[EN]

Uimhir 26 de 1960.


[EN]

AN tACHT UM GHALAIR AINMHITHE, 1960.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ NA nACHTANNA UM GHALAIR AINMHITHE, 1894 GO 1957. [26 Iúil, 1960.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

An Príomh. Acht.

1894, c. 57.

1.—San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an Diseases of Animals Act, 1894, arna leasú nó arna oiriúnú le hachtacháin ina dhiaidh sin nó fúthu.

[EN]

Na suimeanna iomlána is intobhaigh faoi alt 71 den Phríomh-Acht.

1954. Uimh. 6.

2.—Scoirfidh an oiread sin d'alt 1 den Acht um Ghalair Ainmhithe, 1954, a shocraíonn an tsuim iomlán a fhéadfar a thobhach faoi alt 71 den Phríomh-Acht d'éifeacht a bheith aige maidir le suimeanna a thoibheofar amhlaidh tar éis an tAcht seo a rith, agus ina ionad sin achtaítear leis seo nach mbeidh an tsuim iomlán a fhéadfar a thobhach amhlaidh tar éis an tAcht seo a rith níos mó ná suim is comhionann le puntáiste ceithre phingin sa phunt ar ghlanluach bliantúil na maoine i gcontaetha riaracháin uile an Stáit.

[EN]

An Ciste Ginearálta Galar Eallaigh a fhoirceannadh.

1878, c, 74.

3.—(1) Foirceannfar, an 31ú lá de Mhárta, 1963, an Ciste Ginearálta Galar Eallaigh (dá ngairtear an Ciste san alt seo) a bunaíodh leis an Contagious Diseases (Animals) Act, 1878, agus a coimeádadh ar bun le halt 71 den Phríomh-Acht.

[EN]

(2) Déanfar aon iarmhéid a bheidh i gcreidiúnas don Chiste an 31ú lá de Mhárta, 1963, agus aon airgead dob iníoctha isteach sa Chiste tar éis an lae sin mura mbeadh an t-alt seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur de láimh ar mhaithe leis an Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

[EN]

Alt 72 den Phríomh-Acht do scor.

4.—An lú lá d'Aibreán, 1961, scoirfidh fo-ailt (1), (2) agus (3) d'alt 72 den Phríomh-Acht d'éifeacht a bheith acu ach amháin i gcás caiteachas faoina ndeachaigh údarás áitiúil roimh an lá sin i modh luach saothair, costais, liúntas nó cúitimh dob iníoctha ag an údarás de réir an Achta sin.

[EN]

Leasuithe ar an Acht um Ghalair Ainmhithe (Eitinn Bhólachta), 1957.

1957, Uimh. 14.

5.—(1) Leasaítear leis seo an tAcht um Ghalair Ainmhithe (Eitinn Bhólachta), 1957

[EN]

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach in alt 1 in ionad an mhínithe ar “limistéir chreidiúnaithe”:

[EN]

“tá le ‘limistéar dearbhghlan’ an bhrí a shonraítear i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 2;”,

[EN]

(b) trí “dearbhghlana” a chur isteach i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 2 agus i bhfo-alt (2) d'alt 5 in ionad “creidiúnaithe”, agus trí “dhearbhghlan” a chur isteach i mír (c) d'fho-alt (I) d'alt 2 in ionad “chreidiúnaithe”, agus i bhfo-alt (2) d'alt 2 agus i mír (a) agus i mír (b) d'fho-alt (3) d'alt 5, in ionad “chreidiúnaithe”, agus

[EN]

(c) trí “Clár na mBólacht Dearbhghlan” a chur isteach i bhfo-alt (1) d'alt (5) in ionad “Clár na mBólacht Creidiúnaithe”.

[EN]

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Talmhaíochta le hordú.

[EN]

Aisghairm.

6.—(1) Déantar leis seo na hachtacháin a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

[EN]

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an lú lá d'Aibreán, 1963.

[EN]

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

7.—(1) Féadfar an tAcht um Ghalair Ainmhithe, 1960, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna um Ghalair Ainmhithe, 1894 go 1960, a ghairm de na hAchtanna um Ghalair Ainmhithe, 1894 go 1957, agus den Acht seo le chéile.

[EN]

(3) Léifear agus forléireofar an tAcht seo agus na hAchtanna um Ghalair Ainmhithe, 1894 go 1957, mar aon ní amháin.

[EN]

AN SCEIDEAL.

Achtacháin a Aisghairtear.

Alt. 6.

Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

57 & 58 Vic., c. 57

Diseases of Animals Act, 1894.

Alt 71 (ach amháin fo-alt (3)), fo-alt (4) d'alt 72, alt 73 agus an Dara Sceideal.

Uimh. 2 de 1945.

An tAcht um Ghalair Ainmhithe, 1945.

Alt 9.