[EN]

Uimhir 33 de 1933.


[EN]

ACHT NA mBANNAÍ TALMHAN, 1933.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH AIRGID CHEANNAIGH ÁIRITHE D'ÍOC AGUS I dTAOBH ROIMH-ÍOC ÁIRITHE DO DHÉANAMH FÉN ACHT TALMHAN, 1923, AGUS ACHTANNA TALAMH-CHEANNAIGH INA DHIAIDH SIN TRÉ BHANNAÍ DO THABHAIRT AMACH AGUS I dTAOBH BANNAÍ DO BHUNÚ, DO THABHAIRT AMACH, AGUS D'FHUASCAILT CHUN NA CRÍCHE SIN, AGUS I dTAOBH NITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE, AGUS CHUN LEASUITHE DO DHÉANAMH I SLITE ÁIRITHE AR AN DLÍ BHAINEAS LE hAIRGEADAS TALAMH-CHEANNAIGH. [29adh Meán Fhómhair, 1933.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Talmhan, 1923 (Uimh. 42 de 1923), agus, lasmuich de chás ina n-éilíonn an cóthéacs a mhalairt, déanfar an abairt sin do léiriú mar thagairt don Acht san mar atá san leasuithe no leathnuithe le haon Acht ina dhiaidh sin;

[EN]

cialluíonn an abairt “bannaí nua talmhan” bannaí nua talmhan ceathair go leith per cent. ar n-a dtabhairt amach fén Acht so;

[EN]

foluíonn an abairt “airgead ceannaigh” praghas ath-sheilbhe gabháltais ath-shealbhuithe;

[EN]

cialluíonn an abhairt “talamh tionóntuithe is cás ar feitheamh” talamh d'aon tsaghas acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) gabháltaisí go ndearnadh mion-innste ina dtaobh do lóisteáil le Coimisiún na Talmhan roimh an Acht so do rith;

[EN]

(b) gach fo-thionóntacht ar ghabháltas le n-a mbaineann an mhír dheiridh sin roimhe seo;

[EN]

(c) gabháltaisí go bhfuair Coimisiún na Talmhan, roimh an Acht so do rith, iarrataisí ina dtaobh fé alt 10 den Acht Talmhan, 1927, no fé alt 44 den Acht Talmhan, 1931;

[EN]

cialluíonn an abairt “talamh nea-thionóntuithe is cás ar feitheamh” talamh d'aon tsaghas acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(d) talamh nea-thionóntuithe thiocfaidh ina dhiaidh seo chun bheith dílsithe i gCoimisiún na Talmhan fé alt 24 den Acht Talmhan, 1923, ach go ndearnadh có-aontú i dtaobh a phraghais no a phraghas do cheapadh roimh an Acht so do rith;

[EN]

(e) talamh nea-thionóntuithe d'aontuigh Coimisiún na Talmhan do cheannach fé alt 36 den Acht Talmhan, 1923, agus go ndearnadh có-aontú i dtaobh a phraghais roimh an Acht so do rith;

[EN]

(f) talamh nea-thionóntuithe thiocfaidh ina dhiaidh seo chun bheith dílsithe i gCoimisiún na Talmhan fé alt 11 den Acht Talmhan, 1927, ach go ndearnadh an t-iarratas ina thaobh fén alt san do lóisteáil roimh an Acht so do rith;

[EN]

(g) gabháltaisí ath-shealbhóidh Coimisiún na Talmhan ina dhiaidh seo ach go ndearnadh an t-ordú i gcóir an ath-shealbhuithe sin no gur ceapadh (tré chó-aontú no ar shlí eile) an praghas ath-sheilbhe ina dtaobh roimh an Acht so do rith;

[EN]

(h) talamh a cheannóidh Coimisiún na Talmhan ina dhiaidh seo fé alt 42 den Acht Talmhan, 1927, ach go ndearna an tAire Airgid ina thaobh, roimh an Acht so do rith, aontú leis an scéim chun an tailimh sin do cheannach agus d'ath-dhíol;

[EN]

(i) talamh nea-thionóntuithe go ndearnadh ina thaobh, roimh an Acht so do rith, ordú fé alt 38 den Acht Talmhan, 1923, chun cíos no cuid ronna de chíos d'fhuascailt;

[EN]

(j) talamh go ndearnadh ina thaobh, roimh an Acht so do rith, ordú fé alt 39 den Acht Talmhan, 1923, chun leas no muirear uachtarach d'fhuascailt.

[EN]

Airgead ceannaigh d'íoc i mbannaí nua talmhan.

