Uimhir 32 de 1983
AN tACHT UM AN OIREACHTAS (LIÚNTAIS DO CHOMHALTAÍ) AGUS OIFIGÍ AIREACHTA, PARLAIMINTE AGUS BREITHIÚ-NACHA (LEASÚ), 1983
[An tiontú oifigiúil]
Mínithe.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1938” an tAcht um Oifigí Aireachta agus Páirliminte, 1938;
ciallaíonn “Acht 1961” Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961;
ciallaíonn “Acht 1968” an tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1968;
ciallaíonn “Acht 1973” an tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1973;
ciallaíonn “Acht 1977” an tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta, Parlaiminte agus Breithiúnacha (Leasú), 1977;
ciallaíonn “an tAire” Aire na Seirbhíse Poiblí.
Méadú ar liúntais áirithe, ar thuarastail agus ar luach saothair eile.
2.—(1) An liúntas is iníoctha go míosúil faoi fho-alt (1) (a cuireadh isteach le hAcht 1973) d'alt 3 d'Acht an Oireachtais (Liúntaisí do Chomhaltaí), 1938, le gach comhalta de Dháil Éireann, is é a bheidh ann agus measfar gurbh é a bhí ann, le héifeacht ón 1ú lá de Mheán Fómhair, 1983, £16,413 sa bhliain agus an liúntas is iníoctha go míosúil le gach comhalta de Sheanad Éireann faoi fho-alt (2) (a cuireadh isteach le hAcht 1973) den alt sin 3, is é a bheidh ann agus measfar gurbh é a bhí ann, le héifeacht ón 1ú lá sin de Mheán Fómhair, £9,127 sa bhliain.
(2) An tsuim bhliantúil is iníoctha de thuarastal faoi fho-alt (1) (a cuireadh isteach le hAcht 1973) nó faoi fho-alt (2) (a cuireadh isteach le hAcht 1977) d'alt 3 d'Acht 1938, is é a bheidh inti agus measfar gurbh é a bhí inti, le héifeacht ón 1ú lá de Mheán Fómhair, 1983, suim nach mó ná—
(a) i gcás an Taoisigh, £27,937,
(b) i gcás an Tánaiste, £20,585,
(c) i gcás comhalta den Rialtas, seachas an Taoiseach nó an Tánaiste, £18,381,
(d) i gcás Aire Stáit arna cheapadh faoi alt 1 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977, £10,292.
(3) An tsuim bhliantúil is iníoctha de thuarastal faoi alt 4 (a cuireadh isteach le hAcht 1973) d'Acht 1938 leis an Ard-Aighne, is é a bheidh inti agus measfar gurbh é a bhí inti, le héifeacht ón 1ú lá de Mheán Fómhair, 1983, suim nach mó ná—
(a) i gcás nach comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas an duine a bheidh i seilbh na hoifige, £29,647,
(b) i gcás gur comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas a bheidh i seilbh na hoifige, £18,381.
(4) (a) An tsuim bhliantúil is iníoctha de thuarastal faoi fho-alt (1) (a cuireadh isteach le hAcht 1973) d'alt 5 d'Acht 1938 le Cathaoirleach Dháil Éireann, is é a bheidh inti agus measfar gurbh é a bhí inti, le héifeacht ón 1ú lá de Mheán Fómhair, 1983, suim nach mó ná £18,381 agus an tsuim bhliantúil is iníoctha amhlaidh faoin alt sin 5 (1) le Leas-Chathaoirleach Dháil Éireann, is é a bheidh inti agus measfar gurbh é a bhí inti, le héifeacht ón 1ú lá sin de Mheán Fómhair, suim nach mó ná £10,292, agus
(b) an tsuim bhliantúil is iníoctha de thuarastal faoi fho-alt (1) (a cuireadh isteach le hAcht 1973) d'alt 6 d'Acht 1938 le Cathaoirleach Sheanad Éireann, is é a bheidh inti, agus measfar gurbh é a bhí inti, le héifeacht ón 1ú lá sin de Mheán Fómhair, suim nach mó ná £7,654 agus an tsuim bhliantúil is iníoctha faoin alt sin 6 (1) le Leas-Chathaoirleach Sheanad Éireann, is é a bheidh inti agus measfar gurbh é a bhí inti, le héifeacht ón 1ú lá sin de Mheán Fómhair, suim nach mó ná £4,345.
