Uimhir 36 de 1930.
ACHT TORA TALMHAÍOCHTA (UIBHE), 1930.
Roimhra.
Mínithe.
1.—San Acht so—
cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta;
cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Tora Talmhaíochta (Uibhe), 1924 (Uimh. 35 de 1924):
cialluíonn an abairt “stóráil cheimiciuil” stóráil chun uibhe do leasú ar shlí ar bith ná hatharuíonn cumasc na bplaosc agus foluíonn sí stóráil in aon gheas, gal no meascán geas;
cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh fén bPríomh-Acht no fén Acht so.
An Príomh-Acht agus an tAcht so do léiriú.
2.—Léighfear agus léireofar an Príomh-Acht agus an tAcht so mar aon Acht amháin, agus dá réir sin ciallóidh an abairt “an tAcht so,” i ngach áit ina bhfuil sé sa Phríomh-Acht, an Príomh-Acht agus an tAcht so á léiriú mar aon Acht amháin, agus (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so) tá le habairtí agus le focail a húsáidtear san Acht so agus a húsáidtear, leis, sa Phríomh-Acht na brigheanna céanna san Acht so atá leo, fé seach, sa Phríomh-Acht.
CUID I.
An Priomh-Acht do Leasu.
Alt 3 den Phríomh-Acht do leasú.
3.—Ní bhainfidh alt 3 den Phríomh-Acht le huibhe do bhéarfaidh no iompróidh feirmeoir no a shearbhóntaí o Shaorstát Éireann go Tuaisceart Éireann agus é ag déanamh a ghnótha mar fheirmeoir.
Alt 4 den Phríomh-Acht do leasú.
4.—(1) Cigire bheidh ag scrúdú aon uibhe no aon phacáiste in aon áit, fé alt 4 den Phríomh-Acht, féadfa sé, i dteanta no in ionad gach ní no éinní dá n-údaruíonn an t-alt san do, gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—
(a) aon uibhe do gheobhaidh sé i bpacáiste osclóidh sé fén alt san do scrúdú, agus
(b) an pacáiste a hosclófar amhlaidh do choinneail chó fada agus is gá, go réasúnta, chun an scrúduithe sin do dhéanamh agus fós gach pacáiste no aon phacáiste eile (más ann do) a bheidh ina theanta san chonsighneacht chéanna, agus
(c) ordú i scríbhinn do thabhairt don iompróir, ag toirmeasc gach pacáiste bheidh á choinneail amhlaidh d'easportáil más léir don chigire sin, ar dhéanamh an scrúduithe sin, go ndearnadh sárú no gur tugadh fé shárú do dhéanamh, maidir leis an gconsighneacht san, ar an bPríomh-Acht mar a leasuítear leis an Acht so é no ar an Acht so no ar aon rialachán do rinneadh fé na hAchtanna san no fé cheachtar acu agus, mara mbeidh thar fiche pacáiste sa chonsighneacht san, go mbaineann an sárú san, no an sárú san fé n-ar tugadh, le ceann no níos mó no le gach ceann de sna pacáistí sin no, má bhíonn thar fiche pacáiste sa chonsighneacht san, go mbaineann sé le cúig per cent. ar a laighead de sna pacáistí sa chonsighneacht san.
(2) Pé uair do bhéarfaidh cigire don iompróir fén alt so ordú ag toirmeasc aon phacáiste áirithe ubh d'easportáil, beidh sé de dhualgas ar an gcigire sin, maran leis an iompróir sin an pacáiste sin, a chur in úil do chonsighneoir an phacáiste sin gur tugadh an t-ordú san.
(3) Gach duine dhéanfaidh no do bhéarfaidh iarracht ar aon phacáiste ubh d'easportáil go mbeidh ordú tugtha uaidh ina thaobh ag cigire fén alt so ag toirmease an phacáiste sin d'easportáil, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a thiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneail ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.
(4) Pé uair do bhéarfar don iompróir fén alt so ordú ag toirmease pacáiste ubh d'easportáil agus a bheidh an pacáiste sin curtha ar bord luinge i bport i Saorstát Éireann le linn an orduithe sin do thabhairt, ní tuigfear chun críche an ailt seo gurb ionann an pacáiste sin d'iompar ar an luing sin agus an pacáiste sin d'easportáil má chruthuíonn an t-iompróir sin go ndearna sé ina dhiaidh sin, an túisce go raibh caoi aige chuige, an pacáiste sin do thabhairt thar n-ais go dtí an port céanna i Saorstát Éireann agus do chur i dtír ag an bport san agus gur fé chúram an iompróra san amháin a bhí an pacáiste sin agus nár hoscladh é ná nár baineadh leis in aon tslí idir an t-am d'fhág an pacáiste sin an port san agus an t-am do cuireadh i dtír ag an bport san é.