2.—(1) Déanfar an t-airgead ceannaigh uile is iníoctha ag Coimisiún na Talmhan tar éis an Achta so do rith le díoltóirí, maidir le haon talamh tionóntuithe is cás ar feitheamh no maidir le haon talamh nea-thionóntuithe is cás ar feitheamh, d'íoc tré bhannaí nua talmhan ceathair go leith per cent. do thabhairt amach fén Acht so, bannaí gur có-ionann a n-ainm-mhéid leis an airgead ceannaigh agus ar a mbeidh ús o dháta an tailimh cheannuithe do dhílsíú i gCoimisiún na Talmhan.

[EN]

(2) Déanfaidh an díoltóir, i gcúrsaí idir an díoltóir sin agus Coimisiún na Talmhan, bannaí nua talmhan do bhéarfar amach don díoltóir sin do réir an ailt seo do ghlacadh mar chó-ionannas a gcothruim d'airgead ceannaigh, agus éinne ag á mbeidh comhacht chun díola fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh, féadfaidh, cé nách únaer amuich is amach é, connradh ceannaigh déanach do dhéanamh bíodh gur i mbannaí nua talmhan a bheidh an t-airgead ceannaigh le n'íoc, fén alt so, agus nách in airgead.

[EN]

(3) Bainfidh alt 3 den Phríomh-Acht, mar atá san leasuithe le halt 4 d'Acht na mBannaí Talmhan, 1925 (Uimh. 25 de 1925), le gach éileamh i gcoinnibh an airgid cheannaigh (mar a mínítear san san alt san 3 mar atá san leasuithe amhlaidh) nuair is i mbannaí nua talmhan a bheidh an t-airgead ceannaigh sin iníoctha, fén alt so, fé mar a bhaineann sé leis na héilithe luaidhtear san alt san 3 mar atá san leasuithe amhlaidh, ach san fé réir an atharuithe go ndéanfar tagairtí do bhannaí talmhan, san alt san 3 mar atá san leasuithe amhlaidh, do léiriú mar thagairtí do bhannaí nua talmhan agus go mbeidh éifeacht acu dá réir sin.

[EN]

Roimh-íocanna d'íoc i mbannaí nua talmhan.

3.—(1) Gach roimh-íoc a íocfaidh Coimisiún na Talmhan chun crícheanna an Phríomh-Achta, tar éis an Achta so do rith, chun aon tailimh thionóntuithe is cás ar feitheamh do cheannach no maidir leis sin, no alos aon tailimh nea-thionóntuithe is cás ar feitheamh, is tré bhannaí nua talmhan ceathair go leith per cent. do thabhairt amach fén Acht so a híocfar é.

[EN]

(2) Na forálacha de sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh a bhaineann le Coimisiún na Talmhan d'íoc roimh-íocanna chun crícheanna an Phríomh-Achta, agus le hús ar na roimh-íocanna san d'íoc agus le colann na roimh-íocanna san d'aisíoc tré bhlianachtaí ceannaigh no ar shlí eile, agus leis an íocaíocht agus an aisíocaíocht san d'urrú, bainfid le roimh-íocanna a híocfar fén alt so tré bhannaí nua talmhan do thabhairt amach díreach fé mara bhainid le roimh-íocanna d'íoc Coimisiún na Talmhan chun crícheanna an Phríomh-Achta roimh an Acht so do rith.

[EN]

Bannaí nua talmhan do bhunú agus do thabhairt amach.

4.—(1) Chun soláthair do dhéanamh chun roimh-íocanna agus chun airgid cheannaigh d'íoc is gá do réir an Achta so d'íoc tré bhannaí nua talmhan do thabhairt amach fén Acht so, beidh comhacht ag an Aire Airgid (fé réir na teorann a forchuirtear tríd an alt so) bannaí dá ngairmfear bannaí nua talmhan ceathair go leith per cent., de pé tomhasanna (nách lugha in aon chás ná púnt) ar a gcinnfidh an tAire sin, do bhunú agus do thabhairt amach fé mar is gá agus nuair is gá san.

[EN]

(2) Ní raghaidh méid iomlán na mbannaí nua talmhan do bhéarfar amach fén Acht so thar milleon púnt in ainm-luach.

[EN]

(3) Bhéarfaidh bannaí nua talmhan ús do réir a ceathair go leith per cent. per annum ar a n-ainm-mhéid, ús a bheidh iníoctha ina chó-choda leath-bhliantúla ar pé uaire gach bliain a ceapfar le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire Airgid fén Acht so.

[EN]

(4) Beidh bannaí nua talmhan ionfhuascailte ar par maraon le híoc gach riaráiste úis agus déanfaidh an tAire Airgid, tré rialacháin do dhéanamh fén Acht so, socrú chun iad d'fhuascailt tré tharraicí tréimhsiúla.

