[EN]

Uimhir 15 de 1952.


[EN]

AN tACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1952.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE BHREISE AGUS FEABHSAITHE CHUN AN TRÁCHT CUARTAÍOCHTA A CHUR AR AGHAIDH AGUS D'FHORBAIRT AGUS, GO hÁIRITHE, DO BHUNÚ COMHLUCHTA CHUN POIBLÍOCHT A DHÉANAMH I nDÁIL LEIS AN TRÁCHT SIN, DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1939 AGUS 1946, DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEAS LE CEADÚNÚ ÓSTLANNA AGUS CAMPAÍ SAOIRE CHUN DEOCHA MEISCIÚLA A DHÍOL, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [3ú Iúil, 1952.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.

Reamhraiteach agus Ginearalta.

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

1.—(1) Féadfar an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1952, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchta um Thrácht Cuartaíochta, 1939 agus 1952, a ghairm den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1939, agus den Acht seo le chéile.

[EN]

Forléiriú.

2.—(1) San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1939” an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1939 (Uimh. 24 de 1939);

[EN]

ciallaíonn “An Bord Fáilte” an comhlucht ar a dtugtaí go dtí seo Bord Cuartaíochta na hÉireann agus ar a dtugtar an ainm nua sin le halt 4;

[EN]

ciallaíonn “an Bord” (ach amháin i gCuid V agus sa Sceideal) An Bord Fáilte;

[EN]

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála.

[EN]

(2) Forléireofar an tAcht seo agus Acht 1939 mar aon ní amháin.

[EN]

Athghairm.

3.—(1) Athghairmtear leis seo ailt 5, 10, 14, 15 agus 31 d'Acht 1939.

[EN]

(2) Athghairmtear leis seo an tAcht um Thrácht Cuartaíochta (Leasú), 1946 (Uimh. 14 de 1946).

[EN]

CUID II.

An Bord Fáilte.

[EN]

Bord Cuartaíochta na hÉireann d'athainmniú.

4.—Bhéarfar An Bord Fáilte ar an mBord ar a dtugtaí go dtí seo Bord Cuartaíochta na hÉireann.

[EN]

Feidhmeanna.

5.—(1) Is é dualgas an Bhoird forbairt an tráchta chuartaíochta sa Stát agus chun an Stáit a chur ar aghaidh agus a spreagadh.

[EN]

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fo-ailt (1) ná do na feidhmeanna sonracha a bheirtear dó le hAcht 1939 nó in aon áit eile san Acht seo, is dleathach don Bhord—

[EN]

(a) óstlanna, tithe aíochta, campaí saoire, brúnna saoire agus brúnna ógra d'iniúchadh, a chlárú agus a ghrádú;

[EN]

(b) cúnamh airgeadais agus cúnamh eile a thabhairt chun cóiríocht do lucht saoire a sholáthar, a mhéadú nó d'fheabhsú;

[EN]

(c) cúnamh airgeadais agus cúnamh eile a thabhairt chun saoráidí agus taithneamhachtaí, is dóigh leis an mBord d'fheabhsódh an trácht cuartaíochta, a sholáthar, a mhéadú nó d'fheabhsú in áiteanna cuartaíochta agus in áiteanna eile;

[EN]

(d) aon tsaghas gníomhaireachta, a bhfuil forbairt an tráchta chuartaíochta ar cheann dá príomh-fheidhmeanna, a bhunú, nó cúnamh airgeadais agus cúnamh eile a thabhairt chun í a bhunú;

[EN]

(e) scéimeanna a chur ar fáil chun daoine a thréineáil le haghaidh oibre a bhaineas leis an trácht cuartaíochta agus cúnamh airgeadais agus cúnamh eile a thabhairt chun scéimeanna den tsórt sin a chur ar fáil;

[EN]

(f) foirgintí, láithreacha agus scrínte stairiúla, agus áiteanna is ábhar spéise don phobal ó thaobh radhairc, staire, eolaíochta nó eile, a chaomhaint agus a chothabháil agus cabhrú lena gcaomhaint agus lena gcothabháil agus cuairteoirí d'éascú chucu trí fhógraí a chur ar fáil agus trí bhealaigh isteach a sholáthar agus d'fheabhsú;

[EN]

(g) comharthaí bóthair a thabhairt d'údaráis áitiúla chun na húdaráis sin dá gcur suas;

[EN]

(h) bronntanais agus tabhartais a ghlacadh, agus iontaobhais a ghlacadh de láimh agus a chur i gcrích a fhéadfas an Bord go dleathach a ghlacadh de láimh, agus ba chabhair dá chuspóirí;

[EN]

(3) Ag feidhmiú a fheidhmeanna dhó beidh aird ag an mBord ar thaithneamhachtaí agus seirbhísí, lena n-áirítear socruithe i dtaobh iompair, is dóigh leis an mBord a dhéanfadh difir don trácht cuartaíochta.

[EN]

(4) Ní bhainfidh aon ní san alt seo ó chumhachta Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn ná ó chumhachta údaráis áitiúil faoi Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930 (Uimh. 2 de 1930), agus beidh forála an Achta sin ina gceangal ar an mBord amhail mar atá ar dhaoine eile.

[EN]

Cuideachtana forbairte áitiúla a bhunú.

6.—Féadfaidh an Bord bunú cuideachtan faoi na hAchta Cuideachtan, 1908 go 1924, a chur ar aghaidh a mbeidh mar chuspóir acu taithneamhachtaí agus saoráidí a sholáthar ag áiteanna cuartaíochta agus an trácht cuartaíochta in áiteanna den tsórt sin nó chucu d'fhorbairt agus féadfaidh deontas (nach mó ná dhá chéad punt) a thabhairt d'aon chuideachta den tsórt sin i leith costas a bunuithe.

[EN]

Fógraí agus fálta a chur suas ag láithreacha stairiúla, etc., agus bealaigh isteach a sholáthar.

7.—(1) Má bheartaíonn an Bord fógra nó fál a chur suas, nó bealach isteach a sholáthar nó d'fheabhsú, ag aon fhoirgint, láthair nó scrín stairiúil nó aon áit eile is dóigh leis an mBord dob ábhar spéise ar leith don phobal, agus go ndiúltóidh an t-únaer a cheadú don Bhord an obaír atá beartaithe a dhéanamh, beidh cumhacht ag an mBord pé talamh a thógaint, faoi alt 19 d'Acht 1939, is dóigh leis an mBord is cuí chun go bhféadfar an obair a dhéanamh.

[EN]

(2) Ní fheidhmeoidh an Bord a chumhachta faoin alt seo i leith séadchomhartha náisiúnta, do réir brí Achta na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930 (Uimh. 2 de 1930), atá dílsithe nó á dhílsiú i gCoimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn nó in údarás áitiúil nó curtha nó á chur faoina gcaomhnóireacht sin nó a bhfuil ordú buanchoimeádta déanta nó á dhéanamh ina thaobh faoin Acht sin.

[EN]

Cumhacht chun dul isteach ar thalamh.

8.—(1) Féadfaidh duine a bheas údaraithe go cuí i scríbhinn ag an mBord dul isteach ar thalamh chun a chumasú don Bhord a fheidhmeanna d'fheidhmiú faoi mhír (f) d'fho-alt (2) d'alt 5.

[EN]

(2) Aon duine a choiscfeas nó a bhacfas oifigeach údaraithe agus é ag feidhmiú a chumhacht faoi fho-alt (1), beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

[EN]

Srian le hailt 7 agus 8.

9.—Ní bhainfidh ailt 7 agus 8 le haon fhoirgint a bheas de thuras na huaire á húsáid chun críocha eaglaise.

[EN]

Deontas nach mbeidh le haisíoc.

