harp.jpg


Uimhir 23 de 1990


AN tACHT SLÁINTE (TITHE BANALTRAIS), 1990


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

“Teach banaltrais”.

3.

Tithe banaltrais neamhchláraithe a thoirmeasc.

4.

Tithe banaltrais a chlárú.

5.

Achomhairc.

6.

Rialacháin i ndáil le caighdeáin i dtithe banaltrais.

7.

Íocaíochtaí ag boird sláinte faoi chomhair costas cothabhála daoine cleithiúnacha i dtithe banaltrais.

8.

Táillí.

9.

Bainisteoireacht shealadach ar thithe banaltrais ag boird sláinte.

10.

Boird sláinte do chur daoine amach ar lóistín.

11.

Pionóis.

12.

Forálacha maidir le cionta.

13.

Cosaint.

14.

Rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

15.

Aisghairm.

16.

Caiteachais.

17.

Gearrtheideal, forléiriú, comhlua agus tosach feidhme.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Sláinte (Teaghlaigh do Dhaoine Éagumasaithe), 1964

1964, Uimh. 8

An tAcht Sláinte. 1970

1970, Uimh. 1

An tAcht Cóireála Meabhair-Ghalar. 1945

1945, Uimh. 19

Na hAchtanna Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 go 1966

Petty Sessions (Ireland) Act, 1851

1851. c. 93

An tAcht um Chlárú Tithe Máithreachais. 1934

1934, Uimh. 14

harp.jpg


Uimhir 23 de 1990


AN tACHT SLÁINTE (TITHE BANALTRAIS), 1990

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE I nDÁIL LE TITHE BANALTRAIS DO DHAOINE CLEITHIÚNACHA AGUS CHUN NA CRÍCHE SIN DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN BOIRD SLÁINTE DO CHLÁRÚ TITHE DEN SÓRT SIN, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN BOIRD SLÁINTE DO CHUR DAOINE CLEITHIÚNACHA AMACH AR LÓISTÍN AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH NITHE COMHGHAOLMHARA. [21 Iúil, 1990]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

[EN]

Léiriú.

1.—(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1964” an tAcht Sláinte (Teaghlaigh do Dhaoine Éagumasaithe), 1964;

[EN]

ciallaíonn “duine cleithiúnach” duine a dteastaíonn cabhair uaidh le gníomhaíochtaí na beatha laethúla ar nós gléasadh, ithe, siúl, ní agus folcadh mar gheall ar aon ní acu seo a leanas—

[EN]

(a) éiglíocht coirp nó díobháil, éalang nó galar coirp, nó

[EN]

(b) éiglíocht meabhrach,

[EN]

agus forléireofar “cleithiúnacht” dá réir sin;

[EN]

ciallaíonn “an tAire” an tAire Sláinte;

[EN]

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire;

[EN]

ciallaíonn “clár” clár de thithe banaltrais a bhunófar faoi alt 4 agus, i ndáil le bord sláinte áirithe, ciallaíonn sé an clár arna bhunú amhlaidh ag an mbord sin agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

[EN]

ciallaíonn “dílseánach cláraithe”, i ndáil le teach banaltrais cláraithe, an duine a bhfuil a ainm taifeadta sa chlár áirithe mar an duine a sheolann an teach;

[EN]

ciallaíonn “na rialacháin” na rialacháin faoi alt 6, agus na rialacháin dá dtagraítear i bhfo-alt (6) den alt sin, atá i bhfeidhm de thuras na huaire.

[EN]

(2) San Acht seo—

[EN]

(a) mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, déanfar tagairt d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán, nó faoi aon achtachán, ina dhiaidh sin lena n-áirítear an tAcht seo,

[EN]

(b) aon tagairt d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe,

[EN]

(c) aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

[EN]

“Teach banaltrais”.

2.—(1) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, ciallaíonn “teach banaltrais”, faoi réir fho-alt (2), foras chun breis agus dhá dhuine chleithiúnacha a aireachasú agus a chothabháil gan iad seo a leanas a áireamh—

[EN]

(a) foras atá á bhainisteoireacht ag Aire Rialtais nó ag bord sláinte nó thar a cheann,

[EN]

(b) foras a bhfuil formhór na ndaoine atá á gcothabháil ann ag fáil cóireála le haghaidh géarthinneas,

[EN]

(c) teach máithreachais a sheolann duine atá cláraithe faoin Acht um Chlárú Tithe Máithreachais, 1934.

[EN]

(d) foras meabhairghalar de réir bhrí na nAchtanna Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 go 1966,

[EN]

(e) foras chun daoine meabhairéislinneacha a aireachasú agus a chothabháil agus a oibrítear ar shlí seachas le haghaidh brabúis agus a n-íocann an tAire nó bord sláinte deontais leis,

[EN]

(f) áitreabh ina gcothabháiltear leanaí de bhun comhshocrú le bord sláinte,

[EN]

(g) foras a oibrítear ar shlí seachas le haghaidh brabúis—

[EN]

(i) is foras chun daoine corpéislinneacha a aireachasú agus a chothabháil ar daoine iad nach bhfaigheann a bhformhór aireachas banaltrais lánaimseartha san fhoras,

[EN]

(ii) ina bhfuil ionadaithe de chuid an Aire nó de chuid boird sláinte agus ionadaithe de chuid na ndaoine atá á gcothabháil san fhoras rannpháirteach le daoine eile sa bhainisteoireacht,

[EN]

(iii) a n-íocann an tAire nó bord sláinte deontais leis, agus

[EN]

(iv) a bhfuil feidhm ag míreanna (a) agus (b) d'alt 333 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, maidir leis, agus

[EN]

(h) áitreabh a bhfuil formhór na ndaoine atá á gcothabháil ann ina gcomhaltaí d'ord creidimh nó ina sagairt d'aon chreideamh (seachas áitreabh a mbeidh íocaíocht déanta ina leith faoi alt 7),

[EN]

ach, chun críocha an mhínithe seo, ní thabharfar aird ar chothabháil ag duine ar a chéile nó ar thuismitheoir, leastuismitheoir, leanbh, leasleanbh, ua nó banua, deartháir, leasdeartháir, deirfiúr, leasdeirfiúr, uncail, aintín, nia nó neacht den duine sin nó dá chéile.

