[EN]

Uimhir 23 de 1949.


[EN]

ACHT NA dTITHE (LEASÚ), 1949.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHT NA dTITHE (FORÁLA AIRGEADAIS AGUS FORÁLA ILGHNÉITHEACHA), 1932 GO 1948. [30ú Iúil, 1949.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Acht na dTithe (Leasú), 1948, a leasú.

1.—Déantar leis seo Acht na dTithe (Leasú), 1948 (Uimh. 1 de 1948), a leasú mar leanas:

[EN]

(a) déanfar an tagairt don lú lá d'Aibreán, 1950, atá i bhfo-alt (1) d'alt 16, i bhfo-alt (2) d'alt 19 agus i bhfo-alt (1) d'alt 20, d'fhorléiriú mar thagairt don lú lá d'Aibreán, 1952;

[EN]

(b) déanfar an tagairt do shuim chúig chéad agus ochtó míle punt atá i bhfo-alt (2) d'alt 26 d'fhorléiriú mar thagairt do mhilliún, seacht gcéad agus caoga míle punt.

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

2.—(1) Féadfar Acht na dTithe (Leasú), 1949, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar Achta na dTithe (Forála Airgeadais agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 go 1949, a ghairm d'Achta na dTithe (Forála Airgeadais agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 go 1948, agus den Acht seo le chéile.