Uimhir 34 de 1983
AN tACHT DEOCHANNA MEISCIÚLA (AN CEOLÁRAS NÁISIÚNTA), 1983
[An tiontú oifigiúil]
Mínithe.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna Ceadúnúcháin, 1833 go 1981;
ciallaíonn “an Chuideachta” Cuideachta an Cheolárais Náisiúnta;
ciallaíonn “an Ceoláras” an t-áitreabh dá ngairtear an Ceoláras Náisiúnta agus atá suite in Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath;
ciallaíonn “dálas” coirm cheoil nó comhdháil sa Cheoláras a ligtear daoine isteach chuici ar tháille a íoc nó trí chuireadh, agus, i gcás ina mairfidh dálas níos mó ná lá amháin, measfar, chun críocha an Achta seo, gur dálas ar leithligh an chuid den dálas a sheolfar aon lá.
Ceadúnas chun deochanna meisciúla a dhíol sa Cheoláras.
2.—(1) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna, deonóidh na Coimisinéirí Ioncaim, ar iarratas chucu ón gCuideachta, ceadúnas don Chuideachta nó do dhuine a ainmneoidh an Chuideachta chun deochanna meisciúla a dhíol sa Cheoláras.
(2) Oibreoidh ceadúnas faoin alt seo, le linn an ama a mbeidh an Ceoláras á áitiú ag an gCuideachta, chun údarás a thabhairt, i gcaitheamh na tréimhse dar tosach 30 nóiméad sula dtosóidh dálas agus dar críoch uair an chloig tar éis dó críochnú, ach ní aon tráth eile, deochanna meisciúla a dhíol sa Cheoláras, chun a gcaite ann, le daoine a bheidh ag freastal ar an dálas nó ag glacadh páirt ann agus le daoine ar fostú sa Cheoláras,
(3) Duine a dhíolfaidh deochanna meisciúla sa Cheoláras ar shlí seachas de réir ceadúnais faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion, agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 a chur air.
(4) Ar cheadúnas a dheonú faoin alt seo, scoirfidh aon cheadúnas faoi na hAchtanna a bhaineann leis an gCeoláras d'éifeacht a bheith leis.
Srian le forálacha áirithe de na hAchtanna Ceadúnúcháin, 1833 go 1981.
3.—Ní bheidh feidhm i ndáil leis an gCeoláras ag ailt 4 agus 5 agus Cuid III den Acht Deocha Meisciúla, 1927, ag alt 11 den Acht Deochanna Meisciúla, 1962, ná ag forálacha na nAchtanna i ndáil le tráthanna toirmiscthe.
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.
4.—(1) Féadfar an tAcht Deochanna Meisciúla (An Ceoláras Náisiúnta), 1983, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna Ceadúnúcháin, 1833 go 1983, a ghairm de na hAchtanna agus den Acht seo le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Na hAchtanna Ceadúnúcháin, 1833 go 1981 |