Uimhir 41 de 1961.
AN tACHT UM DHLITEANAS SIBHIALTA, 1961.
[An tiontú oifigiúil].
CUID I
Réamhráiteach agus Ginearálta
Gearrtheideal agus comhlua.
1.—(1) Féadfar an tAcht um Dhliteanas Sibhialta, 1961, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfarna hAchtanna Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1961, a ghairm de na hAchtanna Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1959, agus de Chuid VI den Acht seo le chéile.
Léiriú i gcoitinne.
1957, Umih. 6.
2.—(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—
ciallaíonn “Acht 1936” an tAcht um Aer-Loingseoireacht agus Aer-Iompar, 1936;
ciallaíonn “Reacht na dTréimhsí” Reacht na dTréimhsí, 1957;
folaíonn “gníomh” mainneachtain nó neamhghníomh eile;
folaíonn “caingean” frithéileamh agus imeachtaí ar mhodh eadrána;
folaíonn “aon achtachán cinnteachta eile” ailt 31, 46 agus 48;
folaíonn “féimheach” féichiúnaí comhshocraíochta;
folaíonn “féimheacht” comhshocraíocht faoi ordú ón gcúirt el haghaidh tearmainn;
ciallaíonn “éagóracha comhthráthacha” éagóracha a rinne daoine ar éagóiritheoirí comhthráthacha ina leith iad;
ciallaíonn “conradh” conradh faoi shéala nó conradh béil;
ciallaíonn “ranníocóir” duine atá faoi dhliteanas, nó a líomhnaítear a bheith faoi dhliteanas, ranníoc a dhéanamh;
ciallaíonn “cúirt”, maidir le haon éileamh, an chúirt nó an t-eadránaí ag a mbeidh, nó ar ina láthair a bheidh, an t-éileamh le cinneadh;
folaíonn “damáiste” caillteanas maoine, ciorrú saoil agus díobháil phearsanta;
folaíonn “damáiste”, ach amháin i gCuid IV, cúiteamh mar gheall ar shárú iontaobhais;
folaíonn “cosantóir” cosantóir i bhfrithéileamh;
ciallaíonn “duine díobháilte” duine a ndearnadh éagóir ina aghaidh;
tagraíonn “faoi dhliteanas” do dhliteanas dlíthiúil cibé acu atá nó nach bhfuil sin inchurtha i bhfeidhm trí chaingean;
folaíonn “mainneachtain” sárú dualgais reachtúil;
folaíonn “díobháil phearsanta” aon ghalar agus aon dochar do staid choirp nó mheabhrach duine, agus forléireofar “díobháilte” dá réir sin;
folaíonn “gearánaí” cosantóir ag frithéileamh agus cosantóir ag éileamh i gcoinne comhchosantóra trí fhógra nó ar shlí eile;
folaíonn “tríú páirtí” ceathrú páirtí agus páirtí ina dhiaidh sin;
ciallaíonn “éagóir” tort, sárú cúnaint nó sárú iontaobhais, cibé acu is é an duine ar cuireadh an éagóir ina leith nó duine a bhfuil sé freagrach ina ghníomhartha a rinne an gníomh, agus cibé acu is coir freisin an gníomh nó nach ea, agus cibé acu ba éagóir intinniúil an éagóir nó nárbh ea;
folaíonn “éagóir ag an gcosantóir”, más ionadaí pearsanta an cosantóir, éagóir ag an éagach a bhfuil an duine faoi dhliteanas ina leith mar ionadaí pearsanta;
ciallaíonn “éagóiritheoir” duine a rinne éagóir nó atá freagrach ar shlí eile in éagóir.
(2) Déanfar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna chur chun feidhme le haon achtachán ina dhiaidh sin, lena n-áirítear an tAcht seo.
Tagairtí d'Achtanna aisghairthe a fhorléiriú.
3.—Déanfar tagairt in aon achtachán d'aon Acht a aisghairtear leis an Acht seo a fhorléiriú mar thagairt don Acht seo.
Cosaint.
4.—(1) Ní bheidh éifeacht ag aon ní san Acht seo maidir le haon chúis chaingne a d'faibhrigh roimh dháta an Achta seo a rith.
(2) Ní thabharfaidh aon ní san Acht seo—
(a) go mbeidh aon chomhaontú slánaíochta inchurtha i bhfeidhm nach mbeadh inchurtha i bhfeidhm dá mba nár ritheadh an tAcht seo, ná
(b) go ndéanfar difir do chumhacht na cúirte chun bac a chur ar imeachtaí ar mí-úsáid de phróis na cúirte iad.
Aisghairm.
5.—Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3), ach amháin maidir le cásanna a chosnaítear le halt 4.
CUID II
Maireachtáil Cúiseanna Caingne Áirithe tar éis Bháis
Réamhráiteach
Míniú (Cuid II).
1934, Umih. 9.
6.—Sa Chuid seo ciallaíonn “cúis chaingne eiscthe”—
(a) cúis chaingne mar gheall ar shárú gealltanais pósta nó ar chlúmhilleadh nó ar mheabhlú nó ar chéile amháin a aslú chun an céile eile a fhágáil nó chun fanúint ar leithligh ón gcéile eile nó ar chaidreamh collaí, nó
(b) aon éileamh ar chúiteamh faoin Acht um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934.
Cúiseanna caingne a bhí dílsithe do dhuine atá tar éis bháis
Maireachtáil cúiseanna caingne áirithe a bhí dílsithe do dhuine atá tar éis bháis.
7.—(1) Ar dhuine d'fháil bháis ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin, leanfaidh na cúiseanna caingne uile (seachas cúiseanna caingne eiscthe) a bhí dílsithe dó de bheith ar marthain chun tairbhe a eastáit.
(2) Más rud é, de bhua fho-alt (1) den alt seo, go mairfidh cúis chaingne chun tairbhe eastáit duine éagtha, ní dhéanfar damáistí eiseamláireacha, ná damáistí mar gheall ar aon phian nó fulaingt nó díobháil phearsanta nó mar gheall ar chiorrú saoil nó sonais nó laghdú ar dhóigh saoil nó sonais, a áireamh ar na damáistí is inghnóthaithe chun tairbhe eastát an duine sin.
(3) Más rud é—
(a) go mairfidh cúis chaingne de bhua fho-alt (1) den alt seo chun tairbhe eastát duine atá tar éis bháis, agus
(b) gurbh iad na himthosca ba bhun leis an gcúis chaingne sin a thug bás an duine sin,
déanfar na damáistí is inghnóthaithe chun tairbhe a eastáit a ríomh gan tagairt d'aon chaillteanas nó brabach a bhain dá eastát de dhroim a bháis, ach amháin go bhféadfar suim a áireamh i leith caiteachais adhlactha.
(4) Na cearta a thugtar leis an alt seo chun tairbhe eastát duine atá tar éis bháis is cearta iad de bhreis ar na cearta a thugtar do chleithiúnaithe daoine atá tar éis bháis le Cuid III d'Acht 1936 agus le Cuid IV den Acht seo.
Cúiseanna caingne a bheidh ar marthain i gcoinne duine a bheidh tar éis bháis
Maireachtáil cúiseanna caingne áirithe a bheidh ar marthain i gcoinne duine a bheidh tar éis bháis.
8.—(1) Ar dhuine d'fháil bháis ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin, leanfaidh na cúiseanna caingne uile (seachas cúiseanna caingne eiscthe) a bheidh ar marthain ina choinne de bheith ar marthain i gcoinne a eastáit.
(2) I gcás inar fulaingíodh damáiste mar gheall ar aon ghníomh a mbeadh cúis chaingne ar marthain ina leith i gcoinne duine ar bith dá mba rud é nach bhfuair sé bás sular fulaingíodh nó san am céanna a fulaingíodh an damáiste, measfar, chun críocha fho-alt (1) den alt seo, go raibh ar marthain ina choinne roimh a bhás cibé cúis chaingne i leith an ghnímh sin a bheadh ar marthain dá mba rud é gur tar éis an damáiste a fhulaingt a fuair sé bás.
Teorainn ama le cúiseanna caingne a mhairfidh i gcoinne eastát duine a bheidh tar éis bháis.
9.—(1) San alt seo ciallaíonn “an tréimhse iomchuí” an tréimhse chinnteachta a ordaítear le Reacht na dTréimhsí nó le haon achtachán cinnteachta eile.
(2) Ní bheidh aon imeachtaí inchothaithe maidir le cúis chaingne ar bith a bheidh ar marthain i gcoinne eastát duine a bheidh tar éis bháis mura rud é—
(a) gur tionscnaíodh imeachtaí ina choinne maidir leis an gcúis chaingne sin sa tréimhse iomchuí agus go raibh siad ar feitheamh ar dháta a bháis, nó
(b) go dtionscnófar imeachtaí maidir leis an gcúis chaingne sin laistigh den tréimhse iomchuí nó laistigh de thréimhse dhá bhliain tar éis a bháis, cibé tréimhse acu is túisce a rachaidh in éag.
