Uimhir 3 de 1943.
ACHT OSPIDÉIL LORCÁIN NAOMHTHA, 1943.
[An tionntódh oifigeamhail.]
CUID I.
Reamhraiteach agus Generalta.
Gearr-theideal.
1.—Féadfar Acht Ospidéil Lorcáin Naomhtha, 1943, do ghairm den Acht so.
Mínithe.
2.—San Acht so—
cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe;
cialluíonn an abairt “Acht 1856” an Dublin Hospitals Regulation Act (19 and 20 Vic., c. 110);
cialluíonn an abairt “na sean-óspidéil” na hóspidéil i gCathair Bhaile Átha Cliath dá ngairmtear in Acht 1856 na House of Industry Hospitals;
cialluíonn an abairt “an sean-chólucht rialúcháin” bord gobharnóirí na sean-óspidéal do bunuíodh fé Acht 1856;
cialluíonn an abairt “oifigeach páigh” oifigeach atá, do réir téarmaí a cheaptha, i dteideal luach saothair d'fháil ón gcólucht darb oifigeach é;
cialluíonn an abairt “an t-óspidéal nua” an t-óspidéal atá le tógaint agus le bunú fén Acht so.
“An chéad lá ceaptha” agus “an dara lá ceaptha”.
3.—(1) Déanfaidh an tAire le hordú lá do cheapadh chun bheith ina chéad lá ceaptha chun crícheanna an Achta so agus léireofar mar thagairtí don lá ceapfar amhlaidh na tagairtí atá san Acht so don chéad lá ceaptha.
(2) Nuair a bheidh an t-óspidéal nua tógtha agus gléasta agus é ullamh dar leis an Aire chun othair do ghlacadh isteach ann, déanfaidh an tAire le hordú lá do cheapadh chun bheith ina dhara lá ceaptha chun crícheanna an Achta so agus léireofar mar thagairtí don lá ceapfar amhlaidh na tagairtí atá san Acht so don dara lá ceaptha.
Costais an Aire i gcoitinne.
4.—Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é is as aírgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costais féna raghaidh an tAire chun an tAcht so do riaradh, ach amháin pé costais is gá, do réir an Achta so, do Bhord Iontaobhais na nOspidéal d'íoc leis an Aire.
CUID II.
Bord Gobharnoiri Ospideil Lorcain Naomhtha.
Bunú agus Códhéanamh agus Baill an Bhuira.
Bunú an Bhuird.
5.—(1) Bunófar ar an gcéad lá ceaptha bord (dá ngairmtear an Bord san Acht so) ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal “Bord Gobharnóirí Ospidéil Lorcáin Naomhtha” chun na feidhmeanna ceaptar dó leis an Acht so do chólíonadh.
(2) Beidh an Bord ina chólucht chorparuithe go síorchomharbas aige agus séala oifigiúil (ar a dtabharfar áird i gcúrsaí breithiúnais) agus féadfaidh dul chun dlí agus féadfar dul chun dlí leis féna ainm chorparuithe agus féadfaidh talamh do shealbhú.
(3) Fé réir aon orduithe dhéanfaidh an tAire fé fho-alt (4) den alt so, isé bheidh ar an mBord ná uimhir de bhaill is cóionann leis an uimhir de bhaill a bheidh ar an sean-chólucht rialúcháin díreach roimh an gcéad lá ceaptha.
(4) Féadfaidh an tAire tráth ar bith tar éis an chéad lae cheaptha athrú do dhéanamh o am go ham le hordú ar chó dhéanamh an Bhuird i pé slí is oiriúnach leis, agus is cead pé fofhorálacha do bheith in aon ordú den tsórt san a mheasfaidh an tAire is cuibhe chun crícheanna an orduithe.
(5) Gach ordú déanfar fé fho-alt (4) den alt so leagfar fé bhráid gach Tighe den Oireachtas é chó luath agus bheidh caothúil tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an t-ordú san do leagadh féna bhráid amhlaidh, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.
Forálacha i dtaobh ballraíocht an Bhuird.
6.—(1) Gach duine bheidh, díreach roimh an gcéad lá ceaptha, ina bhall den tsean-chólucht rialúcháin tiocfa sé chun bheith agus beidh, ar an gcéad lá ceaptha, ina bhall den Bhord de bhuadh an fho-ailt seo.
(2) Fé réir forálacha aon orduithe ón Aire ag athrú códhéanamh an Bhuird, beidh gach ball den Bhord i seilbh oifige go n-éagfaidh no go n-eireoidh as oifig no go gcuirfear as oifig é.
(3) Féadfaidh ball den Bhord eirghe as a oifig tráth ar bith tré leitir a chur chun an Aire ag eirghe as agus beidh éifeacht ag á eirghe-as amhail ar an dáta agus ón dáta ar a bhfuighidh an tAire an leitir sin.
(4) Féadfaidh an tAire tráth ar bith le hordú gach ball no aon bhall den Bhord do chur as oifig.
(5) Aon uair a thárlóidh do bhall den Bhord é d'éag no é d'eirghe no do chur as oifig féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, duine do cheapadh chun an folúntas do líonadh.
Imeachta an Bhuird.
Cruinnithe.
7.—(1) Beidh a chéad chruinniú ag an mBord pé lá agus pé uair agus pé áit a cheapfaidh an tAire.
(2) Gach bliain a thosnóidh tar éis a chéad-chruinniú do thionól beidh cruinniú (dá ngairmtear cruinniú bliantúil san Acht so) ag an mBord ar pé dáta cheapfaidh an tAire.
(3) Fé réir forálacha an ailt seo beidh ag an mBord pé cruinnithe agus pé méid cruinnithe is gá chun a dhualgais do chólíonadh go cuibhe.
Cathaoirleach agus leaschathaoirleach.
8.—(1) Déanfaidh an Bord ag á chéad chruinniú agus fós ag gach cruinniú bliantúil duine dá bhaill do thogha chun bheith ina chathaoirleach don Bhord agus duine eile dá bhaill chun bheith ina leas-chathaoirleach don Bhord.