(5) Na suimeanna bliantúla is iníoctha faoi alt 9A (a cuireadh isteach le hAcht 1973) agus faoi alt 10 (arna leasú le hAcht 1973) d'Acht 1938 de liúntas in aghaidh costas, is é a bheidh iontu agus measfar gurbh é a bhí iontu, le héifeacht ón 1ú lá de Mheán Fómhair, 1983—
(a) i gcás na suime is iníoctha faoi fho-alt (1) den alt sin 9A, £70,390,
(b) i gcás na suime is iníoctha faoi mhír (a) d'fho-alt (2) den alt sin 9A, £49,273,
(c) i gcás na suime is iníoctha faoi mhír (b) d'fho-alt (2) den alt sin 9A, £21,117,
(d) i gcás na suime is iníoctha faoi mhír (a) d'fho-alt (3) den alt sin 9A, £35,195,
(e) i gcás na suime is iníoctha faoi mhír (b) den fho-alt sin (3), £35,195, arna roinnt sa tslí a shonraítear sa mhír sin,
(f) i gcás na suime is iníoctha faoi fho-alt (1) den alt sin 10, £175,973,
(g) i gcás na suime is iníoctha faoi mhír (a) d'fho-alt (2) den alt sin 10, £139,754,
(h) i gcás na suime is iníoctha faoi mhír (b) den fho-alt (2) is deireanaí a luaitear, £69,366,
(i) i gcás na suime is iníoctha faoi mhír (a) d'fho-alt (3) den alt sin 10, £87,987, agus
(j) i gcás na suime is iníoctha faoi mhír (b) den fho-alt sin (3) is deireanaí a luaitear, £87,987, arna roinnt sa tslí a shonraítear sa mhír sin.
(6) Na suimeanna bliantúla is iníoctha de luach saothair faoi fho-ailt (1), (2), (3) agus (9) (is fo-ailt a cuireadh isteach le hAcht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) (Leasú) (Uimh. 2), 1968) d'alt 46 d'Acht 1961 leis an bPríomh-Bhreitheamh agus le gach gnáthbhreitheamh den Chúirt Uachtarach, le hUachtarán na hArd-Chúirte agus le gach gnáthbhreitheamh den Ard-Chúirt, le hUachtarán na Cúirte Cuarda agus le gach gnáthbhreitheamh den Chúirt Chuarda agus le hUachtarán na Cúirte Dúiche agus le gach breitheamh eile den Chúirt Dúiche—
(a) beidh siad, agus measfar go raibh siad, le héifeacht ón 1ú lá de Nollaig, 1981, arna méadú de mhéideanna is ionann agus 2 faoin gcéad de na suimeanna sin,
(b) beidh siad, agus measfar go raibh siad, le héifeacht ón 1ú lá de Mhárta, 1982, arna méadú de mhéideanna is ionann agus 6 faoin gcéad de na suimeanna sin arna méadú mar a dúradh,
(c) beidh siad, agus measfar go raibh siad, le héifeacht ón 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1982, arna méadú de mhéideanna is ionann agus 5 faoin gcéad de na suimeanna sin arna méadú mar a dúradh, agus
(d) beidh siad, agus measfar go raibh siad, le héifeacht ón 1ú lá de Mheán Fómhair, 1983, arna méadú de mhéideanna is ionann agus 4.75 faoin gcéad de na suimeanna sin arna méadú mar a dúradh,
agus tá na suimeanna sin, arna méadú mar a dúradh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.