[EN]

(2) Má thagann an tAire ar an tuairim gur cheart don Acht seo feidhm a bheith aige maidir le haicme forais chun daoine a aireachasú agus a chothabháil nach bhfuil feidhm ag an Acht maidir léi, féadfaidh sé le rialacháin an míniú ar “teach banaltrais” a leasú dá réir sin agus beidh éifeacht leis an míniú sin de réir aon rialachán a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire faoin bhfo-alt seo.

[EN]

Tithe banaltrais neamhchláraithe a thoirmeasc.

3.—(1) Ní sheolfaidh duine teach banaltrais mura mbeidh an teach cláraithe agus murab é an duine an dílseánach cláraithe ar an teach.

[EN]

(2) Ní bheidh duine i bhfeighil tí banaltrais mura mbeidh an teach cláraithe.

[EN]

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2) go ceann tréimhse bliana dar tús tosach feidhme an Achta seo maidir le duine a mbeidh teach banaltrais á sheoladh aige nó a bheidh i bhfeighil tí banaltrais in aon áitreabh má bhí teach banaltrais á sheoladh san áitreabh sin díreach roimh an tosach feidhme sin.

[EN]

(4) Ní thabharfaidh duine le tuiscint, cibé acu le fógrán nó ar shlí eile, go bhfuil teach banaltrais cláraithe mura bhfuil sé cláraithe.

[EN]

Tithe banaltrais a chlárú.

4.—(1) Bunóidh gach bord sláinte agus cothabhálfaidh sé clár de thithe banaltrais ina limistéar feidhmiúcháin (dá ngairtear “clár” ina dhiaidh seo san Acht seo).

[EN]

(2) (a) Taifeadfar i gclár maidir le gach teach banaltrais a bheidh cláraithe ann ainm an duine atá á sheoladh, ainm an duine atá ina fheighil, seoladh an áitribh ina bhfuil sé á sheoladh, ráiteas maidir leis an líon othar dár féidir cóiríocht a sholáthar sa teach, an dáta a mbeidh éifeacht leis an gclárú (dá ngairtear “an dáta cláraithe” ina dhiaidh seo san alt seo) agus cibé sonraí eile (más ann) a fhorordófar.

[EN]

(b) Déanfar clár a chothabháiltear faoin alt seo a chur ar fáil lena iniúchadh saor in aisce ag an bpobal gach tráth réasúnach.

[EN]

(3) (a) Féadfaidh bord sláinte, ar iarratas chuige ina thaobh sin ag duine a bheartaíonn teach banaltrais a sheoladh ina limistéar feidhmiúcháin, an teach a chlárú nó diúltú é a chlárú.

[EN]

(b) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, is é a bheidh i dtréimhse cláraithe tréimhse 3 bliana ó dháta an chláraithe.

[EN]

(c) I gcás go gcláróidh bord sláinte teach banaltrais, eiseoidh sé deimhniú cláraithe san fhoirm fhorordaithe don dílseánach cláraithe ar an teach.

[EN]

(4) (a) Féadfaidh duine a bheartóidh teach banaltrais a sheoladh, sula ndéanfaidh sé iarratas faoi fho-alt (3) chun an teach a chlárú, iarratas a dhéanamh chuig an mbord sláinte ar ina limistéar feidhmiúcháin a bheidh an teach suite ar dhearbhú ón mbord gur duine oiriúnach é chun teach banaltrais a sheoladh agus má dhéanann sé amhlaidh agus má íocann sé an táille fhorordaithe leis an mbord, tabharfaidh an bord ráiteas i scríbhinn uaidh don duine á dhearbhú gur duine oiriúnach é chun teach banaltrais a sheoladh murar ciontaíodh an duine i gcion faoin Acht seo nó faoi Acht 1964 nó in aon chion eile de shaghas a d'fhágfadh an duine neamhoiriúnach chun teach banaltrais a sheoladh.

[EN]

(b) Aon iarratas ar chlárú chuig bord sláinte ó dhuine ar thug an bord dearbhú dó faoi mhír (a) ní dhiúltófar é ar chúis a shonraítear i bhfomhír (ii) d'fho-alt (6) (b) agus a bhaineann leis an duine murar ciontaíodh an duine i gcion a shonraítear san fhomhír sin tar éis an t-iarratas le haghaidh an dearbhaithe a dhéanamh agus nárbh eol don bhord, an tráth a thug sé an dearbhú, gur ciontaíodh é.

[EN]

(c) Féadfaidh bord sláinte diúltú dearbhú a thabhairt faoi mhír (a) do dhuine a mhainníonn nó a dhiúltaíonn faisnéis a thabhairt don bhord a iarrann sé de bhun fho-alt (10), i ndáil leis an iarratas ar an dearbhú, agus féadfaidh sé diúltú dearbhú a thabhairt do dhuine, nó cúlghairm a dhéanamh ar dhearbhú a bheidh tugtha do dhuine, a thug faisnéis don bhord, maidir leis an iarratas, a bhí bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha.

[EN]

(5) Féadfaidh bord sláinte teach banaltrais a bhaint den chlár.