(5) Léireofar alt 4 den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí—
(a) na focail “is consighneacht ubh no” do chur isteach tar éis an fhocail “áirithe” i mír (c) d'fho-alt (2) de; agus
(b) na focail “ná moill réasúnta” do chur isteach i bhfo-alt (6) de tar éis an fhocail “damáiste” i ngach áit ina bhfuil an focal san sa bhfo-alt san.
(6) Le linn na gcomhacht a bronntar air leis an alt so do bheith á bhfeidhmiú aige in áitreabh aon chuideachtan bóthair iarainn no loingseoireachta, déanfaidh cigire pé nithe réasúnta iarrfaidh an chuideachta san air agus is gá chun ná cuirfí cosc ar oibriú an tráchta san áitreabh san ná ná déanfaí cur-isteach air.
(7) I ngach áit ina bhfuil an abairt “alt so” in alt 4 den Phríomh-Acht, ciallóidh sé an t-alt san 4 mar a leasúitear é leis an alt so agus chun na críche sin tuigfear gur leasú ar an alt san 4 gach foráil den alt so.
Coiníoll breise bhainfidh le clárú i gclár na n-easportálaithe.
5.—(1) Sara ndéanfaidh an tAire aon áitreabh do chlárú i gclár na n-easportálaithe déanfa sé deimhin de (maraon le deimhin do dhéanamh de sna nithe luaidhtear i bhfo-alt (3) d'alt 7 den Phríomh-Acht) go bhfuil an té atá á iarraidh go gclárófaí an t-áitreabh san, no duine amháin ar a laighead atá ar fostú aige san áitreabh san, oilte ar uibhe do thástáil, do ghrádáil, agus do phacáil do réir an Phríomh-Achta agus do réir rialachán fén Acht san.
(2) Go ceann tréimhse bhliana ón Acht so do rith ní tuigfear, chun crícheanna ailt 10 den Phríomh-Acht, áitreabhacha atá cláruithe i gclár na n-easportálaithe le linn an Achta so do rith agus a leanfaidh de bheith cláruithe amhlaidh do scur de bheith ionchláruithe i gclár na n-easportálaithe toisc gan únaer cláruithe an aitreibh sin ná éinne ar fostú aige san áitreabh san do bheith oilte ar uibhe do thástáil, do ghrádáil, agus do phacáil do réir an Phríomh-Achta agus do réir rialachán fén Acht san.
Réasúin chun diúlta d'áitreabh do chlárú.
6.—Gan dochar d'aon réasún eile chun diúltuithe eireoidh fén bPríomh-Acht no fén Acht so, is réasún maith ceachtar réasún acu so leanas chun an tAire do dhiúlta d'iarratas ar áitreabh do chlárú i gclár na n-easportálaithe no i gclár na leasuitheoirí, sé sin le rá:—
(a) gur deineadh an t-áitreabh san do chlárú amhlaidh roimhe sin agus gur chuir an tAire an clárú san i nea-mbrí, fén bPríomh-Acht no fén Acht so, no
(b) go raibh an té bheidh ag iarraidh an chláruithe sin ina únaer chláruithe roimhe sin ar áitreabh eile do cláruíodh amhlaidh, agus le linn é do bheith ina únaer chláruithe amhlaidh gur chuir an tAire clárú an áitreibh eile sin i nea-mbrí fén bPríomh-Acht no fén Acht so.
Alt 9 den Phríomh-Acht do leasú.
7.—Léireofar fo-alt (8) d'alt 9 den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht aige agus tuigfear go raibh éifeacht riamh aige fé is dá gcuirtí na focail “sa chéad bhliain eile tar éis na bliana” isteach ann in ionad na bhfocal “na bliana.”
Clárú áitreibh do chur ar neambrí tar éis gnó-bhrise.
8.—Pé uair do bhéarfar an bhreith gur duine gnó-bhriste únaer cláruithe aon áitreibh a bheidh cláruithe fén bPríomh-Acht no fén Acht san mar a leasuítear é leis an Acht so, féadfaidh an tAire clárú an áitreibh sin do chur ar nea-mbrí.
