[EN]

Uimhir 29 de 1949.


[EN]

ACHT NA bPINSEAN SEIRBHÍSE MÍLEATA (LEASÚ), 1949.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ ACHT NA bPINSEAN SEIRBHÍSE MÍLEATA, 1924 GO 1945. [7ú Nollaig, 1949.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.

Reamhraiteach agus Ginearalta.

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

1.—(1) Féadfar Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata (Leasú), 1949, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar Achta na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 go 1949, a ghairm d'Achta na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 go 1945, agus den Acht seo le chéile.

[EN]

Mínithe.

2.—San Acht seo—

[EN]Acht 1924.

ciallaíonn an abairt “Acht 1924” Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 (Uimh. 48 de 1924), arna leasú le hAcht 1925, Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1930 (Uimh. 8 de 1930), Acht 1934, Acht 1944, agus Acht Uimh. 2 de 1945;

[EN]Acht 1925.

ciallaíonn an abairt “Acht 1925” Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1925 (Uimh. 15 de 1925);

[EN]Acht 1934.

ciallaíonn an abairt “Acht 1934” Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1934 (Uimh. 43 de 1934), arna leasú le hAcht 1944, Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata (Leasú), 1945 (Uimh. 11 de 1945), agus Acht Uimh. 2 de 1945;

Acht 1944.

ciallaíonn an abairt “Acht 1944” Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata (Leasú), 1944 (Uimh. 5 de 1944);

Acht Uimh. 2 de 1945.

ciallaíonn an abairt “Acht Uimh. 2 de 1945Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata (Leasú) (Uimh. 2), 1945 (Uimh. 34 de 1945);

dáta feidhme.

ciallaíonn an abairt “an dáta feidhme” dáta an Achta seo a rit

[EN]

Asbhaintí i leith éilithe poiblí as pinsin faoi Acht 1924 nó Acht 1934.

3.—(1) Féadfar, as aon phinsean is iníoctha faoi Acht 1924 nó faoi Acht 1934, aon airgead d'asbhaint a bheas dlite d'údarás Stáit ón duine lenarb iníoctha an pinsean.

[EN]

(2) I gcás ina bhféadfar asbhaint a dhéanamh as pinsean, faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfar íoc an phinsin a choimeád siar go dtí go bhfionnfar méid na hasbhainte.

[EN]

(3) Chun críche an ailt seo, is údarás Stáit gach ceann acu seo a leanas—

[EN]

(a) Aire Stáit,

[EN]

(b) Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn;

[EN]

(c) Coimisiún Talún na hÉireann.

[EN]

Athghairm.

4.—Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear i gcolún (2) den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin.

CUID II.

Leasuithe ar Acht 1924.

[EN]

Léiriú Coda II.

5.—(1) Sa Chuid seo ciallaíonn an abairt “an Bord” an bord measúnóirí a bunaíodh faoi alt 3 d'Acht 1924.

[EN]

(2) Forléireofar mar aon ní amháin an Chuid seo agus Acht 1924.

[EN]

Iarratais áirithe faoi Acht 1924 d'athscrúdú.

6.—(1) I gcás—

[EN]

(a) iarratas ar dheimhniú seirbhíse míleata a dhéanamh roimh an dáta feidhme, agus

[EN]

(b) an tAire dá dhiúltú, faoi fho-alt (2) d'alt 2 d'Acht 1924, deimhniú seirbhíse míleata a dheonadh don iarratasóir, agus

[EN]

(c) an t-iarratasóir do chur achainí i scríbhinn, tráth nach déanaí ná ocht mí dhéag tar éis an dáta feidhme, chun an Bhoird, tríd an Aire, á iarraidh orthu an t-iarratas d'athscrúdú ar an bhforas go bhfuil ar a chumas fíorais a chruthú is leor chun a shuíomh gur duine é a mbaineann Acht 1924 leis, agus

[EN]

(d) an achainí dá rá cad iad na fíorais sin,

[EN]

beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

[EN]

(i) más é tuairim an Bhoird (ag féachaint do na fíorais a líomhantar san achainí agus don fhianaise a tugadh cheana os comhair an Bhoird in aon imeachta a bhí ar siúl maidir leis an iarratas faoi Acht 1924) go bhfuil cás prima facie ann gur duine é a mbaineann Acht 1924 leis, athscrúdóidh an Bord an t-iarratas,

[EN]

(ii) mura bhfuil an Bord ar an tuairim sin, diúltóidh an Bord an t-iarratas d'athscrúdú agus cuirfid sin in iúl don Aire.

