[EN]

harp.jpg


Uimhir 28 de 1986


[EN]

AN tACHT UM CHRANNCHUR NÁISIÚNTA, 1986


RIAR NA nALT

Alt

1.

Mínithe.

2.

Cumhacht an Aire an Crannchur Náisiúnta a dhéanamh nó a chur faoi deara é a dhéanamh.

3.

An tAire do dheonú ceadúnais chun an Crannchur Náisiúnta a dhéanamh.

4.

Duaiseanna sa Chrannchur Náisiúnta.

5.

Glanfháltais an Chrannchuir Náisiúnta a chur chun feidhme.

6.

Grinnbhreathnú neamhspleách ar an gCrannchur Náisiúnta arna dhéanamh ag an gCuideachta.

7.

Ticéid Chrannchuir Náisiúnta a dhíol.

8.

Ciste an Chrannchuir Náisiúnta.

9.

Luach saothair a íoc le ceadúnaí.

10.

An Chuideachta.

11.

Meabhrán comhlachais na Cuideachta.

12.

Airteagail chomhlachais na Cuideachta.

13.

Athrú ar mheabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais na Cuideachta.

14.

Stiúrthóirí na Cuideachta.

15.

Stiúrthóirí nó foireann na Cuideachta a bheith ina gcomhaltaí de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Thionól na gComhphobal Eorpach.

16.

An Chuideachta d'fháil iasachtaí.

17.

Foráil i ndáil le maoin áirithe de chuid na Cuideachta.

18.

Cuntais na Cuideachta agus iniúchadh.

19.

An Chuideachta do thabhairt tuarascáil bhliantúil agus faisnéise don Aire.

20.

An tAire d'fháil scaireanna sa Chuideachta.

21.

An tAire do shealbhú agus do dhíol scaireanna sa Chuideachta.

22.

Cumhachtaí an Aire mar scairshealbhóir sa Chuideachta.

23.

Srian le diúscairt scaireanna áirithe sa Chuideachta.

24.

Srian le heisiúint scaireanna sa Chuideachta.

25.

Díbhinní, etc., a íoc isteach sa Státchiste.

26.

Oibleagáid scaireanna áirithe sa Chuideachta a shealbhú ar iontaobhas don Aire.

27.

Scaireanna a bhí á sealbhú ag stiúrthóirí agus comhaltaí áirithe de chuid na Cuideachta do dhílsiú don Aire ar bhás, etc., dóibh.

28.

Scéimeanna le haghaidh cluichí crannchuir sa Chrannchur Náisiúnta.

29.

Orduithe don Chuideachta ón Aire.

30.

Cumhachtaí speisialta an Aire i ndáil leis an gCuideachta.

31.

Forálacha i ndáil leis na hainmneacha “Crannchur Náisiúnta” agus “Crannchur Náisiúnta na hÉireann”.

32.

An Crannchur Náisiúnta a bheith díolmhaithe ó na hAchtanna um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956 go 1979.

33.

Srianadh alt 22, agus cumhacht an Aire Dlí agus Cirt ailt 27 agus 28 den Acht um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956, a leasú.

34.

Rialacháin.

35.

Caiteachais.

36.

Gearrtheideal agus comhlua.

Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Eadrána, 1954

1954, Uimh. 26

An tAcht Ealaíon, 1951

1951, Uimh. 9

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1985

An tAcht um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956

1956, Uimh. 2

Na hAchtanna um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956 go 1979

An tAcht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977

1977, Uimh. 30

An tAcht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984

1984, Uimh. 6

harp.jpg


Uimhir 28 de 1986


AN tACHT UM CHRANNCHUR NÁISIÚNTA, 1986

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN CRANNCHUR NÁIS-IÚNTA A DHÉANAMH AG AN AIRE AIRGEADAIS NÓ THAR A CHEANN, DO LEASÚ NA nACHTANNA UM CHEARRBHACHAS AGUS CRANNCHUIR, 1956 GO 1979, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE NITHE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE.

[15 Iúil, 1986]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Mínithe.

1.—San Acht seo—

[EN]

tá le “an Chuideachta” an bhrí a shanntar dó le halt 10 den Acht seo;

[EN]

tá le “cuideachta”, “stiúrthóir”, “scair” agus “fochuideachta” na bríonna a shanntar dóibh faoi seach le hAcht na gCuideachtaí, 1963;

[EN]

ciallaíonn “an Ciste” Ciste an Chrannchuir Náisiúnta a bhunaítear faoi alt 8 den Acht seo;

[EN]

folaíonn “déanamh”, i ndáil le crannchur náisiúnta, é a bhunú, a chur chun cinn, a eagrú agus a stiúradh;

[EN]

ciallaíonn “ceadúnas” ceadúnas faoi alt 3 den Acht seo;

[EN]

ciallaíonn “ceadúnaí” sealbhóir ar cheadúnas a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire;

[EN]

ciallaíonn “cluiche crannchuir” aon chluiche, comórtas nó nós imeachta eile ina ndéantar, nó trína ndéantar, duaiseanna (cibé acu ar duaiseanna airgid nó duaiseanna eile iad) a dháileadh trí chrannadh nó trí sheans ar dhaoine a bheidh páirteach sa chluiche, sa chomórtas nó sa nós imeachta eile;

[EN]

ciallaíonn “bainisteoir” duine arna cheapadh faoi alt 30 (2) den Acht seo i ndáil leis an gCuideachta;

[EN]

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais;

[EN]

ciallaíonn “an Crannchur Náisiúnta” aon chluiche crannchuir nó teaglaim de chluichí crannchuir arna dhéanamh ag an Aire nó arna dhéanamh faoi cheadúnas de réir na rialacha i scéim faoi alt 28 (1) den Acht seo i ndáil leis an gcluiche sin nó le gach ceann de na cluichí sin;

[EN]

ciallaíonn “ticéad Crannchuir Náisiúnta” ticéad a thugann teideal dá úinéir bheith páirteach sa Chrannchur Náisiúnta;

[EN]

ciallaíonn “ticéad buaiteach” ticéad a bhfuil a úinéir i dteideal duaise sa Chrannchur Náisiúnta.

[EN]

Cumhacht an Aire an Crannchur Náisiúnta a dhéanamh nó a chur faoi deara é a dhéanamh.

2.—(1) Féadfaidh an tAire an Crannchur Náisiúnta a dhéanamh nó a chur faoi deara é a dhéanamh de réir fhorálacha an Achta seo, ach ní dhéanfaidh an tAire cluiche crannchuir ná ní chuirfidh sé faoi deara (ar shlí seachas faoin gceadúnas) cluiche crannchuir a dhéanamh tráth a bheidh ceadúnas i bhfeidhm.