Dócmhainneacht eastáit arb inchothaithe imeachtaí ina choinne.
10.—I gcás eastát arb inchothaithe imeachtaí ina choinne a bheith dócmhainneach, measfar aon dliteanas maidir leis an gcúis chaingne arb inchothaithe na himeachtaí ina leith a bheith ina fhiach is inchruthaithe i riaradh an eastáit, d'ainneoin gurb éileamh é ar mhodh damáistí neamhleachtaithe a d'éirigh ar shlí seachas trí chonradh nó gealltanas.
CUID III
Locht Comhthráthach
Caibidil I
Dliteanas éagóiritheoirí comhthráthacha
Daoine is éagóiritheoirí comhthráthacha.
11.—(1) Chun críocha na Coda seo, is éagóiritheoirí comhthráthacha beirt daoine nó níos mó nuair is éagóiritheoirí iad araon nó iad go léir agus go bhfuil siad freagrach don tríú duine (dá ngairtear an duine díobháilte nó an gearánaí sa Chuid seo) sa damáiste céanna, cibé acu a gnóthaíodh nó nár gnóthaíodh breithiúnas i gcoinne cuid acu nó ina gcoinne go léir.
(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo—
(a) féadfaidh daoine teacht chun bheith ina n-éagóiritheoirí comhthráthacha de thoradh dliteanais ionadaigh duine i leith duine eile, sárú comhdhualgais, comhcheilge, gníomhaíocht chomhbheartaithe chun comhchríche nó gníomhartha neamhspleácha a thug an damáiste céanna;
(b) féadfaidh an éagóir ag duine díobh nó acu araon bheith ina thort, ina shárú conartha nó ina shárú iontaobhais nó ina chumasc ar bith díobh sin,
(c) is cuma cé acu gníomhartha comhaimseartha nó gníomhartha comhleanúnacha na gníomhartha a dhéanann éagóracha comhthráthacha.
(3) Má bhíonn locht ar bheirt daoine nó níos mó agus go mbeidh duine amháin acu nó níos mó freagrach i ndamáiste ach an duine nó na daoine eile a bheith saor ó fhreagracht chúisí, ach nach féidir a shuíomh cén chaoi a bhfuil an cás eatarthu, measfar gurb éagóiritheoirí comhthráthacha i leith an damáiste an bheirt duine sin nó níos mó.
(4) Má bhíonn comhleabhal ann in imthosca a chaomhnaítear de ghnáth leis an gcosaint go raibh sé faoi phribhléid shrianta nó gurbh imchaint dhlisteanach ar ábhar suime poiblí a bhí ann, ní chloífidh mailís duine amháin cosaint an duine eile, mura bhfuil an duine sin faoi dhliteanas ionadach i leith mhailís an chéad duine.
(5) Má fhoilsíonn daoine éagsúla an leabhal nó an clúmhilleadh céanna nó an bhréag dhíobhálach chéanna nó a leithéid chéanna, go substaintiúil, de leabhal, de chlúmhilleadh nó de bhréag dhíobhálach, cuirfidh an chúirt san áireamh a mhéid is dócha a foilsíodh go díreach nó go neamhdhíreach do na daoine céanna an ráiteas a bheidh i gceist, agus sa mhéid sin féadfaidh sí a chinneadh gurb éagóiritheoirí comhthráthacha na héagóiritheoirí.
(6) Chun críche aon achtacháin a thagraíonn do thort sonrach, measfar gur caingean mar gheall ar an tort sin caingean mar gheall ar chomhcheilg chun an tort sin a dhéanamh.
Réim dliteanais.
12.—(1) Faoi réir fhorálacha ailt 14, 38 agus 46, tá gach éagóiritheoir comhthráthach ar leithligh faoi dhliteanas i leith iomlán an damáiste arb éagóiritheoirí comhthráthacha iad ina leith.
(2) I gcás ina mbeidh gníomhartha bheirt daoine nó níos mó nach éagóiritheoirí comhthráthacha ina gcúis le míreanna ar leithligh damáiste den sórt céanna don tríú duine nó do dhuine dá líon féin, féadfaidh an chúirt dliteanas a chionroinnt idir na daoine sin i cibé slí is cóir de réir dhóchúlachtaí an cháis, nó i gcás locht a bheith ar an ngearánaí féadfaidh an chúirt na damáistí a laghdú ar an gcuma chéanna; agus mura féidir na cionúireachtaí cearta a chinneadh féadfar na damáistí a chionroinnt nó a roinnt go comhionann.
(3) Beidh feidhm ag fo-alt (2) den alt seo i gcás beirt daoine nó níos mó más núis a ngníomhartha ar iad a thógáil le chéile, ar a shon nach mbeadh gníomh aon duine áirithe díobh ina núis ..ann féin ar leithligh, ó nach gníomh de chéimse mhíréasúnta é.
Uamadh cosantóirí.
13.—Féadfar caingean a thabhairt i gcoinne gach uile dhuine de líon éagóiritheoirí comhthráthacha nó i gcoinne aon duine áirithe díobh gan an duine nó na daoine eile a uamadh, ach beidh cumhacht ag an gcúirt—
(a) i gcaingean mar gheall ar fhorghníomhú iontaobhas, a cheangal go mbeadh ionadaíocht cheart ann don eastát iontaobhais;
(b) i gcaingean a mbeidh an teideal chun maoine i gceist inti, a cheangal go ndéanfaí na daoine go léir a bhfuil leas acu nó a bheidh á éileamh go bhfuil leas acu sa mhaoin a uamadh.
Breithiúnais a thabhairt go leithleach.
14.—(1) I gcás ina dtabharfar breithiúnas i gcoinne éagóiritheoirí comhthráthacha a agrófar i dteannta a chéile, féadfaidh an chúirt breithiúnas a thabhairt i gcoinne na gcosantóirí i dteannta a chéile nó i gcoinne na gcosantóirí ar leith ó chéile agus, má thugtar an breithiúnas i gcoinne na gcosantóirí i dteannta a chéile, beidh éifeacht aige ionann is dá mba ina gcoinne ar leith ó chéile a tugadh é.
(2) Faoi réir fho-ailt (3) agus (6) den alt seo agus ailt 38 agus 46, beidh gach breithiúnas acu sin ina bhreithiúnas le haghaidh iomlán dhamáistí an ghearánaí arb éagóiritheoirí comhthráthacha ina leith na cosantóirí, maraon le haon damáistí breise a mbeidh an cosantóir áirithe ar tugadh breithiúnas ina choinne faoi dhliteanas go haonarach ina leith agus, má rinne an giúiré céanna ina fhíorasc damáistí a chionroinnt idir na cosantóirí ar an bhforas go bhfuil sé ceaptha iomlán na ndamáistí a dámhadh a bheith comhionann leis an gcaillteanas a bhain don ghearánaí de dheasca na n-éagóracha comhthráthacha, beidh an gearánaí i dteideal breithiúnas i gcoinne na gcosantóirí le haghaidh comhshuim na ndamáistí sin.
(3) Féadfaidh an gearánaí a chomhaontú go nglacfaidh sé lena dhamáistí a chionroinnt ar na cosantóirí de réir a gcéimsí lochta agus, sa chás sin, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas—
(a) ní oibreoidh sásamh i gcás breithiúnais amháin mar shásamh i gcás na mbreithiúnas eile;
(b) ní bheidh aon cheart ranníoca eatarthu féin ag na cosantóirí;
(c) tráth ar bith laistigh den tréimhse a bheidh ceaptha le dlí chun breithiúnais a chur i bhfeidhm agus ar a chruthú gur theip air, tar éis bearta réasúnacha a dhéanamh, sásamh aon bhreithiúnais a fháil go hiomlán nó go páirteach, beidh de chead ag an ngearánaí breithiúnais thánaisteacha a iarraidh a mbeidh d'éifeacht leo an t-easnamh a roinnt ar na cosantóirí eile i cibé cionúireachtaí a bheidh cóir cothromasach.
(4) I gcás ina mbeidh an chúirt ullamh ar dhamáistí pionósacha a dhámhadh i gcoinne duine amháin de líon tortóirí comhthráthacha, ní dhámhfar damáistí pionósacha i gcoinne duine eile de na tortóirí sin ar an aonchúis gur tortóir comhthráthach é, ach féadfar breithiúnas le haghaidh suim bhreise mar damáistí pionósacha a thabhairt i gcoinne an tortóra chéadluaite.
