[EN]

Uimhir 23 de 1973


[EN]

AN tACHT UM CHEANTÁLAITHE AGUS GNÍOMHAIRÍ TITHE, 1973

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE CEANTÁLAITHE AGUS GNÍOMHAIRÍ TITHE. [12 Samhain, 1973] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Léiriú.

1947, Uimh. 10.

1.—(1) San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Cheantálaithe agus Gníomhairí Tithe, 1947.

[EN]

(2) San Acht seo forléireofar tagairtí do cheantálaithe mar thagairtí nach mbaineann ach le daoine nach foláir dóibh bheith ceadúnaithe mar cheantálaithe faoin bPríomh-Acht, agus forléireofar tagairtí do ghníomhairí tithe mar thagairtí nach mbaineann ach le daoine nach foláir dóibh bheith ceadúnaithe mar ghníomhairí tithe faoin Acht sin.

[EN]

Forálacha áirithe 1 gcomhaontuithe maidir le díol, etc., maoine a bheith ar neamhní.

2.—(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, aon fhoráil (sainráite nó intuigthe) i gcomhaontú a dhéanfar tar éis tosach feidhme an Achta seo agus a bhainfidh le díol, léasú nó ligean maoine (nach airnéisí pearsanta), lena gceanglaítear ar an gceannaitheoir, ar an léasaí nó ar an tionónta táillí nó caiteachais na gceantálaithe nó na ngníomhairí tithe i leith an díola, an léasaithe nó an ligin a íoc nó a iompar, beidh sí ar neamhní, agus beidh aon airgead a íocadh faoi aon fhoráil den sórt sin nó dá bun inghnóthaithe mar fhiach conartha shimplí i gcúirt dlínse inniúla.

[EN]

(2) Ní dhéanfaidh aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo difear do dhliteanas duine táillí nó caiteachais a íoc le ceantálaí nó le gníomhaire tithe i leith aon mhaoin a fháil i gcás ina raibh an ceantálaí nó an gníomhaire tithe fostaithe ag an duine leis an maoin sin a fháil agus nach ngníomhaíonn sé freisin, i ndáil leis an bhfáil sin, thar ceann an duine óna bhfaightear an mhaoin.

[EN]

Méadú ar éarlais san Ard-Chúirt.

1967, Uimh. 9.

3.—D'ainneoin alt 14 (a) den Phríomh-Acht agus alt 2 den Acht um Cheantálaithe agus Gníomhairí Tithe, 1967, is éarlais dar luach £10,000 an éarlais a chomeádfar san Ard-Chúirt faoin bPríomh-Acht in aghaidh aon tréimhse a thosóidh an 6ú lá d'Iúil, 1974, nó dá éis sin, agus a mbeidh ceadúnas ceantálaí nó ceadúnas gníomhaire tithe i bhfeidhm ina hagaidh, agus forléireofar dá réir sin na tagairtí do dhá mhíle punt in ailt 14 (d) (ii) agus 15 (3) (b) den Phríomh-Acht agus an tagairt do chúig mhíle punt atá in alt 2 den Acht um Cheantálaithe agus Gníomhairí Tithe, 1967, a dúradh.

[EN]

Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.

4.—(1) Féadfar an tAcht um Cheantálaithe agus Gníomhairí Tithe, 1973, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna um Cheantálaithe agus Gníomhairí Tithe, 1947 go 1973, a ghairm de na hAchtanna um Cheantálaithe agus Gníomhairí Tithe, 1947 agus 1967, agus den Acht seo le chéile.

[EN]

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh ar bheith caite don tréimhse míosa a thosóidh lá an Achta seo a rith.