[EN]

(2) I gcás ina gceanglann fo-alt (1) den alt seo ar an mBord iarratas ar dheimhniú seirbhíse míleata d'athscrúdú—

[EN]

(a) beidh feidhm ag forála Achta 1924 amhail is—

[EN]

(i) nach ndearna an tAire, roimh an dáta feidhme, an t-iarratas a tharchur chun an Bhoird faoi fho-alt 2 d'alt 2 d'Acht 1924, agus

[EN]

(ii) go ndearna an tAire, ar an dáta feidhme nó dá éis, an t-iarratas a tharchur amhlaidh,

[EN]

(b) má deontar pinsean faoi Acht 1924 don iarratasóir, ansin, d'ainneoin aon ní in Acht 1924, tosnóidh an pinsean—

[EN]

(i) i gcás an t-iarratasóir a bheith ag fónamh sna Fórsaí Cosanta ar an dáta feidhme, ar dháta a urscaoilte as na Fórsaí Cosanta,

[EN]

(ii) in aon chás eile, ar pé dáta (nach luaithe ná an dáta feidhme) a cheapfas an tAire.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire rialacha a dhéanamh ag ordú nós imeachta an Bhoird faoi fho-alt (1) den alt seo.

[EN]

(4) San alt seo folaíonn an focal “fianaise” aon eolas a fuarthas de thoradh fiosrúchán ag an mBord nó thar a gceann nó a sholáthraigh duine ar bith.

[EN]

Deimhnithe seirbhíse míleata a dheonadh d'iarratasóirí ar diúltaíodh dóibh faoi fho-alt (3) d'alt 2 d'Acht 1924.

7.—I gcás inar dhiúltaigh an tAire, faoi fho-alt (3) d'alt 2 d'Acht 1924, deimhniú seirbhíse míleata a dheonadh d'iarratasóir a bhí á lorg—

[EN]

(a) féadfaidh an tAire, faoina rogha féin, deimhniú seirbhíse míleata a dheonadh don iarratasóir,

[EN]

(b) má dhéanann an tAire amhlaidh, tosnóidh aon phinsean a deonfar don iarratasóir ar an dáta a deonfar an deimhniú seirbhíse míleata don iarratasóir.

[EN]

Aisiriú pinsean faoi Acht 1924 a forghéilleadh nó a cúlghairmeadh.

8.—(1) I gcás pinsean faoi Acht 1924 d'fhorghéilleadh faoi alt 6 d'Acht 1924 nó a chúlghairm faoi Acht 1925 féadfaidh an tAire le hordú, arna dhéanamh le toiliú an Aire Airgeadais, an pinsean sin d'aisiriú go hiomlán nó go páirteach.

[EN]

(2) I gcás pinsean d'aisiriú go páirteach faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an tAire le hordú, arna dhéanamh le toiliú an Aire Airgeadais, iarmhéid an phinsin sin d'aisiriú.

[EN]

(3) Déanfar aon phinsean nó aon chuid d'aon phinsean a haisireofar faoin alt seo d'íoc ó pé dáta (nach luaithe ná dáta an orduithe á aisiriú) a chinnfeas an tAire.

[EN]

Dáta tosnuithe pinsean áirithe faoi Acht 1924.

9.—I gcás—

[EN]

(a) deimhniú seirbhíse míleata a dheonadh do dhuine de bhun iarratais arna dhéanamh tar éis an dáta feidhme, agus

[EN]

(b) pinsean faoi Acht 1924 a dheonadh don duine sin,

[EN]

ansin, d'ainneoin aon ní in Acht 1924, tosnóidh an pinsean,—

[EN]

(i) i gcás an duine sin a bheith ag fónamh sna Fórsaí Cosanta ar an dáta feidhme, ar dháta a urscaoilte as na Fórsaí Cosanta,

[EN]

(ii) in aon chás eile, ar pé dáta (nach luaithe ná an dá ta feidhme) a cheapfas an tAire.

[EN]

CUID III.

Leasuithe ar Acht 1934.

[EN]

Léiriú Coda III.

10.—Forléireofar mar aon ní amháin an Chuid seo agus Acht 1934.

[EN]

Iarratais áirithe faoi Acht 1934 d'athscrúdú.

11.—(1) I gcás—

[EN]

(a) iarratas ar dheimhniú seirbhíse a dhéanamh roimh an dáta feidhme, agus

[EN]

(b) an tAire dá dhiultú, faoi fho-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1934, deimhniú seirbhíse a dheonadh don iarratasóir, agus

[EN]

(c) an t-iarratasóir do chur achainí i scríbhinn, tráth nach déanaí ná ocht mí dhéag tar éis an dáta feidhme, chun an Réiteora, tríd an Aire, á iarraidh air an t-iarratas d'athscrúdú ar an bhforas go bhfuil ar a chumas fíorais a chruthú is leor chun a shuíomh gur duine é a mbaineann Acht 1934 leis, agus

[EN]

(d) an achainí dá rá cad iad na fíorais sin,

[EN]

beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

[EN]

(i) más é tuairim an Réiteora (ag féachaint do na fíorais a líomhantar san achainí agus don fhianaise a tugadh cheana os comhair an Réiteora in aon imeachta a bhí ar siúl maidir leis an iarratas faoi Acht 1934) go bhfuil cás prima facie ann gur duine é an t-iarratasóir a mbaineann Acht 1934 leis, athscrúdóidh an Réiteoir an t-iarratas,

[EN]

(ii) mura bhfuil an Réiteoir ar an tuairim sin, diúltóidh sé an t-iarratas d'athscrúdú agus cuirfidh sin in iúl don Aire.