[EN]

(2) Beidh ag an Aire na cumhachtaí sin go léir is gá nó is fóirsteanach chun go ndéanfaidh sé an Crannchur Náisiúnta agus beidh feidhm agus éifeacht le forálacha an Achta seo maidir leis an gCrannchur Náisiúnta má dhéanann an tAire é agus nuair a dhéanfaidh sé é, fara aon mhodhnuithe nó coigeartuithe is gá i ndáil leis an gCrannchur Náisiúnta má dhéantar amhlaidh é agus nuair a dhéanfar amhlaidh é agus i ndáil leis an Aire, mar atá feidhm agus éifeacht leo i ndáil leis an gCrannchur Náisiúnta a bheidh arna dhéanamh ag an gCuideachta agus i ndáil leis an gCuideachta.

[EN]

An tAire do dheonú ceadúnais chun an Crannchur Náisiúnta a dhéanamh.

3.—(1) (a) Féadfaidh an tAire ceadúnas a dheonú do dhuine á údarú an Crannchur Náisiúnta a dhéanamh thar ceann an Aire.

[EN]

(b) Ní bheidh níos mó ná ceadúnas amháin faoin bhfo-alt seo i bhfeidhm tráth ar bith.

[EN]

(2) An tráth a rachaidh ceadúnas in éag nó a chúlghairfear é, nó aon tráth dá éis sin, féadfaidh an tAire ceadúnas eile a dheonú faoi fho-alt (1) den alt seo don duine arbh é an sealbhóir é ar an gceadúnas céadluaite.

[EN]

(3) Nuair a dheonaítear ceadúnas do dhuine den chéad uair, is é a bheidh i ré an cheadúnais cibé tréimhse, nach faide ná 10 mbliana, a chinnfidh an tAire; is é a bheidh i ré aon cheadúnais dá éis sin a dheonófar don duine cibé tréimhse a chinnfidh an tAire.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire cibé téarmaí agus coinníollacha is dóigh leis is gá nó is fóirsteanach, agus a shonróidh sé sa cheadúnas, a chur ag gabháil le ceadúnas agus féadfaidh sé, tráth ar bith le linn tréimhse bailíochta ceadúnais, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don cheadúnaí, téarmaí nó coinníollacha an cheadúnais a leasú nó téarmaí nó coinníollacha a chur isteach ann nó a scriosadh as.

[EN]

(5) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, ar chúiseanna is dóigh leis is leor agus a bheidh sonraithe i bhfógra i scríbhinn a thabharfar don cheadúnaí, ceadúnas a chúlghairm.

[EN]

(6) Ní dheonóidh an tAire ceadúnas do dhuine mura deimhin leis go bhfuil an duine oiriúnach agus inniúil chun an Crannchur Náisiúnta a dhéanamh nó, de réir mar a bheidh, chun a chur faoi deara é a dhéanamh.

[EN]

(7) Is i scríbhinn a bheidh ceadúnas agus déarfar ann go n-údaraítear do chuideachta, arb í an ceadúnaí nó fochuideachta don cheadúnaí í, nó, i gcás nach cuideachta an ceadúnaí, do chuideachta a bheadh, dá mba chuideachta an ceadúnaí, ina fochuideachta don cheadúnaí, an Crannchur Náisiúnta a dhéanamh thar ceann an Aire.

[EN]

Duaiseanna sa Chrannchur Náisiúnta.

4.—(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, is í an Chuideachta a chinnfidh líon, foirm (cibé acu an suimeanna airgid nó eile iad) agus luach na nduaiseanna a bheidh le dáileadh sa Chrannchur Náisiúnta.

[EN]

(2) Is é a bheidh i luach iomlán na nduaiseanna a dháilfear sa Chrannchur Náisiúnta in aon bhliain airgeadais de chuid na Cuideachta, agus bliain amháin a ghlacadh le bliain eile, méid nach lú ná 40 faoin gcéad den airgead go léir a fuair an Chuideachta an bhliain sin i leith ticéad Crannchuir Náisiúnta a díoladh an bhliain sin.

[EN]

Glanfháltais an Chrannchuir Náisiúnta a chur chun feidhme.

5.—(1) Déanfar airgead a íocfar isteach sa Phríomh-Chiste de bhun alt 8 den Acht seo a chur chun feidhme—

[EN]

(a) chun críocha cibé ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas, agus i cibé méideanna, a chinnfidh an Rialtas ó am go ham, is é sin le rá, spórt agus caitheamh aimsire eile, an cultúr náisiúnta (lena n-áirítear an Ghaeilge), na healaíona (de réir bhrí an Achta Ealaíon, 1951) agus sláinte an phobail, agus

[EN]

(b) chun cibé críocha eile (más ann), agus i cibé méideanna, a chinnfidh an Rialtas ó am go ham.

[EN]

(2) Aon uair a chinnfear críoch faoi mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo, foilseofar fógra faoin gcríoch san Iris Oifigiúil.

[EN]

(3) Déanfar méideanna a bheidh ag teastáil chun críche a chinnfear faoin alt seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

[EN]

Grinnbhreathnú neamhspleách ar an gCrannchur Náisiúnta arna dhéanamh ag an gCuideachta.

6.—(1) Aon uair a dhéanfaidh an Chuideachta an Crannchur Náisiúnta, féadfaidh an tAire ó am go ham duine amháin nó breis is duine amháin a cheapadh a mbeidh d'fheidhmeanna aige nó acu stiúradh an Chrannchuir Náisiúnta i gcoitinne a scrúdú agus tuairisc a thabhairt air sin don Aire, agus chun na gcríoch sin, ach gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo, fiosrú a dhéanamh—

[EN]

(a) faoina eagrú, faoina bhainisteoireacht agus faoina nósanna imeachta,

[EN]

(b) faoin gcóras chun ticéid bhuaiteacha a roghnú agus faoi na modhanna a úsáidtear chun calaois nó cúbláil sa chóras sin a chosc agus chun a áirithiú go bhfuil sé cothrom, cruinn, éifeachtúil agus iontaofa,

[EN]

(c) faoin modh ina roghnaítear, ina n-eagraítear agus ina maoirsítear foireann na Cuideachta a bhíonn ag gabháil—

[EN]

(i) do láimhseáil nó do phróiseáil ticéad Crannchuir Náisiúnta nó uimhreacha do thicéid Chrannchuir Náisiúnta agus do roghnú ticéad Crannchuir Náisiúnta le bheith ina dticéid bhuaiteacha, agus

[EN]

(ii) do ríomhairí nó d'fheistí leictreonacha eile nó d'fheistí d'aon chineál, a úsáidtear chun críocha an Chrannchuir Náisiúnta, a shuiteáil, a oibriú, a chothabháil, a dheisiú nó a mhaoirsiú,

[EN]

(d) faoi shuiteáil, oibriú, cothabháil, deisiú agus maoirsiú ríomhairí nó feistí leictreonacha eile, nó feistí d'aon chineál, a úsáidtear chun críocha an Chrannchuir Náisiúnta,

[EN]

(e) faoi oibriú an Achta seo, agus aon rialachán faoi, i ndáil leis an gCrannchur Náisiúnta agus faoi fhorálacha an Achta seo agus aon rialachán den sórt sin a bheith nó gan a bheith á gcomhlíonadh i ndáil leis an gcéanna.