AN TÁBLA | |
leis an bPríomh-Bhreitheamh ... ... | £44,355 sa bhliain |
le hUachtarán an hArd-Chúirte ... ... | £38,473 sa bhliain |
le gach gnáthbhreitheamh den Chúirt Uachtarach ... ... ... ... | £36,268 sa bhliain |
le gach gnáthbhreitheamh den Ard-Chúirt | £32,592 sa bhliain |
le hUachtarán na Cúirte Cuarda ... ... | £32,592 sa bhliain |
le gach gnáthbhreitheamh den Chúirt Chuarda ... ... ... ... ... | £26,712 sa bhliain |
le hUachtarán na Cúirte Dúiche ... ... | £26,712 sa bhliain |
le gach breitheamh eile den Chúirt Dúiche | £22,299 sa bhliain |
(7) (a) Má bhíonn, ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis, ardú ginearálta ar luach saothair sa Státseirbhís le héifeacht ó lá áirithe, de bhun comhaontuithe nó socruithe a mbeidh éifeacht leo ar bhonn ginearálta sa Státseirbhís (cibé acu a bheidh nó nach mbeidh feidhm acu freisin i ndáil le daoine atá fostaithe seachas sa Státseirbhís), déanfar—
(i) na liúntais is iníoctha faoi alt 3 d'Acht an Oireachtais (Liúntaisí do Chomhaltaí), 1938,
(ii) na suimeanna bliantúla is iníoctha faoi ailt 3, 4, 5, 6, 9A agus 10 d'Acht 1938, agus
(iii) na suimeanna bliantúla is iníoctha de luach saothair faoi alt 46 d'Acht 1961,
a mhéadú dá réir sin le héifeacht ón lá sin agus, uime sin, ní bheidh feidhm i ndáil le haon mhéaduithe den sórt sin ag aon ordú faoi alt 3A (a cuireadh isteach le hAcht 1973) d'Acht an Oireachtais (Liúntaisí do Chomhaltaí), 1938, ag alt 8A (a cuireadh isteach le hAcht 1973) d'Acht 1938 ná ag alt 46 (arna leasú le hAcht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) (Leasú) (Uimh. 2), 1968, agus le hAcht 1977) d'Acht 1961.
(b) San fho-alt seo tá le “Státseirbhís” an bhrí a shanntar dó le hAcht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956.
Íocaíochtaí le daoine is comhaltaí de Dháil Éireann ar dháta díscaoilte Dháil Éireann.
3.—Duine is comhalta de Dháil Éireann ar lá ar a ndíscaoilfear Dáil Éireann íocfar leis as airgead a sholáthróidh an tOireachtas méid is ionann agus aon ochtdéagú de mhéid bliantúil an liúntais is iníoctha faoi alt 2 d'Acht an Oireachtais (Liúntaisí do Chomhaltaí), 1938 (agus an méid bliantúil sin a ríomh faoi threoir ráta an liúntais sin an lá sin).
Leasú ar alt 6A d'Acht an Oireachtais (Liúntaisí do Chomhaltaí), 1938.
4.—(1) Déantar leis seo alt 6A (a cuireadh isteach leis an Acht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1960) d'Acht an Oireachtais (Liúntaisí do Chomhaltaí), 1938, a leasú trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4) (a cuireadh isteach leis an Acht Aoisliúntas agus Pinsean, 1963):
“(4) Féadfaidh an tAire scéim a dhéanamh a leasóidh nó a chúlghairfidh scéim faoin alt seo (lena n-áirítear scéim faoin bhfo-alt seo).
(4A) Gach scéim a dhéanfar faoi fho-alt (4) den alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.”.
(2) Déanfar na tagairtí san alt sin 6A do phinsin do chomhaltaí den Oireachtas a fhorléiriú mar thagairtí do phinsin, d'aiscí agus do liúntais eile ar bhás nó ar scor ar shlí eile de bheith i seilbh oifige mar chomhaltaí den Oireachtas do na comhaltaí sin nó ina leith, agus déanfar an tagairt don alt sin i bhfo-alt (3) den alt sin a fhorléiriú mar thagairt d'fho-alt (2) den alt sin.
