Uimhir 35 de 1971
AN tACHT UM CHOMHLACHAS FORBARTHA IDIRNÁISIÚNTA (LEASÚ), 1971
[An tiontú oifigiúil.]
Leasú ar an Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960.
1.—Leasaítear leis seo alt 3 (2) den Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960, tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):
“(cc) íocaíochtaí leis an gComhlachas nach mó san iomlán ná méid is comhionann in airgead reatha na hÉireann le 4 mhilliún dollar de chuid na Stát Aontaithe den mheáchan agus den ghlaine a bhí i bhfeidhm an lú lá d'Eanáir, 1960, de réir aon chomhshocraíochtaí idir an Rialtas agus an Comhlachas de bhíthin aon Rúin ó Bhord Rialtóirí an Chomhlachais i dtaobh sócmhainní breise airgeadais,”.
Gearrtheideal agus comhlua.
2.—(1) Féadfar an tAcht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta (Leasú), 1971, a ghairm den Acht seo—
(2) Féadfar na hAchtanna um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 agus 1971, a ghairm den Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960, agus den Acht seo le chéile.