[EN]

(6) Ní dhéanfaidh bord sláinte—

[EN]

(a) clárú tí banaltrais a dhiúltú a bhfuil iarratas ar é a chlárú déanta go cuí i ndáil leis, ná

[EN]

(b) teach banaltrais a bhaint den chlár.

[EN]

mura rud é—

[EN]

(i) go bhfuil sé den tuairim—

[EN]

(I) nach ndéanann an t-áitreabh lena mbaineann an t-iarratas nó, de réir mar a bheidh, an clárú na rialacháin a chomhlíonadh, nó

[EN]

(II) nach gcomhlíonfaidh seoladh an tí, nó nach gcomhlíonann sé, na rialacháin,

[EN]

(ii) gur ciontaíodh an t-iarratasóir nó an dílseánach cláraithe, de réir mar a bheidh, nó an duine atá i bhfeighil an tí nó, de réir mar a bheidh, atá beartaithe a bheith i bhfeighil an tí, i gcion faoin Acht seo nó faoi Acht 1964, nó in aon chion eile de shaghas a d'fhágfadh an duine neamhoiriúnach chun an teach a sheoladh nó, de réir mar a bheidh, chun bheith i bhfeighil an tí, nó

[EN]

(iii) gur mhainnigh nó gur dhiúltaigh an t-iarratasóir nó an dílseánach cláraithe, de réir mar a bheidh, faisnéis a thabhairt don bhord a d'iarr sé de bhun fho-alt (10) nó gur thug an t-iarratasóir nó an dílseánach sin faisnéis don bhord atá bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha, nó

[EN]

(iv) go ndearna an dílseánach cláraithe, tráth nach faide ná bliain amháin roimh an dáta a mbeadh éifeacht leis an gclárú nó leis an mbaint den chlár, coinníoll faoi fho-alt (8) a shárú.

[EN]

(7) (a) Féadfaidh bord sláinte staonadh ó theach banaltrais a chlárú a mbeidh iarratas lena chlárú déanta go cuí i ndáil leis go dtí go mbeidh an táille fhorordaithe i leith an iarratais íoctha leis an mbord.

[EN]

(b) Féadfaidh bord sláinte staonadh ó dhearbhú a thabhairt faoi fho-alt (4) go dtí go mbeidh an táille fhorordaithe i leith an iarratais íoctha leis an mbord.

[EN]

(8) (a) Féadfaidh bord sláinte—

[EN]

(i) tráth an chláraithe nó ina dhiaidh sin coinníollacha a chur ag gabháil leis an gclárú i ndáil le seoladh an tí banaltrais lena mbaineann agus le cibé nithe eile is cuí leis ag féachaint dá fheidhmeanna faoin Acht seo,

[EN]

(ii) coinníollacha éagsúla a chur ag gabháil le clárú tithe banaltrais éagsúla, agus

[EN]

(iii) coinníoll i dtaca le clárú a leasú nó a chúlghairm.

[EN]

(b) Déanfar coinníollacha a fhorchuirfear faoin bhfo-alt seo nó leasuithe agus cúlghairmeacha faoin bhfo-alt seo a lua sa deimhniú cláraithe lena mbaineann nó fógra a thabhairt i scríbhinn fúthu do dhílseánach cláraithe an tí banaltrais lena mbaineann.

[EN]

(9) Beidh iarratas ar chlárú nó ar dhearbhú faoi fho-alt (4) san fhoirm fhorordaithe nó i bhfoirm ar chomhéifeacht leis agus beidh an táille fhorordaithe ag gabháil leis.

[EN]

(10) (a) Féadfaidh bord sláinte a iarraidh ar iarratasóir ar chlárú, nó, de réir mar a bheidh, ar dhílseánach cláraithe nó ar iarratasóir ar dhearbhú faoi fho-alt (4) cibé faisnéis a thabhairt dó a mheasfaidh sé a bheith riachtanach chun críocha a chuid feidhmeanna faoin Acht seo.

[EN]

(b) Duine a thugann faisnéis do bhord sláinte, cibé acu de bhun iarrata nó ar shlí eile, chun críocha an Achta seo, ar faisnéis í atá bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha beidh sé ciontach i gcion mura dtaispeánann sé nárbh eol dó í a bheith bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha, an tráth ar tugadh an fhaisnéis don bhord.

[EN]

(11) Dílseánach cláraithe tí banaltrais a bheartaíonn an teach a sheoladh díreach tar éis tréimhse chláraithe an tí a bheith imithe in éag, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh faoi fho-alt (3) chun an bhoird sláinte lena mbaineann, 2 mhí ar a laghad roimh dhul in eág don tréimhse sin, chun an teach a chlárú agus mura gcuirfidh an bord in iúl dó roimh dhul in éag don tréimhse sin go bhfuil sé beartaithe aige diúltú an teach a chlárú, cláróidh sé an teach agus is é an lá i ndiaidh an lae a ndeachaigh an tréimhse sin in éag a dháta cláraithe.

[EN]

(12) (a) I gcás gur duine seachas an dílseánach cláraithe a thosaíonn ar theach banaltrais cláraithe a sheoladh—

[EN]

(i) scoirfidh an teach air sin de bheith cláraithe,

[EN]

(ii) déanfaidh an duine (mura ndearna sé amhlaidh roimh an tosú sin) iarratas, tráth nach déanaí ná 4 seachtaine dá éis, chuig an mbord sláinte lena mbaineann chun an teach a chlárú agus má dheonaítear an t-iarratas is é dáta cláraithe an tí an lá a thagann i ndiaidh lá an scoir réamhráite,

[EN]

(iii) má dhéantar an t-iarratas réamhráite go cuí agus nach ndiúltaítear é, ansin, i rith na tréimhse ón tosú réamhráite go dtí go gcláraítear an teach measfar, chun críocha alt 3, é a bheith cláraithe agus measfar aon choinníollacha a bhí ag gabháil leis an gclárú roimhe sin a bheith ag gabháil leis an gclárú.