[EN]

(2) Tabharfaidh duine a bheidh ceaptha faoin alt seo tuairisc don Aire—

[EN]

(a) i gceann cibé tréimhsí (nach tréimhsí is faide ná bliain) is dóigh leis is inmhianaithe i ndáil leis na nithe a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo, agus

[EN]

(b) ó am go ham i ndáil le haon nithe eile a bhaineann leis an gCrannchur Náisiúnta, is dóigh leis is cóir a thuairisciú amhlaidh nó a bheidh sonraithe ag an Aire.

[EN]

(3) Chun críocha a fheidhmeanna faoin Acht seo, féadfaidh duine a bheidh ceaptha faoin alt seo dul isteach in áitreabh na Cuideachta agus fanacht ann gach tráth réasúnach agus beidh fáil aige, agus féadfaidh sé iniúchadh a dhéanamh, ar aon ticéid Chrannchuir Náisiúnta nó ar aon taifid a choimeádann an Chuideachta (cibé acu i bhfoirm inléite iad nó i bhfoirm eile) i ndáil leis an gCrannchur Náisiúnta agus féadfaidh sé cóipeanna a dhéanamh de na taifid nó de shleachta astu.

[EN]

(4) Déanfaidh gach stiúrthóir de chuid na Cuideachta agus gach fostaí de chuid na Cuideachta a bhfuil baint aige leis an gCrannchur Náisiúnta cibé faisnéis a bheidh ina sheilbh i ndáil leis an gCrannchur Náisiúnta agus a iarrfaidh duine a bheidh ceaptha faoin alt seo a thabhairt don duine sin.

[EN]

(5) Féadfaidh duine a bheidh ceaptha faoin alt seo, más cuí leis é, moltaí a dhéanamh don Aire i ndáil leis an gCrannchur Náisiúnta nó lena stiúradh (lena n-áirítear moladh go gceapfadh an tAire bainisteoir i ndáil leis an gCuideachta faoi alt 30, nó go dtabharfadh sé ordú don Chuideachta i ndáil le ní sonraithe, faoi alt 29 den Acht seo).

[EN]

(6) Déanfaidh an tAire an luach saothair agus aon chaiteachais is iníoctha le duine a bheidh ceaptha ag an Aire faoin alt seo a íoc as an gCiste.

[EN]

(7) Aon duine a mhainneoidh nó a dhiúltóidh déanamh de réir iarraidh arna déanamh go cuí faoi fho-alt (4) den alt seo i ndáil le faisnéis a bheidh ina sheilbh, nó a chuirfidh bac nó treampán ar dhuine a bheidh ceaptha faoi fho-alt (1) den alt seo agus é ag comhlíonadh a fheidhmeanna faoin alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air.

[EN]

Ticéid Chrannchuir Náisiúnta a dhíol.

7.—(1) (a) Féadfaidh an Chuideachta a údarú do cibé daoine a chinnfidh sí ticéid Chrannchuir Náisiúnta a dhíol.

[EN]

(b) Is í an Chuideachta, le toiliú an Aire, a chinnfidh an líon iomlán daoine a n-údarófar dóibh faoin bhfo-alt seo ticéid Chrannchuir Náisiúnta a dhíol.

[EN]

(2) Aon údarú faoin alt seo is i scríbhinn a bheidh sé agus beidh sé faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha i ndáil leis an gCuideachta d'íoc luach saothair le daoine i leith na ndaoine sin do dhíol ticéad Crannchuir Náisiúnta agus i ndáil leis an tráth a n-íocfar an luach saothair sin agus an fhoirm agus an modh ina n-íocfar é) a chinnfidh an Chuideachta le toiliú an Aire agus a bheidh sonraithe san údarú.

[EN]

(3) Ní dhéanfaidh duine (seachas an Chuideachta) ticéad Crannchuir Náisiúnta a dhíol, a thairiscint nó a thaispeáint lena dhíol nó tairiscint ceannaigh a lorg ná ní bheidh ticéad Crannchuir Náisiúnta ina sheilbh aige lena dhíol mura sealbhóir é ar údarú faoin alt seo a thugann teideal dó déanamh amhlaidh.

[EN]

(4) Ní dhéanfaidh duine ticéad Crannchuir Náisiúnta a dhíol nó a thairiscint lena dhíol le duine atá faoi bhun ocht mbliana déag d'aois ná ní lorgóidh sé tairiscint ó dhuine den sórt sin chun ticéad Crannchuir Náisiúnta a cheannach.

[EN]

(5) Is í an Chuideachta a chinnfidh foirm agus praghas ticéid Crannchuir Náisiúnta.

[EN]

(6) (a) Ní dhéanfaidh an Chuideachta ticéid Chrannchuir Náisiúnta a thabhairt d'aon duine, a dháileadh ar aon duine nó a dhíol le haon duine (seachas sealbhóirí ar údaruithe faoin alt seo) saor in aisce nó ar phraghas is lú ná an praghas ar a ndíoltar leis an bpobal i gcoitinne iad.

[EN]

(b) Ní bhaineann an fo-alt seo le ticéid Chrannchuir Náisiúnta a bhronntar mar dhuaiseanna sa Chrannchur Náisiúnta.

[EN]

(7) (a) Ní bheidh aon duine de na daoine seo a leanas i dteideal ticéad Crannchuir Náisiúnta dá chuid féin a bheith aige ar ticéad é a bheidh ceannaithe ar luach nó bronnta mar dhuais sa Chrannchur Náisiúnta, nó aon chuid de thicéad den sórt sin a bheith aige:

[EN]

(i) an Chuideachta nó stiúrthóir, gníomhaire nó fostaí de chuid na Cuideachta,

[EN]

(ii) duine a chlónn ticéid Chrannchuir Náisiúnta nó fostaí dá chuid nó, más cuideachta an duine, stiúrthóir de chuid na cuideachta,

[EN]

(iii) duine a sholáthraíonn aon ríomhairí nó feistí leictreonacha eile d'aon chineál, nó páirteanna d'aon fheistí den sórt sin a úsáideann an Chuideachta, nó a sholáthraíonn trealamh nó ríomhchláir nó treoracha lena n-úsáid in aon fheistí den sórt sin a úsáideann an Chuideachta nó in éineacht leo, nó duine a oibríonn, a chothabhálann nó a dheisíonn aon fheistí den sórt sin a úsáideann an Chuideachta nó fostaí de chuid aon duine de na daoine réamhráite nó i gcás duine mar a dúradh ar cuideachta é, stiúrthóir de chuid na cuideachta.

