Uimhir 26 de 1960.
[EN]
AN tACHT UM GHALAIR AINMHITHE, 1960.
[An tiontú oifigiúil.]
ACHT DO LEASÚ NA nACHTANNA UM GHALAIR AINMHITHE, 1894 GO 1957. [26 Iúil, 1960.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]An Príomh. Acht.
1894, c. 57.
1.—San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an Diseases of Animals Act, 1894, arna leasú nó arna oiriúnú le hachtacháin ina dhiaidh sin nó fúthu.
[EN]Na suimeanna iomlána is intobhaigh faoi alt 71 den Phríomh-Acht.
1954. Uimh. 6.
2.—Scoirfidh an oiread sin d'alt 1 den Acht um Ghalair Ainmhithe, 1954, a shocraíonn an tsuim iomlán a fhéadfar a thobhach faoi alt 71 den Phríomh-Acht d'éifeacht a bheith aige maidir le suimeanna a thoibheofar amhlaidh tar éis an tAcht seo a rith, agus ina ionad sin achtaítear leis seo nach mbeidh an tsuim iomlán a fhéadfar a thobhach amhlaidh tar éis an tAcht seo a rith níos mó ná suim is comhionann le puntáiste ceithre phingin sa phunt ar ghlanluach bliantúil na maoine i gcontaetha riaracháin uile an Stáit.
[EN]An Ciste Ginearálta Galar Eallaigh a fhoirceannadh.
1878, c, 74.
3.—(1) Foirceannfar, an 31ú lá de Mhárta, 1963, an Ciste Ginearálta Galar Eallaigh (dá ngairtear an Ciste san alt seo) a bunaíodh leis an Contagious Diseases (Animals) Act, 1878, agus a coimeádadh ar bun le halt 71 den Phríomh-Acht.
[EN](2) Déanfar aon iarmhéid a bheidh i gcreidiúnas don Chiste an 31ú lá de Mhárta, 1963, agus aon airgead dob iníoctha isteach sa Chiste tar éis an lae sin mura mbeadh an t-alt seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur de láimh ar mhaithe leis an Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.
[EN]Alt 72 den Phríomh-Acht do scor.
4.—An lú lá d'Aibreán, 1961, scoirfidh fo-ailt (1), (2) agus (3) d'alt 72 den Phríomh-Acht d'éifeacht a bheith acu ach amháin i gcás caiteachas faoina ndeachaigh údarás áitiúil roimh an lá sin i modh luach saothair, costais, liúntas nó cúitimh dob iníoctha ag an údarás de réir an Achta sin.
[EN]Leasuithe ar an Acht um Ghalair Ainmhithe (Eitinn Bhólachta), 1957.
5.—(1) Leasaítear leis seo an tAcht um Ghalair Ainmhithe (Eitinn Bhólachta), 1957—
[EN](a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach in alt 1 in ionad an mhínithe ar “limistéir chreidiúnaithe”:
[EN]“tá le ‘limistéar dearbhghlan’ an bhrí a shonraítear i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 2;”,
[EN](b) trí “dearbhghlana” a chur isteach i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 2 agus i bhfo-alt (2) d'alt 5 in ionad “creidiúnaithe”, agus trí “dhearbhghlan” a chur isteach i mír (c) d'fho-alt (I) d'alt 2 in ionad “chreidiúnaithe”, agus i bhfo-alt (2) d'alt 2 agus i mír (a) agus i mír (b) d'fho-alt (3) d'alt 5, in ionad “chreidiúnaithe”, agus
[EN](c) trí “Clár na mBólacht Dearbhghlan” a chur isteach i bhfo-alt (1) d'alt (5) in ionad “Clár na mBólacht Creidiúnaithe”.
[EN](2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Talmhaíochta le hordú.
[EN]Aisghairm.
6.—(1) Déantar leis seo na hachtacháin a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.
[EN](2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an lú lá d'Aibreán, 1963.
[EN]Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.
7.—(1) Féadfar an tAcht um Ghalair Ainmhithe, 1960, a ghairm den Acht seo.
[EN](2) Féadfar na hAchtanna um Ghalair Ainmhithe, 1894 go 1960, a ghairm de na hAchtanna um Ghalair Ainmhithe, 1894 go 1957, agus den Acht seo le chéile.
[EN](3) Léifear agus forléireofar an tAcht seo agus na hAchtanna um Ghalair Ainmhithe, 1894 go 1957, mar aon ní amháin.
[EN]AN SCEIDEAL.
Achtacháin a Aisghairtear.
Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAisghairme |
57 & 58 Vic., c. 57 | Diseases of Animals Act, 1894. | Alt 71 (ach amháin fo-alt (3)), fo-alt (4) d'alt 72, alt 73 agus an Dara Sceideal. |
Alt 9. |