(5) Sa bhreithiúnas a luaitear i bhfo-alt (4) den alt seo féadfar a shonrú gur mar dhamáistí pionósacha atá an tsuim bhreise sin á dámhadh, agus ní bheidh aon ranníoc iníoctha ina leith ag tortóir nach bhféadfaí go cuí an breithiúnas sin a thabhairt ina choinne.
(6) Más rud é, i gcaingean mar gheall ar leabhal nó clúmhilleadh, go mbeadh duine amháin de líon tortóirí comhthráthacha i dteideal, dá mba thortóir aonair é, maolú ar na damáistí is iníoctha aige ach nach mbeadh sé sin de theideal ag duine eile de na tortóirí sin, beidh an tortóir céadluaite sin i dteideal an mhaolaithe sin ar dhamáistí agus ní bheidh sé inordaithe chun ranníoc a dhéanamh ach amháin i leith an méid damáistí is iníoctha aige; agus féadfar an breithiúnas ina choinne a thabhairt dá réir sin.
Breithiúnas mainneachtana.
15.—(1) Má mhainníonn duine amháin de líon éagóiritheoirí comhthráthacha a agrófar i dteannta a chéile láithriú nó cosaint a dhéanamh, féadfaidh an gearánaí breithiúnas idirbhreitheach a fháil ina choinne agus measúnófar damáistí ina choinne—
(a) san am céanna a measúnófar damáistí ag an triail i gcoinne na gcosantóirí eile a láithreoidh;
(b) má theipeann ar an ngearánaí i gcoinne na gcosantóirí eile sin nó má scoireann sé dá chaingean ina gcoinne, ar leithligh faoin mbreithiúnas idirbhreitheach.
(2) Má theipeann ar an ngearánaí i gcoinne na gcosantóirí a láithreoidh ar chúis a bheadh feidhmiúil ar dhliteanas gach duine díobh, urscaoilfear an breithiúnas idirbhreitheach.
(3) Má dhéantar damáistí an ghearánaí i gcoinne na gcosantóirí a láithreoidh a laghdú faoi fho-alt (1) d'alt 34 mar gheall ar fhaillí rannpháirteach an ghearánaí, measúnófar damáistí faoi mbreithiúnas idirbhreitheach ionann is dá mbeadh an cosantóir tar éis láithriú.
(4) Ní bheidh feidhm ag an alt seo i gcás aon chuntar damáiste nach éagóiritheoirí comhthráthacha ina leith an cosantóir a mhainneoidh agus na cosantóirí a láithreoidh.
Urscaoileadh agus urbhac mar gheall ar shásamh.
16.—(1) I gcás ina bhfulaingeoidh duine ar bith damáiste de dheasca éagóracha comhthráthacha, déanfaidh sásamh ó aon éagóiritheoir ar bith urscaoileadh ar na héagóiritheoirí eile cibé acu a agraíodh na héagóiritheoirí eile sin go feadh breithiúnais nó nár agraíodh.
(2) Ciallaíonn sásamh a íoc damáistí, cibé acu tar éis breithiúnais nó trí chomhaontú agus sásamh, nó trí aon ní ar a gcomhaontófar a dhéanamh mar mhalairt air sin.
(3) Más íoc damáistí a dhéanfar, ní foláir íocaíocht a dhéanamh i leith iomlán na ndamáistí ar ar chomhaontaigh an duine díobháilte nó ar bhreithnigh an chúirt gurbh iad na damáistí iad a bhí dlite dó i leith na héagóra; mura ndéanfar amhlaidh ní oibreoidh sé ach mar pháirt-sásamh.
(4) Aon duine díobháilte a ghlac sásamh ó dhuine ar líomhnaíodh é a bheith ina éagóiritheoir, cibé acu faoi bhreithiúnas nó eile é, beidh urbhac air, in aon imeacht ina dhiaidh sin i geoinne éagóiritheora eile i leith an damáiste chéanna, a shéanadh go raibh an duine a rinne an sásamh faoi dhliteanas aige; agus déanfar dliteanas an duine sin a ghlacadh ina áirithe go críochnaitheach chun críche na himeachta sin: ach féadfaidh an duine díobháilte dul chun dlí san imeacht sin faoi aon cheist dlí nó fíorais a bhainfidh le dliteanas an chosantóra i leith na himeachta sin, seachas an cheist i dtaobh cé acu duine a bhí faoi dhliteanas i leith an duine díobháilte a rinne an sásamh sin nó nach ea.
Fuascailt éagóiritheora amháin nó comhaontú leis.
17.—(1) I gcás éagóiritheoir amháin a scaoileadh nó comhaontú a dhéanamh leis urscaoilfear na héagóiritheoirí eile má léirítear sa scaoileadh nó sa chomhaontú sin é a bheith d'intinn na daoine eile a urscaoileadh.
(2) Mura léirítear aon intinn den sórt sin sa scaoileadh nó sa chomhaontú sin, ní urscaoilfear na héagóiritheoirí eile ach déanfar an duine díobháilte a áireamh mar an gcéanna leis an duine lena ndearnadh an scaoileadh nó an comhaontú in aon chaingean i gcoinne na n-éagóiritheoirí eile de réir mhír (h) d'fho-alt (1) d'alt 35; agus in aon chaingean den sórt sin déanfar an t-éileamh i gcoinne na n-éagóiritheoirí eile a laghdú i gcóimhéid leis an gcomaoin a íocadh i leith an scaoilte nó an chomhaontaithe, nó d'aon mhéid i gcóimhéid le haon suim a bhforálfaidh an scaoileadh nó an comhaontú a laghdófar an t-éileamh iomlán, nó sa mhéid go mbeadh an t-éagóiritheoir lena ndearnadh an scaoileadh nó an comhaontú faoi dhliteanas ranníoc a dhéanamh dá mbeadh éileamh iomlán an ghearánaí íoctha ag na héagóiritheoirí eile, cibé ceann de na trí shuim sin is mó.
(3) Chun críche na Coda seo, má thógtar amach as an gcúirt airgead a bhí íoctha isteach sa chúirt ag cosantóir measfar gur comhaontú agus sásamh leis an gcosantóir é.
Breithiúnas i gcoinne aon éagóiritheora amháin.
18.—(1) I gcás ina bhfulaingeoidh duine ar bith damáiste de dhroim éagóracha comhthráthacha—
(a) ní bheidh breithiúnas a ghnóthófar i gcoinne aon éagóiritheora a bheidh faoi dhliteanas i leith an damáiste sin ina urchosc ar chaingean i gcoinne aon duine eile a bheadh, dá n-agrófaí é, faoi dhliteanas mar éagóiritheoir comhthráthach i leith an damáiste chéanna;
(b) má dhéanann an duine a d'fhulaing an damáiste sin, nó má dhéantar thar a cheann, nó chun tairbhe a eastáit, nó chun tairbhe a chleithiúnaithe, níos mó ná aon chaingean amháin a thabhairt i leith an damáiste sin i gcoinne éagóiritheoirí a bheidh faoi dhliteanas i leith an damáiste, ní rachaidh comhiomlán na suimeanna is inghnóthaithe faoi na breithiúnais a thabharfar sna caingne sin mar dhamáistí thar mhéid na ndamáistí a dhámhfar leis an gcéad bhreithiúnas a tugadh; agus in aon chaingean acu sin, seachas an chaingean inar tugadh an chéad breithiúnas, ní bheidh an gearánaí i dteideal costas mura dóigh leis an gcúirt go raibh cúis réasúnach ann leis an gcaingean a thabhairt: ach ní bheidh feidhm ag an mír seo más é a bhí sa chéad bhreithiúnas a tugadh breithiúnas cionroinnte de bhun alt 14, alt 38 nó alt 46.
(2) Déanfar an tagairt atá san alt seo do “an chéad bhreithiúntas a tugadh” a fhorléiriú, i gcás an breithiúnas sin a fhreaschur ar achomharc, mar thagairt don chéad bhreithiúnas a tugadh agus nár freaschuireadh amhlaidh agus, i gcás breithiúnas a athrú ar achomharc, forléireofar í mar thagairt don bhreithiúnas sin arna athrú amhlaidh.
Breithiúnas i bhfabhar duine amháin a líomhnaíodh a bheith ina éagóiritheoir.
19.—(1) I gcás ina n-agróidh an duine díobháilte duine amháin nó níos mó de dhaoine a líomhnaíodh a bheith ina éagóiritheoirí comhthráthacha agus go dtabharfar breithiúnas i bhfabhar aon chosantóra amháin, beidh an duine díobháilte faoi cheangal ag an gcinneadh fíorais i bhfabhar an chosantóra sin sa chaingean a bheidh faoi láthair nó ina dhiaidh sin ag an duine díobháilte i gcoinne duine nó daoine eile de na daoine a líomhnaíodh a bheith ina n-éagóiritheoirí comhthráthacha.
