[EN]

Uimhir 28 de 1961.


[EN]

AN tACHT ÁRACHAIS, 1961.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN GO MÉADÓFAR COMHIOMLÁN NA nDLITEANAS A bhFÉADFAIDH AN tAIRE TIONSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA DUL FÚTHU FAOIN ACHT ÁRACHAIS, 1953, I nDÁIL LE RÁTHAÍOCHTAÍ A THABHARFAIDH AN tAIRE SIN MAIDIR LE hÁRACHÚ FIONTAR A BHAINEANN LE TRÁDÁIL EACHTRACH. [3 Lúnasa, 1961.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Alt 2 den Acht Árachais, 1953, a leasú.

1953, Uimh. 7.

1.—Leasaítear leis seo alt 2 den Acht Arachais, 1953, trí “cúig mhilliún punt” a chur in ionad “dhá mhilliún punt” i bhfo-alt (3).

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

2.—(1) Féadfar an tAcht Arachais, 1961, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna Arachais, 1909 go 1961, a ghairm de na hAchta Arachais, 1909 go 1953, agus den Acht seo le chéile.