[EN]

(b) Má thagann duine a shonraítear i mír (a) den fho-alt seo chun bheith ina úinéir ar thicéad Crannchuir Náisiúnta iomlán nó ar chuid de—

[EN]

(i) beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

[EN]

(I) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air, nó

[EN]

(II) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £20,000 a chur air,

[EN]

(ii) ní iontrálfar an ticéad Crannchuir Náisiúnta sa Chrannchur Náisiúnta agus, má iontráiltear amhlaidh é, ní bheidh úinéir nó úinéirí an ticéid sin i dteideal go mbronnfaí aon duais sa Chrannchur Náisiúnta air nó orthu i leith an ticéid, agus

[EN]

(iii) má bhronntar duais sa Chrannchur Náisiúnta ar úinéir nó úinéirí an ticéid, cuirfear an duais ar ais chuig an gCuideachta tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis í a fháil agus, mura gcuirfear ar ais amhlaidh í, féadfaidh an Chuideachta an duais, nó méid is ionann agus a luach, a ghnóthú ó úinéir an ticéid, nó ó úinéirí an ticéid i gcomhpháirt agus go leithleach, mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

[EN]

(c) Is cosaint é do dhuine a bheidh cúisithe i gcion faoin alt seo a shuíomh gur cheannaigh duine éigin eile an ticéad Crannchuir Náisiúnta áirithe dó gan fhios dó nó gan toiliú uaidh agus (i gcás duine seachas an Chuideachta) go ndearna sé, a luaithe ab fhéidir leis le réasún tar éis dó a fháil amach gur ceannaíodh an ticéad, a chur in iúl don Chuideachta gur ceannaíodh an ticéad agus nach raibh sé i dteideal bheith ina úinéir air.

[EN]

Ciste an Chrannchuir Náisiúnta.

8.—(1) Cuirfidh an tAire faoi deara go mbunófar, i mBanc Ceannais na hÉireann, ciste ar a dtabharfar Ciste an Chrannchuir Náisiúnta agus dá ngairtear “an Ciste” san Acht seo.

[EN]

(2) (a) Is é an tAire a dhéanfaidh bainisteoireacht agus rialú ar an gCiste agus is é a bheidh ann cuntas reatha agus cuntas infheistíochta.

[EN]

(b) Déanfar airgead is iníoctha isteach sa Chiste a íoc isteach i gcuntas reatha an Chiste agus déanfar airgead is iníoctha amach as an gCiste a íoc amach as an gcuntas sin.

[EN]

(c) Déanfar airgead atá chun sochair an chuntais reatha agus nach bhfuil ag teastáil chun freastal do dhliteanais reatha an Chiste a íoc isteach i gcuntas infheistíochta an Chiste.

[EN]

(d) Aon uair nach leor an t-airgead i gcuntas reatha an Chiste chun freastal do dhliteanais reatha an chuntais sin, íocfar isteach sa chuntas sin, as cuntas infheistíochta an Chiste, cibé airgead is gá chun freastal do na dliteanais sin.

[EN]

(e) (i) Déanfar na fáltais ó dhíol ticéad Crannchuir Náisiúnta a íoc isteach sa Chiste, tar éis aon luach saothair a íocadh le díoltóirí ticéad Crannchuir Náisiúnta agus cibé méideanna, más ann, i leith duaiseanna sa Chrannchur Náisiúnta a údaróidh an tAire, a bhaint as na fáltais sin.

[EN]

(ii) Is as cuntas reatha an Chiste a íocfar luach saothair faoi alt 9 den Acht seo, agus méideanna i leith duaiseanna do thicéid bhuaiteacha (seachas méideanna dá dtagraítear i bhfomhír (i) den mhír seo).

[EN]

(f)  (i) Faoi réir fhomhír (iii) den mhír seo, déanfar airgead i gcuntas infheistíochta an Chiste nach bhfuil ag teastáil chun freastal do dhliteanais reatha agus do dhliteanais ionchais an chuntais sin a infheistiú agus déanfar na hinfheistíochtaí a réadú nó a athrú ó am go ham de réir riachtanais na hócáide, agus déanfar na fáltais ó aon réadú den sórt sin, mar aon le haon díbhinní nó íocaíochtaí eile a bheidh faighte i leith airgid a bheidh infheistithe faoin mír seo, a íoc isteach i gcuntas infheistíochta an Chiste nó a infheistiú faoin mír seo.

[EN]

(ii) Maidir le haon infheistíocht faoin mír seo is in urrúis, a n-údaraítear d'iontaobhaithe le dlí de thuras na huaire cistí iontaobhais a infheistiú iontu, nó in aon cheann de na stoic, na cistí nó na hurrúis a n-údaraítear de thuras na huaire airgead de chuid Bhanc Taisce an Phoist a infheistiú iontu, a bheidh an infheistíocht sin.

[EN]

(iii) (I) I gceann cibé tréimhsí a chinnfidh an tAire, nach tréimhsí is faide ná bliain, cuirfidh an tAire faoi deara go n-íocfar isteach sa Phríomh-Chiste as cuntas infheistíochta an Chiste aon airgead breise sa chuntas sin tar éis socrú iomchuí a bheith déanta i ndáil le haon dliteanais reatha de chuid an Chiste agus aon dliteanais ionchais nó teagmhasacha dá chuid ar chóir, i dtuairim an Aire, socrú a dhéanamh faoina gcomhair as airgead a bheidh sa Chiste an tráth sin.

[EN]

(II) Aon airgead a íocfar isteach sa Phríomh-Chiste faoin mír seo beidh sé mar chuid den Phríomh-Chiste.

[EN]

(iv) Is de réir aon rialachán faoi alt 34 den Acht seo i ndáil le híocaíochtaí isteach sa Chiste agus amach as a dhéanfar íocaíochtaí den sórt sin.

[EN]

(3) Déanfar cuntais an Chiste a chur gach bliain faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh agus cuirfidh an tAire faoi deara cóip d'achoimre ar na cuntais, arna n-iniúchadh amhlaidh, mar aon le cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste orthu, a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

[EN]

Luach saothair a íoc le ceadúnaí.

9.—(1) Déanfaidh an tAire cibé luach saothair a íoc as an gCiste le ceadúnaí cibé tráth nó tráthanna a chinnfidh an tAire tar éis dó dul i gcomhairle leis an gceadúnaí agus, murab í an Chuideachta an ceadúnaí, leis an gCuideachta, is luach saothair (lena n-áirítear cibé méideana maidir le cibé caiteachais agus eisíocaíochtaí de chuid an cheadúnaí nó, murab í an Chuideachta an ceadúnaí, de chuid na Cuideachta agus an cheadúnaí, a chinnfidh an tAire mar a dúradh) a bheidh arna ríomh i cibé slí agus faoi threoir cibé nithe a chinnfidh an tAire mar a dúradh i ndáil le déanamh an Chrannchuir Náisiúnta de bhun cheadúnas an cheadúnaí.

[EN]

(2) Más rud é, an tráth a chúlghairfear ceadúnas, go mbeidh aon luach saothair dlite don cheadúnaí i leith na tréimhse roimh an gcúlghairm, íocfar méid an luach saothair a bheidh dlite amhlaidh leis an gceadúnaí, d'ainneoin na cúlghairme.

