[EN]

Uimhir 37 de 1961.


[EN]

AN tACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1961.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1939 GO 1959. [16 Lúnasa, 1961.].

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

[EN]

Léiriú.

1952, Uimh. 15.

1.—(1) San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1952;

[EN]

ciallaíonn “an Bord” Bord Fáilte Éireann.

[EN]

(2) Forléireofar na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1959, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin.

[EN]

Deontais nach mbeidh le haisíoc.

1955, Uimh. 5.

1959, Uimh. 27.

2.—(1) Féadfaidh an tAire Tionscail agus Tráchtála, le toiliú an Aire Airgeadais, cibé suimeanna a theastóidh ón mBord agus nach mó san iomlán ná cúig mhilliún punt a íoc leis an mBord ó am go ham as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

[EN]

(2) Ní bheidh suimeanna a íocfar faoin alt seo inaisíoctha.

[EN]

(3) Aon airgead a bheidh an tOireachtas tar éis a sholáthar nó a bheifear tar éis a íoc leis an mBord faoi alt 7 den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1955, an bhliain dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1961, measfar gur faoin alt seo a soláthraíodh nó a íocadh é, de réir mar a bheidh.

[EN]

(4) Aon suimeanna is iníoctha faoin alt seo leis an mBord is suimeanna iad i dteannta aon suimeanna is iníoctha leis an mBord faoi alt 2 den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1959.

[EN]

Méadú ar chomhiomlán na ráthaíochtaí faoi Chuid III d'Acht 1952.

3.—Leasaítear leis seo alt 18 d'Acht 1952 trí “cúig mhilliún punt” a chur in ionad “trí mhilliún punt” i bhfo-alt (1).

[EN]

Síneadh ar an teorainn ama chun ráthaíochtaí a thabhairt faoi Chuid III d'Acht 1952.

1957, Uimh. 27.

4.—Leasaítear leis seo alt 21 d'Acht 1952 trí “cúig bliana déag ó dháta an Achta seo a rith” a chur in ionad “deich mbliana ó dháta an Achta seo a rith” (a cuireadh isteach leis an Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1957).

[EN]

Aisghairm.

5.—Aisghairtear leis seo fo-alt (3) d'alt 18 d'Acht 1952, alt 7 den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1955, agus fo-alt (2) d'alt 3 den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1957.

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

6.—(1) Féadfar an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1961, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1961, a ghairm de na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1959, agus den Acht seo le chéile.