[EN]

(5) Déanfaidh an tAire Airgid, tré rialacháin do dhéanamh fén Acht so, socrú chun fuascailte do dhéanamh láithreach ar bhannaí nua talmhan a haistreofar le hordú ón gCoimisinéir Breithiúntais i bhfuascailt blianachtaí talamh-cheannaigh is muirear ar thailte do thóg Coimisiún na Talmhan chucha fén bPríomh-Acht.

[EN]

(6) Aon uair tar éis deich mbliana fichead do bheith caithte o am an Achta so do rith féadfar gach banna no aon bhanna nua talmhan ná beidh fuascailte cheana d'fhuascailt ar par pé uair no uaire agus le tarraicí no ar shlí eile ordóidh an tAire Airgid.

[EN]

(7) Is amach as Ciste na mBannaí Talmhan a híocfar an t-ús ar bhannaí nua talmhan agus na suimeanna theastóidh chun na mbannaí sin d'fhuascailt fén alt so agus, maran leor an Ciste sin chun na críche sin, beidh a muirear agus a n-íoc san ar an bPrímh-Chiste agus ar a thoradh fáis mar chéad-mhuirear ar an gcéanna i ndiaidh muirearacha do bunuíodh roimh an Acht so do rith.

[EN]

(8) Déanfar an t-airgead uile a híocfar amach as an bPrímh-Chiste le Ciste na mBannaí Talmhan fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so d'áireamh mar roimh-íoc sealadach le Ciste na mBannaí Talmhan agus déanfar suas é as an gCiste Urraíochta.

[EN]

Bannaí nua talmhan d'fhuascailt.

5.—(1) Chun bannaí nua talmhan d'fhuascailt do réir an Achta so, cuirfear i leataoibh i gCiste na mBannaí Talmhan i ndeireadh gach leath-bhliana dar críoch an 1adh lá de Bhealtaine no an 1adh lá de Mhí na Samhna, go dtí go mbeidh fuascailt déanta ar gach banna nua talmhan do tugadh amach fén Acht so, na suimeanna so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) suim is có-ionann le dó agus trí ochtú per cent. de sna suimeanna uile do roimh-íocadh no do híocadh, tré bhannaí nua talmhan do thabhairt amach, go dtí deireadh na leath-bhliana roimhe sin agus nár dheimhnigh an tAire Airgid do bheith aisíoctha agus, ina theanta san, más ar an lá deiridh den leath-bhliain roimhe sin do tugadh amach na bannaí nua talmhan, suim a háirmheofar do réir ráta ceathair agus trí ceathrúin per cent. per annum in aghaidh na tréimhse o dheireadh na leath-bhliana go dtí an chéad lá dividendum ina dhiaidh sin; agus

[EN]

(b) suim a háirmheofar do réir ráta ceathair agus trí ceathrúin per cent. per annum de sna suimeanna uile do roimh-íocadh no do híocadh, tré bhannaí nua talmhan do thabhairt amach, o thosach na leathbhliana san agus nár dheimhnigh an tAire Airgid do bheith aisíoctha, agus is in aghaidh na tréimhse o dháta na mbannaí do thabhairt amach go dtí an chéad lá dividendum tar éis deireadh na leath-bhliana san a háirmheofar an tsuim sin amhlaidh; agus

[EN]

(c) gach suim íocfaidh ceannuitheoirí tionóntacha i rith na leath-bhliana san i bhfuascailt blianachtaí ceannaigh is iníoctha fén bPríomh-Acht alos roimh-íocanna a híocfar tré bhannaí nua talmhan do thabhairt amach fén Acht so; agus

[EN]

(d) gach suim íocfaidh ceannuitheoir in airgead i rith na leath-bhliana san ar Choimisiún na Talmhan do dhíol aon tailimh leis do dílsíodh ionta fén bPríomh-Acht agus gur tré bhannaí nua talmhan do thabharit amach fén Acht so do híocadh a airgead ceannaigh.

[EN]

Déanfar na méideanna so leanas do bhaint as na suimeanna cuirfear i leataoibh amhlaidh i ndeireadh aon leath-bhliana, sé sin le rá:—

[EN]

(e) méid an úis is iníoctha an chéad lá dividendum eile ar scór gach banna nua talmhan do tugadh amach agus nár fuascladh go deireadh na leath-bhliana san; agus

[EN]

(f) an méid a theastóidh, más aon mhéid é, chun íochta do dhéanamh i ngach banna nua talmhan do haistríodh i rith na leath-bhliana san, le hordú an Choimisineura Bhreithiúntais, i bhfuascailt blianachtaí talamhcheannaigh; agus

[EN]

(g) méid aon roimh-íoca do híocadh amach as an gCiste Urraíochta i rith na leath-bhliana san in íoc úis ar bhannaí nua talmhan, do tugadh amach an lá deiridh

[EN]

12

den leath-bhliain roimhe sin no tar éis an lae sin agus roimh an lá dividendum sa leath-bhliain a céad-luaidhtear, in aghaidh na tréimhse idir an tabhairt-amach san agus an lá dividendum san.