(2) Márab éag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin dó, beidh gach duine toghfar chun bheith ina chathaoirleach no ina leas-chathaoirleach don Bhord i seilbh oifige mar chathaoirleach no mar leas-chathaoirleach go dtoghtar a chomharba.
(3) Aon uair a thiocfaidh oifig an chathaoirligh no an leaschathaoirligh chun bheith folamh mar gheall ar an gcathaoirleach no an leas-chathaoirleach d'éag no d'eirghe as no do theacht fé dhí-cháilíocht déanfaidh an Bord, ag an gcéad chruinniú tar éis an folúntas san do theacht, duine dá bhaill do thogha chun bheith ina chathaoirleach no ina leas-chathaoirleach.
(4) Féadfaidh cathaoirleach no leas-chathaoirleach an Bhuird eirghe as a oifig chathaoirligh no leas-chathaoirligh aon uair tré leitir a díreofar chun an Bhuird, agus raghaidh gach eirghe-as den tsórt san in éifeacht i dtosach an chéad chruinnithe bheidh ag an mBord tar éis an eirghe-as san d'fháil don Bhord.
(5) Aon uair a scuirfidh cathaoirleach no leas-chathaoirleach an Bhuird, le linn a théarma oifige mar chathaoirleach no mar leaschathaoirleach den tsórt san, de bheith ina bhall den Bhord beidh sé dí-cháilithe chun bheith agus scuirfidh láithreach de bheith ina chathaoirleach no ina leas-chathaoirleach den tsórt san.
(6) Aon uair a gheobhaidh beirt no níos mó an uimhir chéanna de vótaí i dtoghchán cathaoirligh don Bhord toghfar duine de na daoine sin le crannchur.
Nós imeachta ag cruinnithe.
9.—(1) Triúr is cuórum do chruinniú den Bhord.
(2) Ag cruinniú den Bhord—
(a) isé cathaoirleach an Bhuird, má bhíonn i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú;
(b) má bhíonn agus faid a bheidh cathaoirleach an Bhuird gan bheith i láthair no má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, beidh leas-chathaoirleach an Bhuird ina chathaoirleach ar an gcruinniú má bhíonn agus faid a bheidh i láthair;
(c) má bhíonn agus faid a bheidh cathaoirleach an Bhuird gan bheith i láthair no má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh agus ná beidh an leas-chathaoirleach i láthair no go mbeidh oifig an leas-chathaoirligh folamh, déanfaidh na baill den Bhord a bheidh i láthair duine dhíobh féin do roghnú chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.
(3) Déanfar gach ceist eireoidh ag cruinniú den Bhord do chinneadh le móráireamh vótaí na mball a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás có-ionannais vótaí, beidh an dara vóta no vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe ach amháin nuair isé togha an chathaoirligh an cheist a bheidh le cinneadh.
(4) Féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntas no folúntais do bheith imeasc a bhall.
(5) Fé réir forálacha an Achta so rialálfaidh an Bord, le buanorduithe no eile, nós imeachta agus gnó an Bhuird.
Séala an Bhuird.
10.—(1) Déanfaidh an Bord díreach tar éis a bhunuithe séala do sholáthar dó féin.
(2) Dílse-dheimhneofar séala an Bhuird le sighniú cathaoirligh an Bhuird no baill éigin eile dhe go n-údarás cuibhe aige ón mBord gníomhú chuige sin maraon le sighniú oifigigh don Bhord go n-údarás cuibhe aige ón mBord gníomhú chuige sin.
Oifigigh agus Seirbhísigh an Bhuird.
Srian le comhachta d'fheidhmiú maidir le hoifigigh agus seirbhísigh.
11.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo ní dhéanfaidh an Bord, gan toiliú an Aire,—
(a) na comhachta bheirtear don Bhord le fo-alt (1) d'alt 12 (a bhaineann le hoifigigh agus seirbhísigh) den Acht so d'fheidhmiú maidir le haon oifig no fostaíocht fén mBord, ná
(b) na comhachta bheirtear don Bhord le haon fhoráil aca so leanas den Acht so d'fheidhmiú maidir le héinne bheidh de thurus na huaire i seilbh aon oifige no fostaíochta fén mBord, eadhon, fo-alt (2) d'alt 12, alt 13 (a bhaineann le hoifigigh do chur as oifig agus seirbhísigh do bhriseadh) agus fo-alt (4) d'alt 38 (a bhaineann le hoifigigh agus seirbhísigh don tsean-chólucht rialúcháin d'aistriú).
(2) Aon uair agus a mhinice agus is oiriúnach leis é féadfaidh an tAire, le hordú, a dhearbhú, maidir le haon oifig no fostaíocht fén mBord, go bhféadfaidh an Bord na comhachta bheirtear don Bhord le fo-alt (1) d'alt 12 den Acht so d'fheidhmiú gan toiliú an Aire, agus aon uair a déanfar aon ordú fén bhfo-alt so agus a bheidh sé i bhfeidhm féadfar na comhachta san d'fheidhmiú, gan an toiliú san, maidir leis an oifig no leis an bhfostaíocht a luadhfar san ordú san.
(3) Aon uair agus a mhinice agus is oiriúnach leis é féadfaidh an tAire, le hordú, a dhearbhú go bhféadfar na comhachta bheirtear le haon cheann no cinn de na forálacha so leanas den Acht so, eadhon, fo-alt (2) d'alt 12, alt 13, agus fo-alt (4) d'alt 38, d'fheidhmiú, gan toiliú an Aire, maidir le héinne bheidh de thurus na huaire i seilbh aon oifige no fostaíochta áirithe fén mBord, agus aon uair a déanfar aon ordú fén bhfo-alt so agus a bheidh sé i bhfeidhm féadfar na comhachta bheirtear don Bhord le pé forálacha aca san a luadhfar san ordú san d'fheidhmiú, gan an toiliú san, maidir le héinne bheidh de thurus na huaire i seilbh na hoifige no na fostaíochta luadhfar san ordú san.