Pinsin d'Iar-Chathaoirligh agus d'Iar-Leaschathaoirligh Sheanad Éireann.
5.—(1) Leasaítear leis seo alt 13 d'Acht 1938, maidir le haon duine a scoirfidh, tar éis dáta an Achta seo a rith, de bheith i seilbh oifige cáilithí (de réir bhrí Acht 1938)—
(a) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “oifig rúnaíochta”:
“ciallaíonn ‘oifig rúnaíochta’ aon oifig is oifig díobh seo a leanas:
(a) oifig Leas-Chathaoirleach Dháil Éireann;
(b) oifig Aire Stáit;
(c) oifig Chathaoirleach Sheanad Éireann;
(d) oifig Leas-Chathaoirleach Sheanad Éireann;”,
agus
(a) trí “nó oifig Aire Stáit” a scriosadh sa mhíniú ar “oifig cháilitheach” (a cuireadh isteach le hAcht 1977).
(2) Le linn an ráta pinsin faoi fho-alt (3) (a cuireadh isteach le hAcht 1968) d'alt 16 d'Acht 1938 is iníoctha le duine a scoireann d'oifig cháilitheach a shealbhú agus lena mbaineann an t-alt sin de bhua fho-alt (1) den alt seo, a bheith á chinneadh, déanfar na tagairtí san fho-alt sin (3) don tsuim bhliantúil is iníoctha de thuarastal le Rúnaí Parlaiminte a fhorléiriú mar thagairtí don tsuim bhliantúil is iníochta de thuarastal leis an duine díreach roimh an scor sin mar shealbhóir na hoifige cáilithí sin.
Leasú ar alt 3A d'Acht an Oireachtais (Liúntaisí do Chomhaltaí), 1938, agus ar alt 8A d'Acht 1938.
6.—(1) Leasaítear leis seo alt 3A (a cuireadh isteach le hAcht 1973) d'Acht an Oireachtais (Liúntaisí do Chomhaltaí), 1938, trí “nó a laghdú” a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh “a mhéadú” agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.
AN TÁBLA |
(1) Féadfaidh an Rialtas, aon uair is cuí leo é, ceann de na nithe seo nó an dá cheann acu a mhéadú nó a laghdú le hordú, is é sin, an liúntas do gach comhalta de Dháil Éireann agus an liúntas do gach comhalta de Sheanad Éireann, is iníoctha faoi alt 3 den Acht seo. |
(2) Leasaítear leis seo alt 8A (a cuireadh isteach le hAcht 1973) d'Acht 1938 trí “nó a laghdú” a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh “a mhéadú” agus tá an méid sin den fho-alt sin a thagann roimh mhír (a) de, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.
AN TÁBLA |
(1) Féadfaidh an Rialtas, aon uair is cuí leo é, na nithe seo a leanas go léir nó aon cheann acu nó níos mó, a mhéadú nó a laghdú le hordú, is é sin, |
Leasú ar alt 16 d'Acht 1938.
7.—Más rud é, i ndáil le duine a scoirfidh nó a scoir de bheith i seilbh oifige aireachta an 1ú lá d'Eanáir, 1978, nó aon lá dá éis—
(a) gur tréimhse is lú nó ba lú ná 3 bliana tréimhse seirbhíse inphinsin (abairt a bhfuil an bhrí chéanna léi san alt seo is atá in Acht 1938) an duine faoi threoir a thréimhse oifige aireachta, agus
(b) go n-áirítear i seirbhís inphinsin an duine seirbhís inphinsin faoi threoir thréimhse oifige rúnaíochta (de réir bhrí Acht 1938) seachas mar Aire Stáit,
déanfar aon phinsean a mbeidh an duine ina theideal faoi alt 16 d'Acht 1938 a ríomh faoi threoir an tuarastail a bheadh, i dtuairim an Aire, iníoctha leis dá mbeadh sé i seilbh oifig Aire Stáit i gcaitheamh na tréimhse a raibh sé i seilbh na hoifige rúnaíochta sin amhail mar a dúradh agus ní dhéanfar é a ríomh faoi threoir an tuarastail ab iníoctha leis mar shealbhóir ar an oifig rúnaíochta sin amhail mar a dúradh.
