[EN]

Uimhir 34 de 1954.


[EN]

AN tACHT SRIANTA CÍOSA (BUANÚ AGUS LEASÚ), 1954.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO CHOIMEÁD AN ACHTA SRIANTA CÍOSA, 1946, I nGNÍOMH, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE, LE LINN É A BHEITH I nGNÍOMH, I gCÓIR BREISEANNA DLEATHACHA AR AON DUL LEIS NA BREISEANNA DLEATHACHA FAOI ALT 11, FO-ALT (2) MÍR (g) AGUS FAOI ALT 17, FO-ALT (2) MÍR (c), DEN ACHT SIN, ARNA MHODHNÚ LEIS AN ACHT SRIANTA CÍOSA (LEASÚ), 1949. [9ú Nollaig, 1954.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Acht 1946 a bhuanú.

1.—Leanfaidh an tAcht Srianta Cíosa, 1946 (Uimh. 4 de 1946), i ngníomh go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1955.

[EN]

Breis dleathach i gcás an tiarna talún do dhéanamh deisiúcháin áirithe.

2.—(1) I gcás ina ndéanfaidh an tiarna talún, i rith na tréimhse dhá bhliain 1954 agus 1955, suim a chaitheamh is mó ná dhá dtrian de chíos bunúsach áitribh rialaithe ag cur an áitribh i ndeisriocht réasúnach, is breis dleathach ar chíos bunúsach an áitribh suim a ríomhfar do réir an scála atá leagtha amach sa sceideal a ghabhas leis an Acht Srianta Cíosa (Leasú), 1949 (Uimh. 24 de 1949).

[EN]

(2) Dá réir sin, déantar leis seo an tAcht Srianta Cíosa, 1946 (Uimh. 4 de 1946), arna leasú leis an Acht Srianta Cíosa (Buanú agus Leasú), 1950 (Uimh. 28 de 1950), leis an Acht Srianta Cíosa (Buanú agus Leasú), 1952 (Uimh. 20 de 1952), agus leis an Acht Srianta Cíosa (Buanú agus Leasú), 1953 (Uimh. 34 de 1953), a leasú tuilleadh trí “nó 1954 agus 1955” a chur isteach i mír (g) d'fho-alt (2) d'alt 11, agus i mír (e) d'fho-alt (2) d'alt 17 go díreach i ndiaidh “1953 agus 1954”.

[EN]

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

3.—(1) Féadfar an tAcht Srianta Cíosa (Buanú agus Leasú), 1954, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Folóidh an comhtheideal, na hAchta Srianta Cíosa, 1946 go 1954, an tAcht seo agus forléireofar le chéile mar aon Acht amháin na hAchta sin agus an tAcht seo.