ionad alt 15 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1951:
“15.—(1) Duine a ghabhfar de bhun barántais, déanfar, ar é a ghabháil, é a thabhairt os comhair breithimh den Chúirt Dúiche ag a mbeidh dlínse chun déileáil leis an gcion lena mbaineann nó, mura mbeidh breitheamh ar fáil láithreach, os comhair feidhmeannaigh shíochána i ndúiche bhreithimh den sórt sin a luaithe is féidir.
(2) Duine a ghabhfar gan bharántas, déanfar, ar é a chúiseamh i gcion, é a thabhairt os comhair breithimh den Chúirt Dúiche ag a mbeidh dlínse chun déileáil leis an gcion nó, mura mbeidh breitheamh ar fáil láithreach, os comhair feidhmeannaigh shíochána i ndúiche bhreithimh den sórt sin a luaithe is féidir.
(3) I gcás ina ngabhfar duine de bhun barántais tráth is déanaí ná a 10 a chlog aon tráthnóna nó, ar é a bheidh gafa gan bharántas, i gcás ina gcúiseofar é tar éis an ama sin agus go mbeidh breitheamh le suí sa dúiche Cúirte Dúiche inar gabhadh an duine tráth nach déanaí ná meán lae an lá dár gcionn, is leorchomhlíonadh ar fho-alt (1) nó (2), de réir mar a bheidh, é a thabhairt os comhair breithimh ag tosach an tsuí.
(4) Má thugtar an duine os comhair feidhmeannaigh shíochána, déanfaidh an feidhmeannach, tar éis dó an fhianaise a thabharfar a éisteacht, é a athchur, i gcoimeád nó faoi cibé bannaí is oiriúnach leis an bhfeidhmeannach, agus an cás a tharchur chun a éisteachta os comhair breithimh den Chúirt Dúiche ag a mbeidh dlínse chun déileáil leis.
(5) Má dhéantar an cúisí a athchur faoi bhannaí agus go bhfaighidh sé bannaí láithreach bonn, tarchuirfear an cás chun an chéad suí eile den chúirt.
(6) In aon chúinsí eile, tarchuirfear an cás chun suí den chúirt a bheidh ann, laistigh d'ocht lá tar éis na gabhála, in áit a ainmneofar.
(7) Is alt gan dochar d'fhorálacha aon achtacháin a bhaineann le himeachtaí tar éis gabháil nó cúiseamh i gcásanna áirithe an t-alt seo.”.
Taifeadadh leictreonach ar cheistiú.
27.—(1) Féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt, le rialacháin, socrú a dhéanamh i dtaobh taifeadadh a dhéanamh trí mheán leictreonach nó trí mheán eile ar cheistiú daoine ag comhaltaí den Gharda Síochána i stáisiúin Gharda Síochána nó in áiteanna eile i ndáil le cionta a imscrúdú.
(2) Féadfar na rialacháin a dhéanamh ionas go mbeidh feidhm leo i gcoitinne nó maidir le ceistiú i cibé áiteanna, cibé méid, i ndáil le cibé cionta nó i cibé imthosca, a bheidh forordaithe iontu.
(3) Beidh sna rialacháin foráil i dtaobh gach taifeadadh a dhéanfar de réir na rialachán a choimeád go ceann cibé tréimhse agus i cibé slí a bheidh forordaithe iontu.
(4) Má fhaillíonn duine foráil de chuid na rialachán a chomhlíonadh, ní fhágfaidh an fhaillí sin, uaithi féin, go ndlífear aon imeachtaí sibhialta nó coiriúla a thionscnamh i gcoinne an duine, agus (gan dochar do chumhacht na cúirte fianaise a eisiamh dá rogha féin) ní fhágfaidh sí gur neamh-inghlactha i bhfianaise aon ní a dúradh le linn ceistiú den sórt sin.
Méarloirg a thógáil ó dhuine a ndéileáiltear leis faoin Probation of Offenders Act, 1907, nó a chiontaítear.
28.—(1) I gcás duine, ar é a ionchúiseamh i leith ciona indíotáilte, a bheith ina ábhar ordaithe faoi fho-alt (1) nó (2) d'alt 1 den Probation of Offenders Act, 1907, nó a chiontú agus déileáil leis i slí eile, féadfaidh comhalta den Gharda Síochána a mhéarloirg a thógáil laistigh de mhaighne na cúirte nó in aon áit chaothúil eile.
(2) Scoirfidh an chumhacht chun méarloirg dhuine a thógáil de bhun an ailt seo ag deireadh seachtaine dar tosach an dáta a ndéileálfar leis faoin Probation of Offenders Act, 1907, nó a gciontófar é, mura rud é gur fhág sé nárbh indéanta a mhéarloirg a thógáil de bhun an ailt seo laistigh den tréimhse sin.
(3) Beidh feidhm le forálacha alt 8 maidir leis na méarloirg a thógfar de bhun an ailt seo ó dhuine atá ina ábhar ordaithe faoi fho-alt (1) nó (2) d'alt 1 den Probation of Offenders Act, 1907 mar atá feidhm leo maidir le méarloirg a thógfar de bhun na gcumhachtaí a thugtar le halt 6.
(4) Aon duine a dhiúltóidh a cheadú a mhéarloirg a thógáil de bhun an ailt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag nó iad araon a chur air.
Feidhm an Achta maidir le harmchúirteanna.
29.—Ní bheidh feidhm le forálacha an Achta seo a bhaineann le himeachtaí coiriúla maidir le triail le harm-chúirt ach amháin a mhéid a fheidhmeofar aon fhoráil den sórt sin amhlaidh le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire Cosanta, fara cibé modhnuithe, más ann, a bheidh forordaithe leis na rialacháin.
Rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.
30.—Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo (seachas rialachán faoi alt 7) leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is feidir tar éis an rialachán sin a dhéanamh agus, má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas, laistigh den lá is fiche ina dhiaidh sin a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán sin a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin sin, beidh an rialachán sin ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a bheidh déanta roimhe sin faoin rialachán sin.
Caiteachais.
31.—Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire Dlí agus Cirt ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
Gearrtheideal.
32.—Féadfar an tAcht um Cheartas Coiriúil, 1984, a ghairm den Acht seo.