10.—(1) Gach bliain airgeadais féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, pé suimeanna a theastós ó am go ham ón mBord agus nach mó san iomlán ná dhá chéad agus caoga míle punt in aon bhliain airgeadais áirithe, d'íoc leis an mBord as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

[EN]

(2) I gcás na bliana airgeadais dár chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1952, féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire, pé suimeanna, nach mó san iomlán ná fiche agus seacht mile punt, a theastós ón mBord i dteannta na suimeanna a soláthraítear faoi alt 15 d'Acht 1939, d'íoc leis an mBord as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

[EN]

(3) Ní bheidh suimeanna a híocfar faoin alt seo inaisíoctha.

[EN]

Deireadh le hairleacain inaisíoctha.

11.—Ní déanfar aon airleacan eile faoi alt 16 d'Acht 1939.

[EN]

Cuntais agus iniúchadh.

12.—(1) Coimeádfaidh an Bord, i pé foirm a cheadós an tAire tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnáth ar an airgead a gheobhas agus a chaithfeas sé agus go háirithe coimeádfaidh na cuntais speisialta sin go léir a threorós an tAire ó am go ham.

[EN]

(2) Cuirfidh an Bord na cuntais faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gach bliain lena n-iniúchadh, pé tráth a threorós an tAire, agus tar éis an iniúchta déanfar cóip den chlár comharduithe agus den chuntas fáltais agus caiteachais mar bheid ceadaithe ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, maraon lena thuarascáil orthu, a thíolacadh don Aire agus bhéarfaidh seisean go leagfar cóipeanna dhíobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus déanfaidh, freisin, na doiciméid sin d'fhoilsiú agus a chur ar díol.

[EN]

Comhalta den Oireachtas a bheith dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Bhord.

13.—(1) Má thagann comhalta den Bhord chun bheith ina chomhalta de cheachtar Tigh den Oireachtas, ansin, ar é a theacht, faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin, i dteideal suí sa Tigh sin, scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Bhord.

[EN]

(2) Aon duine a bheas de thuras na huaire i dteideal, faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas, suí sa Tigh sin, beidh sé dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Bhord.

[EN]

Aoisliúntas do chomhaltaí.

14.—(1) Féadfaidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, scéim nó scéimeanna a dhéanamh chun pinsin, aiscí agus liúntais eile, ar scor dóibh, a dheonadh do chomhaltaí lánaimsire an Bhoird, agus féadfaidh, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, aon scéim a leasú.

[EN]

(2) Cuirfidh an Bord scéim a déanfar faoin alt seo i bhfeidhm do réir a téarmaí.

[EN]

(3) Má éiríonn aon díospóid i dtaobh éilimh dhuine ar bith maidir le aon phinsean, aisce nó liúntas eile is iníoctha de bhun scéime faoin alt seo, nó i dtaobh a mhéid, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh seisean chun an Aire Airgeadais í agus ní bheidh dul thar a bhreith sin uirthi.

[EN]

(4) Gach scéim a déanfar faoin alt seo, leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an scéim a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

[EN]

Aoisliúntas don fhoirinn.

15.—(1) A luaithe is caothúil tar éis an tAcht seo a rith, ullmhóidh an Bord, agus cuirfidh faoi bhráid an Aire, scéim nó scéimeanna chun pinsin, aiscí agus liúntais eile, ar scor dóibh, a dheonadh dá bhuan-fhoirinn.

[EN]

(2) Aon scéim a cuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo, déanfaidh an Bord, má cheadaíonn an tAire í le comhthoiliú an Aire Airgeadais, í a chur i bhfeidhm do réir a téarmaí.

[EN]

(3) Féadfaidh an Bord, tráth ar bith, le ceadú an Aire, arna thabhairt le comhthoiliú an Aire Airgeadais, scéim faoin alt seo a leasú.

[EN]

(4) Aon scéim a cuirfear faoi bhráid an Aire agus a ceadófar faoin alt seo, socróidh sí an tráth scortha agus na coinníollacha scortha do na daoine go léir a mbeidh pinsin, aiscí nó liúntais, ar scor dóibh, iníoctha leo faoin scéim, agus féadfar tráthanna agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

[EN]

(5) Má éiríonn aon díospóid i dtaobh éilimh dhuine ar bith maidir le haon phinsean, aisce nó liúntas is iníoctha de bhun scéime faoin alt seo, nó i dtaobh a mhéid, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh seisean chun an Aire Airgeadais í, agus ní bheidh dul thar a bhreith sin uirthi.

[EN]

(6) Gach scéim a cuirfear faoi bhráid an Aire agus a ceadófar faoin alt seo, leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ceaduithe agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an scéim a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

[EN]

Leasú ar alt 4 d'Acht 1939.

16.—Leasaítear leis seo mar leanas alt 4 d'Acht 1939:—

[EN]

(a) tríd an bhfocal “cúigear” a scrios as fo-alt (3) (a bhaineas le líon comhaltaí an Bhoird) agus an focal “seachtar” a chur ina ionad;

[EN]

(b) trí na focail “le linn an ball sin do cheapadh” a scrios as fo-alt (6) (a bhaineas le luach saothair comhaltaí a shocrú).

CUID III.

Iasachtai a Rathu.

[EN]

Iasachtaí a ráthú; agus deontais le haghaidh úsmhuirear.

17.—(1) Más rud é—

[EN]

(a) go n-iarrfaidh duine ar bith go cuí iasacht a ráthú, agus

[EN]

(b) gurb í an chríoch dá mbeidh an iasacht ag teastáil—

[EN]

(i) cóiríocht do lucht saoire a dhéanamh, a mhéadú, d'fhreacnairciú nó d'fheabhsú, nó

[EN]

(ii) taithneamhachtaí agus seirbhísí (seachas cóiríocht do lucht saoire) a sholáthar ag áiteanna cuartaíochta agus an trácht cuartaíochta ag na háiteanna sin nó chucu d'fhorbairt ag comhlucht corpraithe a bhfuil an cuspóir sin aige—

[EN]

féadfaidh an tAire, ar mholadh an Bhoird agus le comhthoiliú an Aire Airgeadais, an iasacht a ráthú.

[EN]

(2) Aon uair a ráthós an tAire iasacht faoin alt seo, féadfaidh sé a ráthú, i pé foirm agus slí agus ar pé téarmaí agus coinníollacha a cheadós an tAire Airgeadais, go n-aisíocfar an phríomhshuim nó go n-íocfar an t-ús ar an iasacht nó go n-aisíocfar an phríomhshuim sin agus go n-íocfar an t-ús sin.

[EN]

(3) Aon uair a ráthós an tAire iasacht faoin alt seo, féadfaidh sé, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, a údarú don Bhord deontais i leith íoc an úis ar an iasacht a thabhairt ar pé téarmaí agus coinníollacha a cheadós an tAire Airgeadais.

[EN]

Tórainn le ráthaíochtaí agus iasachtaí.

18.—(1) Ní bheidh iomlán caipitiúil na n-iasacht go léir a ráthófar (pé acu maidir le príomhshuim agus ús nó maidir le ceachtar acu é) faoin gCuid seo níos mó ná trí mhilliún punt.

[EN]

(2) Ní déanfar aon iasacht is lú ná cúig chéad punt a ráthú faoin gCuid seo.

[EN]

(3) Ní bheidh iomlán na ndeontas a bhéarfas an Bord faoin gCuid seo níos mó ná seachtó agus cúig mhíle punt in aon bhliain airgeadais áirithe.

[EN]

Iarratais.

19.—Is i scríbhinn agus chun an Bhoird a déanfar gach iarratas faoin gCuid seo.

[EN]

Táillí ar iarratais agus ar dheontas nó ráthaíocht.

20.—(1) Déanfar táille de pé méid a ordós an tAire d'íoc ar gach iarratas faoin gCuid seo agus beidh íoc na táille sin go cuí na choinníoll nach foláir a chomhlíonadh chun go nglacfar an t-iarratas.