(4) Féadfaidh an tAire aon ordú bheidh déanta fé fho-alt (2) no fo-alt (3) den alt so do chúlghairm aon uair le hordú.
Oifigigh agus seirbhísigh.
12.—(1) Féadfaidh an Bord pé oifigigh agus pé méid oifigeach do cheapadh agus pé seirbhísigh agus pé méid seirbhíseach d'fhostú a mheasfaidh an Bord o am go ham do bheith ceart.
(2) Féadfaidh an Bord pé luach saothair agus liúntais a cheappaidh an Bord o am go ham d'íoc agus do lomháil le haon oifigeach no seirbhíseach don Bhord.
(3) Cólíonfaidh gach oifigeach agus seirbhíseach don Bhord pé dualgais a cheapfaidh an Bord o am go ham don oifigeach no don tseirbhíseach san.
Oifigigh do chur as oifig agus seirbhísigh do bhriseadh.
13.—Féadfaidh an Bord aon oifigeach don Bhord do chur as oifig no aon tseirbhíseach don Bhord do bhriseadh.
Pinsin agus aiscí d'oifigigh agus do sheirbhísigh don Bhord no maidir leo.
14.—(1) Chó luath agus bheidh caothúil ullmhóidh an Bord agus cuirfidh fé bhráid an Aire scéim (dá ngairmtear scéim pinsin san alt so) chun pinsin agus aiscí do chur ar fáil d'oifigigh pháigh agus do sheirbhísigh don Bhord no maidir leo agus (fé réir an Aire dá daingniú) cuirfidh an scéim sin i bhfeidhm.
(2) Isé slí ina n-áirmheofar méid aon phinsin no aisce cuirfear ar fáil fé scéim pinsin ná do réir seirbhíse fén mBord maraon le pé nithe eile a hordófar leis an scéim pinsin sin.
(3) Le scéim pinsin—
(a) socrófar go ndéanfar, i gcás duine (dá ngairmtear oifigeach no seirbhíseach aistrithe sa bhfo-alt so) do bhí ina oifigeach no ina sheirbhíseach don tsean-chólucht rialúcháin agus a thiocfaidh chun bheith ina oifigeach no ina sheirbhíseach don Bhord de bhuadh an Achta so, seirbhís fén sean-chólucht rialúcháin d'áireamh, chun críche na scéime sin, mar sheirbhís fén mBord;
(b) déanfar socrú chun pinsin agus aiscí d'íoc le hoifigigh agus seirbhísigh don Bhord lena mbainfidh an scéim sin, no maidir leo, pé trátha agus fé réir pé coinníollacha agus srianta a hordófar leis an scéim sin, agus fós i dtaobh méideanna na bpinsean agus na n-aiscí sin d'áireamh;
(c) féadfar a shocrú go mbainfidh an scéim sin le haon oifigeach no seirbhíseach aistrithe scuirfidh de bheith ina oifigeach no ina sheirbhíseach don Bhord roimh dháta na scéime sin do theacht i ngníomh;
(d) féadfar a shocrú go ndéanfaidh oifigigh agus seirbhísigh don Bhord lena mbainfidh an scéim sin rann-íoca d'íoc mar chabhair chun an scéim sin d'airgeadasú.
(4) Féadfaidh an Bord, tráth ar bith, le hath-scéim pinsin (dá ngairmtear scéim leasúcháin sa bhfo-alt so agus sa chéad fho-alt eile) scéim pinsin no scéim leasúcháin a bheidh déanta cheana do leasú agus féadfaidh aon scéim leasúcháin den tsórt san a rá feidhm chúl-ghabhálach do bheith aici.
(5) Ní déanfar scéim leasúcháin do chumadh i slí go bhfoirceannóidh no go laghdóidh aon phinsean do bhí, díreach roimh theacht i bhfeidhm don scéim leasúcháin sin, iníoctha fén scéim a bheidh á leasú léi.
(6) Ní thiocfaidh scéim fén alt so i bhfeidhm mara ndéantar ná go dtí go ndéanfar í dhaingniú le hordú ón Aire.
(7) Déanfaidh ordú ón Aire ag daingniú scéime fén alt so dáta do cheapadh ar a mbeidh an scéim sin le teacht i bhfeidhm agus beidh éifeacht reachtúil ag an scéim sin amhail ar an dáta ceapfar amhlaidh agus ón dáta san amach.
(8) Má eiríonn aon cheist fé scéim fén alt so cuirfear an cheist sin fé bhráid an Aire agus ní bheidh dul thar a bhreith sin uirthi.
Forálacha Airgeadais.
Cuntais.
15.—(1) Bhéarfaidh an Bord go gcoimeádfar cuntais chuibhe ar ioncum agus caiteachas uile an Bhuird agus ar cad as don ioncum san agus ar abhar an chaiteachais sin agus ar mhaoin, creidiúnais agus fiachais an Bhuird.
(2) Isí an bhliain chaileandair is bliain airgeadais don Bhord agus is tuigthe, chun crícheanna na forála so, gur bliain chaileandair an tréimhse dar tosach an chéad lá ceaptha agus dar críoch an chéad 31adh lá de Mhí na Nodlag ina dhiaidh sin.
(3) Chó luath agus is féidir é tar éis deireadh gach bliana airgeadais fé leith, déanfar ráiteas cuntaisí an Bhuird in aghaidh na bliana airgeadais sin d'ullmhú agus, ar bheith ullamh dó, é d'iniúchadh agus tuarascbháil do thabhairt air ag cuntasóir cuibhecháilithe cheapfaidh an Bord gach bliain.
(4) Ar iniúchadh fén alt so do bheith críochnuithe cuirfidh an Bord chun an Aire cóip den chuntas chothromaíochta agus den chuntas sochair agus dochair arna ndeimhniú ag an iniúchóir maraon le cóip de thuarascbháil an iniúchóra.
Cistí do shuncáil.
16.—(1) Féadfaidh an Bord aon chistí bheidh ar a láimh ag an mBord do shuncáil in urrúis iontaobhais.