(2) (a) Chun críche fho-alt (1) den alt seo, má thugtar breithiúnas i bhfabhar an chosantóra sin ar an bhforas gur scoir an duine díobháilte dá chaingean, beidh an duine díobháilte faoi cheangal ag na líomhaintí agus na séantaí i gcosaint an chosantóra sin ionann is dá mba rud é gur cinneadh iad i bhfabhar an chosantóra sin, sa mhéid go mbainfidh siad le hábhar na cosanta a bheidh ag an gcosantóir sin.
(b) Ní bheidh feidhm ag mír (a) den fho-alt seo mura rud é, de réir na bhfíoras, go mbeidh an duine díobháilte faoi urchosc toisc é scor dá chaingean an dara caingean a thabhairt i gcoinne an chosantóra sin.
(3) I gcás ina dtabharfar caingean i gcoinne éagóiritheoirí comhthráthacha agus go dtabharfar breithiúnas i gcoinne duine amháin agus i bhfabhar duine eile ar chúis a bheadh feidhmiúil ar dhliteanas gach duine díobh, urscaoilfear an breithiúnas céadluaite.
(4) I gcás ina dtabharfar caingean i gcoinne éagóiritheoirí comhthráthacha agus do dtabharfar breithiúnas i gcoinne duine amháin gan laghdú damáistí agus i gcoinne duine eile faoi réir laghdú damáistí faoi fho-alt (1) d'alt 34 mar gheall ar fhaillí rannpháirteach an ghearánaí, déanfar na damáistí faoin mbreithiúnas céadluaite a mheasúnú faoi réir an laghdaithe chomhréire chéanna, agus beidh feidhm ag forálacha alt 38.
Tréimhse chinnteachta do chaingne i gcoinne duine de líon éagóiritheoirí comhthráthacha.
20.—Chun críche Reacht na dTréimhsí nó aon achtacháin chinnteachta eile, ní chuirfidh calaois cheilte ag duine de líon éagóiritheoirí comhthráthacha am ar fionraí do dhuine nó do dhaoine eile díobh.
Caibidil II
Ranníoc idir éagóiritheoirí comhthráthacha
Ranníoc i leith damáistí.
21.—(1) Faoi réir fhorálacha na Coda seo, féadfaidh éagóiritheoir comhthráthach (dá ngairtear an t-éilitheoir chun na críche seo) ranníoc a ghnóthú ó aon éagóiritheoir eile atá, nó a bheadh dá n-agrófaí é tráth na héagóra, faoi dhliteanas i leith an damáiste chéanna (dá ngairtear an ranníocóir chun na críche seo), sa tslí, áfach, nach mbeidh aon duine i dteideal ranníoc a ghnóthú faoin gCuid seo ó aon duine a bheidh i dteideal a shlánaithe aige i leith an dliteanas a mbeidh an ranníoc á lorg ina leith.
(2) In aon imeachtaí le haghaidh ranníoca faoin gCuid seo, is é a bheidh sa ranníoc is inghnóthaithe ó aon ranníocóir cibé suim a chinnfidh an chúirt a bheith cóir cothromasach ag féachaint do chéimse éagóra an ranníocóra sin, agus beidh de chumhacht ag an gcúirt duine ar bith a dhíolmhadh ó dhliteanas chun ranníoc a dhéanamh nó a ordú gurb ionann agus slánaíocht iomlán an ranníoc a bheidh le gnóthú ó aon ranníocóir.
Ranníoc a éileoidh tortóir a rinne socraíocht.
22.—(1) I gcás ina ndearna an t-éilitheoir socraíocht leis an duine díobháilte ar chuma gur urchoisceadh éileamh an duine dhíobháilte i gcoinne na n-éagóiritheoirí comhthráthacha eile, féadfaidh an t-éilitheoir ranníoc a ghnóthú sa tslí chéanna ina ndéanfadh dá mba rud é gur tugadh breithiúnas i leith damáistí ina choinne, má shásaíonn sé an chúirt go raibh méid na socraíochta réasúnach; agus, má chinneann an chúirt go raibh méid na socraíochta iomarcach, féadfaidh sí a shocrú cad é an méid ar ar chóir an t-éileamh a shocrú.
(2) Má rinne an t-éilitheoir socraíocht leis an duine díobháilte gan urchosc a chur ar éileamh an duine dhíobháilte i gcoinne na n-éagóiritheoirí comhthráthacha eile nó má d'íoc sé leis an duine díobháilte suim mar gheall ar a dhamáistí, beidh ag an éilitheoir an ceart céanna ranníoca a dúradh, agus chun na críche sin déanfar íoc comaoine réasúnaí i leith scaoileadh nó comhaontú a áireamh mar íoc damáistí a mbeidh an t-éilitheoir faoi dhliteanas ina leith ag an duine díobháilte: ach beidh de cheart ag an ranníocóir aisíoc na suime uile nó cuid den tsuim a bheidh íoctha amhlaidh a éileamh má chuirtear iallach ina dhiaidh sin ar an ranníocóir sin suim a íoc mar shocraíocht ar a dhliteanas féin i leith an duine dhíobháilte agus go dtabharfaidh na himthosca go mbeidh sé cóir cothromasach aisíoc a dhéanamh.
Breithiú na ranníoca a chur i bhfeidhm.
23.—(1) I gcás ina ndéanfar, de réir fhorálacha na Coda seo, breithiúnas ranníoca a thabhairt i leith damáistí a bhfuil nó a raibh an t-éilitheoir faoi dhliteanas ina leith ag an duine díobháilte, ní eiseofar forghníomhú ar an mbreithiúnas sin go dtí go mbeidh an t-éilitheoir ar ina fhabhar a tugadh é tar éis sásamh a thabhairt roimh an mbreithiúnas sin nó ina dhiaidh sna damáistí go léir nó i gcuid de na damáistí a mbeidh sé faoi dhliteanas ina leith ag an duine díobháilte, agus ansin ní eiseoidh an forghníomhú ach amháin i leith an mhéid a bheidh sa tsuim a d'íoc sé de bhreis ar a chionúireacht chóir den méid áirithe sin, mar a chinnfidh an chúirt an chionúireacht sin de réir na Coda seo.
(2) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo, féadfar forghníomhú a eisiúint ar an mbreithiúnas sin mar a dúradh tar éis don éilitheoir ar ina fhabhar a tugadh é sásamh a thabhairt ina chionúireacht chóir de na damáistí a mbeidh sé faoi dhliteanas ina leith ag an duine díobháilte, ar choinníoll sa chás sin go ndéanfaidh an chúirt foráil, trí ghealltanas pearsanta a fháil ó aturnae an éilitheora nó ar shlí eile, chun an tsuim a gheofar faoin mbreithiúnas sin a chur chun feidhme le haghaidh sásaimh sna damáistí a bheidh dlite don duine díobháilte.
(3) San alt seo ciallaíonn “damáistí a mbeidh sé faoi dhliteanas ina leith ag an duine díobháilte” damáistí a mbeidh an t-éilitheoir faoi dhliteanas ina leith an tráth a thabharfar sásamh don duine díobháilte nó dá ionadaithe nó dá shannaithe dleathacha.
(4) Má thugann an t-éilitheoir íocaíocht i leith damáistí tráth a bheidh cúis chaingne an duine dhíobháilte i gcoinne an éilitheora faoi urchosc ag Reacht na dTréimhsí nó ag aon achtachán cinnteachta eile, ní bhunóidh sé sin éileamh chun forghníomhú a thobhach faoi bhreithiúnas ranníoca: ach bunóidh íocaíocht den sórt sin éileamh den sórt sin más rud é, tráth a déanta, nach raibh cúis chaingne an duine dhíobháilte i gcoinne an ranníocóra faoi urchosc.
Ranníoc i leith costas.
24.—Féadfar breithiúnas ranníoca a thabhairt i leith costas is iníoctha leis an duine díobháilte nó costas faoina ndeachaigh an t-éilitheoir: ach, i gcás inar agair an duine díobháilte an t-éilitheoir agus an ranníocóir i dteannta a chéile agus gur ghnóthaigh sé breithiúnas costas ina gcoinne araon, beidh feidhm ag forálacha alt 23, ach an focal “costais” a chur in ionad an fhocail “damáistí” gach áit a bhfuil sé san alt sin.
Eagóiritheoir amháin a bheith gan áireamh san éileamh ar ranníoc; ranníoc i leith ranníoca.