[EN]

(2) Déanfar táille de pé méid a ordós an tAire d'íoc ar iasacht a ráthú nó ar dheontas d'údarú faoin gCuid seo, agus beidh íoc na táille sin go cuí ina choinníoll nach foláir a chomhlíonadh chun go ndéanfar an ráthú nó an t-údarú.

[EN]

(3) Déanfar na táillí go léir is iníoctha faoin gCuid seo a bhailiú agus a ghlacadh i pé slí a threorós an tAire Airgeadais ó am go ham agus íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste iad do réir treoracha an Aire sin.

[EN]

(4) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táillí is iníoctha faoin gCuid seo.

[EN]

Tórainn leis an am chun ráthaíochtaí a thabhairt.

21.—Ní ráthóidh an tAire aon iasacht faoin gCuid seo tar éis cúig bliana ó dháta an Achta seo a rith.

[EN]

An t-airgead a theastós chun iasachtaí a ráthú d'airleacan as an bPríomh-Chiste.

22.—(1) Airleacfar as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis pé suimeanna a bheas ag teastáil ó am go ham ón Aire chun ráthaíochtaí a bhéarfar faoin gCuid seo a chomhalladh.

[EN]

(2) D'fhonn socrú a dhéanamh chun aon tsuimeanna d'airleacan as an bPríomh-Chiste a húdaraítear leis an alt seo d'airleacan amhlaidh, féadfaidh an tAire Airgeadais pé suimeanna is gá chun na críche sin d'fháil ar iasacht ar urrús an Phríomh-Chiste nó a thoradh fáis, agus chun iad sin d'fháil ar iasacht féadfaidh an tAire sin urrúis ar bith a chruthnú agus d'eisiúint agus iad faoi pé ráta úis agus fós faoi réir pé coinníoll i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis, agus íocfaidh isteach sa Stát-Chiste an t-airgead go léir a gheobhaidh ar iasacht amhlaidh.

[EN]

(3) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheas muirear agus íoc príomhshuime agus úis na n-urrús go léir a heiseofar faoin alt seo.

[EN]

Suimeanna áirithe d'íoc isteach sa Stát-Chiste.

23.—(1) Íocfar isteach sa Stát-Chiste na suimeanna go léir a gheofar mar aisíoc ar airgead a hairleacadh as an bPríomh-Chiste faoin gCuid seo.

[EN]

(2) Aon uair a déanfar airleacan as an bPríomh-Chiste ar scór ráthaíochta a bhéarfas an tAire faoin gCuid seo agus a bheas an t-airleacan go léir nó aon chuid de gan aisíoc tar éis dhá bhliain ón dáta a rinneadh an t-airleacan, déanfar an méid a bheas gan aisíoc amhlaidh d'aisíoc, pé tráth a threorós an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

[EN]

Ráitis agus cuntais a leagadh faoi bhráid an Oireachtais.

24.—(1) Laistigh de thrí mhí tar éis deireadh gach bliana airgeadais ina bhféadfar iasachtaí a ráthú faoin gCuid seo, leagfaidh an tAire faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ráiteas ar na hiasachtaí a ráthaíodh amhlaidh i rith na bliana airgeadais sin, maraon le sonraí ar na críocha a raibh na hiasachtaí sin le húsáid chucu, agus ar na téarmaí agus na coinníollacha ar ar ráthaíodh amhlaidh iad, agus fós ráiteas ar mhéid iomlán na ráthaíochtaí a tugadh faoin gCuid seo suas go dtí deireadh na bliana airgeadais sin.

[EN]

(2) Faid a leanfas aon ráthaíocht a tugadh faoin gCuid seo i bhfeidhm, leagfaidh an tAire faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, laistigh de thrí mhí tar éis deireadh gach bliana airgeadais, cuntas, i pé foirm a cheadós an tAire Airgeadais, ina dtaispeánfar iomlán na suimeanna go léir a hairleacadh as an bPríomh-Chiste faoin gCuid seo suas go dtí deireadh na bliana airgeadais sin agus iomlán na suimeanna go léir a haisíocadh leis an Stát-Chiste nó a híocadh isteach ann nó a cuireadh chun tairbhe dhó faoin gCuid seo suas go dtí deireadh na bliana airgeadais sin.

CUID IV.

Aitribh a Chlaru.

[EN]

Forléiriú.

25.—Forléireofar an Chuid seo agus Cuid III d'Acht 1939 mar aon ní amháin.

[EN]

Táille chláraitheachta d'íoc.

26.—Aon iarratasóir a bheas á iarraidh go gclárófar áitreabh i gclár agus nach ndéanfaidh, tar éis fógra ón mBord a sheirbheáil air go gclárófar an t-áitreabh ar an táille ordaithe iomchuí d'íoc, an táille d'íoc leis an mBord laistigh de thrí mhí tar éis na seirbheála sin, beidh a iarratas ar neamhní, d'ainneoin fo-ailt (4) d'alt 27 d'Acht 1939.

[EN]

An táille iarratais a thabhairt ar ais.

27.—An táille a cuirfear le hiarratas, faoi alt 26 nó 20 d'Acht 1939, á iarraidh áitreabh a chlárú nó clárú áitribh d'athnuachaint, féadfar, ar an iarratasóir dá iarraidh sin agus faoi rogha an Bhoird, í d'aisíoc leis an iarratasóir mura rud é, tar éis an táille d'fháil, go mbeidh an t-áitreabh iniúchta ag oifigeach don Bhord.

[EN]

Leasú ar alt 30 d'Acht 1939.

28.—Leasaítear leis seo fo-alt (4) d'alt 30 d'Acht 1939 (a bhaineas le clárú d'athnuachaint) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad míre (a):—

[EN]

“(a) seirbheálfaidh an Bord fógra ar an iarratasóir á rá gurb é tuairim an Bhoird go bhfuil scortha, ar chúiseanna a luafar, ag an áitreabh sin de bheith inchláruithe sa chlár sin agus go bhféadfaidh an t-iarratasóir, laistigh de cheithre lá déag tar éis dáta seirbheála an fhógra sin, uiríolla scríofa a chur chun an Bhoird d'fhonn a thaispeáint nach bhfuil scortha ag an áitreabh sin de bheith inchláruithe sa chlár sin;”.

[EN]

Leasú ar alt 30 d'Acht 1939.

29.—Déanfar fo-ailt (5) agus (6) d'alt 30 d'Acht 1939 (a chumasaíos don Bhord diúltú d'iarratas ar chlárú d'athnuachaint má d'fhailligh an t-iarratasóir cloí leis an scála d'éilithe a bhí sonraithe aige) d'fhorléiriú amhail is dá gcuirtí na focail “go toiliúil” isteach i ndiaidh na bhfocal “an t-iarratasóir” i bhfo-alt (5) agus i ndiaidh an fhocail “iarratasóir” i bhfo-alt (6).

[EN]

Leasú ar alt 31 d'Acht 1939.

30.—Beidh éifeacht ag Acht 1939 amhail is dá gcuirtí an t-alt seo a leanas in ionad ailt 31 de:—

[EN]

“31. (1) Aon uair a chlárós an Bord aon áitreabh, bhéarfaidh an Bord deimhniú (dá ngairmtear deimhniú cláraitheachta san Acht seo) ar an gclárú sin don dílseánach cláraithe in aisce.

[EN]

(2) Má chruthaíonn dílseánach cláraithe aon áitribh chláraithe chun sástachta an Bhoird gur díthíodh go tionóisceach an deimhniú cláraitheachta atá i bhfeidhm de thuras na huaire i leith an áitribh sin, féadfaidh an Bord deimhniú cláraitheachta nua d'eisiúint chun an dílseánaigh chláraithe sin in ionad an deimhnithe a díthíodh amhlaidh.