(2) Má thagann aon urrúis, fén Acht so no ar shlí eile, chun bheith dílsithe sa Bhord féadfaidh an Bord na hurrúis sin do choinneáil agus do shealbhú d'ainneoin nach urrúis iontaobhais iad.
(3) Féadfaidh an Bord o am go ham aon airgead a bheidh ar seilbh aige i bhfuirm suncálanna d'athrú no d'allchur i suncálanna eile is urrúis iontaobhais agus féadfaidh tráth ar bith gach suncáil no aon tsuncáil bheidh ar seilbh aige do dhíol agus d'iompáil in airgead.
(4) San alt so cialluíonn an abairt “urrúis iontaobhais” urrúis a mbeidh údaruithe d'iontaobhaithe leis an dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire cistí iontaobhais do shuncáil ionta.
An Bord d'fháil iasachta.
17.—Féadfaidh an Bord, chun aon chostais d'íoc féna ndeachaidh no féna raghaidh chun crícheanna a chomhacht agus a dhualgas, airgead d'fháil ar iasacht tré ró-tharraing bhaine no eile agus féadfaidh aon airgead do gheobhfar ar íasacht amhlaidh agus ús air d'urrú le morgáiste no muirear ar aon mhaoin leis an mBord.
Forálacha Ilghnéitheacha.
Connartha.
18.—Féadfaidh an Bord gach connradh do dhéanamh is gá chun crícheanna a fheidhmeanna fén Acht so.
Glacadh le dearlaicí.
19.—Beidh de chomhacht ag an mBord glacadh le haon mhaoin, réalta no pearsanta, mar dhearlaic go generálta no ar iontaobhas chun aon chrícheanna bhainfidh leis an óspidéal nua.
Fianaise prima facie ar chruinnithe, ar rúin agus ar ionstruimí.
20.—(1) Na miontuairiscí uile ar na himeachta ag cruinniú den Bhord a uirchiallfaidh bheith sighnithe ag cathaoirleach an chruinnithe sin no ag cathaoirleach an chéad chruinnithe ina dhiaidh sin den Bhord déanfar (gan cruthúnas ar shighniú an duine a n-uirchiallfaidh na miontuairiscí sin iad do bheith sighnithe aige ná a chruthú gurbh é an duine sin iarbhfír cathaoirleach an chruinnithe a n-uirchiallfaidh na miontuairiscí sin gur sighníodh aige iad) iad do ghlacadh i ngach imeacht dlí mar fhianaise prima facie ar na himeachta ag an gcruinniú lena mbainfidh na miontuairiscí sin agus mar fhianaise prima facie gur gairmeadh an cruinniú san agus go raibh sé ann go cuibhe agus gur seoladh go cuibhe do réir dlí na himeachta ag an gcruinniú san.
(2) Déanfar cóip, de rún do ritheadh no d'ionstruim do rinneadh ag cruinniú den Bhord, a uirchiallfaidh bheith deimhnithe mar chóip dhílis den rún no den ionstruim sin ag oifigeach don Bhord go n-údarás ón mBord chuige sin do ghlacadh i ngach imeacht dlí mar fhianaise prima facie gur ritheadh an rún san no go ndearnadh an ionstruim sin (pé aca é) agus ar théarmaí an chéanna gan cruthúnas ar shighniú an duine a n-uirchiallfaidh an chóip sin í bheith deimhnithe amhlaidh aige ná a chruthú go raibh sé iarbhfír ina oifigeach don Bhord agus an t-údarás san aige.
Sa bhfo-alt so cialluíonn an focal “ionstruim” aon ionstruim i scríbhinn.
CUID III.
An tAire do Thogaint Tailimh le haghaidh an Ospideil Nua.
Talamh do hógaint le aghaidh an óspidéil nua.
21.—(1) Féadfaidh an tAire talamh i gCathair Bhaile Átha Cliath no ar a comhgar do thógaint tré chó-aontú no go héigeanta chun láithreán do chur ar fáil le haghaidh an óspidéil nua.
(2) Féadfaidh an tAire talamh do thógaint o am go ham tré chó-aontú no go héigeanta chun go mb'usaide an t-óspidéal nua do leathnú no do mhéadú no a thaithneamhachta d'fheabhsú.
(3) Fé réir forálacha an Achta so, beidh gach talamh a thógfaidh an tAire fén alt so ar seilbh ag an Aire ar iontaobhas don óspidéal nua agus chun úsáide an óspidéil nua.
An tAire do thógaint tailimh go héigeanta.
22.—(1) Má mheasann agus aon uair a mheasfaidh an tAire go mba cheart aon talamh do thógaint go héigeanta fén gCuid seo den Acht so féadfaidh an tAire a fhógairt, le hordú, go bhfuil sé chun an talamh san do thógaint amhlaidh agus oibreoidh gach ordú den tsórt san chun lán-chomhacht do thabhairt don Aire chun an talamh a luadhfar ann do thógaint go héigeanta fé réim agus do réir an ailt seo.
(2) Sara ndéanaidh an tAire ordú fén alt so déanfaidh—
(a) pé pleananna, áirmheachta, agus scríbhinní eile do lóisteáil agus do choimeád ar fáil chun a n-iniúchta in áit éigin oiriúnach (a dtabharfar fógra puiblí ina thaobh) a thaisbeánfaidh go hiomlán agus go soiléir an talamh a beifear chun a thógaint de bhuadh an orduithe, agus
(b) fógra do thabhairt, i pé slí is dóich leis is fearr a chuirfidh an scéal in iúl do dhaoine ar dócha go ndéanfaidh an t-ordú deifir dóibh, i dtaobh é bheith ag cuimhneamh ar an ordú san do dhéanamh agus i dtaobh na slí ina bhféadfar cúiseanna do phlé agus agóidí do dhéanamh i dtaobh an orduithe, agus
(c) más oiriúnach leis san do dhéanamh, fiosrúchán puiblí do thionól i dtaobh an t-ordú do dhéanamh.