25.—Más rud é, as tríúr éagóiritheoirí comhthráthacha nó níos mó, go bhfágfar duine acu gan áireamh san éileamh ar ranníoc, dámhfar ranníoc don éilitheoir ar an bhforas go mbeidh freagracht sa damáiste le bheith ar an éilitheoir agus ar an ranníocóir nó na ranníocóirí gan aird a thabhairt ar fhreagracht an éagóiritheora a fágadh gan áireamh, agus, i gcás den sórt sin, féadfaidh éilitheoir a méadófar an glan-dliteanas a bheidh fágtha air, nó féadfaidh ranníocóir a méadófar a ranníoc de bhrí nár tugadh breithiúnas i gcoinne an éagóiritheora a fágadh gan áireamh, ranníoc a éileamh ar an éagóiritheoir sin a fágadh gan áireamh de réir fhorálacha na Coda seo: ach, i gcás ina ndéanfaidh ranníocóir an t-éileamh sin is déanaí a luaitear i leith a dhliteanais féin chun ranníoc a dhéanamh agus go dtabharfar breithiúnas i bhfabhar an ranníocóra sin, ní eiseofar forghníomhú ar an mbreithiúnas sin—
(a) ach amháin de réir fhorálacha alt 23, agus “ranníoc” a chur in ionad “damáistí” agus “éilitheoir bunaidh ar ranníoc” in ionad “duine díobháilte” gach áit a bhfuil siad sin san alt sin agus é a bheith le tuiscint go gciallaíonn “cionúireacht chóir” san alt sin, chun na críche sin, cionúireacht chóir amhail idir an ranníocóir arb ina fhabhar a thugtar breithiúnas ranníoca anois agus an t-éagóiritheoir ar ina choinne a thugtar an breithiúnas sin, agus in aon chás
(b) le haghaidh méid is mó ná an tsuim a bheidh, ar í a chur leis an méid (más ann) a bheidh dlite fós don duine díobháilte, comhionann le cionúireacht chóir na ndamáistí is iníoctha ag an éagóiritheoir ar ina choinne a thabharfar an breithiúnas sin.
Ranníoc i gcás ina dtabharfar maoin ar ais dá búinéir.
26.—Chun críche éilimh ar ranníoc—
(a) measfar duine a thabharfaidh maoin ar ais dá fíor-úinéir a bheith ina éagóiritheoir comhthráthach i dteannta éagóiritheora trínar éiligh sé an mhaoin ar dtús agus ba éagóiritheoir maidir léi i leith an fhíor-úinéara, agus
(b) i gcás maoin a thabhairt ar ais amhlaidh, measfar, amhail i gcoinne an éagóiritheora sin, gurb ionann é agus damáistí a íoc sa mhéid is fiú an mhaoin.
An nós imeachta chun ranníoc a éileamh
27.—(1) Aon éagóiritheoir comhthráthach a agrófar le haghaidh damáistí nó ranníoca agus ar mian leis éileamh a dhéanamh ar ranníoc faoin gCuid seo—
(a) ní bheidh sé, más páirtí sa chaingean cheana féin an duine a bhfuil sé chun an ranníoc a éileamh air, i dteideal ranníoc a éileamh ach amháin trí éileamh sa chaingean sin cibé acu roimh an mbreithiúnas sa chaingean nó dá éis sin é; agus
(b) déanfaidh sé, mura páirtí sa chaingean cheana féin an duine sin, fógra tríú páirtí a sheirbheáil ar an duine sin a luaithe is féidir de réir réasúin agus, tar éis an fógra sin a sheirbheáil, ní bheidh sé i dteideal ranníoc a éileamh ach amháin faoi nós imeachta an tríú páirtí. Mura seirbheálfar an fógra tríú páirtí sin mar a dúradh, féadfaidh an chúirt dá rogha féin diúltú ordú ranníoca a dhéanamh i gcoinne an duine a mbeidh an ranníoc á éileamh air.
(2) Ní bheidh feidhm ag forálacha fho-alt (1) den alt seo maidir le haon éileamh ar ranníoc i gcás na páirtithe san éileamh a bheith coiscthe trí chomhaontú nó eile ó dhíospóid a dhéanamh faoi aon chinneadh roimhe sin ag cúirt ar mhéid damáistí an duine dhíobháilte agus ar an gcionúireacht inar chóir ranníoc a dhéanamh.
(3) I gcás ina n-iarrfar fógra tríú páirtí a sheirbheáil ag éileamh ranníoca nó ag éileamh damáistí i leith éagóra a rinneadh ar ghearánaí an tríú páirtí, agus an t-éileamh sin ar dhamáistí a bheith tar éis teacht go hiomlán nó go páirteach de na fíorais chéanna dár tháinig éileamh an phríomh-ghearánaí, ní dhiúltófar cead chun fógra tríú páirtí a sheirbheáil ar an aon-chúis go mbainfidh crua-cheist dlí leis an tsaincheist idir gearánaí an tríú páirtí agus an tríú páirtí.
(4) I gcás ina ndéanfaidh éagóiritheoir comhthráthach íocaíocht leis an duine díobháilte gan chaingean mar shocraíocht ar éileamh an duine dhíobháilte ina choinne féin agus ina dhiaidh sin go n-éileoidh sé ranníoc de réir alt 22, beidh de cheart ag an ranníocóir an duine díobháilte a uamadh mar chomhchosantóir chun é a chur faoi cheangal ag an gcinneadh ar na cionúireachtaí ranníoca mura rud é gur comhghearánaí sa chaingean an duine díobháilte nó gur chomhaontaigh an duine díobháilte go héifeachtúil bheith faoi cheangal ag an gcinneadh sin nó nach bhfuil aon éileamh ag an duine díobháilte i gcoinne an ranníocóra nó go bhfuil an duine díobháilte tar éis an ranníocóir a agairt go feadh breithiúnais cheana féin.
Caillteanas a roinnt i gcás nach bhfaighfear sásamh.
28.—Más rud é, as triúr éagóiritheoirí comhthráthacha nó níos mó, go dtabharfar breithiúnas ranníoca i bhfabhar duine acu agus i gcoinne beirt nó níos mó, ansin tráth ar bith laistigh den tréimhse a cheaptar le dlí chun breithiúnais a chur i bhfeidhm agus ar a chruthú gur theip air, tar éis bearta réasúnacha a dhéanamh, sásamh aon bhreithiúnais a fháil go hiomlán nó go páirteach, beidh cead ag an éilitheoir breithiúnais thánaisteacha a iarraidh a mbeidh d'éifeacht leo an t-easnamh a roinnt ar na cosantóirí eile i cibé cionúireachtaí a bheidh cóir cothromasach.
Urbhac nuair a éileofar ranníoc.
29.—(1) In aon imeacht ag iarraidh ranníoca, ní bheidh an ranníocóir i dteideal cur i gcoinne an éilimh ar an bhforas nach raibh an t-éilitheoir a rinne íocaíocht leis an duine díobháilte faoi dhliteanas i leith an duine sin; ach, faoi réir an ailt seo agus an dlí ghinearálta i dtaobh urbhacadh, féadfaidh sé cur i gcoinne an éilimh ar an bhforas nach bhfuil sé féin faoi dhliteanas i leith an duine sin agus, chuige sin, féadfaidh sé aon cheist dlí nó fíorais a dhíospóid fiú má éiríonn an cheist sin freisin i dtaobh dliteanas an éilitheora i leith an duine dhíobháilte; agus féadfaidh an ranníocóir sa tslí chéanna méid an damáiste a d'fhulaing an duine díobháilte a dhíospóid.
(2) I gcás ina ndéanfar éileamh ar ranníoc trí fhógra tríú páirtí i gcaingean an duine dhíobháilte agus go dtabharfar cead don tríú páirtí an phríomh-chaingean a chosaint, beidh sé faoi cheangal ag cinneadh na cúirte ar na ceisteanna a cheadófar dó a chosaint.
(3) I gcás ina raibh eolas ag an ranníocóir ar chaingean a thug an duine díobháilte i gcoinne an éilitheora, agus gur fhailligh sé go míréasúnach tairiscint a dhéanamh chun cabhrú leis an éilitheoir ag cosaint na caingne, agus go bhfuair an duine díobháilte breithiúnas i gcoinne an éilitheora, beidh urbhac ar an ranníocóir, in aon imeacht a thabharfaidh an t-éilitheoir ina choinne, díospóid a dhéanamh faoi chuibheas nó faoi mhéid an bhreithiúnais a fuair an duine díobháilte nó faoi aon cheist dlí nó fíorais a mbeidh comhbhaint aici le dliteanas an éilitheora i leith an duine dhíobháilte agus le dliteanas an ranníocóra i leith an duine dhíobháilte: ach ní bheidh urbhac amhlaidh ar an ranníocóir i gcás inar ghéill an t-éilitheoir do bhreithiúnas de chalaois ar an ranníocóir.
(4) In aon imeacht ag iarraidh ranníoca beidh an t-éilitheoir faoi cheangal ag aon chinneadh dlí nó fíorais i gcaingean an duine dhíobháilte ina choinne ba ghá chun a dhliteanas i leith an duine dhíobháilte a shuíomh.
