[EN]

Uimhir 25 de 1972


[EN]

AN tACHT UM CHLÁRÚ BREITHEANNA, BÁSANNA AGUS PÓSTAÍ, 1972

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM CHLÁRÚ BREITHEANNA AGUS BÁSA, 1863 GO 1952, AGUS DO DHÉANAMH FORÁLA LE hAGHAIDH LEASUITHE ÁIRITHE AR ACHTACHÁIN A BHAINEANN LE CLÁRÚ PÓSTAÍ. [29 Samhain, 1972] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Mínithe.

1970, Uimh. 1.

1.—San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchta um Chlárú Breitheanna agus Bása, 1863 go 1952;

[EN]

ciallaíonn “bord sláinte” bord sláinte arna bhunú faoin Acht Sláinte, 1970.

[EN]

Cláraitheoirí a cheapadh.

1863, c. 11.

2.—(1) I gcás folúntas a bheith in oifig chláraitheoir na mbreitheanna agus na mbásanna do cheantar cláraitheachta ar dháta an Achta seo a rith nó go dtarlóidh folúntas ina dhiaidh sin—

[EN]

(a) déanfaidh príomh-oifigeach feidhmiúcháin an bhoird sláinte ar ina limistéar feidhme atá an ceantar cláraitheachta, faoi réir cibé treoracha a bheidh eisithe ó am go ham ag an Ard-Chláraitheoir, duine a cheapadh le bheith ina chláraitheoir don cheantar cláraitheachta sin;

[EN]

(b) scoirfidh alt 23 den Registration of Births and Deaths (Ireland), Act, 1863, ó thosach an ailt go dtí “as the case may be, of the dispensary district”, d'éifeacht a bheith aige maidir leis an gceantar cláraitheachta sin.

[EN]

(2) Ní oifig faoi bhord sláinte a bheidh in oifig chláraitheora.

[EN]

Údarás chun breith nó bás a chlárú gan freastal ná síniú an fhaisnéisí.

3.—I gcás gan aon duine de na daoine a bhfuil sé de dhualgas orthu faoi na hAchtanna eolas a thabhairt do chláraitheoir ar na sonraí a bheidh le clárú maidir le breith nó bás a bheith ar fáil chun freastal in oifig an chláraitheora agus chun an clár a shíniú nó nach bhféadfadh sin a dhéanamh gan dua míchuí, féadfaidh an tArd-Chláraitheoir, más deimhin leis gur cóir sin sna himthosca agus ar an eolas is gá a bheith curtha faoina bhráid, a údarú don chláraitheoir agus a cheangal air an bhreith nó an bás a chlárú gan aon duine de na daoine sin freastal ná síniú.

[EN]

Breitheanna agus básanna áirithe lasmuigh den Stát a chlárú.

4.—(1) Baineann an t-alt seo le breith linbh lasmuigh den Stát is leanbh le saoránach Éireannach a bhfuil sainchónaí air sa Stát agus le bás, lasmuigh den Stát, saoránaigh d'Éirinn, a raibh sainchónaí air sa Stát, i gcás—

[EN]

(a) nach raibh ann tráth na breithe, córas cláraithe breitheanna nó nach raibh ann tráth an bháis, córas cláraithe básanna, nó

[EN]

(b) nach bhfuil fáil ar chóipeanna de thaifid shibhialta na breithe nó an bháis ná ar shleachta astu.

[EN]

(2) Féadfaidh an tArd-Chláraitheoir, ar cibé fianaise is dóigh leis a bheith sásúil a bheith tugtha ar aird, a chur faoi deara breith nó bás lena mbaineann an t-alt seo a chlárú sa chlár iomchuí a bheidh le cothabháil in Oifig an Ard-Chláraitheora.

[EN]

(3) Measfar gur cláir arna gcothabháil faoi na hAchtanna an clár ina dtaifeadfar breith agus an clár ina dtaifeadfar bás faoi fho-alt (2), agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag na hAchtanna.

[EN]

(4) Tar éis dáta an Achta seo a rith, ní dhéanfar taifid ar bith sa Chlár Coigríche a choimeádtar de bhun alt 41 den Registration of Births and Deaths (Ireland) Act, 1863.

[EN]

Achtacháin áirithe a leasú, a oiriúnú agus a mhodhnú.

1863, c. 90.

1880, c.13.

5.—(1) Féadfaidh an tAire Sláinte an fhoirm agus an modh ar dá réir a dhéanfar an t-eolas is gá a chlárú maidir le breith, bás nó pósadh a bhailiú agus a chothabháil agus an duine atá leis an eolas a thabhairt a fhorordú le rialacháin agus féadfaidh sé chun na gcríocha sin cibé leasuithe ar na forálacha seo a leanas agus cibé oiriúnuithe agus modhnuithe is gá orthu a dhéanamh le rialacháin :

[EN]

(a) ailt 15, 16, 30, 47 agus 48 den Registration of Births and Deaths (Ireland) Act, 1863;

[EN]

(b) ailt 6, 13, 14 agus 15 den Registration of Marriages (Ireland) Act, 1863; agus

[EN]

(c) ailt 1, 10, 11 agus 27 den Births and Deaths Registration Act (Ireland), 1880.

[EN]

(2) Déanfar gach rialachán faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá reir sin ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán sin.

[EN]

Leasú ar alt 28 den Births and Deaths Registration Act (Ireland), 1880.

6.—Leasaítear leis seo alt 28 den Births and Deaths Registration Act (Ireland), 1880, trí “or of a registration made on the authority of an tArd-Chláraitheoir” a chur isteach i ndiaidh “in pursuance of section six of this Act”.

[EN]

Leasú ar alt 2 (5) den Acht um Staidreamh Beatha agus um Chlárú Breitheanna, Bása agus Póstaí, 1952.

1952, Uimh. 8.

7.—Ní oibreoidh alt 2 (5) den Acht um Staidreamh Beatha agus um Chlárú Breitheanna, Bása agus Póstaí, 1952, chun cosc a chur le heolas lena mbaineann an fo-alt sin a nochtadh do dhaoine atá ag gabháil do thaighde liachta nó do thaighde sóisialta nó do dhochtúirí oifigiúla bord sláinte i gcás go dtoilíonn an tAire Sláinte leis an nochtadh sin agus de réir téarmaí an toilithe.

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

8.—(1) Féadfar an tAcht um Chlárú Breitheanna, Básanna agus Póstaí, 1972, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Déanfar na hAchtanna agus cibé méid den Acht seo a bhaineann le clárú breitheanna agus básanna a fhorléiriú le chéile mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Chlárú Breitheanna agus Básanna, 1863 go 1972, a ghairm díobh le chéile.