[EN]

(b) Beidh duine a sháróidh mír (a) (ii) ciontach i gcion.

[EN]

(13) (a) I gcás go mbeartóidh bord sláinte diúltú teach banaltrais a chlárú, diúltú dearbhú a thabhairt faoi fho-alt (4), dearbhú den sórt sin a chúlghairm, teach banaltrais a bhaint den chlár, coinníoll a chur ag gabháil le clárú nó coinníoll atá ag gabháil le clárú a leasú nó a chúlghairm, tabharfaidh sé fógra i scríbhinn don iarratasóir nó don dílseánach cláraithe, de réir mar a bheidh, faoina thográ agus faoi na cúiseanna atá leis.

[EN]

(b) Duine a bhfuil fógra tugtha dó maidir le togra faoi mhír (a) féadfaidh sé, laistigh de 21 lá ón lá a bhfaighidh sé an fógra, uiríll a dhéanamh i scríbhinn chuig an mbord sláinte lena mbaineann agus—

[EN]

(i) sula gcinnfidh an bord an t-ábhar, cuirfidh sé san áireamh aon uiríll a bheidh déanta go cuí chuige faoin mír seo i ndáil leis an togra, agus

[EN]

(ii) tabharfaidh an bord fógra i scríbhinn don duine faoina chinneadh agus faoi na cúiseanna atá leis.

[EN]

(14) Folóidh fógra faoi thogra boird sláinte faoi fho-alt (13) ráiteas go bhféadfaidh an duine lena mbaineann uiríll a dhéanamh chuig an mbord laistigh de 21 lá oń lá a bhfaighidh sé an fógra agus folóidh fógra faoi chinneadh boird sláinte faoi fho-alt (13) ráiteas go bhféadfaidh an duine lena mbaineann achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche faoi alt 5 in aghaidh an chinnidh laistigh de 21 lá ón lá a bhfaighidh sé an fógra.

[EN]

(15) Más rud é, i ndáil le teach banaltrais, go ndéanfar sárú ar choinníoll i leith cláraithe, beidh an dílseánach cláraithe agus an duine atá i bhfeighil an tí ciontach i gcion.

[EN]

Achomhairc.

5.—(1) Féadfaidh duine, arb é an dílseánach cláraithé é nó, de réir mar a bheidh, an duine a bhfuil sé beartaithe aige a bheith ina dhílseánach cláraithe, ar theach banaltrais achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche in aghaidh cinnidh ó bhord sláinte diúltú an teach a chlárú, diúltú dearbhú faoi alt 4 (4) a thabhairt, nó dearbhú den sórt sin a chúlghairm, an teach a bhaint den chlár nó coinníoll a chur ag gabháil le clárú an tí nó coinníoll atá ag gabháil le clárú an tí a leasú nó a chúlghairm agus tionscnófar achomharc den sórt sin Laistigh de 21 lá ón lá a bhfaighidh an duine an fógra faoin gcinneadh faoi alt 4 agus féadfaidh an chúirt sin, mar is cuí léi, an cinneadh a dhaingniú nó a ordú don bhord sláinte, de réir mar is iomchuí, an teach a chlárú nó a chlárú a chur ar ais ar an gclár, dearbhú a thabhairt faoi alt 4 (4), nó cúlghairm dearbhaithe faoin alt sin a tharraingt siar, an coinníoll nó an leasú nó an chúlghairm ar choinníoll a tharraingt siar, coinníoll sonraithe a chur ag gabháil leis an gclárú nó leasú sonraithe a dhéanamh ar choinníoll den chlárú.

[EN]

(2) Feidhmeoidh an breitheamh den Chúirt Dúiche a bheidh sannta de thuras na huaire don dúiche Chúirte Dúiche ina bhfuil an teach banaltrais lena mbaineann suite an dlínse a thugtar don Chúirt Dúiche leis an alt seo.

[EN]

(3) Is cinneadh críochnaitheach cinneadh den Chúirt Dúiche faoin alt seo are cheist fíorais.

[EN]

(4) I gcás go ndéanfar fógra faoi chinneadh a shonraítear i bhfo-alt (1) (seachas cinneadh diúltú teach banaltrais a chlárú nach raibh cláraithe nó nár measadh é a bheith cláraithe an tráth a ndearnadh an t-iarratas iomchuí ar chlárú) a thabhairt faoi alt 4, ansin—

[EN]

(a) le linn cibé tréimhse ón bhfógra sin a thabhairt (nach giorra ná 21 lá) a mheasfaidh an bord sláinte lena mbaineann a bheith réasúnach agus a bheidh sonraithe ag an mbord san fhógra, déileálfar leis an teach banaltrais amhail is dá mba nach ndearnadh an cinneadh agus, más diúltú iarratais ar chlárú faoi mhír (a) d'alt 4 (12) a bhí sa chinneadh, déileálfar leis amhail is dá mbeadh sé cláraithe agus go raibh curtha ag gabháil leis an gclárú aon choinníollacha a bhí curtha ag gabháil leis an gclárú iomchuí a scoir de bhua fhomhír (i) den mhír sin (a), agus

[EN]

(b) má thionscnaítear achomharc in aghaidh an chinnidh faoin alt seo—

[EN]

(i) le linn na tréimhse ó dheireadh na tréimhse réamhráite go dtí cinneadh nó tarraingt siar an achomhairc nó aon achomhairc ina aghaidh sin nó in aghaidh aon achomhairc den sórt sin, agus

[EN]

(ii) le linn cibé tréimhse breise (más ann) a mheasfaidh an Chúirt lena mbaineann a bheith réasúnach agus a shonróidh sí ina cinneadh,

[EN]

déileálfar leis an teach banaltrais—

[EN]

(I) chun críocha alt 3 amhail is dá dtacófaí leis an achomharc, agus

[EN]

(II) más achomharc in aghaidh cinnidh ón mbord sláinte iarratas ar chlárú a dhiúltú faoi mhír (a) d'alt 4 (12) an t-achomharc, amhail is dá mbeadh curtha ag gabháil leis an gclárú aon choinníollacha a bhí curtha ag gabháil leis an gclárú iomchuí a scoir de bhua fhomhír (i) den mhír sin (a).