[EN]

An Chuideachta.

10.—(1) Údaróidh ceadúnas do chuideachta, agus ní údaróidh sé ach amháin do chuideachta, an Crannchur Náisiúnta a dhéanamh, agus “an Chuideachta” a ghairtear san Acht seo de chuideachta a bheidh údaraithe amhlaidh de thuras na huaire.

[EN]

(2) Ní bheidh de chuspóirí ag an gCuideachta ach amháin an Crannchur Náisiúnta a dhéanamh de bhun ceadúnais faoin Acht seo agus na rudaí eile sin go léir a dhéanamh a bhaineann nó a chuidíonn leis an gcuspóir céadluaite a bhaint amach.

[EN]

Meabhrán comhlachais na Cuideachta.

11.—Is i cibé foirm ar comhréir leis an Acht seo a cheadóidh an tAire a bheidh meabhrán comhlachais na Cuideachta.

[EN]

Airteagail chomhlachais na Cuideachta.

12.—(1) Is i cibé foirm ar comhréir leis an Acht seo a bheidh ceadaithe ag an Aire agus, má bhaineann siad, agus a mhéid a bhaineann siad, le luach saothair (lena n-áirítear aoisliúntas) stiúrthóirí, oifigigh agus fhoireann eile na Cuideachta, ag Aire na Seirbhíse Poiblí, a bheidh airteagail chomhlachais na Cuideachta.

[EN]

(2) Forálfaidh airteagail chomhlachais na Cuideachta gur sealbhú scaire amháin ar a laghad sa Chuideachta an cháilíocht chun bheith mar stiúrthóir ar an gCuideachta.

[EN]

Athrú ar mheabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais na Cuideachta.

13.—D'ainneoin aon ní in Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1985, ní bheidh aon athrú ar mheabhrán comhlachais ná airteagail chomhlachais na Cuideachta bailí ná éifeachtúil, murar le ceadú roimh ré ón Aire a rinneadh é.

[EN]

Stiúrthóirí na Cuideachta.

14.—(1) Seachtar, lena n-áirítear an cathaoirleach, is líon do stiúrthóirí na Cuideachta.

[EN]

(2) Is é an tAire a cheapfaidh stiúrthóirí na Cuideachta.

[EN]

(3) Má tharlaíonn, agus aon uair a tharlaíonn, go sealbhóidh duine amháin breis agus a leath, de réir luacha ainmniúil, de na scaireanna eisithe uile sa Chuideachta is iad a bheidh i gceathrar de na stiúrthóirí ar an gCuideachta daoine a bheidh ainmnithe ag an duine sin, le toiliú an Aire, lena gceapadh mar stiúrthóirí den sórt sin agus is é a bheidh ina chathaoirleach ar an gCuideachta cibé duine den cheathrar stiúrthóir sin a chinnfidh an duine sin, le toiliú an Aire.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire tráth ar bith stiúrthóir de chuid na Cuideachta a chur as oifig.

[EN]

(5) Beidh stiúrthóirí na Cuideachta i seilbh oifige go ceann cibé tréimhse agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha i ndáil le luach saothair agus aoisliúntas, más ann) a chinnfidh an tAire, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, nuair a bheidh sé á gceapadh.

[EN]

Stiúrthóirí nó foireann na Cuideachta a bheith ina gcomhaltaí de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Thionól na gComhphobal Eorpach.

15.—(1) Más rud é, i gcás stiúrthóir de chuid na Cuideachta—

[EN]

(a) go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó

[EN]

(b) go dtoghfar é mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Thionól na gComhphobal Eorpach, nó

[EN]

(c) go measfar, de bhun alt 15 (a cuireadh isteach leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977, é a bheith tofa chun an Tionóil sin chun folúntas a líonadh,

[EN]

scoirfidh sé air sin de bheith ina stiúrthóir de chuid na Cuideachta.

[EN]

(2) Más rud é, i gcás duine is comhalta d'fhoireann na Cuideachta—

[EN]

(a) go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó

[EN]

(b) go dtoghfar é mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Thionól na gComhphobal Eorpach, nó

[EN]

(c) go measfar, de bhun alt 15 (a cuireadh isteach leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977, é a bheith tofa chun an Tionóil sin chun folúntas a líonadh,

[EN]

beidh sé, air sin, ar iasacht ó fhostaíocht na Cuideachta agus ní íocfaidh an Chuideachta leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón gCuideachta, aon luach saothair ná liúntais—

[EN]

(i) i gcás go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann nó go measfar amhlaidh é bheith tofa chun an Tionóil sin, in aghaidh na tréimhse dar tosach tráth a ainmnithe amhlaidh nó an tráth a measfar amhlaidh é bheith tofa, de réir mar a bheidh, agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta de Sheanad Éireann nó den Tionól sin,

[EN]

(ii) i gcás go dtoghfar é mar chomhalta de cheachtar Teach acu sin nó den Tionól sin, in aghaidh na tréimhse dar tosach tráth a thofa amhlaidh agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin nó den Tionól sin, de réir mar a bheidh.

[EN]

(3) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is comhalta den Tionól beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta den sórt sin, dícháilithe chun bheith ina chomhalta d'fhoireann na Cuideachta.

(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2), forléireofar an fo-alt sin mar fho-alt a thoirmisceann, inter alia, tréimhse a luaitear i mír (i) nó (ii) den fho-alt sin a áireamh mar sheirbhís leis an gCuideachta chun críocha aon phinsean, aiscí nó liúntas eile is iníoctha tráth scoir nó báis.

[EN]

An Chuideachta d'fháil iasachtaí.

16.—Féadfaidh an Chuideachta ó am go ham airgead a fháil ar iasacht (cibé acu ar urrús a cuid sócmhainní nó ar shlí eile), lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit, ach ní dhéanfaidh sí amhlaidh gan toiliú an Aire.

[EN]

Foráil i ndáil le maoin áirithe de chuid na Cuideachta.

17.—(1) I gcás go bhfaighidh an Chuideachta leas in aon mhaoin, cibé acu an maoin réadúil nó maoin phearsanta í, agus gurb é a bheidh sa chomaoin i leith na fála, go díreach nó go neamhdhíreach, go hiomlán nó go páirteach, aon chuid d'fháltais an Chrannchuir Náisiúnta, agus mura ndearbhóidh an tAire i scríbhinn nach mbeidh feidhm ag an alt seo maidir leis an maoin sin, ansin, sa mhéid gurb é atá sa chomaoin sin na fáltais sin a dúradh—

[EN]

(a) is ar iontaobhas don Stát a shealbhóidh an Chuideachta an leas, agus

[EN]

(b) má iarrann an tAire amhlaidh nó má théann an ceadúnas, faoina ndearna an Chuideachta an Crannchur Náisiúnta, in éag nó má chúlghairtear é, déanfaidh an Chuideachta nó, i gcás dul in éag nó cúlghairm den sórt sin, déanfaidh an chuideachta arbh í an Chuideachta í, laistigh de dhá mhí ón tráth a dhéanfar an iarraidh nó a rachaidh an ceadúnas in éag nó a chúlghairfear é, de réir mar a bheidh, an leas a aistriú chuig an Aire nó chuig cibé údarás Stáit eile (de réir bhrí an Achta Maoine Stáit, 1954) a shonróidh an tAire.