Fógra go bhfuiltear chun clárú áitreibh do chur ar neambri.
9.—(1) Roimh atharú no nea-mbríochaint do dhéanamh (ar aon tslí seachas do réir iarratais a déanfar chuige sin fé alt 10 den Príomh-Acht) ar chlárú aon áitreibh fén bPríomh-Acht no fén Acht so, bhéarfaidh an tAire, i scríbhinn, d'únaer chláruithe an áitreibh sin no dá ionadaí phearsanta (más ann do) no do shocruitheoir an áitreibh sin (pe'ca aca é) fógra coicíse ar a laighead go bhfuil sé chun an chláruithe sin d'atharú no do chur ar nea-mbrí amhlaidh agus breithneoidh aon aithris chúise dhéanfaidh an t-únaer cláruithe no an t-ionadaí pearsanta no an socruitheoir sin (pe'ca aca é) sara mbeidh téarma an fhógra san istigh agus féadfaidh, más oiriúnach leis é, a chur fé ndeár go gcomórfar fiosrúchán i dtaobh an scéil.
(2) Féadfar fógra go bhfuil an tAire chun clárú áitreibh fén bPríomh-Acht no fén Acht so d'atharú no do chur ar nea-mbrí do sheirbheáil tré n-a sheachada don té chun a mbeidh sé dírithe no tré n-a fhágaint do le duine os cionn sé mblian déag d'aois san áitreabh le n-a mbaineann sé no tré n-a chur tríd an bpost chun an té chun a mbeidh sé dírithe go dtí an áit chomhnaithe is déanaí is eol a bheith aige.
(3) Athghairmtear leis seo fo-alt (4) d'alt 10 den Phríomh-Acht.
Srian le marcanna orduithe d'úsáid.
10.—(1) Ní dhéanfaidh éinne marc a bheidh orduithe no ceaptha fé alt 15 den Phríomh-Acht chun a thaisbeaint cadé an t-áitreabh in ar pacáladh uibhe d'úsáid ná do chur ar uibhe ná ar phacáistí ubh ach na daoine seo leanas, sé sin le rá, an té is únaer cláruithe de thurus na huaire ar an áitreabh cláruithe dá mbeidh an marc san orduithe no ceaptha no duine éigin ar fostú ag an únaer san chun na críche sin agus ní bheidh sé dleathach d'éinne eile an marc san d'úsáid ná an marc san do chur ar aon uibhe ná pacáistí ubh.
(2) Ní dhéanfaidh éinne marc a bheidh orduithe fé alt 15 den Phríomh-Acht le cur ar phacáistí ubh chun a thaisbeaint gur i Saorstát Éireann do rugadh na huibhe sin d'úsáid ná do chur ar phacáistí ubh ach na daoine seo leanas, sé sin le rá, an té is únaer cláruithe de thurus na huaire ar áitreabh a bheidh cláruithe i gclár na n-easportálaithe no duine éigin ar fostú ag an únaer san chun na críche sin agus ní bheidh sé dleathach d'éinne eile an marc san d'úsáid ná an marc san do chur ar aon phacáistí ubh.
(3) Gach éinne úsáidfidh no chuirfidh ar aon uibhe no pacáistí ubh, contrárdha don alt so, aon mharc a bheidh orduithe no ceaptha fé alt 15 den Phríomh-Acht, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar deich bpúint do chur air má sé an chéad chionta aige é agus fíneail ná raghaidh thar fiche púnt má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nách sia ná ráithe no an fhíneail sin agus an phríosúntacht san le chéile.
Meáchaint na n-ubh do mharcáil ar na pacáistí.
11.—(1) Má deintear pacáiste ina mbeidh uibhe do mharcáil le marc (dá ngairmtear an marc gráda san alt so) ar n-a ordú le rialacháin fén bPríomh-Acht mar mharc d'uibhe de ghrád áirithe agus go marcálfar ar an bpacáiste sin, leis, marc (dá ngairmtear an marc meáchainte san alt so) a bheidh ceaptha chun a thaisbeaint no a chur i dtuisgint go bhfuil gach céad ubh sa phacáiste sin níos mó meáchaint ná an mheáchaint a bheidh orduithe mar mheáchaint mhinimum do chéad ubh a bhaineann leis an ngrád a taisbeántar leis an marc gráda, ní bheidh sé dleathach d'únaer chláruithe an pacáiste sin d'easportáil mara mbeidh gach céad ubh sa phacáiste sin chó mór meáchaint ar a laighead leis an meáchaint a thaisbeánann an marc meáchainte.