[EN]

(5) Tabharfar fógra faoi achomharc faoin alt seo don bhord sláinte lena mbaineann agus beidh sé i dteideal láithriú, éisteacht a fháil agus fianaise a thabhairt ar aird ar an achomharc a éisteacht.

[EN]

Rialacháin i ndáil le caighdeáin i dtithe banaltrais.

6.—(1) D'fhonn caighdeáin chuí i ndáil le tithe banaltrais a áirithiú, lena n-áirítear cóiríocht, bia agus aireachas atá leordhóthanach agus oiriúnach do dhaoine cleithiúnacha le linn dóibh a bheith á gcothabháil i dtithe banaltrais, agus d'fhonn a áirithiú go seolfar tithe banaltrais mar is cuí, déanfaidh an tAire cibé rialacháin is iomchuí leis i ndáil le tithe banaltrais.

[EN]

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfar le rialacháin faoin alt seo—

[EN]

(a) ceanglais a fhorordú maidir le cothabháil, aireachasú, leas agus dea-bhail daoine cleithiúnacha fad a bheidh siad á gcothabháil i dtithe banaltrais,

[EN]

(b) ceanglais a fhorordú maidir le líon agus cáilíochtaí comhaltaí d'fhoirne (lena n-aírítear lia-fhoirne) tithe banaltrais agus maidir le fáil a bheith orthu,

[EN]

(c) ceanglais a fhorordú maidir le dearadh, cothabháil, deisiú, glanadh agus glaineacht, aerú, téamh agus soilsiú tithe banaltrais,

[EN]

(d) ceanglais a fhorordú maidir leis an gcóiríocht (lena n-áirítear an méid spáis i seomraí leapa agus i mbardaí, na saoráidí níocháin agus na háiseanna sláintíochta) a sholáthrófar i dtithe banaltrais,

[EN]

(e) ceanglais a fhorordú maidir leis an mbia a sholáthrófar do dhaoine cleithiúnacha fad a bheidh siad á gcothabháil i dtithe banaltrais,

[EN]

(f) ceanglais a fhorordú maidir leis an tuairisc a thabharfar ar thithe banaltrais i gcumarsáidí i scríbhinn ag na dílseánaigh chláraithe nó ag na daoine atá i bhfeighil na dtithe nó thar a gceann agus maidir le fógraí sonraithe a thaispeáint i dtithe banaltrais,

[EN]

(g) ceanglais a fhorordú maidir leis na taifid a choimeádfar i dtithe banaltrais agus le haon taifid den sórt sin nó aon sleachta astu a scrúdú agus a chóipeáil ag oifigigh do bhoird sláinte,

[EN]

(h) foráil a dhéanamh le haghaidh conarthaí árachais a dhéanamh ag dílseánaigh chláraithe tithe banaltrais in aghaidh díobhála do dhaoine cleithiúnacha a bheidh á gcothabháil sna tithe fad a bheidh siad sna tithe.

[EN]

(i) foráil a dhéanamh—

[EN]

(i) chun agallaimh (lena n-áirítear agallaimh phríobháideacha) agus scrúduithe a dhéanamh agus a sheoladh i gcás daoine cleithiúnacha fad a bheidh siad á gcothabháil i dtithe banaltrais, agus

[EN]

(ii) chun agallaimh (lena n-áirítear agallaimh phríobháideacha) a dhéanamh agus a sheoladh i gcás daoine a fhostaítear i dtithe banaltrais,

[EN]

má bhíonn cúis réasúnach ag an mbord sláinte lena mbaineann lena chreidiúint nach bhfuil cothabháil nó aireachas nó lia-chóireáil nó cóireáil eile chuí á fháil ag na daoine cleithiúnacha sin.

[EN]

(j) foráil a dhéanamh chun áitreabh a iniúchadh ina bhfuil tithe banaltrais á seoladh nó ina mbeartaítear iad a sheoladh nó a gcreideann bord sláinte go réasúnach gur áitreabh é ina bhfuil teach banaltrais á sheoladh agus thairis sin chun na boird sláinte iomchuí agus a n-oifigigh d'fhorfheidhmiú agus d'fhorghníomhú na rialachán,

[EN]

(k) a údarú go gcuirfidh na boird sláinte iomchuí oiliúint ar fáil do chomhaltaí d'fhoirne tithe banaltrais ar cibé téarmaí agus coinníollacha agus go feadh cibé méid a chinnfidh na boird sláinte,

[EN]

(l) a cheangal go ndéanfaidh úinéirí cláraithe tithe banaltrais nó, de réir rogha na n-úinéirí sin, na boird sláinte lena mbaineann, seirbhísí sláinte sonraithe a chur ar fáil do dhaoine cleithiúnacha fad a bheidh siad á gcothabháil i dtithe banaltrais.