(3) Féadfar iad so leanas d'ionchorparú in ordú déanfar fén alt so—
(a) an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, arna leasú leis an Acht chun Talamh do Thógaint (Coiste Réitigh), 1925 (Uimh. 22 de 1925), agus
(b) na hAchtanna Clásanna Talmhan sa mhéid ná fuilid bun os cionn leis an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, adubhradh.
(4) Ní údaróidh éinní atá san alt so don Aire aon talamh do thógaint go héigeanta fén alt so a bheidh, ar dháta céad-fhoillsithe fógra i dtaobh an tAire do bheith ag cuimhneamh ar ordú chuige sin do dhéanamh, dá chuid féin ag aon ghnóthaire iarnróid, leictreachais, gáis no uisce agus a bheidh á úsáid no bheidh údaruithe d'úsáid ag an ngnóthaire sin chun críche a ghnóthais.
(5) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le haon fhiosrúchán puiblí a déanfar fén alt so—
(a) ceapfaidh an tAire duine ceart oiriúnach chun an fiosrúchán san do dhéanamh;
(b) údaruítear don duine sin leis seo daoine thiocfaidh i láthair mar fhínnithe ag an bhfiosrúchán san do chur fé mhionn;
(c) aon duine a mbeidh leas aige in abhar an fhiosrúcháin sin beidh sé i dteideal teacht i láthair aige i bpearsain no tré abhcóide no atúrnae agus fianaise do thabhairt ar áird.
Talamh barrachais do chur de láimh.
23.—(1) Féadfaidh an tAire aon uair aon talamh a thógfaidh fén gCuid seo den Acht so agus a bhfeicfear dó gan é bheith ag teastáil a thuilleadh chun crícheanna an óspidéil nua do chur de láimh i pé slí mheasfaidh is ceart.
(2) An t-airgead uile gheobhaidh an tAire alos talamh do chur de láimh fén alt so íocfaidh an tAire le Bord Iontaobhais na nOispidéal é agus beidh sé ina chuid de Chiste Iontaobhais na nOispidéal.
Costais an Aire fé Chuid III.
24.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, a ordú do Bhord Iontaobhais na nOispidéal aon airgead d'íoc leis as Ciste Iontaobhais na nOispidéal a bheidh ag teastáil uaidh chun aon chostais féna raghaidh fén gCuid seo den Acht so d'íoc.
(2) Aon uair ordóidh an tAire do Bhord Iontaobhais na nOispidéal fén alt so aon airgead d'íoc leis, íocfaidh Bord Iontaobhais na nOispidéal an t-airgead san leis an Aire agus úsáidfidh an tAire an t-airgead san chun costais féna raghaidh fén gCuid seo den Acht so d'íoc.
(3) Aon airgead a híocfar leis an Aire fén alt so agus ná beidh ag teastáil chun aon chostais féna ragha sé fén gCuid seo den Acht so d'íoc, aisíocfaidh an tAire le Bord Iontaobhais na nOispidéal é i gcóir Ciste Iontaobhais na nOispidéal.
CUID IV.
Ospideal Lorcain Naomhtha.
Scéim do chur fé bhráid an Aire i dtaobh an t-óspidéal nua do thógáil, etc.
25.—Chó luath agus a bheidh láithreán don óspidéal nua faighte fén Acht so ag an Aire cuirfidh an méid sin in iúl don Bhord agus ullmhóidh an Bord agus cuirfidh fé bhráid an Aire, chó luath agus is féidir é, scéim chun óspidéal nua (lena n-áirmhítear cóiríocht dá fhuirinn) do thógáil agus do ghléasadh ar an láithreán a bheidh faighte amhlaidh, agus beidh sa scéim na pleananna agus na háirmheachta maraon le meastachán ar an méid a chosnóidh feidhmiú na scéime agus aon nithe iomchuibhe eile.
Nós imeachta tar éis an scéim do chur fé bhráid an Aire.
26.—(1) Nuair a chuirfidh an Bord scéim fé bhráid an Aire fén alt deiridh sin roimhe seo chun é dá ceadú féadfaidh an tAire le hordú (do réir mar a mheasfaidh is ceart) an scéim sin do cheadú gan í mhodhnú, no an scéim sin do mhodhnú (tré chur léi no leigean ar lár no athrú) i pé slí mheasfaidh is ceart agus an scéim sin arna modhnú amhlaidh do cheadú, no a cheangal ar an mBord scéim nua do dhéanamh agus do chur féna bhráid.
(2) Má cheanglann an tAire ar an mBord fén alt so scéim nua do dhéanamh agus do chur féna bhráid beidh sé de dhualgas ar an mBord scéim nua do dhéanamh dá réir sin chó luath agus a bheidh caothúil agus an scéim nua san do chur fé bhráid an Aire chun é dá ceadú agus beidh éifeacht ag forálacha an Achta so fé is dá mb'í an scéim nua san an chéad scéim do rinneadh agus do cuireadh fé bhráid an Aire ag an mBord fén alt so.
(3) San Acht so cialluíonn an abairt “an scéim” an scéim a cheadóidh an tAire fén alt so.
An scéim do mhodhnú tar éis a ceaduithe.
27.—Aon uair tar éis don Aire an scéim do cheadú féadfaidh an tAire, le hordú, an scéim do mhodhnú (tré chur léi no leigean ar lár no athrú) i pé slí a mheasfaidh is ceart agus ón am a déanfar ordú fén alt so ag modhnú na scéime beidh éifeacht ag an scéim fé is dá mbeadh sí modhnuithe amhlaidh nuair do cheaduigh an tAire í.
An t-óspidéal nua do thógáil agus do ghléasadh.
28.—(1) Tar éis don Aire an scéim do cheadú tosnóidh an Bord ar óspidéal (dá ngairmtear an t-óspidéal nua san Acht so) ar a dtabharfar Ospidéal Lorcáin Naomhtha no, i mBéarla, Saint Laurence's Hospital, do thógáil agus do ghléasadh chó luath agus a bheidh caothúil.
(2) Ag tógáil agus ag gléasadh an óspidéil nua dhó cólíonfaidh an Bord forálacha na scéime.