(5) I gcás inar agair an duine díobháilte an t-éilitheoir agus an ranníocóir i dteannta a chéile agus gur theip air i gcoinne au ranníocóra, beidh an t-éilitheoir faoi cheangal, in aon imeacht ag iarraidh ranníoca, ag aon chinneadh dlí nó fíorais ba ghá chun obadh do dhliteanas an ranníocóra i leith an duine dhíobháilte: ar choinníoll—
(a) nach mbeidh an t-éilitheoir faoi cheangal amhlaidh i gcás inar ghéill an duine díobháilte do bhreithiúnas de chalaois ar an éilitheoir;
(b) ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt seo más i gcúirt lasmuigh den Stát a tionscnaíodh caingean an duine dhíobháilte, mura rud é go raibh caoi de réir dlí na cúirte ag an éilitheoir chun fianaise a thabhairt ar aird i gcoinne an ranníocóra, chun achomharc a dhéanamh i gcoinne breithiúnais ina fhabhar agus chun achomharc uaidh sin a chonspóid.
(6) (a) Beidh cinneadh ar an gcionúireacht éagóra idir éilitheoir agus ranníocóir i gcás éileamh ag iarraidh ranníoca ina cheangal ar na daoine céanna in éileamh ina dhiaidh sin i leith damáiste a d'fhulaing duine acu nó iad araon agus a tháinig de na fíorais chéanna, agus, i gcor dá mhalairt, beidh cinneadh den sórt sin in éileamh i leith an damáiste sin ina cheangal ar na daoine céanna in éileamh ina dhiaidh sin ar ranníoc.
(b) Beidh feidhm ag mír (a) den fho-alt seo idir dhá pháirtí d'ainneoin ceann acu a bheith ina pháirtí sa dá chaingean i gcáileanna éagsúla.
(7) Eagóiritheoir comhthráthach a dhéanfaidh íocaíocht leis an duine díobháilte gan chaingean mar shocraíocht ar éileamh an duine dhíobháilte ina choinne féin agus a éileoidh ranníoc ina dhiaidh sin faoi alt 22, beidh sé, má d'agair an duine díobháilte an ranníocóir, faoi cheangal ag an gcionroinnt a rinne an chúirt i gcaingean an duine dhíobháilte de réir mhír (h) d'fho-alt (1) d'alt 35.
(8) Ní cosaint é ar éileamh ar ranníoc a shuíomh gur theip ar an duine díobháilte i gcaingean i gcoinne an ranníocóra nach raibh an t-éilitheoir ina pháirtí inti agus gan a shuíomh ach an ní sin.
Leanúntais dhlíthiúla as éileamh ar ranníoc.
30.—Measfar an ceart chun a iarraidh ar an gcúirt ranníoc a dhámhadh a bheith ina chineál de cheart samhail-chonarthach a aistreoidh chun ionadaithe pearsanta an éilitheora chun tairbhe dá eastát, agus beidh éifeacht leis i gcoinne ionadaithe pearsanta an ranníocóra; agus measfar an ceart chun ranníoca a bheith ina chúis caingne de réir alt 9.
Tréimhse chinnteacha i gcás caingne ag iarraidh ranníoca.
31.—Féadfar caingean ag iarraidh ranníoca a thionscnamh laistigh den tréimhse chéanna a cheadaítear le dlí don duine díobháilte chun caingean a thionscnamh i gcoinne an ranníocóra, nó laistigh den tréimhse dhá bhliain tar éis dliteanas an éilitheora a fhionnadh nó tar éis damáistí an duine dhíobháilte a íoc, cibé tréimhse acu is faide.
Fianaise agus achomhairc.
32.—(1) I gcás ina dtionscnófar caingean i gcoinne beirt daoine nó níos mó mar éagóiritheoirí comhthráthacha, beidh de cheart ag gach cosantóir ar leith fianaise a thabhairt ar aird i gcoinne an duine nó na ndaoine eile.
(2) I gcás ina dtionscnófar caingean i gcoinne beirt daoine nó níos mó mar éagóiritheoirí comhthráthacha agus go bhfaighidh an gearánaí breithiúnas agus go sásóidh duine de na héagóiritheoirí sin an breithiúnas, féadfaidh duine eile de na héagóiritheoirí sin achomharc a dhéanamh i gcoinne an bhreithiúnais d'ainneoin gur sásaíodh an breithiúnas.
(3) I gcás ina dtionscnófar caingean i gcoinne beirt daoine nó níos mó mar éagóiritheoirí comhthráthacha agus go bhfaighidh an gearánaí breithiúnas agus go ndéanfaidh cosantóir amháin achomharc i gcoinne an bhreithiúnais, féadfaidh cosantóir eile, ar cibé fógra a thabhairt is gá de réir rialacha cúirte, an t-achomharc a chonspóid mar fhreagróir.
(4) I gcás ina dtionscnófar caingean i gcoinne beirt daoine nó níos mó mar éagóiritheoirí comhthráthacha agus go n-éireoidh leis an ngearánaí i gcoinne duine acu agus go dteipfidh air i gcoinne duine eile, féadfaidh an cosantóir nach n-éireoidh leis achomharc a dhéanamh i gcoinne an bhreithiúnais i bhfabhar an chosantóra ar éirigh leis.
Ranníoc a áireamh mar dhamáistí.
33.—(1) Chun críche conartha ag árachú in aghaidh dliteanas i leith éagóra nó in aghaidh dliteanas chun damáistí a íoc, dliteanas éagóiritheora chun ranníoc a dhéanamh faoin gCuid seo le héagóiritheoir comhthráthach measfar é a bheith ina dhliteanas chun damáistí a íoc mar gheall ar éagóir, mura léir a mhalairt d'intinn ón gconradh.
(2) I gcás éileamh ar ranníoc idir éagóiritheoirí a dhéanamh faoi chonradh le haghaidh ranníoc eatarthu, beidh feidhm ag forálacha fho alt (1) den alt seo sa mhéid go bhféadfaí an t-éileamh a dhéanamh faoi fhorálacha na Coda seo in ionad é a dhéanamh faoin gconradh le haghaidh ranníoca.
Caibidil III
Faillí rannpháirteach
Dliteanas a chionroinnt i gcás faillí rannpháirteach.
34.—(1) Más rud é, in aon chaingean a thionscnóidh duine amháin maidir le héagóir a rinne aon duine eile, go gcruthófar go ndearnadh an damáiste a d'fhulaing an gearánaí go páirteach trí fhaillí nó easpa cúraim an ghearánaí nó dhuine a bhfuil an gearánaí freagrach ina ghníomhartha (dá ngairtear faillí rannpháirteach sa Chuid seo) agus go páirteach trí éagóir an chosantóra, déanfar na damáistí is inghnóthaithe i leith na héagóra sin a laghdú an méid a mheasfaidh an chúirt a bheith cóir cothromasach ag féachaint do chéimsí lochta an ghearánaí agus an chosantóra: ar choinníoll—
(a) go ndéanfar an dliteanas a chionroinnt go cothrom más rud é, ag féachaint d'imthosca uile an cháis, nach féidir céimsí éagsúla lochta a shuíomh;
(b) nach n-oibreoidh an fo-alt seo chun go gcloífidh sé aon chosaint a éireoidh faoi chonradh ná an chosaint gur chomhaontaigh an gearánaí, roimh an ngníomh a gearánadh, a chearta dlíthiúla ina leith a tharscaoileadh, cibé acu ar luach-chomaoin é nó nach ea; ach, faoi réir mar a dúradh, beidh feidhm ag forálacha an fho-ailt seo d'ainneoin go bhféadfadh go mbeadh ag an gcosantóir, ar leith ón bhfo-alt seo, an chosaint gur glacadh an fiontar go saorálach;
(c) i gcás aon chonradh nó achtachán lena ndéantar foráil ag teorannú dliteanais a bheith infheidhmithe maidir leis an éileamh, nach rachaidh an méid damáistí a dhámhfar don ghearánaí de bhua an fho-ailt seo thar an teorainn uasta is infheidhmithe amhlaidh.