[EN]

(m) foráil a dhéanamh—

[EN]

(i) chun go ndéanfaidh an bord sláinte lena mbaineann breithniú agus iniúchadh ar ghearán a dhéanfaidh duine cleithiúnach atá á chothabháil i dteach banaltrais, nó a dhéanfar thar ceann an duine sin, chuige i scríbhinn, ar gearán é i ndáil le haon ní a bhaineann leis an teach nó le cothabháil, aireachas, leas nó dea-bhail an duine fad a bheidh sé á chothabháil amhlaidh nó le haon ní sonraithe atá gaolmhar leis sin, agus

[EN]

(ii) i gcás go dtacóidh bord sláinte le gearán faoi fhomhír (i), go n-eiseoidh an bord ordú chuig dílseánach cláraithe an tí banaltrais lena mbaineann, má mheasann an bord é a bheith iomchuí déanamh amhlaidh, á cheangal ar an dílseánach sin beart sonraithe a dhéanamh maidir leis an ní a ndearnadh gearán faoi,

[EN]

(n) a údarú go ndéanfaidh na boird sláinte iomchuí, nó go ndéanfar thar a gceann, cibé seirbhísí (ar seirbhísí iad de chineál a chuireann boird sláinte ar fáil nó a chuirtear ar fáil thar a gceann chun críocha a bhfeidhmeanna) a chur ar fáil do thithe banaltrais ar cibé téarmaí agus coinníollacha agus go feadh cibé méid a chinnfidh na boird sláinte, agus

[EN]

(o) a cheangal ar úinéirí cláraithe tithe banaltrais nó ar na daoine ina bhfeighil faisnéis shonraithe a chur ar fáil do dhaoine leasmhara i ndáil leis na tithe agus leis an gcóiríocht, na seirbhísí agus na saoráidí a chuirtear ar fáil do dhaoine cláraithe fad atá siad á gcothabháil iontu.

[EN]

(3) (a) Más rud é, i ndáil le teach banaltrais, go ndéanfar sárú ar fhoráil a bheidh sna rialacháin beidh an dílseánach cláraithe agus an duine atá i bhfeighil an tí ciontach i gcion.

[EN]

(b) Aon duine a mhainneoidh nó a dhiúltóidh ceanglas d'ordú faoi na rialacháin a chomhlíonadh beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

(4) (a) I gcás ina gciontófar duine i gcion faoin alt seo, féadfaidh an Chúirt Chuarda, ar iarratas ón mbord sláinte lena mbaineann, arna dhéanamh tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an chiontaithe nó, i gcás achomhairc in aghaidh an chiontaithe, tar éis an chinnidh chríochnaithigh air nó ar aon achomharc breise (más cinneadh é a dhaingníonn an ciontú) nó tar éis aon achomhairc den sórt sin ón gcéanna a tharraingt siar, a dhearbhú le hordú go mbeidh an duine dícháilithe ar feadh cibé tréimhse a bheidh sonraithe san ordú chun an teach banaltrais lenar bhain an ciontú nó, de rogha na Cúirte, aon teach banaltrais, a sheoladh, chun a bheith i bhfeighil an chéanna nó a bheith bainteach lena bhainisteoireacht.

[EN]

(b) Ní dhéanfaidh duine a ndéanfar ordú ina thaobh faoin bhfo-alt seo le linn na tréimhse a bheidh sonraithe san ordú an teach banaltrais a bheidh sonraithe san ordú nó, má shonraítear amhlaidh san ordú, aon teach banaltrais a sheoladh, a bheith i bhfeighil an chéanna nó a bheith bainteach lena bhainisteoireacht.

[EN]

(c) Beidh duine a sháróidh mír (b) ciontach i gcion.

[EN]

(d) Tabharfar fógra maidir le hiarratas faoin bhfo-alt seo don duine a ciontaíodh sa chion lena mbaineann agus beidh sé i dteideal láithriú, éisteacht a fháil agus finanaise a thabhairt ar aird ar an iarratas a éisteacht.

[EN]

(e) Déanfaidh breitheamh na Cúirte Cuarda a bheidh sannta de thuras na huaire don chuaird ina bhfuil an t-áitreabh lena mbaineann suite an dlínse a thugtar don Chúirt Chuarda leis an bhfo-alt seo a fheidhmiú.

[EN]

(5) Aon duine a bhacfaidh go toiliúil bord sláinte nó oifigeach do bhord sláinte nó a chuirfidh isteach go toiliúil orthu le linn dóibh a bheith ag comhlíonadh feidhmeanna faoi na rialacháin nó a mhainneoidh nó a dhiúltóidh ceanglas de chuid boird sláinte nó de chuid oifigigh do bhord sláinte faoi na rialacháin sin a chomhlíonadh beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

(6) Leanfaidh rialacháin faoi alt 2 den Acht Sláinte (Teaghlaigh do Dhaoine Éagumasaithe), 1964, a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, i bhfeidhm tar éis an tosach feidhme sin, agus féadfar iad a leasú nó a chúlghairm, amhail is dá mbeidís déanta faoin alt seo.

[EN]

Íocaíochtaí ag boird sláinte faoi chomhair costas cothabhála daoine cleithiúnacha i dtithe banaltrais.

7.—(1) (a) Más rud é, tar éis do bhord sláinte cleithiúnacht duine chleithiúnaigh agus a acmhainn agus a dhálaí a mheasúnú, gur dóigh leis an mbord sláinte gur gá an duine a chothabháil i dteach banaltrais agus nach bhfuil sé in ann aon chostais de chuid an tí banaltrais, ná aon chuid de na costais sin, a íoc, féadfaidh an bord sláinte, má théann an duine isteach i dteach banaltrais nó má tá sé istigh ann, agus faoi réir an teach do chomhlíonadh aon cheanglas arna dhéanamh ag an mbord chun críche a fheidhmeanna faoin alt seo, cibé méid a íoc leis an teach i leith na cothabhála sin a mheasann sé a bheith iomchuí ag féachaint do ghrád na cleithiúnachta agus d'acmhainn agus do dhálaí an duine.

