Uimhir 30 de 1973
AN tACHT UM CHOMHLACHAS FORBARTHA IDIRNÁISIÚNTA (LEASÚ), 1973
[An tiontú oifigiúil]
Leasú ar alt 3 den Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta 1960.
1. —Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 3 den Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960, tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (cc) (a cuireadh isteach leis an Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta (Leasú), 1971):
“(ccc) Iocaíochtaí leis an gComhlachas nach mó san iomlan ná £3,100,070, de réir aon chomhshocraíochtaí idir an Rialtas agus an Comhlachas de bhíthin aon Rúin ó Bhord Rialtóirí an Chomhlachais i dtaobh sócmhainní breise airgeadais,”,
agus, dá réir sin, beidh éifeacht ag an bhfo-alt sin mar atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo:
AN TÁBLA |
(2) Déanfar na híocaíochtaí seo a leanas, amhail mar agus nuair is iomchuí iad a íoc thar ceann an Rialtais, a íoc as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis: |
(a) íocaíochtaí faoi fho-ailt (a) go (d) d'Alt 2 d'Airteagal II den Chomhaontú, |
(b) íocaíochtaí faoi Alt 1 d'Airteagal III den Chomhaontú, |
(c) íocaíochtaí faoi mhír (a) d'Alt 2 d'Airteagal IV den Chomhaontú, |
(cc) íocaíochtaí leis an gComhlachas nach mó san iomlán ná méid is comhionann in airgead reatha na hÉireann le 4 mhilliún dollar de chuid na Stát Aonthaithe den mheáchan agus den ghlaine a bhí i bhfeidhm an 1 ú lá d'Eanáir, 1960, de réir aon chomhshocraíochtaí idir an Rialtas agus an Comhlachas de bhíthin aon Rúin ó Bhord Rialtóiri an Chomhlachais i dtaobh sócmhainní breise airgeadais, |
(ccc) íocaíochtaí leis an gComhlachas nach mó san iomlán na £3,100,070, de réir aon chomhshocraíochtaí idir an Rialtas agus an Comhlachas de bhíthin aon Rúin ó Bhord Rialtóirí an Chomhlachais i dtaobh sócmhainní breise airgeadais, |
(d) íocaíochtaí faoi fhomhir (i) de mhír (c) d'Alt 4 d'Airteagal VII den Chomhaontú. |
Gearrtheideal agus comhlua.
2.—(1) Féadfar an tAcht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta (Leasú), 1973, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 go 1973, a ghairm de na hAchtanna um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 agus 1971, agus den Acht seo le chéile.