(2) Chun críche fho-alt (1) den alt seo—
(a) féadfar a áireamh ar dhamáiste a d'fhulaing gearánaí damáistí a d'íoc an gearánaí le tríú duine a d'fhulaing damáiste mar gheall ar éagóracha comhthráthacha an ghearánaí agus an chosantóra, agus is ionann an tréimhse chinnteachta chun na damáistí sin a éileamh agus an tréimhse chinnteachta afhoráiltear le halt 31 do chaingne ag iarraidh ranníocaí;
(b) measfar loiceadh faillíoch nó míchúramach ar dhamáiste a mhaolú a bheith ina fhaillí rannpháirteach maidir leis an méid ar mó an damáiste sin ná an damáiste a tharlódh mura mbeadh an loiceadh sin;
(c) ní bheidh loiceadh an ghearánaí ar chúram réasúnach a ghlacadh chun é féin a chosaint in ionannas le faillí rannpháirteach maidir le damáiste murar tharla an damáiste sin de dheasca an fhiontair áirithe ar chuir a iompar ina bhealach é, agus ní bheidh sárú a dhualgais reachtúil ag an ngearánaí in ionannas le faillí rannpháirteach murab é a bheidh sa damáiste a ghearánfaidh sé damáiste ar ceapadh an reacht chun é a chosc;
(d) má loiceann an gearánaí cúram réasúnach a ghlacadh ag cosaint a mhaoine féin ní mheasfar, ach amháin sa mhéid gur saibhríodh an cosantóir go neamhchóir, é sin a bheith ina fhaillí rannpháirteach i gcaingean le haghaidh comhshó na maoine;
(e) féadfar a chinneadh gurbh é éagóir an chosantóra ba chúis le damáiste d'ainneoin aon riail dlí lena ndéantar réim dualgais an chosantóra a theorannú chun nach mbainfeadh sé ach le cásanna nach raibh an gearánaí ciontach i bhfaillí rannpháirteach iontu: ach ní chuirfidh an mhír seo an cosantóir faoi dhliteanas mar gheall ar aon damáiste nach raibh seisean nó duine a bhfuil sé freagrach ina ghníomhartha míchúramach iarbhír maidir leis;
(f) i gcás ina dtionscnófar caingean mar gheall ar fhaillí maidir le ní ba chúis le damáiste má ba rud é, agus go raibh sé de réir réasúin, go bhféadfadh sé go ndéanfaí nó gur dócha go ndéanfaí scrúdú ar an ní tar éis é a bheith curtha as a láimh ag an gcosantóir, ní dhéanfaidh sé, ann féin, dualgas an chosantóra a eisiamh ach féadfar glacadh leis mar fhianaise nach raibh sé sna himthosca faillíoch agus é ag scaradh leis an ní ina riocht contúirteach.
(3) Beidh éifeacht faoi réir fhorálacha na Coda seo ag Airteagal 21 de Choinbhinsiún Vársá (a thugann cumhacht do chúirt carraeir a shaoradh go hiomlán nó go páirteach má chruthaíonn sé gurbh é faillí an duine dhíobháilte ba chúis, nó gur rannchuidigh sé, leis an damáiste).
Céannú.
35.—(1) Chun faillí rannpháirteach a chinneadh—
(a) beidh gearánaí freagrach i ngníomhartha duine a bhfuil sé, sna himthosca áirithe, faoi dhliteanas go hionadach ina leith;
(b) measfar gearánaí i gcaingean a thionscnófar chun tairbhe do chleithiúnaithe duine a bheidh tar éis bháis faoi Chuid IV (cibé acu ionadaí pearsanta an éagaigh nó cleithiúnaí air an gearánaí sin) a bheith freagrach i ngníomhartha an éagaigh;
(c) measfar gearánaí a bheidh ag agairt mar ionadaí pearsanta an duine a d'fhulaing an damáiste a bheith freagrach i ngníomhartha an duine sin;
(d) measfar gearánaí a bheidh ag agairt thar ceann duine eile (dá ngairtear gearánaí ainmniúil san alt seo) a bheith freagrach i ngníomhartha an duine eile sin (dá ngairtear an tairbhí san alt seo) agus, go sonrach, measfar duine a bheidh ag agairt mar ionadaí pearsanta duine a bheidh tar éis bháis a bheith freagrach i ngníomhartha na ndaoine a thairbheodh dá n-éireodh leis an gcaingean, lena n-áirítear cleithiúnaithe an éagaigh i gcás an chaingean a thionscnamh faoi Chuid IV: ar choinníoll—
(i) i gcás ina mbeidh gearánaí ainmniúil ag agairt thar ceann níos mó ná aon tairbhí amháin agus go raibh tairbhí amháin ciontach i bhfaillí rannpháirteach agus nach raibh tairbhí eile, nach mbeidh feidhm ag forálacha fho-alt (1) d'alt 34 ach amháin maidir le cion an tairbhí a bhí ciontach i bhfaillí rannpháirteach; agus go mbeidh feidhm ag forálacha alt 21 i bhfabhar an chosantóra agus i gcoinne an tairbhí a bhí ciontach amhlaidh i bhfaillí rannpháirteach, maidir leis an tsuim is iníoctha ag an gcosantóir chun tairbhe don tairbhí nach raibh ciontach i bhfaillí rannpháirteach;
(ii) má fhaigheann an chúirt go mbeidh sé níos caothúla, go bhféadfaidh an chúirt a cheadú do ghearánaí ainmniúil gnóthú go hiomlán d'ainneoin faillí rannpháirteach thairbhí, agus beidh feidhm ansin ag forálacha alt 21 i bhfabhar an chosantóra agus i gcoinne an tairbhí a bhí ciontach amhlaidh i bhfaillí rannpháirteach;
(e) measfar gearánaí a bheidh ag agairt mar shannaí duine eile, cibé acu le hoibriú dlí nó ar shlí eile é, a bheith freagrach i ngníomhartha an duine eile sin;
(f) i gcás inar bheirt daoine nó níos mó ba chúis le damáiste an ghearánaí agus go mbeadh na daoine sin ina n-éagóiritheoirí comhthráthacha mura mbeadh conradh ag an ngearánaí le duine acu sul ar tharla an damáiste ag díolmhú an duine sin ó dhliteanas, measfar an gearánaí a bheith freagrach i ngníomhartha an duine sin;
(g) más rud é gur éagóiritheoirí comhthráthacha ba chúis le damáiste an ghearánaí agus sular tharla an damáiste go ndearnadh dliteanas duine de na héagóiritheoirí sin trí chonradh leis an ngearánaí a chur faoi theorainn suime ba lú ná ceart-chion dliteanais an éagóiritheora sin idir é féin agus an t-éagóiritheoir eile mar a chinnfear sin faoi alt 21 ar leithligh ón gconradh sin, measfar an gearánaí a bheith freagrach i ngníomhartha an éagóiritheora sin;
(h) más rud é gur éagóiritheoirí comhthráthacha ba chúis le damáiste an ghearánaí agus tar éis an damáiste tarlú gur urscaoileadh dliteanas duine de na héagóiritheoirí sin trí scaoileadh nó comhaontú arna dhéanamh leis ag an ngearánaí, agus gur fhan dliteanas na n-éagóiritheoirí eile, measfar an gearánaí a bheith freagrach i ngníomhartha an éagóiritheora ar urscaoileadh a dhliteanas amhlaidh;
(i) más rud é gur éagóiritheoirí comhthráthacha ba chúis le damáiste an ghearánaí agus go mbeidh éileamh an ghearánaí i gcoinne éagóiritheora amháin faoi urchosc ag Reacht na dTréimhsí nó ag aon achtachán cinnteachta eile, measfar an gearánaí a bheith freagrach i ngníomhartha an éagóiritheora sin;
(j) más rud é gur éagóiritheoirí comhthráthacha ba chúis le damáiste an ghearánaí agus, i gcaingean i gcoinne duine de na héagóiritheoirí sin, go dtabharfar breithiúnas i bhfabhar an chosantóra agus go dtionscnóidh an gearánaí caingean ansin i gcoinne duine eile de na héagóiritheoirí sin, measfar an gearánaí a bheith freagrach i ngníomhartha an chosantóra ar éirigh leis más feidir leis an gcosantóir a agraítear anois a chruthú gurbh éagóiritheoirí comhthráthacha iarbhír é féin agus an cosantóir ar éirigh leis;
(k) gearánaí atá freagrach i ngníomhartha duine eile faoi mhíreanna (a) go (j) den fho-alt seo beidh sé freagrach freisin i ngníomhartha aon daoine eile a mbeadh an duine eile sin freagrach ina ngníomhartha faoi na míreanna sin dá mba ghearánaí é sa chaingean.
(2) Chun críche fho-alt (1) d'alt 34, ní dhéanfaidh—
(a) faillí rannpháirteach ghearánaí ainmniúil, ná
(b) (i gcás an chaingean a thionscnamh mar gheall ar consortium nó seirbhísí banchéile a chailleadh nó mar gheall ar sheirbhísí linbh nó seirbhísigh a chailleadh) faillí rannpháirteach bhanchéile, linbh nó sheirbhísigh,
urchosc ar ghnóthú ná laghdú ar na damáistí a dhámhfar; ach beidh feidhm ag forálacha alt 21 i bhfabhar an chosantóra agus i gcoinne an ghearánaí ainmniúil, an bhanchéile, an linbh nó an tseirbhísigh sin, de réir mar a bheidh.
