Uimhir 25 de 1961.
AN tACHT AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR, 1961.
[An tiontú oifigiúil.]
Léiriú.
1. San Acht seo—
ciallaíonn “an Chuideachta” Aer Rianta, Teoranta, is é sin, an Chuideachta a bunaíodh de bhun alt 68 den Acht um Aer-Loingseoireacht agus Aer-Iompar, 1936;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Iompair agus Cumhachta.
Caipiteal na Cuideachta a mhéadú.
2.—Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 21 den Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1946, a leasú trí “£13,000,000 (trí mhilliún déag punt) arna roinnt ina thrí mhilliún déag scaireanna de phunt an ceann” a chur in ionad “£10,000,000 (deich milliún punt) arna roinnt ina dheich milliún scaireanna de phunt an ceann” (a cuireadh isteach leis an Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair (Uimh. 2), 1959), agus déanfar aon tagairt i gCuid IV den Acht sin don alt sin 21 a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt don alt sin arna leasú leis an alt seo.
Airleacain don Chuideachta as an bPríomh-Chiste.
3.—(1) Chun an chumasú don Chuideachta a feidhmeanna a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire, cibé suimeanna (nach mó ná milliún punt san iomlán) a iarrfaidh an Chuideachta ó am go ham a thabhairt ar airleacan ó am go ham don Chuideachta as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.
(2) Na suimeanna a airleacfar faoin alt seo is chun feidhmeanna na Cuideachta agus chucu sin amháin a chaithfidh an Chuideachta iad.
(3) Beidh na suimeanna a airleacfar faoin alt seo inaisíoctha maille le hús de réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den Acht seo.
Airgead a sholáthar chun airleacain a thabhairt don Chuideachta as an bPríomh-Chiste.
4.—(1) Chun soláthar a dhéanamh le haghaidh suimeanna a airleacan as an bPríomh-Chiste faoi alt 3 den Acht seo, féadfaidh an tAire Airgeadais cibé suimeanna is gá chun na críche sin a fháil ar iasacht ar urrús an Phríomh-Chiste nó a thoradh fáis, agus féadfaidh an tAire Airgeadais, chun críocha na hiasachta sin, urrúis a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi réir cibé ráta úis agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca, fuascailte nó eile is oiriúnach leis, agus íocfaidh sé isteach sa Státchiste an t-airgead go léir a gheofar ar iasacht amhlaidh.
(2) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheidh muirear agus íoc príomhshuime agus úis aon urrús a eiseofar faoin alt seo agus muirear agus íoc an chaiteachais faoina rachfar i ndáil leis na hurrúis a eisiúint.
Us a íoc ar airleacain inaisíoctha.
5.—(1) Íocfaidh an Chuideachta leis an Aire Airgeadais ar gach suim a airleacfar chun na Cuideachta as an bPríomh-Chiste faoi alt 3 den Acht seo ús ó dháta na suime a airleacan go dtí go mbeidh an tsuim aisíoctha de réir cibé ráta a cheapfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham i leith na suime, agus íocfar an t-ús ina íocaíochtaí leathbhliantúla cibé leathanta gach bliain a cheapfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham.
(2) Má mhainníonn an Chuideachta aon ús is iníoctha aici faoin alt seo a íoc leis an Aire Airgeadais an tráth a bheidh ceaptha chuige sin faoin alt seo, íocfaidh an Chuideachta leis an Aire Airgeadais ús, de réir an ráta a cheapfaidh an tAire sin, ar an ús a bheidh gan íoc amhlaidh ón tráth a cheapfar mar a dúradh go dtí go mbeidh an t-ús a bheidh gan íoc íoctha.
(3) An t-ús go léir a íocfaidh an Chuideachta leis an Aire Airgeadais faoin alt seo íocfar isteach sa Státchiste é nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste é i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.
Airleacain inaisíoctha a aisíoc.
6.—(1) Chun soláthar a dhéanamh le haghaidh na Cuideachta d'aisíoc na n-airleacan a bheidh tugtha di as an bPríomh-Chiste faoi alt 3 den Acht seo, íocfaidh an Chuideachta leis an Aire Airgeadais íocaíochtaí leathbhliantúla a thosóidh cibé dáta, agus a leanfaidh cibé uimhir blianta, agus a mbeidh cibé méideanna iontu, agus a bheidh iníoctha cibé tráthanna a cheapfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, agus féadfar dátaí, uimhreacha blianta, suimeanna agus tráthanna éagsúla a cheapadh amhlaidh i leith codanna éagsúla de na hairleacain.
(2) Déanfaidh an tAire Airgeadais na híocaíochtaí leathbhliantúla uile agus faoi seach a bheidh le híoc ag an gCuideachta leis an Aire sin faoin alt seo a chur chun críche mar chistí fiachmhúchta chun na codanna uile agus faoi seach de na hairleacain a aisíoc arb ina leith a íocfar na híocaíochtaí leathbhliantúla agus, nuair a bheidh an uimhir iomlán íocaíochtaí leathbhliantúla a ceapadh faoin alt seo i leith aon chuid de na hairleacain (maraon le haon ús a bheidh tagtha chun bheith iníoctha faoin alt seo i leith aon cheann nó cinn de na híocaíochtaí leathbhliantúla) íoctha ag an gCuideachta leis an Aire sin, measfar an chuid sin de na hairleacain a bheith aisíoctha go hiomlán ag an gCuideachta, gan dochar do dhliteanas na Cuideachta maidir le haon ús a bheidh gan íoc an tráth sin i leith na coda sin de na hairleacain.
(3) Má mhainníonn an Chuideachta aon íocaíocht leathbhliantúil nó cuid d'íocaíocht leathbhliantúil is iníoctha aici leis an Aire Airgeadais faoin alt seo a íoc leis an Aire sin an tráth a bheidh ceaptha chuige sin faoin alt seo, íocfaidh an Chuideachta leis an Aire sin ar an íocaíocht leathbhliantúil nó ar an gcuid d'íocaíocht leathbhliantúil ús de réir cibé ráta a cheapfaidh an tAire sin ó am go ham ina leith sin ón tráth a bheidh ceaptha mar a dúradh go dtí go mbeidh an íocaíocht nó an chuid íoctha.
(4) Déanfar an t-airgead go léir a íocfaidh an Chuideachta leis an Aire Airgeadais faoin alt seo mar aisíoc ar airleacain a íoc isteach sa Státchiste.
(5) Déanfar na suimeanna go léir a íocfaidh an Chuideachta leis an Aire Airgeadais faoin alt seo ar scór úis a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.
Gearrtheideal agus comhlua.
7.—(1) Féadfar an tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1961, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1961, a ghairm de na hAchtanna Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1959, agus den Acht seo le chéile.