[EN]

(b) I mír (a) folaíonn “teach banaltrais” foras dá dtagraítear in alt 2 (1) (h).

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire le rialacháin na méideanna a fhéadfaidh boird sláinte a íoc faoin alt seo a fhorordú agus féadfar na méideanna sin a shonrú faoi threoir grád sonraithe cleithiúnachta, faoi threoir acmhainne nó dálaí sonraithe daoine cleithiúnacha nó cibé nithe eile a mheasfaidh an tAire a bheith iomchuí.

[EN]

Táillí.

8.—(1) (a) Aon duine a dhéanfaidh iarratas chuig bord sláinte ar chlárú nó ar dhearbhú faoi alt 4 (4) íocfaidh sé leis an mbord i leith an iarratais táille de cibé méid a bheidh arna forordú de thuras na huaire agus féadfar táillí éagsúla a fhorordú i leith iarratas ar chlárú agus i leith iarratas ar dhearbhú den sórt sin mar atá réamhráite.

[EN]

(b) Má dhiúltaíonn bord sláinte d'iarratas dá dtagraítear i mír (a), ní aisíocfaidh sé an táille lena mbaineann leis an duine a rinne an t-iarratas.

[EN]

(2) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táillí a íocfar faoin Acht seo.

[EN]

Bainisteoireacht shealadach ar thithe banaltrais ag boird sláinte.

9.—(1) (a) Más é tuairim boird sláinte, i ndáil le teach banaltrais ina limistéar feidhmiúcháin, go bhfuil mainneachtain á dhéanamh na rialacháin a chomhlíonadh, féadfaidh sé, le toiliú dhílseánach cláraithe an tí nó de bhun ordú de chuid na Cúirte Dúiche faoi fho-alt (2), dul i bhfeighil an tí agus é a bhainisteoireacht agus féadfaidh sé chun na críche sin duine a cheapadh chun dul i bhfeighil an tí agus é a bhainisteoireacht thar a cheann ar feadh cibé tréimhse a chinnfidh an bord sláinte nó an Chúirt Dúiche, de réir mar is iomchuí.

[EN]

(b) Aon duine a cheapfar faoi mhír (a) beidh na cumhachtaí sin go léir aige is gá go réasúnach chun críocha a fheidhmeanna faoin mír sin.

[EN]

(c) Ní bheidh dílseánach cláraithe tí banaltrais ná aon duine atá ina fheighil nó á bhainisteoireacht i bhfeighil an tí ná ní ghlacfaidh sé páirt i mbainisteoireacht an tí le linn tréimhse ina mbeidh bord sláinte nó duine a cheapfaidh an bord i bhfeighil an tí agus á bhainisteoireacht faoin alt seo.

[EN]

(d) Maidir leis an méid a íocfaidh bord sláinte le duine a cheapfaidh sé faoi mhír (a) faoi choinne tuarastal an duine is iníoctha ag an mbord faoi théarmaí an cheapacháin, féadfaidh an bord, más cuí leis sin, an méid sin a ghnóthú ó dhílseánach cláraithe an tí banaltrais lena mbaineann mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

[EN]

(2) (a) I gcás gur deimhin leis an gCúirt Dúiche, ar iarratas chuici chuige sin ag bord sláinte, go bhfuil mainneachtain á dhéanamh na rialacháin a chomhlíonadh i gcás tí banaltrais i limistéar feidhmiúcháin an bhoird, féadfaidh an Chúirt sin ordú (dá ngairtear “ordú bainisteoireachta” san fho-alt seo ina dhiaidh seo) a dhéanamh á údarú don bhord sláinte dul i bhfeighil an tí agus é a bhainisteoireacht, agus, chun na críche sin, cibé duine a cheapadh a chinnfidh an bord chun an teach a bhainisteoireacht agus dul ina fheighil thar a cheann ar feadh cibé tréimhse, nach faide ná trí mhí, a bheidh sonraithe san ordú.

[EN]

(b) Aon iarratas faoi mhír (a) féadfar é a dhéanamh iar bhfógra chuig dílseánach cláraithe an tí banaltrais lena mbaineann nó ex parte, ach ní bheidh an tréimhse a bheidh sonraithe in ordú bainisteoireachta a dhéanfar de bhun iarratais arna dhéanamh ex parte, níos faide ná dhá sheachtain.

[EN]

(c) Féadfar ordú bainisteoireachta a dhéanamh ó am go ham maidir le teach banaltrais áirithe.

[EN]

(d) Déanfaidh breitheamh na Cúirte Dúiche a bheidh sannta de thuras na huaire don dúiche Chúirte Dúiche ina bhfuil an teach banaltrais lena mbaineann suite an dlínse a thugtar don Chúirt Dúiche leis an bhfo-alt seo a fheidhmiú.

[EN]

Boird sláinte do chur daoine amach ar lóistín.

10.—(1) Féadfaidh bord sláinte de réir rialachán faoin alt seo comhshocraíocht a dhéanamh agus a chur i gcrích chun duine lena mbaineann an t-alt seo a chur amach ar lóistín i dteaghais phríobháideach cibé acu atá an teaghais suite laistigh nó lasmuigh de limistéar feidhmiucháin an bhoird, agus féadfaidh an chomhshocraíocht foráil a dhéanamh chun go n-íocfar na costais go léir nó cuid de na costais a thig ón gcur amach ar lóistín ag an mbord.