(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar deich bpúint do chur air má sé an chéad chionta aige é, no fíneail ná raghaidh thar fiche púnt má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no an fhíneail sin agus an phríosúntacht san le chéile.
(3) San alt so, cialluíonn an abairt “céad ubh” céad agus fiche ubh.
Alt 17 den Phríomh-Acht do leasú.
12.—(1) I dteanta na gcomhacht a bronntar ar chigire le fo-alt (1) d'alt 17 den Phríomh-Acht, beidh teideal ag cigire chun dul isteach ar gach tráth réasúnta in aon áitreabh a bheidh cláruithe i gclár na n-easportálaithe no go mbeifear tar éis iarratais do dhéanamh chun é chlárú sa chlár san, agus gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh ann, sé sin le rá:—
(a) uibhe do chuardach san áitreabh san;
(b) a cheangal ar an únaer cláruithe no ar aon duine ar fostú ag an únaer cláruithe sin san áitreabh san pé eolas is dó leis an gcigire sin is gá chun crícheanna riartha an Phríomh-Achta agus an Achta so i dtaobh ainm agus seola duine ar bith do thabhairt don chigire sin.
(2) I dteanta na gcomhacht a bronntar ar chigire le fo-alt (2) d'alt 17 den Phríomh-Acht, beidh teideal ag cigire chun dul isteach ar gach tráth réasúnta in aon áitreabh a bheidh cláruithe i gclár na leasuitheoirí no go mbeifear tar éis iarratais do dhéanamh chun é chlárú sa chlár san, agus gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh ann, sé sin le rá:—
(a) uibhe do chuardach agus do scrúdú san áitreabh san;
(b) a cheangal ar an únaer cláruithe no ar aon duine ar fostú ag an únaer cláruithe sin san áitreabh san pé eolas is dó leis an gcigire sin is gá chun crícheanna riartha an Phríomh-Achta agus an Achta so i dtaobh ainm agus seola duine ar bith do thabhairt don chigire sin.
(3) Gach n-aon a chuirfidh cosc no bac le haon chigire agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so no go dteipfidh air no dhiúltóidh eolas ar bith do thabhairt do chigire ar bith ar n-a éileamh san air, eolas go mbeidh teideal ag an gcigire sin a éileamh fén alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar cúig púint do chur air.
Alt 18 den Phríomh-Acht do leasú.
13.—Léireofar alt 18 den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí an fo-alt so leanas isteach ann in ionad fo-ailt (1) atá ann anois, sé sin le rá:—
“(1) Einne—
(a) a dhéanfaidh aon uibhe bheidh salach ar an taobh amuich no bheidh neamh-oiriúnach mar bhia don duine do dhíol, do mhargáil no do mhalairtiú, no iad do thairisgint no do thaisbeaint chun a ndíolta, a margála no a malairtithe, pe' ca déanfar an díol, an mhargáil no an malairtiú san ar choiníoll go seasóidh na huibhe tástáil áirithe no ná déanfar; no
(b) is ceannaí ubh, agus a cheannóidh uibhe ar bith bheidh salach ar an taobh amuich no bheidh neamh-oiriúnach mar bhia don duine no go mbeidh a leithéidí ar seilbh aige in áitreabh ina ndeineann sé an cheannaíocht san; no
(c) is ceannaí ubh, agus a fhágfaidh síos in aon áit aon uibhe bheidh salach ar an taobh amuich no bheidh neamhoiriúnach mar bhia don duine; no
(d) a chonsighneoidh chun a ndíolta ar coimisiún no ar aon tslí eile uibhe bheidh salach ar an taobh amuich no bheidh neamh-oiriúnach mar bhia don duine;
beidh sé ciontach i gcionta fén alt so, agus féadfar pionós do chur air dá réir sin.”
Atharú déanmhais ar áitreabh cláruithe.
14.—(1) Ní bheidh sé dleathach d'éinne, gan cead roimh ré ón Aire, aon atharú déanmhais do dhéanamh ar aon áitreabh a bheidh cláruithe i gclár na n-easportálaithe no i gclár na leasuitheoirí.