[EN]

(2) Má dhéanann an Chuideachta nó, de réir mar a bheidh, an chuideachta arbh í an Chuideachta í, mainneachtain déanamh de réir fho-alt (1) den alt seo nó má dhiúltaíonn sí déanamh dá réir, tiocfaidh méid is comhionann le luach an leasa lena mbaineann chun bheith, agus beidh sé, ina fhiach a bheidh dlite don Aire den Chuideachta nó den chuideachta, de réir mar a bheidh, agus féadfaidh an tAire é a ghnóthú ón gCuideachta nó ón gcuideachta, de réir mar a bheidh, mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

[EN]

Cuntais na Cuideachta agus iniúchadh.

18.—(1) Coimeádfaidh an Chuideachta i cibé foirm a cheadóidh an tAire na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh nó a chaithfidh sí, lena n-áirítear cuntas sochair agus dochair agus clár comhardaithe agus, go háirithe, coimeádfaidh sí na cuntais speisialta sin go léir a ordóidh an tAire ó am go ham.

[EN]

(2) Déanfaidh an Chuideachta cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo a chur gach bliain chuig iniúchóir lena n-iniúchadh agus déanfar cóip den chuntas sochair agus dochair agus den chlár comhardaithe agus de cibé cuntais eile (más ann) dá cuid a ordóidh an tAire agus cóip de thuarascáil an iniúchóra ar na cuntais, a thíolacadh don Aire tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis dheireadh na bliana airgeadais de chuid na Cuideachta lena mbaineann siad, agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna de gach ceann de na doiciméid a dúradh, agus de thuarascáil na stiúrthóirí chuig scairshealbhóirí na Cuideachta don bhliain airgeadais lena mbaineann de chuid na Cuideachta, a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

[EN]

An Chuideachta do thabhairt tuarascáil bhliantúil agus faisnéise don Aire.

19.—(1) A luaithe is féidir tar éis dheireadh gach bliana airgeadais de chuid na Cuideachta, ach tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag dá éis sin, tabharfaidh an Chuideachta tuarascáil don Aire ar a gníomhaíochtaí i gcaitheamh na bliana sin agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

[EN]

(2) Tar éis cibé tréimhse a chinnfidh an tAire, beidh i ngach tuarascáil faoi fho-alt (1) den alt seo faisnéis, i cibé foirm a ordóidh an tAire, maidir le héifeachtúlacht costas oibríochtaí na Cuideachta.

[EN]

(3) Déanfaidh an Chuideachta, má cheanglaíonn an tAire uirthi é, cibé faisnéis a thabhairt dó a iarrfaidh sé ó am go ham maidir le haon chuntas arna ullmhú aici nó aon tuarascáil a shonraítear in alt 18 (2) den Acht seo nó i ndáil lena polasaí agus lena hoibríochtaí, seachas gníomhaíochtaí ó lá go lá.

[EN]

An tAire d'fháil scaireanna sa Chuideachta.

20.—(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham scaireanna sa Chuideachta a thógáil trí shuibscríobh nó a cheannach ón sealbhóir, ach ní dhéanfaidh an tAire na cumhachtaí a thugtar dó leis an bhfo-alt seo a fheidhmiú i slí gur mó iomlán luach ainmniúil na scaireanna de chuid na Cuideachta a bheidh á sealbhú aige aon tráth ná 20 faoin gcéad d'iomlán luach ainmniúil scaireanna eisithe na Cuideachta.

[EN]

(2) Déanfar an t-airgead go léir a bheidh ag teastáil ón Aire ó am go ham faoi chomhair íocaíochtaí a cheanglaítear air a dhéanamh i leith aon scaireanna sa Chuideachta a bheidh tógtha nó faighte ar shlí eile aige a airleacan as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.

[EN]

An tAire do shealbhú agus do dhíol scaireanna sa Chuideachta.

21.—(1) Féadfaidh an tAire aon scaireanna sa Chuideachta a bheidh dílsithe dó de thuras na huaire a shealbhú fad is cuí leis agus féadfaidh sé, de réir mar is cuí leis agus nuair is cuí leis, na scaireanna sin go léir nó aon scair díobh a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí eile tar éis dó, más rud é go bhfuil agus aon uair go bhfuil duine amháin ina shealbhóir ar níos mó ná a leath, de réir luacha ainmniúil, de na scaireana eisithe go léir sa Chuideachta, dul i gcomhairle leis an duine sin.

[EN]

(2) Déanfar na glanfháltais ó dhíol scaireanna sa Chuideachta ag an Aire a íoc isteach sa Státchiste nó a úsáid chun tairbhe don Státchiste.

[EN]

Cumhachtaí an Aire mar scairshealbhóir sa Chuideachta.

22.—Féadfaidh an tAire, maidir leis na scaireanna de chuid na Cuideachta a bheidh á sealbhú aige de thuras na huaire, na cearta agus na cumhachtaí go léir, nó aon chuid díobh, is infheidhmithe ag sealbhóir na scaireanna sin, a fheidhmiú ó am go ham, agus i gcás na cearta nó na cumhachtaí sin a bheith infheidhmithe trí aturnae, féadfaidh an tAire, más cuí leis, na cearta nó na cumhachtaí sin a fheidhmiú trína aturnae.

[EN]

Srian le diúscairt scaireanna áirithe sa Chuideachta.

23.—Ní dhéanfar aon scaireanna sa Chuideachta a bheidh á sealbhú ag an gceadúnaí nó ag aon duine eile (seachas an tAire) nó ar iontaobhas don cheadúnaí nó don duine eile sin, nó ar iontaobhas don Aire, a dhiúscairt gan toiliú ón Aire.

[EN]

Srian le heisiúint scaireanna sa Chuideachta.

24.—Ní dhéanfar scaireanna sa Chuideachta a eisiúint mura mbeidh an eisiúint údaraithe ag an Aire.

[EN]

Díbhinní, etc., a íoc isteach sa Státchiste.

25.—Íocfar isteach sa Státchiste nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste na díbhinní agus an t-airgead eile go léir a gheobhaidh an tAire i leith scaireanna sa Chuideachta.

[EN]

Oibleagáid scaireanna áirithe sa Chuideachta a shealbhú ar iontaobhas don Aire.