[EN]

(3) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le gach deimhniú cláraitheachta, is é sin le rá:—

[EN]

(a) is sa bhfoirm ordaithe a bheas an deimhniú sin agus luafar ann an t-áitreabh lena mbaineann sé, ainm dhílseánaigh chláraithe an áitribh sin agus pé nithe eile is gá do réir na foirme ordaithe;

[EN]

(b) beidh an deimhniú sin sínithe ag oifigeach don Bhord a bheas údaraithe chuige sin ag an mBord;

[EN]

(c) ní foláir an deimhniú sin a bheith ar taispeáint, ach amháin i gcaitheamh aon tréimhse a bheas sé curtha ar ais chun an Bhoird do réir an Achta seo, in áit fheiceálach ag an bpríomh-shlí isteach san áitreabh sin nó ina haice an fhaid a mhairfeas an clárú a dheimhníos sé;

[EN]

(d) ní foláir an deimhniú sin a chur ar ais chun an Bhoird láithreach ar dhul in éag don chlárú nó aon uair a iarrfas an Bord é.

[EN]

(4) Aon uair a mhainneos dílseánach cláraithe aon áitribh chláraithe an deimhniú cláraitheachta atá i bhfeidhm de thuras na huaire i leith an áitribh sin a thaispeáint do réir míre (c) d'fho-alt (3) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air maraon le fíneáil bhreise nach mó ná punt in aghaidh gach lae a leanfas an cion.

[EN]

(5) Aon uair nach gcuirfear deimhniú cláraitheachta ar ais chun an Bhoird láithreach ar dhul in éag dó nó ar an mBord dá iarraidh, beidh an duine dár tugadh an deimhniú sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air maraon le fíneáil bhreise nach mó ná deich scillinge in aghaidh gach lae a leanfas an cion.”

[EN]

Feidhm a bheith ag ailt 33 go 37 d'Acht 1939 maidir le háititheoirí.

31.—Déanfar an focal “dílseánach”, gach áit ina bhfuil sé seachas mar chuid den abairt “dílseánach cláraithe”) in ailt 33 go 37 d'Acht 1939, d'fhorléiriú mar fhocal a fholaíos “áititheoir”.

[EN]

Clárú a chealú.

32.—(1) Féadfaidh an Bord, tráth ar bith, clárú áitribh chláraithe a chealú más é tuairim an Bhoird gur mhainnigh an dílseánach cláraithe go toiliúil, gan toiliú an Bhoird, cloí le héilithe nár mhó ná na héilithe a sonraíodh sa scála d'éilithe a chuir sé isteach lena iarratas ar chlárú nó leis an iarratas deiridh uaidh ar chlárú d'athnuachaint, do réir mar bheas.

[EN]

(2) Más é tuairim an Bhoird, tráth ar bith tar éis oifigeach don Bhord d'iniúchadh áitribh chláraithe, go bhfuil scortha ag an áitreabh sin de bheith inchláruithe, bhéarfaidh an Bord go ndéanfaidh oifigeach don Bhord an dara hiniúchadh ar an áitreabh sin.

[EN]

(3) Más rud é, tar éis an dara hiniúchadh a dhéanamh ar áitreabh faoin alt seo, gurb é tuairim an Bhoird i gcónaí go bhfuil scortha ag an áitreabh sin de bheith inchláruithe—

[EN]

(a) seirbheálfaidh an Bord fógra ar an dílseánach cláraithe á rá gurb é tuairim an Bhoird go bhfuil scortha, ar chúiseanna a luafar, ag an áitreabh sin de bheith inchláruithe agus go bhféadfaidh an dílseánach cláraithe, laistigh de thríocha lá tar éis dáta seirbheála an fhógra sin, uiríolla scríofa a chur chun an Bhoird d'fhonn a thaispeáint nach bhfuil scortha ag an áitreabh sin de bheith inchláruithe;

[EN]

(b) mura bhfaighe an Bord aon uiríolla scríofa den tsórt sin i rith an tríocha lá sin, cealóidh an Bord an clárú;

[EN]

(c) má gheibheann an Bord uiríolla scríofa den tsórt sin i rith an tríocha lá sin, bhéarfaidh an Bord go ndéanfar an tríú hiniúchadh ar an áitreabh sin ag oifigeach eile don Bhord;

[EN]

(d) más rud é, d'ainneoin an tríú hiniúchadh sin agus tar éis breithniú a dhéanamh ar na huiríolla scríofa a fuarthas mar adúradh, gurb é tuairim an Bhoird i gcónaí go bhfuil scortha ag an áitreabh sin de bheith inchláruithe, cealóidh an Bord an clárú;

[EN]

(e) más rud é, de thoradh an tríú hiniúchadh sin agus tar éis breithniú a dhéanamh ar na huiríolla scríofa a fuarthas mar adúradh, gurb é tuairim an Bhoird nach bhfuil scortha ag an áitreabh sin de bheith inchláruithe, bhéarfaidh an Bord fógra á rá sin don dílseánach cláraithe.

[EN]

(4) Beidh éifeacht ag cealú, faoin alt seo, ar chlárú ó dháta a cheapfas an Bord agus nach luaithe ná ceithre lá déag tar éis an lae a cinnfear an cealú a dhéanamh, agus déanfaidh an Bord, seacht lá ar a dhéanaí roimh an dáta a ceapfar amhlaidh, fógra a sheirbheáil ar an dílseánach cláraithe go gcealófar an clárú ar an dáta sin.

[EN]

(5) Na tagairtí atá san alt seo do thuairim an Bhoird gur mhainnigh dílseánach cláraithe go toiliúil cloí le haon éilithe áirithe nó go bhfuil scortha ag áitreabh cláraithe de bheith inchláruithe, is mar thagairtí don tuairim sin a bheith ag an mBord féin a forléireofar iad agus ní mar thagairtí don tuairim sin a bheith ag an mBord ag gníomhú dhó trí aon duine dá oifigigh nó dá sheirbhísigh.

CUID V.

Fógra Fáilte.

[EN]

Fógra Fáilte.

33.—(1) Beidh comhlucht ann ar a dtabharfar Fógra Fáilte (dá ngairmtear an Bord sa Chuid seo).

[EN]

(2) Bainfidh forála an Sceidil leis an mBord.

[EN]

Feidhmeanna.

34.—(1) Is iad feidhmeanna an Bhoird—

[EN]

(a) aon chineál poiblíochta a dhéanamh, laistigh agus lasmuigh den Stát, i ndáil leis an trácht cuartaíochta, lena n-áirítear fógraíocht a dhéanamh i dtaobh buntáistí agus taithneamhachtaí áiteanna sa Stát mar áiteanna do lucht saoire;

[EN]

(b) leabhair eolais, turas-fhaisnéisí, am-chláir agus foilseacháin eile d'ullmhú agus d'fhoilsiú mar eolas do chuairteoirí;

[EN]

(c) oifigí eolais do lucht cuartaíochta, nó aon ghníomhaireacht dá samhail sin i ndáil le poiblíocht do lucht cuartaíochta, a bhunú, a threalmhú agus d'oibriú, nó cabhrú lena n-oibríú, laistigh agus lasmuigh den Stát;

[EN]

(d) comhoibriú le comhluchta eile i ndáil le poiblíocht do lucht cuartaíochta.

[EN]

(2) Ag comhlíonadh a fheidhmeanna faoin Acht seo dhó, féachfaidh an Bord chuige go stiúrófar an phoiblíocht do lucht cuartaíochta do réir beartais an Bhoird Fáilte maidir le forbairt an tráchta chuartaíochta sa Stát agus chun an Stáit.

[EN]

Deontas nach mbeidh le haisíoc.