(2) Isé suim a theastóidh chun bannaí nua talmhan do bhéarfar amach fén Acht so d'fhuascailt ar aon tarrac do dhéanamh ná méid iomlán na suim uile bheidh curtha i leataoibh fén alt so (lughaide na méideanna le baint as a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo) o rinneadh an tarrac deiridh roimhe sin maraon le pé ús a bheidh orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh fén Acht so.

[EN]

Coimisiún na Talmhan d'íoc íocaíochtaí bliantúla le Ciste na mBannaí Talmhan.

6.—(1) Déanfaidh Coimisiún na Talmhan, pé uaire i ngach bliain ordóidh an tAire Airgid, ús do réir ráta ceathair go leith per cent. per annum agus ciste fiach-laigheaduithe do réir ráta an cheathrú cuid d'aon per cent. per annum d'íoc le Ciste na mBannaí Talmhan ar gach suim do roimh-íocadh no do híocadh tré bhannaí nua talmhan do thabhairt amach fén Acht so agus nár dheimhnigh an tAire Airgid do bheith aisíoctha.

[EN]

(2) I gcás aon tsuime is iníoctha ag Coimisiún na Talmhan fén alt so le Ciste na mBannaí Talmhan do bheith aon tráth i riaráiste ar feadh dachad lá, déanfar an méid a bheidh i riaráiste amhlaidh do mhuirearú ar an gCiste Urraíochta agus d'íoc láithreach amach as an gCiste sin.

[EN]

Forálacha bhaineann leis an gciste costaisí d'oiriúnú.

7.—Chun ailt 5 den Phríomh-Acht do chur i mbaint le cásanna ina ndéanfar an t-airgead ceannaigh do roimh-íoc tré bhannaí nua talmhan do thabhairt amach fén Acht so, déanfar gach tagairt san alt san 5 do Bhannaí Talmhan 4½ per cent. do léiriú mar thagairt do bhannaí nua talmhan agus, chun crícheanna na bainte sin, beidh éifeacht ag an alt san 5 dá réir sin.

[EN]

Méideanna na n-íocaíocht d'áireamh.

8.—Chun crícheanna íocaíocht a bheidh le n'íoc fén Acht so tré bhannaí nua talmhan do thabhairt amach, déanfar an t-airgead ceannaigh uile agus gach íocaíocht a bheidh le n'íoc as airgead ceannaigh d'áireamh go dtí an méid púnt slán is giorra don toradh chruinn.

[EN]

Cuntaisí Chiste na mBannaí Talmhan.

9.—Déanfaidh an tAire Airgid, sna cuntaisí choimeádfaidh ar na gnóthaí alos Ciste na mBannaí Talmhan, dealú idir ghnóthaí alos bannaí talmhan do tugadh amach roimh an Acht so do rith agus roimh-íocanna agus íocaíocht do híocadh tré sna bannaí talmhan san do thabhairt amach, ar thaobh, agus gnóthaí alos bannaí nua talmhan agus roimh-íocanna agus íocaíocht a híocfar tré bhannaí nua talmhan do thabhairt amach, ar an taobh eile.

[EN]

Tréimhse chun bannaí talmhan d'fhuascailt.

10.—An tréimhse de dheich mbliana fichead a luaidhtear sa phroviso ghabhann le fo-alt (3) d'alt 1 den Phríomh-Acht, mar atá san leasuithe le halt 3 d'Acht na mBannaí Talmhan, 1925 (Uimh. 25 de 1925), is ón 18adh lá de Mhí na Nodlag, 1932, a háirmheofar í agus ní o am an bhanna do thabhairt amach, agus déanfar an t-alt san 1 (mar atá san leasuithe amhlaidh) do léiriú agus beidh éifeacht aige agus tuigfear go raibh éifeacht riamh aige dá réir sin.

[EN]

Rialacháin.

11.—Féadfaidh an tAire Airgid rialacháin do dhéanamh chun forálacha an Achta so do chur in éifeacht agus féadfaidh leis na rialacháin sin aon fhoráil a bhaineann le hairgead talamhcheannaigh agus atá in Acht ar bith do ritheadh roimh an Acht so d'oiriúnú chun crícheanna an Achta so.

[EN]

Gearr-theideal, léiriú, agus luadh.

12.—(1) Féadfar Acht na mBannaí Talmhan, 1933, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Talamh-Cheannaigh agus féadfar é do luadh i dteanta na nAchtanna san.