Costais na scéime agus costais tógála, etc., an óspidéil nua.
29.—(1) Déanfaidh an Bord as an maoin a haistrítear chuige le halt 35 (a bhaineann le maoin de chuid an tsean-chóluchta rialúcháin d'aistriú) den Acht so suim do leithreasú is có-ionann leis seo leanas, eadhon, méid aon tsuimeanna airgid do híocadh leis an sean-chólucht rialúcháin fé na hAchtanna um Oispidéil Phuiblí Dhéirciúla, 1930 go 1932, maraon le haon fhás a bheidh déanta ar na suimeanna san, lugha-de aon chuid den chéanna bheidh caithte ag an sean-chólucht rialúcháin roimh dháta an Achta so do rith, agus déanfaidh an Bord an tsuim a leithreasófar amhlaidh d'úsáid mar chabhair chun íoctha na gcostas a bheidh curtha suas ag an mBord chun an scéim d'ullmhú agus an t-óspidéal nua do thógáil agus do ghléasadh agus chuige sin amháin.
(2) Déanfaidh an tAire o am go ham deontais as Ciste Iontaobhais na nOispidéal do thabhairt don Bhord, fé alt 25 d'Acht na nOispidéal Puiblí, 1933 (Uimh. 18 de 1933), de mhéid iomlán is có-ionann le méid aon chostas a bheidh curtha suas ag an mBord go réasúnach dar leis an Aire chun an scéim d'ullmhú agus chun an t-óspidéal nua do thógáil agus do ghléasadh do réir na scéime, tar éis an tsuim a leithreasófar fé fho-alt (1) den alt so do bhaint as.
Bainistighe agus rialú an óspidéil nua.
30.—Rialóidh agus bainisteoidh an Bord an t-óspidéal nua agus, fé réir forálacha an Achta so, déanfaidh an Bord gach ní is gá chuige sin.
An t-óspidéal nua do leathnú, etc.
31.—Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire, an t-óspidéal nua do leathnú, d'athrú no do mhéadú no é d'fheabhsú ar shlí eile.
Comhachta generálta maidir le bainistighe.
32.—(1) Fé réir forálacha an Achta so féadfaidh an Bord gach ní do dhéanamh i leith an óspidéil nua a bhíonn údaruithe de ghnáth do chólucht rialúcháin óspidéil do dhéanamh i leith éspidéil fé rialú an chóluchta rialúcháin sin.
(2) Gan dochar do gheneráltacht aon chomhacht eile do bheirtear dó leis an Acht so, féadfaidh an Bord gach ní no aon ní no nithe aca so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—
(a) más rud é, i gcás aon othair éagfaidh san óspidéal nua, nach fios cé hiad a ghaolta no, toisc iad do bheith ar iarraidh no ró-bhocht no eile, nach féidir leo socrú do dhéanamh chun an t-othar marbh san d'adhlacadh, gach costas ceart riachtanach d'íoc féna raghfar chun an t-othar marbh san d'adhlacadh;
(b) baill éadaigh agus éifeachtaí othar do dhí-ghalrú agus cúiteamh d'íoc no do thabhairt in aon damáiste déanfar tríd sin;
(c) má bhíonn gá le baill éadaigh d'fhonn othar do chóireáil no do chosaint sa cheart agus go mbeidh an t-othar san ró-bhocht chun na baill éadaigh sin do sholáthar, na baill éadaigh sin do sholáthar.
CUID V.
An Sean-Cholucht Rialuchain do Scur, agus Maoin, Fiachais, etc., an tSean-Choluchta Rialuchain d'Aistriu.
Mínithe chun crícheanna Coda V.
33.—(1) Sa Chuid seo den Acht so—
cialluíonn an abairt “na Coimisinéirí” Coimisinéirí na nOibreacha Poiblidhe in Éirinn;
cialluíonn an abairt “na tailte iontaobhais” aon tailte, tionóntacháin no ionoidhreachta bheidh, díreach roimh an gcéad lá ceaptha, dílsithe de bhuadh ailt 3 d'Acht 1856 sna Coimisinéirí ar iontaobhas do na sean-óspidéil agus chun a n-úsáide-sean;
cialluíonn an abairt “tailte an tsean-chóluchta rialúcháin” aon tailte, tionóntacháin no ionoidhreachta (seachas na tailte iontaobhais) a bheidh, díreach roimh an gcéad lá ceaptha, dílsithe sa tsean-chólucht rialúcháin no dá chuid féin aige no ar seilbh ar iontaoibh dó.
(2) Deimhniú fé shéala an Aire á dheimhniú aon tailte, tionóntacháin no ionoidhreachta áirithe (seachas na tailte iontaobhais) do bheith, díreach roimh an gcéad lá ceaptha, dílsithe sa tseanchólucht rialúcháin no dá chuid féin aige no ar seilbh ar iontaoibh dó, beidh sé ina fhianaise dho-chlaoite ar na nithe deimhneofar amhlaidh.
An sean-chólucht rialúcháin do scur.
34.—Ar an gcéad lá ceaptha tiocfaidh, de bhuadh an ailt seo, an sean-chólucht rialúcháin do scur agus do stad de bheidh ann agus ní bheidh éifeacht feasta ag forálacha Achta 1856 maidir leis an sean-chólucht rialúcháin agus na sean-óspidéil.
Maoin an tseanchóluchta rialúcháin d'aistriú.
35.—(1) An mhaoin uile, réalta no pearsanta (agus rudaí-arfionnraighe d'áireamh), a bheidh, díreach roimh an gcéad lá ceaptha, dílsithe sa tsean-chólucht rialúcháin no dá chuid féin aige no ar seilbh ar iontaoibh dó agus gach ceart, comhacht agus príbhléid a ghabhfaidh no bhainfidh le haon mhaoin den tsórt san, tiocfaidh chun bheith agus beidh, ar an gcéad lá ceaptha agus gan leithliú na sannadh ar bith ach fé réir a n-aistrithe i leabhair aon bhainc no corparáide no cuideachtan más gá san, dílsithe, fé réir forálacha an ailt seo, sa Bhord no dá chuid féin aige no ar seilbh ar iontaoibh dó (mar is gá sa chás) chun an estáit, an téarma no an leasa uile chun a mbeidh an céanna, díreach roimh an gcéad lá ceaptha, dílsithe sa tsean-chólucht rialúcháin no dá chuid féin aige no ar seilbh ar iontaoibh dó.
