Uimhir 41 de 1959.
ACHT AN ARD-REACHTAIRE CUNTAS AGUS CISTE (LEASÚ), 1959.
[An tiontó oifigiúil.]
Tuarastal an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste a mhéadú.
1.—Méadófar go dtí dhá mhíle ocht gcéad agus caoga punt sa bhliain an tuarastal is iníoctha leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste faoi fho-alt (1) d'alt 2 d'Acht an Ard-Scrúdóra, 1923, arna leasú le halt 2 d'Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1947, agus le halt 1 d'Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1953.
Gearrtheideal, tosach feidhme agus comhlua.
2.—(1) Féadfar Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1959, a ghairm den Acht seo.
(2) Measfar an tAcht seo a theacht i ngníomh an 1ú lá d'Eanáir, 1959, agus beidh éifeacht aige amhail ar an agus ón lá sin.
(3) Féadfar Achtanna an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, 1923 go 1959, a ghairm d'Achtanna an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, 1923 go 1953, agus den Acht seo le chéile.