[EN]

Uimhir 30 de 1958.


[EN]

AN tACHT UM RIALÚ IOMLAOIDE (BUANÚ), 1958.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT CHUN AN tACHT UM RIALÚ IOMLAOIDE, 1954, A CHOIMEÁD I nGNÍOMH. [25 Samhain, 1958.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

An tAcht um Rialú Iomlaoide, 1954, a choimeád i ngníomh.

1954, Uimh. 30.

1.—Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (2) d'alt 2 den Acht um Rialú Iomlaoide, 1954:

[EN]

“(2) Fanfaidh an tAcht seo i ngníomh go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1962, agus éagfaidh sé ansin.”

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

1954, Uimh. 30.

2.—(1) Féadfar an tAcht um Rialú Iomlaoide (Buanú), 1958, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna um Rialú Iomlaoide, 1954 agus 1958, a ghairm den Acht um Rialú Iomlaoide, 1954, agus den Acht seo le chéile.