35.—(1) Gach bliain airgeadais, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, pé suimeanna a theastós ó am go ham ón mBord agus nach mó san iomlán ná dhá chéad agus caoga míle punt in aon bhliain airgeadais áirithe, d'íoc leis an mBord as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

[EN]

(2) Ní bheidh suimeanna a híocfar faoin alt seo inaisíoctha.

[EN]

Deontais ó fhoinsí eile.

36.—(1) Féadfaidh an Bord deontais airgid a ghlacadh ó chuideachta cheadaithe faoi Acht Trácht na gCuairteoirí (Feabhsú), 1931 (Uimh. 15 de 1931), nó ó aon fhoinse eile.

[EN]

(2) Cuirfidh an Bord in iúl don Aire gach deontas a gheofar faoin alt seo agus úsáidfidh na deontais sin chun críocha a fheidhmeanna faoin gCuid seo.

[EN]

Leasú ar Acht Trácht na gCuairteoirí (Feabhsú), 1931.

37.—Leasaítear leis seo fo-alt (8) d'alt 3 d'Acht Trácht na gCuairteoirí (Feabhsú), 1931 (Uimh. 15 de 1931), trí thagairt d'Fhógra Fáilte a chur in ionad na tagairte do Bhord Cuartaíochta na hÉireann (a cuireadh isteach ann le halt 52 d'Acht 1939).

CUID VI.

Ostlanna agus Campai Saoire a Cheadunu.

Caibidil I.

Réamráiteach.

[EN]

Forléiriú agus comhlua.

38.—Forléireofar an Chuid seo agus na hAchta Ceadúnúcháin, 1833 go 1946, mar aon ní amháin, agus féadfar na hAchta Ceadúnúcháin, 1833 go 1952, a ghairm den Chuid seo agus de na hAchta sin le chéile.

[EN]

Léarscáil d'úsáid chun áitreabh a thuairisciú.

39.—Féadfar áitreabh a thuairisciú i ndearbhú nó i ndeimhniú faoi aon alt den Chuid seo trí thagairt do léarscáil a bheas ag gabháil leis an dearbhú nó leis an deimhniú sin.

Caibidil II.

Ostlanna.

[EN]

Ostlann.

40.—(1) Chun críocha na caibidle seo, ciallaíonn “óstlann” teach a bhfuil deich gcinn ar a laghad, nó, más i gcontae-bhuirg dó, fiche ceann ar a laghad, de sheomraí ann atá ceaptha agus a húsáidtear d'aon fheidhm chun cóiríocht chodlata a sholáthar do thaistealaithe agus, mura raibh sé ceadúnaithe an 31ú lá d'Iúil, 1902, nó aon tráth idir an 1ú lá d'Eanáir, 1902, agus an dáta sin, nach bhfuil barra poiblí chun deocha meisciúla a dhíol ann.

[EN]

(2) Measfar gur contae-bhuirg chun críche an ailt seo Dúthaigh Phríomh-Chathrach Bhaile Atha Cliath.

[EN]

Dearbhú maidir le hoiriúnacht agus áisiúlacht óstlainne atá beartaithe.

41.—(1) Má bheartaíonn duine áitreabh a dhéanamh nó áitreabh d'athrú lena úsáid mar óstlann agus a iarraidh go ndéanfaí an óstlann a cheadúnú chun deocha meisciúla a dhíol, féadfaidh sé dearbhú d'iarraidh ar an gCúirt Chuarda go mbeadh an t-áitreabh atá beartaithe oiriúnach agus áisiúil chun a cheadúnuithe amhlaidh, agus féadfaidh an Chúirt, más deimhin léi sin a bheith amhlaidh, an t-iarratas a dheonadh ar pé téarmaí is oiriúnach leis an gCúirt.

[EN]

(2) Ní foláir don duine atá chun iarratas a dhéanamh—

[EN]

(a) a chur faoi ndear go bhfoilseofar fógra go bhfuil sé chun an t-iarratas a dhéanamh, lá agus fiche ar a laghad sara ndéanfaidh an t-iarratas, i nuachtán a léitear san áit a mbeartaíonn sé an t-áitreabh a bheith ann,

[EN]

(b) fógra i scríbhinn go bhfuil sé chun an t-iarratas a dhéanamh a thabhairt, lá agus fiche ar a laghad roimh ré, do Cheannfort an Gharda Siochána ar ina dhúthaigh a bheartaíos sé an t-áitreabh a bheith aige, agus

[EN]

(c) a chur faoi ndear go dtaiscfear leis an gCeannfort sin cóip de phleananna an áitribh atá beartaithe.

[EN]

(3) Ní foláir plean den áitreabh atá beartaithe a bheith ag gabháil leis an iarratas.

[EN]

(4) Aon duine a mbeadh teideal aige agóid a dhéanamh i gcoinne iarratais ar dheimhniú ag tabhairt teidil don iarratasóir chun ceadúnais i leith an áitribh, beidh teideal aige agóid a dhéanamh sa tslí chéanna i gcoinne an iarratais faoin alt seo.

[EN]

(5) Leanfaidh dearbhú faoin alt seo i bhfeidhm go ceann trí bliana ón dáta a deonfar an t-iarratas nó go ceann pé tréimhse is sia ná sin is cuí leis an gCúirt d'fhoráil in aon chás áirithe.

[EN]

Ostlann a cheadúnú.

42.—(1) Más rud é, le linn iarratas d'éisteacht ar dheimhnú ag tabhairt teidil don iarratasóir chun ceadúnais, i leith óstlainne, chun deocha meisiúla a dhíol, go gcruthófar chun sástachta na Cúirte go bhfuil an t-áitreabh déanta nó athraithe i gcomhréir go substainteach le téarmaí dearbhuithe faoi alt 41 agus go bhfuil sé cláraithe sa chlár d'óstlanna atá á choimeád ag an mBord, ní ghlacfaidh an Chúirt le haon agóid i gcoinne an iarratais a bheas bunaithe ar neamhoiriúnacht nó neamhaisiúlacht an áitribh nó ar an méid tithe ceadúnaithe atá cheana féin sa chomharsanacht.

[EN]

(2) Ní deonfar iarratas ar dheimhniú chun athnuachaint a dhéanamh ar cheadúnas i gcóir áitribh, ar tugadh éifeacht d'fho-alt (1) ina leith, mura gcruthaítear chun sástachta na Cúirte—

[EN]

(a) go bhfuil an t-áitreabh cláraithe sa chlár d'óstlanna atá á choimeád ag an mBord, agus

[EN]

(b) i gcás gach iarratais den tsórt sin, seachas an t-iarratas a rinneadh sa bhliain tar éis na bliana inar tugadh éifeacht don fho-alt sin (1), gur dhleacht laghdaithe faoi alt 45 den Finance (1909-10) Act, 1910, an dleacht mháil dob iníoctha faoin Acht sin ar an gceadúnas reatha, agus go bhfuil na Coimisinéirí Ioncaim sásta go raibh na fáltais as deocha meisciúla a dhíol níos lú an bhliain roimhe sin chun críocha an ailt sin ná trian d'fháltais iomlána na bliana sin as an ngnó de gach saghas a bhí ar siúl ag an sealbhóir ceadúnais san áitreabh.

[EN]

(3) Aon deimhniú a airbheartós a bheith faoi láimh oifigigh do na Coimisinéirí Ioncaim, a bheas údaraithe chuige sin ag na Coimisinéirí, go bhfuil na Coimisinéirí sásta mar adúradh, beidh sé ina fhianaise go bhfuilid sásta amhlaidh, gan a thuilleadh cruthúnais.

Caibidil III.

Campai Saoire.

[EN]

Mínithe.

