Uimhir 29 de 1978
AN tACHT UM FHORBAIRT TIONSCAIL, 1978
[An tiontú oifigiúil]
[12 Nollaig, 1978]
Mínithe.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1975” an tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1975;
ciallaíonn “Acht 1977” an tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1977;
ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1969.
Leasú ar alt 17 den Phríomh-Acht.
2.—Leasaítear leis seo alt 17 den Phríomh-Acht (arna leasú leis an Acht um Fhorbairt Tionscail (Uimh. 2), 1975, agus le hAcht 1977) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (2) (a) agus (3) (a):
“(2) (a) Ní rachaidh comhiomlán na ndeontas ón Údarás faoin Acht um Dheontais Tionscail, 1956, agus na ndeontas (seachas deontais faoi alt 12 d'Acht 1952) ón bhForas Tionscal agus ón Aire faoi na hAchtanna um Limistéir Neamhfhorbartha, 1952 go 1969, agus faoi na hAchtanna um Dheontais Tionscail, 1959 go 1969, agus ón Údarás faoin Acht seo, agus na n-íocaíochtaí ón bhForas Tionscal agus ón Aire ar scór ráthaíochtaí a thug an Foras Tionscal agus an tAire faoin Acht um Dheontais Tionscail, 1959, agus na n-íocaíochtaí ón bhForas Tionscal nó ón Údarás faoi alt 4 d'Acht 1966 agus na n-íocaíochtaí ón Údarás faoi alt 15 den Acht seo, agus na scaireanna a cheannóidh nó a thógfaidh an tUdarás faoi alt 44 den Acht seo agus na ndeontas ón Údarás faoi alt 2 nó 3 den Acht um Fhorbairt Tionscail, 1977, thar £750,000,000.
(3) (a) Ní rachaidh comhiomlán na ndeontas faoi alt 12 d'Acht 1952, faoi alt 3 den Acht um Dheontais Tionscail, 1956, agus faoi fho-alt (1) (b) den alt seo (gan aon mhéideanna a áireamh a theastóidh ón Údarás le go bhféadfaidh sé freastal dá oibleagáidí nó dá dhliteanais de bharr ráthaíochtaí faoi alt 37 den Acht seo nó faoi alt 2 nó 3 den Acht um Fhorbairt Tionscail, 1977) thar £750,000,000.”.
Leasú ar alt 27 den Phríomh-Acht.
3.—(1) Leasaítear leis seo alt 27 den Phríomh-Acht, a bhaineann le haoisliúntas, trí “nó ar éag” a chur isteach i ndiaidh “ar scor” i bhfo-alt (1) agus i bhfo-alt (2).
(2) Measfar an t-alt seo a theacht i ngníomh ar dháta thosach feidhme alt 27 den Phríomh-Acht.
Leasú ar alt 38 den Phríomh-Acht.
4.—Leasaítear leis seo alt 38 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach in ionad fho-ailt (3) agus (4) (a cuireadh isteach le hAcht 1975):
“(3) Ní rachaidh an méid iomlán airgid a íocfar ina dheontais faoin alt seo i leith gnóthais tionscail thar £1,250,000.
(4) D'ainneoin aon ní san alt seo féadfaidh an Rialtas, maidir le gnóthas tionscail áirithe, a cheadú don Údarás deontais is mó ná £1,250,000 a thabhairt faoi fho-alt (1) den alt seo, ar choinníoll nach rachfar i ngach cás ar leith den sórt sin thar na teorainneacha céatadáin a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo.”.
Leasú ar alt 39 den Phríomh-Acht.
5.—Leasaítear leis seo alt 39 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4) (a cuireadh isteach le hAcht 1977):
“(4) Ní dhéanfaidh an tUdarás, gan cead roimh ré ón Rialtas, deontas oiliúna ná deontais oiliúna is mó san iomlán ná £1,250,000 a thabhairt i leith gnóthais áirithe.”.
Leasú ar alt 42 den Phríomh-Acht.
6.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 42 (a cuireadh isteach le hAcht 1975):
“42.—(1) Ní rachaidh an méid iomlán airgid a dheonófar faoi alt nó ailt acu seo a leanas den Acht seo, is é sin, ailt 33, 34, 35 agus 46, do ghnóthas tionscail áirithe nó ina leith thar £1,250,000.
(2) D'ainneoin aon ní san alt seo féadfaidh an Rialtas, maidir le gnóthas tionscail áirithe, a cheadú deontas nó deontais is mó ná £1,250,000 a thabhairt faoi cheann amháin nó níos mó de na hailt dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo, ar choinníoll nach rachfar i ngach cás ar leith den sórt sin thar na teorainneacha céatadáin a shonraítear in ailt 33 (2), 34 (2), 35 (2), agus 35 (4) den Acht seo (de réir mar is iomchuí).”.
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.
7.—(1) Féadfar an tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1978, a ghairm den Acht seo.
(2) Forléireofar na hAchtanna um Fhorbairt Tionscail, 1969 go 1977, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna um Fhorbairt Tionscail, 1969 go 1978, a ghairm díobh le chéile.
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Na hAchtanna um Dheontais Tionscail, 1959 go 1969. | |
Na hAchtanna um Limistéir Neamhfhorbartha, 1952 go 1969. |