(2) Gach n-aon a dhéanfaidh aon atharú déanmhais ar aon áitreabh contrárdha don alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.
CUID II.
Clar na Leasuitheoiri.
Cláruithe atá i gclár na leasuitheoirí do dhul ar ceal.
15.—Gach clárú áitreibh i gclár na leasuitheoirí atá ann le linn an Achta so do rith tiocfaidh chun bheith agus beidh gan brí gan éifeacht díreach ar rith an Achta so.
Coiníollacha bhainfidh le háitreabh do chlárú i gclár na leasuitheoirí.
16.—Sara ndéanfaidh an tAire aon áitreabh do chlárú i gclár na leasuitheoirí fén bPríomh-Acht, déanfa sé deimhin de go bhfuil an t-áitreabh san do réir na gcoiníollacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) go bhfuil an t-áitreabh agus an chóir oibre, na feistisí agus na fearaistí ann glan agus dea-dheisithe, agus
(b) go bhfuil leor-shlí san áitreabh chun uibhe agus pacáistí ubh do stóráil ann i dtreo gur féidir teacht ar na huibhe agus ar na pacáistí bheidh stórálta amhlaidh chun iad do scrúdú fén bPríomh-Acht mar atá sé leasuithe leis an Acht so.
An táille is iníoctha ar chlárú i gclár na leasuitheoirí d'iarraidh.
17.—An té bheidh á iarraidh go gclárófaí aon áitreabh i gclár na leasuitheoirí íocfa sé táille phúint leis an Aire agus beidh sé ina choiníoll, le cólíona roimh bhreithniú an iarratais don Aire, an táille sin d'íoc.
Toirmeasc ar uibhe do leasú in áitreabh neachláruithe.
18.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith uibhe do leasú, tré stóráil fhuair, tré stóráil cheimiciuil, tré phicleail, no ar aon tslí eile, chun trádála ná chun brabúis, in áitreabh ná beidh cláruithe i gclár na leasuitheoirí.
(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar fiche púnt do chur air má sé an chéad chionta aige é agus fíneail ná raghaidh thar caoga púnt, má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nách sia ná sé mhí no an fhíneail sin agus an phríosúntacht san le chéile.
(3) Ní thiocfaidh an t-alt so i bhfeidhm go ceann ráithe ón Acht so do rith.
Rialacháin ghenerálta i dtaobh uibhe leasuithe do mharcáil.
19.—Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh (dá ngairmtear san Acht so na rialacháin ghenerálta i dtaobh uibhe leasuithe do mharcáil) i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—
(a) na marcanna bheidh ar uibhe cuirfear no consighneofar go dtí aon áitreabh no aistreofar as aon áitreabh a bheidh cláruithe i gclár na leasuitheoirí;
(b) an módh ina gcuirfear agus an gléas le n-a gcuirfear na marcanna san ar na huibhe sin;
agus féadfar marcanna deifriúla d'ordú maidir le saghsanna deifriúla ubh chun a thaisbeaint cadé an chóir atá beartuithe do chur no do cuireadh ar na huibhe sin san áitreabh san.
Toirmeasc ar uibhe neamarcálta do chur amach no d'fháil.
20.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo, ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon uibhe do chur ná do chonsighniú go dtí aon áitreabh ná do sheachada in aon áitreabh a bheidh cláruithe i gclár na leasuitheoirí agus iad, le linn a gcurtha amach no a gconsighnithe no a seachadtha amhlaidh, gan bheith marcálta do réir na rialachán ngenerálta i dtaobh uibhe leasuithe do mharcáil.
(2) Fé réir forálacha an ailt seo, ní bheidh sé dleathach d'únaer chláruithe áitreibh a bheidh cláruithe i gclár na leasuitheoirí glaca san áitreabh san le seachada aon ubh ná beidh marcálta do réir na rialachán ngenerálta i dtaobh uibhe leasuithe do mharcáil ná aon uibhe ná beidh marcálta amhlaidh do ghlaca isteach san áitreabh san.
(3) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar deich bpúint do chur air má sé an chéad chionta aige é, agus fíneail ná raghaidh thar fiche púnt má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nách sia ná sé mhí no an fhíneail sin agus an phríosúntacht san le chéile.