43.—Sa Chaibidil seo—

[EN]Acht 1833.

ciallaíonn “Acht 1833” an Licensing (Ireland) Act, 1833;

[EN]Acht 1902.

ciallaíonn “Acht 1927” An tAcht Deocha Meisciúla, 1927 (Uimh. 15 de 1927);

[EN]Acht 1927.

ciallaíonn “campa saoire” áitreabh atá cláraithe de thuras na huaire sa chlár de champaí saoire atá á choimeád ag an mBord;

[EN]campa saoire.

ciallaíonn “Acht 1902” an Licensing (Ireland) Act, 1902;

[EN]áitreabh campa shaoire.

ciallaíonn “áitreabh campa shaoire” na foirgintí go léir atá de thuras na huaire i gcampa saoire, is cuma cad é an chríoch chun a n-úsáidtear iad;

an ceadúnaí.

ciallaíonn “an ceadúnaí” sealbhóir ar-cheadúnais de bhuaidh na caibidle seo agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

ar-cheadúnas.

ciallaíonn “ar-cheadúnas” ceadúnas chun deocha meisciúla a dhíol, chun a n-ólta san áitreabh nó lasmuigh dhe;

tréimhse ama shamhraidh.

ciallaíonn “tréimhse ama shamhraidh” tréimhse arna ceapadh ag an Acht um Am Samhraidh, 1925 (Uimh. 8 de 1925), nó faoin Acht sin, ina tréimhse ama shamhraidh;

luacháil inrátuithe.

folaíonn “luacháil inrátuithe” luacháil shealadach arna heisiúint ag na Coimisinéirí Luachála;

dálach.

ciallaíonn “dálach” lá nach Domhnach, Aoine an Chéasta, Lá Nollag ná Lá Fhéile Pádraig.

[EN]

Ceadúnas nua i gcóir campa shaoire a dheonadh.

44.—(1) Má thugann duine (dá ngairmtear an t-iarratasóir san alt seo) fógra go cuí go bhfuil sé chun ar-cheadúnas i leith áitribh shonraithe d'iarraidh agus, sna himeachta sa Chúirt Chuarda maidir leis an iarratas, go gcruthóidh an t-iarratasóir chun sástachta na Cúirte—

[EN]

(a) gur áitreabh campa shaoire nó cuid nó coda d'áitreabh campa shaoire an t-áitreabh,

[EN]

(b) go gcomhlíonann an campa saoire a bhfuil an t-áitreabh ann na coinníollacha seo a leanas—

[EN]

(i) go bhfuil cóiriocht cheart chónaithe ann do dhá chéad go leith aoi ar a laghad aon tráth áirithe,

[EN]

(ii) nach lú ná dhá chéad punt a luacháil inrátuithe, agus

[EN]

(iii) gur foirgintí buana iomlán nó formhór na bhfoirgintí ann,

[EN]

féadfaidh an Chúirt, d'ainneoinn aon ní in Acht 1902, ach faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, a chur faoi ndear deimhniú den tsórt a luaitear in alt 5 d'Acht 1833 a thabhairt don iarratasóir á dhearbhú teideal cuí a bheith aige chun ar-cheadúnas d'fháil i leith an áitribh.

[EN]

(2) Ní tabharfar deimhniú i leith an áitribh má chuireann an Chúirt, de dhroim agóide arna déanamh faoi alt 4 d'Acht 1833, toirmeasc faoin alt sin le har-cheadúnas d'eisiúint ar fhoras nó forais acu seo a leanas:—

[EN]

(a) carachtar, mí-iompar nó neamhoiriúnacht an iarratasóra;

[EN]

(b) neamhoiriúnacht nó neamháisiúlacht an áitribh nó an champa shaoire ina bhfuil an t-áitreabh;

[EN]

(c) nach bhfuil an campa saoire á sheoladh go hordúil.

[EN]

(3) Nuair a bhéarfar an deimhniú don iarratasóir ní oibreoidh aon ní in Acht 1902 chun cosc a chur le deonadh an cheadúnais dó a ndearbhaíonn an deimhniú go bhfuil sé i dteideal é d'fháil.

[EN]

Athrú maidir le háitreabh ceadúnaithe.

45.—(1) Má dhéanann an ceadúnaí—

[EN]

(a) deimhniú faoin alt seo d'iarraidh ar an gCúirt Chuarda, agus

[EN]

(b) fógra a thabhairt i dtaobh an iarratais mar is gá i gcás iarratais ar ar-cheadúnas,

[EN]

féadfaidh an Chúirt, ar bheith sásta go bhfuil sé oiriúnach ar chúis ar bith go ndéanfaí athrú in aon tslí áirithe maidir leis an áitreabh lena mbaineann an ceadúnas, seachas feidhm a thabhairt don cheadúnas maidir le háitreabh nach cuid den áitreabh campa shaoire, deimhniú d'eisiúint chun an cheadúnaí ag deimhniú pé ní nó nithe acu seo a leanas is iomchuí sna himthosca—

[EN]

(a) go gceadaíonn an Chúirt feidhm an cheadúnais a leathnú go dtí cuid nó coda sonraithe den áitreabh campa shaoire;

[EN]

(b) go gceadaíonn an Chúirt cuid nó coda sonraithe den áitreabh sin d'eisiamh ón áitreabh ceadúnaithe;

[EN]

(c) go gceadaíonn an Chúirt an ceadúnas d'aistriú ón áitreabh ceadúnaithe go dtí cuid nó coda eile den áitreabh campa shaoire.

[EN]

2) D'ainneoin aon ní sna hAchta Ceadúnúcháin, 1833 go 1946, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, ar an deimhniú a thíolacadh dóibh, an ceadúnas a leasú do réir téarmaí an deimhnithe.

[EN]

Uaircanta toirmiscthe.

46.—(1) Ní dleathach don cheadúnaí aon deoch mheisciúil a dhíol ná a thaispeáint chun a díolta ná an t-áitreabh ceadúnaithe d'oscailt ná a choimeád ar oscailt chun deoch mheisciúil a dhíol ná a cheadú aon deoch mheisciúil d'ól san áitreabh ceadúnaithe—

[EN]

(a) aon dálach—

[EN]

(i) i rith tréimhse ama shamhraidh, roimh leath-uair tar éis a deich a chlog ar maidin ná i ndiaidh leathuair tar éis a deich a chlog tráthnóna, ná

[EN]

(ii) i rith tréimhse nach tréimhse ama shamhraidh, roimh a deich a chlog ar maidin ná tar éis a deich a chlog tráthnóna, ná

[EN]

(b) faoi réir na n-eisceacht a luaitear in ailt 47 agus 48, aon tráth ar an Domhnach, Lá Nollag, Lá Fhéile Pádraig ná Aoine an Chéasta.

[EN]

(2) Gach duine a dhíolfas nó a thaispeánfas chun a díolta aon deoch mheisciúil nó a osclós nó a choimeádfas ar oscailt aon áitreabh chun deoch mheisciúil a dhíol nó a cheadós aon deoch mheisciúil d'ól in áitreabh ceadúnaithe contrártha don alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air, más é an chéad chion aige é nó, más é an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin aige é, fíneáil nach mó ná ceathracha punt.

[EN]

Forála a bhaineas leis an Domhnach, Lá Nollag agus lá Fhéile Pádraig.

47.—Ní oibreoidh aon ní in alt 46 chun a thoirmeasc ar an gceadúnaí deocha meisciúla a sholáthar ar an Domhnach, Lá Nollag nó Lá Fhéile Pádraig chun a n-ólta san áitreabh ceadú naithe—

[EN]

(a) ag duine atá de thuras na huaire ar lóistín bona fide sa champa saoire—idir leathuair tar éis a seacht a chlog tráthnóna agus, i rith tréimhse ama shamhraidh, leathuair tar éis a deich a chlog tráthnóna, nó, i rith aon tréimhse eile, a deich a chlog tráthnóna, nó

[EN]

(b) ag aon duine—idir a haon a chlog agus a trí a chlog san iarnóin nó idir a sé a chlog agus a naoi a chlog tráthnóna, más rud é, sa chás sin—

[EN]

(i) go n-ordóidh an duine sin an deoch mheisciúil an tráth céanna a ordós sé béile substainteach, agus

[EN]

(ii) go n-ólfar í i dteannta agus le linn an bhéile, agus

[EN]

(iii) go soláthrófar agus go n-ólfar í sa chuid den áitreabh ceadúnaithe is gnáth d'úsáid le haghaidh béilí.