(2) An mhaoin uile a haistrítear leis an alt so agus a bheidh, díreach roimh an gcéad lá ceaptha, ar seasamh i leabhair aon bhainc, no cláruithe i leabhair aon bhainc no corparáide no cuideachtan, in ainm an tsean-chóluchta rialúcháin aistreoidh an banc no an chorparáid no an chuideachta san í sna leabhair sin chun ainm an Bhuird arna iarraidh sin don Bhord an chéad lá ceaptha no aon uair ina dhiaidh sin.
(3) Gach rud-ar-fionnraighe a haistrítear leis an alt so ón seanchólucht rialúcháin féadfaidh an Bord, an chéad lá ceaptha agus dá éis sin, dul chun dlí mar gheall air no é bhaint amach no é d'fhoirfheidhmiú ina ainm féin agus ní gá don Bhord fógra i dtaobh an aistrithe déantar leis an alt so do thabhairt don té ar a mbeidh an rud-ar-fionnraighe sin in a cheangal.
(4) Ní bheidh éifeacht ag an alt so maidir leis na tailte iontaobhais ná le tailte an tsean-chóluchta rialúcháin.
(5) I gcás aon mhaoin a haistrítear chun an Bhuird leis an alt so do bheith, díreach roimh an gcéad lá ceaptha, ar seilbh ar iontaoibh chun leabaidh, no ciste duaise no buinn liaghachta, do mhaoiniú no ar iontaobhais speisialta eile, beidh an mhaoin sin—
(a) go dtí an dara lá ceaptha, ar seilbh ag an mBord ar na hiontaobhais do bhain léi díreach roimh an gcéad lá ceaptha;
(b) ar an dara lá ceaptha agus dá éis, ar seilbh ag an mBord ar pé iontaobhais a dhearbhóidh an Bord i dtaobh agus i leith an chéanna, agus isiad iontaobhais a dearbhófar amhlaidh ná pé cinn is dóich leis an mBord a fhreagrann, sa mhéid gur féidir sa chás, do na hiontaobhais do bhain leis an maoin sin díreach roimh an gcéad lá ceaptha.
(6) Má eiríonn aon cheist fé fho-alt (5) den alt so cuirfear an cheist sin fé bhráid an Aire agus ní bheidh dul thar a bhreith-sean uirthi.
Forálacha i dtaobh tailte ar seilbh chun crícheanna na sean-óspidéal.
36.—(1) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas i dtaobh na dtailte iontaobhais, sé sin le rá:—
(a) ar an gcéad lá ceaptha tiocfaidh na tailte iontaobhais chun bheith agus beid, de bhuadh an fho-ailt seo agus gan aon leithliú ná sannadh, dílsithe san Aire chun an estáit, an téarma, no an leasa uile chun a raibh an céanna dílsithe sna Coimisinéirí díreach roimh an gcéad lá ceaptha;
(b) ar an gcéad lá ceaptha beidh críoch agus deireadh leis na hiontaobhais ar a raibh na tailte iontaobhais ar seilbh ag na Coimisinéirí díreach roimh an gcéad lá ceaptha.
(2) Ar an gcéad lá ceaptha tiocfaidh tailte an tsean-chóluchta rialúcháin chun bheith agus beid, de bhuadh an fho-ailt seo agus gan aon leithliú ná sannadh, dílsithe san Aire chun an estáit, an téarma no an leasa uile chun a raibh an céanna dílsithe sa tseanchólucht rialúcháin no dá chuid féin aige no ar seilbh ar iontaoibh dó díreach roimh an gcéad lá ceaptha.
(3) Tráth ar bith tar éis an chéad lae cheaptha féadfaidh an tAire na tailte dílsítear ann leis an alt so no aon chuid de na tailte sin do chur de láimh ar pé slí aca so leanas a mheasfaidh an tAire is ceart, sé sin le rá:—
(a) tréna ndíol ar an bpraghas is dóich leis an Aire is fearr is féidir d'fháil;
(b) tréna n-aistriú (go n-íocaíocht no gan íocaíocht) chun údaráis áitiúil áirithe chun crícheanna aon choda de chomhachta agus dualgais an údaráis áitiúil sin.
(4) Ar an gcéad lá ceaptha agus dá éis beidh pé méid de na tailte dílsítear ann leis an alt so ná beidh curtha de láimh aige fén alt so ar seilbh ag an Aire ar iontaoibh don Bhord.
(5) Aon airgead do gheobhaidh an tAire as tailte do chur dá láimh fén alt so déanfaidh an tAire, tar éis gach costas agus caiteachas d'íoc féna raghaidh ag cur na dtailte sin de láimh, é d'íoc le Bord Iontaobhais na nOispidéal agus beidh ina chuid de Chiste Iontaobhais na nOispidéal.
Fiachais an tseanchóluchta rialúcháin d'aistriú.
37.—(1) Na fiacha agus na fiachais eile go léir (ar a n-áirmhítear fiachais nea-shocruithe do tháinig as torta no as sáruithe connartha) a bheidh, díreach roimh an gcéad lá ceaptha, dlite ar an sean-chólucht rialúcháin agus gan íoc aca no curtha suas agus gan glanadh aca tiocfaid chun bheith agus beid, ar an gcéad lá ceaptha, ina bhfiacha no ina bhfiachais ar an mBord agus íocfaidh no glanfaidh an Bord iad agus féadfar iad do bhaint de no iad d'fhoirfheidhmiú ina choinnibh dá réir sin.