(4) Féadfaidh an tAire le hordú dhéanfa sé fén bhfo-alt so a dhearbhú ná bainfidh na forálacha san roimhe seo den alt so le huibhe bheidh le leasú ar shlí no ar shlite áirithe luadhfar san ordú san, agus pé uair a déanfar ordú den tsórt san agus a bheidh sé i bhfeidhm ní bhainfidh na forálacha so le huibhe bheidh le leasú ar an slí no ar na slite áirithe luadhfar san ordú san.
(5) Féadfar ordú fén bhfo-alt san roimhe seo d'athghairm, do leasú, no d'atharú le hordú dhéanfaidh an tAire fén bhfo-alt so.
Toirmeasc ar uibhe neamarcálta d'aistriú, etc.
21.—(1) Ní bheidh sé dleathach d'únaer chláruithe aon áitreibh a bheidh cláruithe i gclár na leasuitheoirí aon uibhe do dhíol, do chonsighniú ná d'aistriú ar aon tslí eile as an áitreabh san mara mbeidh ar na huibhe sin go soiléir so-léighte na marcanna bheidh orduithe leis na rialacháin ghenerálta i dtaobh uibhe leasuithe do mharcáil.
(2) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon uibhe do cheannach in aon áitreabh a bheidh cláruithe i gclár na leasuitheoirí mara mbeidh ar na huibhe sin go soiléir so-léighte na marcanna bheidh orduithe leis na rialacháin ghenerálta i dtaobh uibhe leasuithe do mharcáil ná glaca le haon uibhe á seachada o áitreabh ar bith den tsórt san mara mbeidh na marcanna san go soiléir so-léighte ar na huibhe sin.
(3) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar deich bpúint do chur air má sé an chéad chionta aige é, agus fíneail ná raghaidh thar fiche púnt má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nách sia ná ráithe no an fhíneail sin agus an phríosúntacht san le chéile.
Toirmeasc ar mharcanna do bhaint, etc., d'uibhe leasuithe.
22.—Má dheineann éinne—
(a) marc a bheidh orduithe leis na rialacháin ghenerálta i dtaobh uibhe leasuithe do mharcáil do bhaint no do scriosa d'aon ubh no d'atharú air, no
(b) aon ubh do dhíol, do mhargáil, no do mhalairtiú no do thairisgint no do thaisbeaint chun a dhíolta, no a mhargála, no a mhalairtithe agus marc, a bheidh orduithe leis na rialacháin ghenerálta i dtaobh uibhe leasuithe do mharcáil, bainte no scriosta dhe no atharuithe air,
beidh sé, mara gcruthuighe sé go ndearna sé amhlaidh gan intinn calaois do dhéanamh, ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar deich bpúint do chur air má sé an chéad chionta aige é agus fíneail ná raghaidh thar fiche púnt má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nách sia ná ráithe no an fhíneail sin agus an phríosúntacht san le chéile.
Cimeádfar clár in áitreabh a bheidh cláruithe i gclár na leasuitheoirí.
23.—(1) Beidh sé de dhualgas ar únaer chláruithe gach áitreibh a bheidh cláruithe i gclár na leasuitheoirí clár sa bhfuirm orduithe do chimeád no a chur fé ndeár é do chimeád san áitreabh san, clár de sna huibhe go léir do gheobhfar san áitreabh san agus a cuirfear amach as, agus, fé cheann dhá uair dhéag a' chluig tar éis aon uibhe den tsórt san d'fháil no do chur amach, na mion-innste orduithe i dtaobh na n-ubh san do chur sa chlár san no a chur fé ndeár iad do chur ann.
(2) Féadfaidh aon chigire gach clár a bheidh á chimeád do réir an ailt seo d'iniúcha uair ar bith le linn tráthanna oifige agus beidh sé de dhualgas ar an únaer cláruithe an clár san do thaisbeaint, ar a iarraidh sin air, chun go n-iniúchfaidh an cigire sin é agus fós gach billín, nóta consighneachta, admháil agus scríbhinn eile (ar a n-áirítear cóipeanna dhíobh i gcás ná beid féin ar fáil) a iarrfaidh an cigire sin, go réasúnta, chun féachaint an fíor aon iontráil áirithe sa chlár san no cad fé ndeár éinní áirithe d'fhágaint amach as.
