Uimhir 30 de 1958.
AN tACHT UM RIALÚ IOMLAOIDE (BUANÚ), 1958.
[An tiontó oifigiúil.]
An tAcht um Rialú Iomlaoide, 1954, a choimeád i ngníomh.
1.—Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (2) d'alt 2 den Acht um Rialú Iomlaoide, 1954:
“(2) Fanfaidh an tAcht seo i ngníomh go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1962, agus éagfaidh sé ansin.”
Gearrtheideal agus comhlua.
2.—(1) Féadfar an tAcht um Rialú Iomlaoide (Buanú), 1958, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna um Rialú Iomlaoide, 1954 agus 1958, a ghairm den Acht um Rialú Iomlaoide, 1954, agus den Acht seo le chéile.