[EN]

Forála a bhaineas le hAoine an Chéasta.

48.—Ní oibreoidh aon ní in alt 46 chun a thoirmeasc ar an gceadúnaí deoch mheisciúil a sholáthar Aoine an Chéasta idir a sé a chlog agus a naoi a chlog tráthnóna do dhuine atá de thuras na huaire ar lóistín bona fide sa champa saoire, más rud é—

[EN]

(a) go n-ordóidh an duine sin an deoch mheisciúil an tráth céanna a ordós sé béile substainteach, agus

[EN]

(b) go n-ólfar í i dteannta agus le linn an bhéile, agus

[EN]

(c) go soláthrófar agus go n-ólfar í sa chuid den áitreabh ceadúnaithe is ghnáth d'úsáid le haghaidh béilí.

[EN]

Cumhachta an cheadúnaí chun srianta breise d'fhorchur.

49.—(1) Féadfaidh an ceadúnaí ó am go ham dá roghain féin tórainn thar mar fhorálas an Chaibidil seo a chur leis na huaireanta a féadfar deocha meisciúla a dhíol, d'fhriotháil nó d'ól san áitreabh ceadúnaithe.

[EN]

(2) Féadfaidh an ceadúnaí tráth ar bith dá roghain féin a dhiúltú deoch mheisciúil a dhíol le duine ar bith nó d'fhriotháil air.

[EN]

(3) Ní dhéanfaidh fo-ailt (1) agus (2) difir d'aon cheart ná oblagáid faoi na hAchta um Bia agus Druganna a Dhíol, 1875 go 1936.

[EN]

Deimhniú chun ceadúnas d'athnuachaint.

50.—An deimhniú is gá faoi alt 11 den Spirits (Ireland) Act, 1854, chun ceadúnas d'athnuachaint, is é a bheas ann, i gcás áitribh a bheas ceadúnaithe de bhuaidh na Caibidle seo, deimhniú á dheimhniú, i dteannta na nithe dá dtagartar san alt sin, go ndearnadh an campa saoire ina bhfuil an t-áitreabh a sheoladh go hordúil i gcaitheamh na bliana roimhe sin.

[EN]

Ceadúnais ócáideacha.

51.—Féadfar ceadúnas ócáideach a dheonadh faoi alt 13 den Revenue Act, 1862, i leith áitribh a bheas ceadúnaithe de bhuaidh na Caibidle seo amhail is dá mbeadh an t-áitreabh sin luaite leis na háitribh san alt sin.

[EN]

Orduithe díolúine speisialta.

52.—Féadfar ordú díolúine speisialta faoi alt 5 d'Acht 1927, arna leasú le halt 6 den Acht Deocha Meisciúla, 1943 (Uimh. 7 de 1943), a dheonadh i leith áitribh a bheas ceadúnaithe de bhuaidh na Caibidle seo amhail is dá mbeadh an t-áitreabh sin luaite leis na háitribh san alt sin 6.

[EN]

Forála d'Acht 1927 nach mbainfidh le campaí saoire.

53.—Ní bhainfidh na forála seo a leanas d'Acht 1927 le háitribh a bheas ceadúnaithe de bhuaidh na Caibidle seo, eadhon, alt 2 (a bhaineas le huaireanta toirmiscthe), alt 3 (a bhaineas le trádáil mheasctha), ailt 13, 14 agus 15 (a bhaineas le díolúine áirithe ó uaireanta toirmiscthe), agus Cuid IV (a bhaineas le laghdú ceadúnas).

[EN]

Luacháil inrátuithe a ohionroinnt.

54.—(1) Féadfaidh an Coimisinéir Luachála, ar an únaer nó an t-áititheoir dá iarraidh sin, pé cuid is cuí leis a chionroinnt ar an áitreabh ceadúnaithe de luacháil inrátuithe an oidhreachtáin nó an tionóntáin ar páirt de an t-áitreabh sin agus, chun críche an dlí a bhaineas le dleacht a mhuirearú ar an gceadúnas, measfar gurb é an chuid sin a cionroinnfear amhlaidh luacháil an áitribh cheadúnaithe.

[EN]

(2) Déanfar pé táille a ordós an tAire Airgeadais d'íoc leis an gCoimisinéir Luachála as an roinnt a dhéanamh faoi fho-alt (1) agus déanfaidh an Coimisinéir gach táille den tsórt sin d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó a chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí a threorós an tAire sin.

AN SCEIDEAL.

Fógra Fáilte.

Alt 33.

Corprú.

1. Beidh an Bord ina chomhlucht corpraithe le comharbas suthain agus gnáthshéala agus cumhacht agartha agus chun bheith inagartha faoina ainm chorpraithe agus cumhacht chun talamh a thógaint, a shealbhú agus a dhiúscairt.

Ceapadh agus coinníollacha seirbhíse.

2. (1) Beidh an Bord comhdhéanta de sheisear comhaltaí a mbeidh duine acu ina Chathaoirleach.

(2) (a) Is é an tAire a cheapfas an Cathaoirleach agus na comhaltaí eile.

(b) Roghnófar an Cathaoirleach agus beirt chomhaltaí eile as comhaltaí An Bhoird Fáilte.

(3) Is mar chinnfeas an tAire tráth a cheaptha, le toiliú an Aire Airgeadais, a bheas téarma oifige comhalta (ach ní bheidh sé níos sia ná cúig bliana).

(4) Íocfar le gach comhalta, as cistí a bheas faoina réir ag an mBord, pé luach saothair agus liúntais in aghaidh caiteachas a chinnfeas an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(5) Féadfar comhalta a bheas ag dul as oifig d'athcheapadh.

Nós imeachta.

3. (1) Ceathrar is córam ag cruinniú den Bhord (mura dtreoróidh an tAire a mhalairt).

(2) Féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntas ina chomhaltas.

(3) Féadfaidh an Bord a nós imeachta féin a rialáil.

Cur as oifig, éirí as oifig agus dícháiliú.

4. (1) Féadfaidh an tAire comhalta a chur as oifig.

(2) Féadfaidh comhalta éirí as a oifig.

(3) Má thagann comhalta den Bhord chun bheith ina chomhalta de cheachtar Tigh den Oireachtas, ansin, ar é a theacht, faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin, i dteideal suí sa Tigh sin, scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Bhord.

(4) Aon duine a bheas de thuras na huaire i dteideal, faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas, suí sa Tigh sin, beidh sé dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Bhord.

(5) Beidh comhalta dícháilithe chun bheith, agus scoirfidh de bheith, i seilbh oifige má breithnítear ina fhéimhí é, nó má dhéanann sé imshocraíocht nó comhshocraíocht lena chreidiúnaithe nó má dhaorann cúirt dlínse inniúla chun príosúntachta nó piantseirbhíse é nó má scoireann sé de bheith ina ghnáthchónaí sa Stát.

Aoisliúntas do chomhaltaí.

5. (1) Féadfaidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, scéim nó scéimeanna a dhéanamh chun pinsin, aiscí agus liúntais eile, ar scor dóibh, a dheonadh do chomhaltaí lánaimsire an Bhoird, agus féadfaidh, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, aon scéim a leasú.

(2) Cuirfidh an Bord scéim a déanfar faoin mír seo i bhfeidhm do réir a téarmaí.