(3) Má thárlann d'aon únaer cláruithe—
(a) go dteipfidh air an clár san a héilítear leis an alt so do chimeád no a chur fé ndeár é do chimeád, no
(b) go dteipfidh air aon iontráil, a héilítear leis an alt so do chur sa chlár san, do chur no a chur fé ndeár é do chur sa chlár san laistigh den am a horduítear leis an alt so, no
(c) go dteipfidh air aon chlár, scríbhinn, no cóip de scríbhinn, a héilítear leis an alt so do thaisbeaint, do thaisbeaint no a chur fé ndeár é do thaisbeaint, ar iarratas cigire, chun go n-iniúchfaidh an cigire é, no go gcuirfe sé cosc le haon chigire den tsórt san agus é ag déanamh an iniúchta san, no
(d) go ndéanfa sé no go gcuirfe sé fé ndeár, go toiliúil no tré fhaillí, aon iontráil a bheidh bréagach no míthreorach in aon phonc táchtach do chur sa chlár san,
beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.
(4) Chun crícheanna an ailt seo—
(a) folóidh clár no scríbhinn d'iniúcha cóipeanna dhéanamh de no sleachta thógaint as; agus
(b) tuigfear gur hiarradh go cuibhe ar an únaer cláruithe clár no scríbhinn eile do thaisbeaint chun go n-iniúchfaí é má hiarradh san de bhréithre béil san áitreabh cláruithe ar dhuine ar bith ar fostú ag an únaer cláruithe; agus
(c) más san áitreabh cláruithe do rinneadh agus más duine ar fostú ag an únaer cláruithe do rinne diúlta no teip maidir le clár no scríbhinn eile do thaisbeaint chun go n-iniúchfaí é, tuigfear gurb é an t-únaer cláruithe do rinne an diúlta no an teip sin; agus
(d) cialluíonn an abairt “tráthanna oifige” aon am idir a deich a chlog ar maidin agus a cúig a chlog um thráthnóna go mbíonn gnó ar siúl no obair á déanamh le n-a linn san áitreabh cláruithe.
(5) Scuirfidh alt 13 den Phríomh-Acht d'éifeacht do bheith aige maidir le háitreabhacha atá cláruithe i gclár na leasuitheoirí.
CUID III.
Ilghneitheach agus Generalta.
Toirmeasc ar uibhe do dhíol in áiteacha áirithe.
24.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon uibhe do dhíol, do mhargáil, ná do mhalairtiú, ná iad do thairisgint ná do thaisbeaint chun a ndíolta, a margála, ná a malairtithe, in áit ná i slí ná beidh leor-chosaint ag na huibhe sin ar fhliche, ar thaise, ar shalachar no ar thruailliú de shórt ar bith.
(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar deich bpúint do chur air má sé an chéad chionta aige é, agus fíneail ná raghaidh thar fiche púnt má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nách sia ná ráithe no an fhíneail sin agus an phríosúntacht san le chéile.
Comhachta an Ghárda Síochána.
25.—(1) Beidh teideal ag ball den Ghárda Síochána dul isteach ar gach tráth réasúnta in áitreabh ar bith (nách áitreabh a bheidh cláruithe i gclár na n-easportálaithe ná i gclár na leasuitheoirí) ina dtairgtear no ina dtaisbeántar uibhe chun a ndíolta.
(2) Féadfaidh ball den Ghárda Síochána iniúcha do dhéanamh ar aon uibhe tairgfear no taisbeánfar chun a ndíolta in aon áit go mbeidh teideal aige dul isteach ann fén bhfo-alt san roimhe seo no in aon áit phuiblí agus féadfa sé somplaí réasúnta d'aon uibhe a tairgfear no a taisbeánfar chun a ndíolta in aon áit den tsórt san agus iad salach ar an taobh amuich do thógaint agus d'aistriú gan íoc asta.
(3) Gach n-aon a chuirfidh cosc no bac le ball den Ghárda Síochána agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar cúig púint do chur air.
Rialacháin.
26.—(1) Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú agus ná horduítear ná nách féidir d'ordú fén bPríomh-Acht.
(2) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.
Costaisí.
27.—Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas a bhainfidh leis an Acht so do chur in éifeacht.
Ciontaí.
28.—Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire mar chúisitheoir gach cionta fé aon fhoráil den Acht so do chúiseamh.
Gearr-theideal agus luadh.
29.—Féadfar an tAcht Tora Talmhaíochta (Uibhe), 1930, do ghairm den Acht so, agus féadfar na hAchtanna Tora Talmhaíochta (Uibhe), 1924 agus 1930, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.