[EN]

(2) I gcás ina gceanglann fo-alt (1) den alt seo ar an Réiteoir iarratas ar dheimhniú seirbhíse d'athscrúdú—

[EN]

(a) beidh feidhm ag forála Achta 1934 amhail is—

[EN]

(i) nach ndearna an tAire, roimh an dáta feidhme, an t-iarratas a tharchur chun an Réiteora faoi fho-alt (1) d'alt 8 d'Acht 1934, agus

[EN]

(ii) go ndearna an tAire, tar éis an dáta feidhme, an t-iarratas a tharchur amhlaidh,

[EN]

(b) má deontar pinsean faoi Acht 1934 don iarratasóir, ansin, d'ainneoin aon ní in Acht 1934, tosnóidh an pinsean—

[EN]

(i) i gcás an t-iarratasóir a bheith ag fónamh sna Fórsaí Cosanta ar an dáta feidhme, ar dháta a urscaoilte as na Fórsaí Cosanta,

[EN]

(ii) in aon chás eile, ar pé dáta (nach luaithe ná an dáta feidhme) a cheapfas an tAire.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire rialacha a dhéanamh ag ordú nós imeachta an Réiteora faoi fho-alt (1) den alt seo.

[EN]

(4) San alt seo folaíonn an focal “fianaise” aon eolas a fuarthas de thoradh fiosrúchán ag an Réiteoir nó thar a cheann nó a sholáthraigh duine ar bith.

[EN]

Deimhnithe seirbhíse a dheonadh d'iarratasóirí ar diúltaíodh dóibh faoi dho-alt (3) d'alt 10 d'Acht 1934.

12.—I gcás inar dhiúltaigh an tAire, faoi fho-alt (3) d'alt 10 d'Acht 1934, deimhniú seirbhíse a dheonadh d'iarratasóir a bhí á lorg—

[EN]

(a) féadfaidh an tAire, faoina rogha féin, deimhniú seirbhíse a dheonadh don iarratasóir,

[EN]

(b) má dhéanann an tAire amhlaidh, tosnóidh aon phinsean a deonfar don iarratasóir ar an dáta a deonfar an deimhniú seirbhíse don iarratasóir.

[EN]

Aisiriú pinsean faoi Acht 1934 a cúlghairmeadh nó a forghéilleadh.

13.—(1) I gcás pinsean faoi Acht 1934 a chúlghairm faoi alt 12 d'Acht 1934 nó d'fhorghéilleadh faoi alt 18 d'Acht 1934, féadfaidh an tAire le hordú, arna dhéanamh le toiliú an Aire Airgeadais, an pinsean sin d'aisiriú go hiomlán nó go páirteach.

[EN]

(2) I gcás pinsean d'aisiriú go páirteach faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an tAire le hordú, arna dhéanamh le toiliú an Aire Airgeadais, iarmhéid an phinsin sin d'aisiriú.

[EN]

(3) Déanfar aon phinsean nó aon chuid de phinsean a haisireofar faoin alt seo d'íoc ó pé dáta (nach luaithe ná dáta an orduithe á aisiriú) a chinnfeas an tAire.

[EN]

Dáta tosnuithe pinsean áirithe faoi Acht 1934.

14.—I gcás—

[EN]

(a) deimhniú seirbhíse a dheonadh do dhuine de bhun iarratais arna dhéanamh tar éis an dáta feidhme, agus

[EN]

(b) pinsean faoi Acht 1934 a dheonadh don duine sin,

[EN]

ansin, d'ainneoin aon ní in Acht 1934, tosnóidh an pinsean—

[EN]

(i) i gcás an duine sin a bheith ag fónamh sna Fórsaí Cosanta ar an dáta feidhme, ar dháta a urscaoilte as na Fórsaí Cosanta,

[EN]

(ii) in aon chás eile, ar pé dáta (nach luaithe ná an date feidhme) a cheapfas an tAire.

AN SCEIDEAL.

Alt 4.

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAthghairme

(1)

(2)

(3)

Uimh. 48 de 1924

Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924.

Fo-alt (6) d'alt 3; fo-alt (3) d'alt 5.

Uimh. 8 de 1930

Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1930.

In alt 2, na focail uile ó na focail “ach beidh san fé réir” go dtí deireadh an ailt.

Uimh. 43 de 1934.

Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata 1934.

Fo-alt (3) d'alt 15; alt 17.