Orduithe áirithe a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais.
8.—(a) Gach ordú a dhéanfar faoi alt 3A (a cuireadh isteach le hAcht 1973) d'Acht an Oireachtais (Liúntaisí do Chomhaltaí), 1938, nó faoi alt 8A (a cuireadh isteach le hAcht 1973) d'Acht 1938, leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den lá is fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis an t-ordú a leagan faoina bráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.
(b) Gach ordú a dhéanfar faoi fho-alt (9) (a cuireadh isteach le hAcht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) (Leasú) (Uimh. 2), 1968) d'alt 46 d'Acht 1961, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta.
Aisghairm agus foráil iarmhartach.
9.—(1) Aisghairtear leis seo na forálacha seo a leanas:
(a) na focail “chun go bhféadfar an scéim a fhoirceannadh le rún a rithfidh gach Teach den Oireachtas agus” i bhfo-alt (5) (a cuireadh isteach leis an Acht Aoisliúntas agus Pinsean, 1963) d'alt 6A (a cuireadh isteach leis an Acht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1960) d'Acht an Oireachtais (Liúntaisí do Chomhaltaí), 1938,
(b) fo-alt (3) (a cuireadh isteach le hAcht 1977) d'alt 8A (a cuireadh isteach le hAcht 1973) agus (maidir le daoine a scoirfidh, tar éis dáta an Achta seo a rith, de bheith i seilbh na hoifige cáilithí dá dtagraítear in alt 15 d'Acht 1938) fo-alt (5) (a cuireadh isteach le hAcht 1973) d'alt 13 agus an t-alt sin 15 d'Acht 1938,
(c) fo-alt (3) (a cuireadh isteach le hAcht 1977) d'alt 3A (a cuireadh isteach le hAcht 1973) d'Acht an Oireachtais (Liúntaisí do Chomhaltaí), 1938, agus
(d) mír (c) (a cuireadh isteach le hAcht 1977) d'fho-alt (9) (a cuireadh isteach le hAcht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) (Leasú) (Uimh. 2), 1968) d'alt 46 d'Acht 1961.
(2) Más rud é—
(a) go dtiocfaidh pinsean faoi Acht 1938 chun bheith iníoctha le duine nó i leith duine, agus
(b) go n-áirítear sa tseirbhís inphinsin, ar ina leith is iníoctha an pinsean, seirbhís inphinsin ar ina leith a íocadh aisce leis an duine faoi alt 15 (a aisghairtear leis an alt seo) d'Acht 1938,
ní íocfar an pinsean sin go dtí go n-íocfar leis an Aire méid is ionann agus méid na haisce; agus cuirfidh an tAire faoi deara aon mhéid den sórt sin a bheidh íoctha leis a íoc isteach sa Phríomh-Chiste.
Gearrtheideal agus comhlua.
10.—(1) Féadfar an tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta, Parlaiminte agus Breithiúnacha (Leasú), 1983, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí), 1938 go 1983, a ghairm, le chéile, de na hAchtanna um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí), 1938 go 1977, agus den Acht seo, a mhéid a leasaíonn sé na hAchtanna sin.
(3) Féadfar na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1983, a ghairm, le chéile, de na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1977, agus den Acht seo, a mhéid a leasaíonn sé na hAchtanna sin.
(4) Féadfar Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1983, a ghairm, le chéile, d'Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1981, agus den Acht seo, a mhéid a leasaíonn sé na hAchtanna sin.
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) (Leasú) (Uimh. 2), 1968 | |
Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1981 | |
Na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1977 | |
Na hAchtanna um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí), 1938 go 1977 | |
An tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1960 | |
An tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1968 | |
An tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1973 | |