(2) San alt so foluíonn an focal “fiachas” aon bhlianacht i bhfuirm aoisliúntais do deonadh, fé alt 9 d'Acht 1856, do dhuine dob oifigeach no seirbhíseach, do réir bhrí Achta 1856, do na sean-óspidéil.
Oifigigh agus seirbhísigh an tsean-chóluchta rialúcháin d'aistriú.
38.—(1) Gach duine (dá ngairmtear duine aistrithe san alt so) a bheidh, an lá roimh an gcéad lá ceaptha, ina oifigeach no ina sheirbhíseach páigh don tsean-chólucht rialúcháin beidh sé aistrithe chun an Bhuird agus beidh sé agus tiocfaidh chun bheith ina oifigeach no ina sheirbhíseach don Bhord ar an gcéad lá ceaptha agus fé réir forálacha an ailt seo.
(2) Cólíonfaidh gach duine aistrithe, i bhfostaíocht an Bhuird, dualgais ar aon-dul leo san do bhí á gcólíonadh aige i bhfostaíocht an tsean-chóluchta rialúcháin roimh é d'aistriú, ach féadfaidh an Bord (fé réir an tsrianta ná beidh ar aon duine aistrithe dulgais do chólíonadh ná beidh ar aon-dul leis na dualgais do bhí á gcólíonadh aige i bhfostaíocht an tseanchóluchta rialúcháin roimh é d'aistriú) na dualgais a bheidh le cólíonadh ag aon daoine aistrithe d'athroinnt no d'athshocrú, agus beidh de cheangal ar gach duine aistrithe na dualgais a ceapfar dó tré aon athroinnt no athshocrú den tsórt san do chólíonadh.
(3) Gan é féin do thoiliú chuige ní bhfuighidh aon duine aistrithe luach saothair is lugha ná an luach saothair chun a raibh teideal aige, ná ní bheidh sé fé choinníollacha seirbhíse is lugha tairbhe ná na coinníollacha seirbhíse féna raibh sé, i bhfostaíocht an tsean-chóluchta rialúcháin.
(4) Fé réir na bhforálacha den Acht so bhaineann le srian le feidhmiú comhacht maidir le hoifigigh agus seirbhísigh, féadfaidh an Bord deireadh do chur le hoifig no fostaíocht aon duine aistrithe.
(5) Go dtí go ndúnfar na sean-óspidéil fén Acht so, ní foláir d'aon duine aistrithe, má cheanglann an Bord san air, fanúint sna sean-óspidéil agus pé dualgais do chólíonadh ansan a cheanglóidh an Bord air do chólíonadh.
(6) Má eiríonn aon cheist fé fho-alt (2) no fo-alt (3) den alt so maidir le haon duine aistrithe, cuirfear an cheist sin fé bhráid an Aire agus ní bheidh dul thar a bhreith-sean uirthi.
Connartha seirbhíse do bhuanchoimeád.
39.—Gach connradh seirbhíse, ráite no tuigthe, a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an gcéad lá ceaptha idir an sean-chólucht rialúcháin agus duine ar bith nach oifigeach don tsean-chólucht rialúcháin, leanfaidh i bhfeidhm ar an gcéad lá ceaptha agus dá éis sin, ach léireofar é agus beidh éifeacht aige fé is dá mb'é an Bord a bheadh ann in ionad an tsean-chóluchta rialúcháin agus beidh gach connradh den tsórt san ionfhoirfheidhmithe ag an mBord no ina choinnibh dá réir sin.
CUID VI.
Foralacha Diombuana i dtaobh na Sean-Ospideal.
Na sean-óspidéil do dhúnadh.
40.—(1) An dara lá ceaptha agus dá éis sin, féadfaidh an tAire, aon uair agus a mhinice is oiriúnach leis, le hordú (dá ngairmtear ordú dúnta san alt so) a ordú go ndéanfar cuid áirithe (arna míniú sa tslí sin agus fé threoir na nithe sin is oiriúnach leis an Aire) de na sean-óspidéil do dhúnadh ar dháta áirithe.
(2) Féadfaidh an tAire, aon uair agus a mhinice is oiriúnach leis, leasú do dhéanamh le hordú fén bhfo-alt so ar ordú dúnta, lena n-áirmhítear ordú dúnta arna leasú le hordú fén bhfo-alt so.
(3) Sara ndéanaidh ordú fén alt so, raghaidh an tAire i gcomnairle leis an mBord.
(4) Aon uair a déanfar ordú dúnta déanfar an chuid de na sean-óspidéil lena mbainfidh an t-ordú san do dhúnadh ar an dáta luadhfar chuige sin san ordú san.
Comhachta generálta maidir leis na seanóspidéil.
41.—An chéad lá ceaptha agus dá éis agus go dtí go ndúnfar na sean-óspidéil fén alt deiridh sin roimhe seo, féadfaidh an Bord, maidir leis na coda san de na sean-óspidéil ná beidh dúnta, iad do bhainistighe agus chuige sin féadfaidh, fé réir forálacha an Achta so, gach ní do dhéanamh a bhíonn údaruithe de ghnáth do chólucht rialúcháin óspidéil do dhéanamh i leith óspidéil fé rialú an chóluchta rialúcháin sin agus féadfaidh, gan dochar do gheneráltacht an mhéid sin roimhe seo, gach ní no aon ní no nithe aca so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—
(a) más rud é, i gcás aon othair éagfaidh ann, nach fios cé hiad a ghaolta no, toisc iad do bheith ar iarraidh no róbhocht no eile, nach féidir leo socrú do dhéanamh chun an t-other marbh san d'adhlacadh, gach costas ceart riachtanach d'íoc féna raghfar chun an t-othar marbh san d'adhlacadh;
(b) baill éadaigh agus éifeachtaí othar do dhí-ghalrú agus cúiteamh d'íoc no do thabhairt in aon damáiste déanfar tríd sin;
(c) má bhíonn gá le baill éadaigh d'fhonn othar do chóireáil no do chosaint sa cheart agus go mbeidh an t-othar san ró-bhocht chun na baill éadaigh sin do sholáthar, na baill éadaigh sin do sholáthar.