26.—(1) Déanfaidh gach stiúrthóir de chuid na Cuideachta (seachas cibé stiúrthóirí de chuid na Cuideachta a chinnfidh an tAire agus an Chuideachta nó, murab í an Chuideachta an ceadúnaí, an ceadúnaí) a scaireanna sa Chuideachta a shealbhú ar iontaobhas don Aire agus beidh sé faoi cheangal dá réir sin na scaireanna sin a aistriú, de réir mar a cheanglóidh agus nuair a cheanglóidh an tAire air é, chuig an Aire nó chuig duine arna ainmniú chuige sin ag an Aire.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire ó am go ham de réir riachtanais na hócáide, d'fhonn na cáilíochtaí is gá a thabhairt do dhuine a bheidh ceaptha nó le ceapadh mar stiúrthóir ar an gCuideachta, ceachtar de na nithe seo a leanas, nó iad araon, a dhéanamh, is é sin le rá—

[EN]

(a) scair amháin nó níos mó de na scaireanna sa Chuideachta a bheidh á sealbhú ag an Aire de thuras na huaire a aistriú chuig aon duine;

[EN]

(b) a cheangal ar aon stiúrthóir de chuid na Cuideachta (seachas cibé stiúrthóirí de chuid na Cuideachta a chinnfidh an tAire agus an Chuideachta nó, murab í an Chuideachta an ceadúnaí, an ceadúnaí) scair amháin nó níos mó de na scaireanna sa Chuideachta a bheidh á sealbhú aige a aistriú chuig an Aire nó chuig aon duine eile.

[EN]

Scaireanna a bhí á sealbhú ag stiúrthóirí agus comhaltaí áirithe de chuid na Cuideachta do dhílsiú don Aire ar bhás, etc., dóibh.

27.—(1) Ar scor nó ar bhás do stiúrthóir de chuid na Cuideachta (seachas cibé de na stiúrthóirí sin de chuid na Cuideachta a chinnfidh an tAire agus an Chuideachta nó, murab í an Chuideachta an ceadúnaí, an ceadúnaí) nó ar oifig stiúrthóra de chuid na Cuideachta (seachas stiúrthóir de chuid na Cuideachta arna chinneadh mar a dúradh) d'éirí folamh de réir airteagail chomhlachais na Cuideachta, ansin, maidir le haon scaireanna sa Chuideachta a bhí á sealbhú ag an stiúrthóir sin dílseoidh siad don Aire, gan aon aistriú a bheith riachtanach.

[EN]

(2) Ar bhás comhalta de chuid na Cuideachta (seachas stiúrthóir de chuid na Cuideachta arna chinneadh mar a dúradh), aon scaireanna sa Chuideachta a bhí á sealbhú ag an gcomhalta dílseoidh siad don Aire, gan aon aistriú a bheith riachtanach.

[EN]

Scéimeanna le haghaidh cluichí crannchuir sa Chrannchur Náisiúnta.

28.—(1) (a) Déanfaidh an Chuideachta, i ndáil le gach cluiche crannchuir sa Chrannchur Náisiúnta, scéim ag leagan amach rialacha an chluiche a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire.

[EN]

(b) Féadfaidh an Chuideachta tráth ar bith scéim ag leasú scéime faoin bhfo-alt seo, lena n-áirítear scéim faoin mír seo, a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire.

[EN]

(c) Féadfaidh an tAire scéim a bheidh curtha faoina bhráid faoin alt seo a cheadú.

[EN]

(d) Déanfaidh an Chuideachta cluiche crannchuir sa Chrannchur Náisiúnta a sheoladh de réir na rialacha a bheidh i scéim faoin bhfo-alt seo a bheidh ceadaithe ag an Aire agus a bheidh i bhfeidhm i ndáil leis an gcluiche sin.

[EN]

(2) Féadfar, gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, foráil a dhéanamh i rialacha cluiche crannchuir maidir leis na nithe seo a leanas:

[EN]

(a) duaiseanna a thabhairt sa Chrannchur Náisiúnta i gcás gur ag daoine faoi bhun ocht mbliana déag d'aois atá na ticéid bhuaiteacha;

[EN]

(b) duaiseanna a thabhairt sa Chrannchur Náisiúnta i gcásanna gur ag daoine atá faoi aon mhíchumas dlíthiúil eile nó ag daoine mímheabhracha atá na ticéid bhuaiteacha;

[EN]

(c) na hadmhálacha a bheidh ina n-urscaoileadh cuí i leith duaiseanna a tugadh do dhaoine sa Chrannchur Náisiúnta;

[EN]

(d) socrú díospóidí.

[EN]

Orduithe don Chuideachta ón Aire.

29.—Tráth ar bith is dóigh leis an Aire gur gá nó gur fóirsteanach déanamh amhlaidh ar mhaithe le leas an phobail, féadfaidh sé ordú a thabhairt i scríbhinn don Chuideachta maidir le ní ar bith a bhaineann leis an gCrannchur Náisiúnta agus déanfaidh an Chuideachta de réir an ordaithe.

[EN]

Cumhachtaí speisialta an Aire i ndáil leis an gCuideachta.

30.—(1) Má chúlghaireann an tAire ceadúnas na Cuideachta, féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn arna thabhairt d'aon duine a bhfuil scaireanna sa Chuideachta á sealbhú aige, a cheangal ar an duine na scaireanna a shannadh don Aire nó do dhuine sonraithe eile roimh dháta sonraithe i gcomaoin cibé suim (más ann) a íoc, ag an Aire nó ag an duine sonraithe eile, ar a gcomhaontóidh an duine céadluaite agus an tAire nó, d'éagmais comhaontú, ar a gcinnfear le headráin de bhun an Achta Eadrána, 1954.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, más cuí leis, duine (dá ngairtear “bainisteoir” san Acht seo) a cheapadh chun dul i mbun bhainisteoireacht na Cuideachta agus chun an Chuideachta a stiúradh mar ghnóthas reatha.

[EN]

(3)  (a) Beidh ag bainisteoir na cumhachtaí sin go léir, i ndáil leis an gCuideachta, is gá nó is fóirsteanach maidir lena fheidhmeanna i ndáil leis an gCuideachta nó a ghabhann leis na feidhmeanna sin, lena n-áirítear údarás agus stiúradh iomlán i leith oifigigh agus fhostaithe uile na Cuideachta.

[EN]

(b) Féadfaidh bainisteoir a chuid feidhmeanna a chomhlíonadh le cabhair ó dhaoine a bheidh ceaptha nó fostaithe aige chuige sin.

[EN]

(c) Na feidhmeanna go léir a bheidh dílsithe do stiúrthóirí na Cuideachta nó d'aon choiste bainistíochta de chuid na Cuideachta (cibé acu de bhua mheabhrán nó airteagail chomhlachais na Cuideachta nó le dlí nó ar shlí eile) beidh siad inchomhlíonta ag an mbainisteoir agus aigesean amháin agus na cumhachtaí sin go léir de chuid na Cuideachta is infheidhmithe ag cruinniú ginearálta de chomhaltaí na Cuideachta, nó le ceadú uaidh, is ag an mbainisteoir amháin a bheidh siad infheidhmithe.