(3) Má éiríonn aon díospóid i dtaobh éilimh dhuine ar bith maidir le haon phinsean, aisce nó liúntas is iníoctha de bhun scéime faoin mír seo, nó i dtaobh a mhéid, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh seisean chun an Aire Airgeadais í agus ní bheidh dul thar a bhreith sin uirthi.

(4) Gach scéim a déanfar faoin mír seo, leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an scéim a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

Gnáthshéala.

6. (1) Déanfar gnáthshéala an Bhoird, nuair a cuirfear ar dhoiciméad é, d'fhianú le síniú an Chathaoirligh nó chomhalta éigin eile a bheas údaraithe ag an mBord chun gníomhú chuige sin agus le síniú oifigigh don Bhord a bheas údaraithe go cuí ag an mBord chun gníomhú chuige sin.

(2) Bhéarfaidh gach cúirt bhreithiúnais aird bhreithiúnach ar ghnáthshéala an Bhoird agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartós a bheith ina ionstraim arna déanamh ag an mBord agus a bheith séalaithe leis an ngnáthshéala agus a bheith fianaithe do réir na míre seo, agus measfar, gan a thuilleadh cruthúnais, gurb í an ionstraim sin í, mura gcruthaítear a mhalairt.

Conartha agus ionstraimí gan séala.

7. Aon chonradh nó ionstraim nár ghá a bheith faoi shéala dá mba phearsa a dhéanfadh nó d'fhorghníomhódh é, féadfaidh aon duine a bheas údaraithe go ginearálta nó go speisialta ag an mBord chuige sin é a dhéanamh nó d'fhorghníomhú thar ceann an Bhoird.

Oifigigh agus seirbhísigh an Bhoird.

8. (1) Ceapfaidh an Bord pé oifigigh agus seirbhísigh agus pé méid doibh is cuí leis an mBord.

(2) Íocfaidh an Bord lena oifigigh agus lena sheirbhísigh pé luach saothair agus liúntais a chinnfeas an Bord.

(3) Féadfaidh bainisteoir ginearálta, a mbeidh a cheapadh agus a théarmaí oifige agus a chur as oifig faoi réir a gceaduithe ag an Aire, a bheith ar oifigigh an Bhoird, má thoilíonn an tAire leis sin.

(4) Féadfaidh an Bord más oiriúnach leis, chun duine a cheapadh le post a líonadh i seirbhís an Bhoird, a iarraidh ar na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla duine a mholadh dhó chun a cheaptha chun an phoist sin, agus ar na Coimisinéirí d'fháil an iarratais sin déanfaid, faoi réim agus do réir Achta na nUdarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 (Uimh. 39 de 1926), duine a roghnú agus a mholadh don Bhord chun a cheaptha chun an phoist sin agus déanfaid, más cuí leo, beirt nó níos mó a roghnú agus a mholadh don Bhord le haghaidh an cheapacháin sin, agus déanfaidh an Bord, ar an moladh sin d'fháil ó na Coimisinéirí an duine a mhol na Coimisinéirí amhlaidh nó, má moladh amhlaidh níos mó ná duine amháin, pé duine is cuí leis an mBord de na daoine a moladh amhlaidh, a cheapadh chun an phoist sin.

(5) Íocfaidh an Bord leis na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, as na cistí a bheas faoina réir, pé caiteachais, maidir leis an roghnú agus an moladh ag na Coimisinéirí faoin mír seo ar dhaoine chun poist i seirbhís an Bhoird a líonadh, a socrófar trí chomhaontú idir an Bord agus na Coimisinéirí le toiliú an Aire Airgeadais nó, cheal comhaontuithe den tsórt sin, a shocrós an tAire Airgeadais.

(6) Gach suim a gheobhas na Coimisinéirí um Cheapacháin Aitiúl faoi fho-mhír (5), measfar chun críocha míre (b) d'fho-alt (2) d'alt 12 d'Acht na nUdarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926, gur táille í a híocadh leis na Coimisinéirí faoin Acht sin.

Aoisliúntas don fhoirinn.

9. (1) A luaithe is caothúil tar éis an tAcht seo a rith, ullmhóidh an Bord, agus cuirfidh faoi bhráid an Aire, scéim nó scéimeanna chun pinsin, aiscí agus liúntais eile, ar scor dóibh, a dheonadh dá bhuan-fhoirinn.

(2) Aon scéim a cuirfear faoi bhráid an Aire faoin mír seo, déanfaidh an Bord, má cheadaíonn an tAire í le comhthoiliú an Aire Airgeadais, í a chur i bhfeidhm do réir a téarmaí.

(3) Féadfaidh an Bord tráth ar bith, le ceadú an Aire arna thabhairt le comhthoiliú an Aire Airgeadais, scéim faoin mír seo a leasú.

(4) Socrófar le scéim a cuirfear faoi bhráid an Aire agus a ceadófar faoin mír seo an tráth agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir lena mbeidh pinsin, aiscí nó liúntais, ar scor dóibh, iníoctha faoin scéim, agus féadfar tráthanna éagsúla agus coinníollacha éagsúla a shocrú maidir le haicmí éagsúla daoine.

(5) Má éiríonn aon díospóid i dtaobh éilimh dhuine ar bith maidir le haon phinsean, aisce nó liúntas is iníoctha de bhun scéime faoin mír seo, nó i dtaobh a mhéid, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh seisean chun an Aire Airgeadais í, agus ní bheidh dul thar a bhreith sin uirthi.

(6) Gach scéim a cuirfear faoi bhráid an Aire agus a ceadófar faoin mír seo, leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ceaduithe agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an scéim a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

Feidhmeanna an Bhoird d'fheidhmiú trína oifigigh.

10. Ach amháin mar foráltar a mhalairt leis an Acht seo, féadfaidh an Bord aon cheann de na cumhachta a tugtar dó leis an Acht seo d'fheidhmiú, agus aon cheann de na feidhmeanna a cuirtear air leis an Acht seo a chomhlíonadh trí aon duine dá oifigigh nó dá sheirbhísigh a bheas údaraithe ag an mBord chuige sin.

Leas i gconradh a nochtadh.

11. Aon chomhalta den Bhord a mbeidh aon leas aige in aon chuideachta nó gnólucht a mbeidh an Bord chun aon chonradh a dhéanamh leis, nó a mbeidh aon leas aige i gconradh den tsórt sin, nochtfaidh sé don Bhord an leas sin a bheith aige agus cad é an saghas é, agus ní ghlacfaidh an comhalta sin aon pháirt in aon bhreithniú nó cinneadh a dhéanfas an Bord i dtaobh an chonartha sin agus taifeadfar an nochtadh i miontuairiscí an Bhoird.

Cuntais agus iniúchadh.

12. (1) Coimeádfaidh an Bord, i pé foirm a cheadós an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnáth ar an airgead a gheobhas agus a chaithfeas sé, agus go háirithe coimeádfaidh na cuntais speisialte sin go léir a threorós an tAire ó am go ham.

(2) Cuirfidh an Bord na cuntais faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gach bliain lena n-iniúchadh, pé tráth a threorós an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus tar éis an iniúchta déanfar cóip den chlár comharduithe agus den chuntas fáltais agus caiteachais mar bheid ceadaithe ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, maraon lena thuarascáil orthu, a thíolacadh don Aire agus bhéarfaidh seisean go leagfar cóipeanna dhíobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, agus déanfaidh, freisin, na doiciméid sin d'fhoilsiú agus a chur ar díol.

Tuarascáil bhliantúil.

13. Bhéarfaidh an Bord, gach bliain, ar pé data agus i pé foirm agus i pé slí a threorós an tAire, tuarascáil bhliantúil ar a ghníomhachtaí agus bhéarfaidh an tAire go leagfar cóipeanna den tuarascáil faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Tuairisceán.

14. Bhéarfaidh an Bord don Aire pé eolas i dtaobh a ghníomhachtaí a iarrfas sé ó am go ham.