[EN]

(2) (a) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo agus féadfaidh na rialacháin, gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, foráil a dhéanamh—

[EN]

(i) chun teaghaisí a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid le haghaidh daoine a chur amach ar lóistín faoin alt seo a iniúchadh, agus thairis sin chun na rialacháin a fhorfheidhmiú agus a fhorghníomhú, ag na boird sláinte lena mbaineann agus ag a n-oifigigh,

[EN]

(ii) chun go ndéanfaidh na boird sláinte lena mbaineann agus a n-oifigigh cothabháil, aireachas agus leas na ndaoine atá curtha amach ar lóistín faoin alt seo a mhaoirsiú,

[EN]

(iii) chun íocaíochtaí a dhéanamh, agus le haghaidh méideanna na n-íocaíochtaí sin, ag boird sláinte le daoine maidir le daoine a chur amach ar lóistín leis na daoine sin faoin alt seo,

[EN]

(iv) chun an líon uasta daoine is féidir a chur amach ar lóistín i dteaghais aonair faoin alt seo a shocrú, agus

[EN]

(v) chun agallaimh (lena n-áirítear agallaimh phríobháideacha) a dhéanamh agus a sheoladh le daoine i dteaghais (lena n-áirítear aon daoine atá fostaithe sa teaghais) má bhíonn cúis réasúnach ag an mbord sláinte lena mbaineann lena chreidiúint nach bhfuil duine atá curtha amach ar lóistín aige faoin alt seo sa teaghais ag fáil cothabhála nó aireachais chuí nó nach bhfuil an duine ar ina theaghais atá sé curtha amach ar lóistín ag tabhairt aird chuí ar a leas.

[EN]

(b) Aon duine a bhacfaidh go toiliúil bord sláinte nó oifigeach do bhord sláinte nó a chuirfidh isteach go toiliúil orthu le linn dóibh a bheith ag comhlíonadh feidhmeanna faoi rialacháin faoin alt seo nó a mhainneoidh nó a dhiúltóidh ceanglas de chuid boird sláinte nó de chuid oifigigh do bhord sláinte faoi rialacháin den sórt sin a chomhlíonadh beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

(3) Ní dhéanfar duine cleithiúnach a aireachasú ná a chothabháil le haghaidh brabúis i dteaghais ina bhfuil duine curtha amach ar lóistín faoin alt seo.

[EN]

(4) Ní dochar an t-alt seo do chumhachtaí boird sláinte faoi alt 209 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945.

[EN]

(5) San alt seo ciallaíonn “duine lena mbaineann an t-alt seo”, i ndáil le bord sláinte, duine a bhfuil a ghnáth-áit chónaithe i limistéar feidhmiúcháin an bhoird agus ar cheart, i dtuairim an bhoird, ag féachaint dá acmhainn agus dá dhálaí, é a chur amach ar lóistín faoin alt seo agus a thoilíonn a bheith curtha amach ar lóistín amhlaidh.

[EN]

Pionóis.

11.—Duine atá ciontach i gcion faoin Acht seo—

[EN]

(a) dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí mhí, nó iad araon, a chur air,

[EN]

(b) dlífear, ar é a chiontú ar díotáil i gcion faoi alt 3, fíneáil nach mó ná £50,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó iad araon, a chur air.

[EN]

Forálacha maidir le cionta.

12.—(1) Féadfar imeachtaí i leith ciona achomair faoin Acht seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh ag an mbord sláinte ar ina limistéar feidhmiúcháin atá an teach banaltrais lena mbaineann an cion nó, de réir mar a bheidh, ag an mbord sláinte a rinne agus a chuir i gcrích an chomhshocraíocht don chur amach ar lóistín lena mbaineann an cion.

[EN]

(2) D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achoimre i leith ciona faoin Acht seo a thionscnamh laistigh de 12 mhí ó dháta an chiona.

[EN]

(3) I gcás cion faoin Acht seo a bheith déanta ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh an cion amhlaidh le toiliú nó le cúlcheadú, nó go raibh sé inchurtha i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile ar an gcomhlacht corpraithe, nó duine a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin, i dteannta an chomhlachta chorpraithe, ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a shaothrú ina choinne agus é a phionósú amhail is dá mbeadh sé ciontach sa chion céadluaite.

[EN]

(4) Is feidhmeanna de chuid phríomh-oifigeach feidhmiúcháin na mbord sláinte lena mbaineann agus de chuid daoine a ghníomhaíonn mar leasphríomh-oifigigh feidhmiúcháin na mbord sin de réir alt 13 den Acht Sláinte, 1970, na feidhmeanna a thugtar le fo-alt (1).

[EN]

Cosaint.

13.—Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní a údaraíonn aon duine a ghlacadh agus a aireachasú i gcás ina sáródh an glacadh agus an t-aireachasú sin aon fhoráil atá sna hAchtanna Meabhair-Ghalar, 1945 go 1966.

[EN]

Rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

14.—Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán sin,

[EN]

Aisghairm.

15.—(1) Aisghairtear leis seo Acht 1964 agus, faoi réir fho-alt (2), alt 54 den Acht Sláinte, 1970.

[EN]

(2) Ní bheidh feidhm ag aisghairm an ailt sin 54 i ndáil le daoine (lena n-áirítear leanaí) a raibh seirbhísí á soláthar dóibh de bhun comhshocraíochta faoin alt sin díreach roimh thosach feidhme an Achta seo.

[EN]

Caiteachais.

16.—Déanfar caiteachais an Aire faoin Acht seo a íoc, a mhéid a shonróidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú, comhlua agus tosach feidhme.

17.—(1) Féadfar an tAcht Sláinte (Tithe Banaltrais), 1990, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Déanfar na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1986, an tAcht Sláinte (Leasú), 1987, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1990, a ghairm díobh le chéile.

[EN]

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.