Uimhir 39 de 1979
AN tACHT CAIRDE TIONSCAIL (LEASÚ), 1979
[An tiontú oifigiúil]
Leasú ar an Sceideal a ghabhann leis an Acht Cáirde Tionnscail, 1933.
1.—Leasaítear leis seo mír 4 den Sceideal a ghabhann leis an Acht Cáirde Tionnscail, 1933, trí “£400,000,000” a chur in ionad “£200,000,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Cairde Tionscail (Leasú), 1977) i gclásal (i) d'fhomhír (d) (a cuireadh isteach leis an Acht Cairde Tionscail (Leasú), 1971).
Ráthaíochtaí ón Aire.
2.—Leasaítear leis seo alt 3 (3) den Acht Cairde Tionscail (Leasú), 1958, trí “£400,000,000” a chur in ionad ”£75,000,000” (a cuireadh isteach le halt 3 den Acht Cairde Tionscail (Leasú), 1974).
Cumhacht Meabhrán agus Airteagail Chomhlachais na Cuideachta a athrú.
3.—Déanfaidh an Chuideachta cibé bearta is gá faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1963 agus 1977, chun Meabhrán agus Airteagail Chomhlachais na Cuideachta a athrú le go mbeidh siad ar comhréir leis na hAchtanna Cairde Tionscail, 1933 go 1979.
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.
4.—(1) Féadfar an tAcht Cairde Tionscail (Leasú), 1979, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna Cairde Tionscail, 1933 go 1979, a ghairm de na hAchtanna Cairde Tionscail, 1933 go 1977, agus den Acht seo le chéile agus forléireofar iad le chéile mar aon Acht amháin.
Na hAchtanna Dá dTagraítear | |
Achtanna na gCuideachtaí, 1963 agus 1977 | |
Na hAchtanna Cairde Tionscail, 1933 go 1977 | |
Na hAchtanna Cairde Tionscail, 1933 go 1979 | |