[EN]

(d) Beidh bainisteoir i seilbh oifige ar cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le luach saothair) agus ar feadh cibé téarma a chinnfidh an tAire ó am go ham agus féadfaidh an tAire tráth ar bith ceapachán bainisteora a fhoirceannadh.

[EN]

(e) Beidh ag bainisteoir na cumhachtaí go léir a bheadh aige, agus beidh feidhm maidir leis ag na forálacha reachtúla go léir a mbeadh feidhm leo amhlaidh, dá mba leachtaitheoir é arna cheapadh ag an Ard-Chúirt i leith na Cuideachta agus beidh na cumhachtaí sin infheidhmithe aige gan rialú ná ceadú na hArd-Chúirte mar a shonraítear in Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1985, i ndáil le leachtaitheoir den sórt sin.

[EN]

(f)    (i) Beidh feidhm agus éifeacht le forálacha Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1985, agus aon ionstraimí arna ndéanamh faoin gcéanna agus, go háirithe, leis na forálacha de na hAchtanna agus na hionstraimí sin a bhaineann le leachtú cuideachtaí, i ndáil leis na cumhachtaí sin a dúradh, fara aon mhodhnuithe a bheidh sonraithe in ordú faoi fhomhír (ii) den mhír seo agus aon mhodhnuithe eile is gá.

[EN]

(ii)  (I) Gan dochar do ghinearáltacht fhomhír (i) den mhír seo féadfaidh an tAire, d'fhonn lán-éifeacht a thabhairt don fheidhmiú ar Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1985, agus ar aon ionstraimí faoin gcéanna, a dhéantar leis an bhfomhír sin, modhnú a dhéanamh le hordú ar fhorálacha na nAchtanna sin nó aon ionstraimí arna ndéanamh faoin gcéanna nó ar aon rialacha cúirte a bhaineann leis sin maidir lena bhfeidhmiú faoi réim agus chun críocha an ailt seo, más dóigh leis gur gá nó gur iomchuí déanamh amhlaidh d'fhonn comhlíonadh feidhmeanna bainisteora a éascú.

[EN]

(II) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin bhfomhír seo, lena n-áirítear an clásal seo, a chúlghairm nó a leasú.

[EN]

(4) Má mhainníonn nó má fhaillíonn duine déanamh de réir ceanglais de chuid an Aire i bhfógra faoi fho-alt (1) den alt seo i ndáil le scaireanna sa Chuideachta, ansin tiocfaidh na scaireanna chun bheith agus beidh siad, ar an dáta a bheidh sonraithe san fhógra faoin bhfo-alt sin agus gan aistriú a bheith riachtanach, dílsithe don Aire nó don duine eile a bheidh sonraithe san fhógra, de réir mar is iomchuí, agus déanfaidh an tAire nó an duine eile sin, de réir mar is iomchuí, an tsuim (más ann) ar a gcomhaontófar nó ar a gcinnfear faoin bhfo-alt sin a íoc leis an duine céadluaite tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis dháta an chomhaontaithe nó an chinnidh sin.

[EN]

Forálacha i ndáil leis na hainmneacha “Crannchur Náisiúnta” agus “Crannchur Náisiúnta na hÉireann”.

31.—(1) Ní dhéanfaidh aon duine seachas an tAire, an Chuideachta nó ceadúnaí nó duine a bheidh údaraithe ag aon cheann acu déanamh amhlaidh, chun críocha cluiche crannchuir seachas an Crannchur Náisiúnta, úsáid a bhaint as an hainmneacha “Crannchur Náisiúnta na hÉireann” nó “Crannchur Náisiúnta” ná as a macasamhla sa Bhéarla nó as aon ainm eile atá chomh cosúil sin le ceachtar de na hainmneacha sin nó le ceachtar dá macasamhla sa Bhéarla go bhféadfaí le réasún a chreidiúint go dtagraítear do cheachtar de na hainmneacha sin nó do cheachtar de na macasamhla sin.

[EN]

(2) Is don Aire a dhílseoidh an cáilmheas a ghabhann leis na hainmneacha “Crannchur Náisiúnta na hÉireann” agus “Crannchur Náisiúnta” agus a macasamhla sa Bhéarla agus le hainm aon chluiche crannchuir a dhéanfaidh an tAire nó a dhéanfar faoi cheadúnas.

[EN]

(3) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

[EN]

(a) ar é a chiontú go hachomhair, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air nó

[EN]

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £20,000 a chur air.

[EN]

An Crannchur Náisiúnta a bheith díolmhaithe ó na hAchtanna um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956 go 1979.

32.—Ní bheidh feidhm ag na hAchtanna um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956 go 1979, maidir leis an gCrannchur Náisiúnta.

[EN]

Srianadh alt 22, agus cumhacht an Aire Dlí agus Cirt ailt 27 agus 28 den Acht um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956, a leasú.

33.—(1) Ní bheidh feidhm ag alt 22 den Acht um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956, maidir le crannchur arna dhéanamh de bhun alt 27 nó 28 den Acht sin.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt, le rialacháin, ailt 27 agus 28 den Acht um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956, a leasú trí na méideanna a athrú a shonraítear i bhfo-ailt (2) (b) agus (4) den alt sin 27 agus i bhfo-alt (2) (c) den alt sin 28.

[EN]

(3) Aon uair a bheidh rialacháin faoin bhfo-alt seo i bhfeidhm, beidh éifeacht leis an alt sin 27 nó 28 nó leis an dá alt sin, de réir mar is iomchuí, de réir na rialachán.

[EN]

Rialacháin.

34.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh d'fhonn lánéifeacht a bheith ag an Acht seo agus féadfar le haon rialacháin den sórt sin foráil a dhéanamh go háirithe maidir leis an Aire do dhéanamh an Chrannchuir Náisiúnta ach sin gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo.

[EN]

(2) Má éiríonn aon deacracht ar bhealach ar bith maidir leis an Acht seo a thabhairt i ngníomh, féadfaidh an tAire, le rialacháin, aon ní a dhéanamh is dóigh leis is gá nó is fóirsteanach chun an tAcht seo a thabhairt i ngníomh.

[EN]

(3) Ní cead aon rialachán a dhéanamh faoi fho-alt (2) den alt seo tar éis dhá bhliain a bheith caite ó dháta rite an Achta seo.

[EN]

(4) Gach rialachán arna dhéanamh ag an Aire faoin alt seo nó ag an Aire Dlí agus Cirt faoi alt 33 den Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

[EN]

Caiteachais.

35.—Déanfar caiteachais an Aire ag forgníomhú an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

36.—(1) Féadfar an tAcht um Chrannchur Náisiúnta, 1986, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956 go 1986, a ghairm de na hAchtanna um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956 go 1979, agus d'alt 33 den Acht seo, le chéile.