(3) Ní dhéanfaidh aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo difir do chearta an ghearánaí i gcoinne duine, ná ní thabharfaidh sé go mbeidh an gearánaí faoi dhliteanas i leith damáistí mar gheall ar ghníomhartha duine, más duine é a mheasfar leis an bhfo-alt sin an gearánaí a bheith freagrach ina ghníomhartha.
(4) I gcásina gcinnfear go bhfuil gearánaí freagrach i ngníomhartha duine eile faoin alt seo agus go laghdófar a dhamáistí dá réir sin faoi fho-alt (1) d'alt 34, ní bheidh an cosantóir i dteideal ranníoca faoi alt 21 ón duine a bhfuil an gearánaí freagrach ina ghníomhartha.
Eilimh a fhritháireamh.
1857, c. 60.
36.—(1) I gcás ina dtabharfar breithiúnas i bhfabhar an ghearánaí ar éileamh agus i bhfabhar an chosantóra ar fhrithéileamh faoi fho-alt (1) d'alt 34, déanfar breithiúnas amháin acu a fhritháireamh i gcoinne an bhreithiúnais eile agus ní bheidh inghnóthaithe ach an t-iarmhéid a gheofar a bheith dlite.
(2) Beidh feidhm ag an alt seo d'ainneoin páirtí amháin a bheith ina fhéimheach nó (i gcás ionadaí pearsanta a bheith ina pháirtí i gcaingean) an t-eastát atá á riaradh aige a bheith dócmhainneach.
(3) Ní oibreoidh an t-alt seo, ná alt 251 den Irish Bankrupt and Insolvent Act, 1857, sa mhéid go mbaineann sé le fritháireamh fiacha breithiúnais a bheidh dlite ó fhéimheach agus dó, ach amháin maidir le fiacha a shásamh, agus, chun gach críche (agus forléiriú polasaithe árachais a áireamh) seachas an chríoch a dúradh, áireofar breithiúnas mar ní a bhunaíonn fiach, dualgas, oibleagáid agus dliteanas i leith méid iomlán an bhreithiúnais ionann is dá mba rud é nach raibh aon fhritháireamh ann, agus chun na gcríocha eile sin measfar fiach (cibé acu trí bhreithiúnas nó eile é) a bheith íoctha ag an bhféichiúnaí breithiúnais sa mhéid go mbeidh fiach á fhritháireamh ina choinne.
(4) D'ainneoin aon ní in alt 62, i gcás ina ndéanfar éilefmh i gcoinne duine a bheidh faoi árachas i leith dliteanais a líomhnaíodh san éileamh sin agus go n-íocfaidh an t-árachóir an t-éileamh ar asbhaint a dhéanamh i leith suime a bheidh dlite don duine árachaithe ón duine a rinne an t-éileamh sin, beidh an duine árachaithe nó aon duine a bheidh ag feidhmiú ar a shon nó a ghabhann teideal faoi i dteideal méid na hasbhainte sin a ghnóthú ó na hárachóirí.
Urbhac i gcás faillí rannpháirteach.
37.—(1) I gcás ina laghdófar a dhamáiste ar ghearánaí faoi fho-alt (1) d'alt 34 mar gheall ar fhaillí rannpháirteach agus go dtionscnóidh an cosantóir caingean ina dhiaidh sin i gcoinne an ghearánaí i leith damáiste a tháinig de na fíorais chéanna, beidh cinneadh an dliteanais agus cionroinnt na héagóra sa chéad chaingean ina gceangal idir na páirtithe sa dara caingean.
(2) Beidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo idir dhá pháirtí d'ainneoin ceann amháin acu a bheith ina pháirtí sa dá chaingean i gcáileanna éagsúla.
Dliteanas éagóiritheoirí comhthráthacha i gcás an gearánaí a bheith ciontach i bhfaillí rannpháirteach.
38.—(1) I gcás ina dtionscnófar caingean i gcoinne duine amháin nó níos mó de líon éagóiritheóirí comhthráthacha ag duine díobháilte a gheofar sa chaingean sin a bheith ciontach i bhfaillí rannpháirteach agus go gcinnfear é a bheith cóir cothromasach damáistí an ghearánaí a laghdú faoi fho-alt (1) d'alt 34 ag féachaint dá fhaillí rannpháirteach, ní bheidh an breithiúnas i gcoinne éagóiritheora amháin ina bhreithiúnas le haghaidh iomlán na ndamáistí is inghnóthaithe ag an ngearánaí ach cinnfidh an chúirt céimsí lochta, faoi seach, an ghearánaí agus na gcosantóirí uile in éileamh an ghearánaí tráth an bhreithiúnais agus fágfaidh as an áireamh céimsí lochta daoine nach cosantóirí den sórt sin agus tabharfaidh sí don ghearánaí breithiúnas leithleach i gcoinne gach cosantóra le haghaidh cibé cuid chionroinnte dá dhamáistí iomlána a mheasfaidh an chúirt a bheith cóir cothromasach ag féachaint do chéimsí lochta an chosantóra sin arna gcinneadh mar a dúradh.
(2) Tráth ar bith laistigh den tréimhse a cheaptar le dlí chun breithiúnais a chur i bhfeidhm agus ar an ngearánaí a chruthú gur theip air, tar éis bearta réasúnacha a dhéanamh, sásamh aon bhreithiúnais a fháil go hiomlán nó go páirteach, beidh de chead ag an ngearánaí breithiúnais thánaisteacha a iarraidh a mbeidh d'éifeacht leo an t-easnamh a roinnt ar na cosantóirí eile i cibé cionúireachtaí a bheidh cóir cothromasach.
(3) Ní bheidh feidhm ag an alt seo i gcás duine amháin de na héagóiritheoirí atá ina gcosantóirí a bheith freagrach i ngníomhartha duine eile díobh; beidh éagóiritheoirí den chineál sin, faoi réir fho-alt (1) d'alt 34, faoi dhliteanas ag an ngearánaí i leith rannchoda amháin dá dhamáistí.
(4) Tar éis breithiúnas a bheith tugtha de réir fho-alt (1) den alt seo, ní bheidh an gearánaí i dteideal an dara caingean ná caingean ina dhiaidh sin a thionscnamh i gcoinne éagóiritheora chomhthráthaigh nár tugadh breithiúnas ina choinne, mura sásóidh sé an chúirt sa chaingean sin nach bhféadfaidh sé go réasúnach uamadh leis an éagóiritheoir sin mar chomhchosantóir sa chéad chaingean.
(5) Nuair a bheidh an dara caingean sin nó an caingean sin ina dhiaidh sin á tosú ag an ngearánaí beidh dualgas air i leith na n-éagóiritheoirí ar éirigh le hagairt ina gcoinne cheana, agus a mbeidh ceart ranníoca acu i gcoinne an éagóiritheora atá anois á agairt nó le hagairt, bearta réasúnacha a dhéanamh chun fógra i dtaobh an dara caingean sin nó na caingne sin ina dhiaidh sin a thabhairt dóibh ceithre lá dhéag ar a laghad sula dtionscnófar imeachtaí sa chaingean sin nó a luaithe is féidir go réasúnach tar éis tosach na tréimhse sin.
(6) Beidh de cheart ag éagóiritheoir a gheobhaidh an fógra sin bheith ina chomhghearánaí sa chaingean más rud é nach mbeifear tar éis na himeachtaí a thionscnamh agus in aon chás eile cead a iarraidh ar an gcúirt é a uamadh mar chomhghearánaí nó caingne a chomhdhlúthú; agus aon éagóiritheoir a loicfidh go míréasúnach in aon cheann de na bearta a dúradh a dhéanamh beidh sé faoi urchosc óna cheart ranníoca.
(7) Má éiríonn leis an ngearánaí sa dara caingean sin nó sa chaingean sin ina dhiaidh sin, beidh teideal aige chun na difríochta idir iomlán na ndamáistí a dámhadh dó sa bhreithiúnas nó sna breithiúnais roimhe sin agus iomlán na ndamáistí is dóigh leis an gcúirt a dhámhfaí dá mbeadh an t-éagóiritheoir sin uamtha leis an gcosantóir nó leis na cosantóirí roimhe sin mar chomhchosantóir sa chaingean nó sna caingne roimhe sin; agus beidh sé ina theannta sin i dteideal na forála a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo: ar choinníoll—
(a) nach dtabharfaidh aon ní san fho-alt seo teideal do ghearánaí níos mó a ghnóthú ón éagóiritheoir sin ná mar a d'fhéadfadh sé a ghnóthú dá mba nár thionscain sé an chaingean nó na caingne sin roimhe sin;
(b) nach gcoiscfidh aon ní san fho-alt seo an t-éagóiritheoir sin ó aon saincheist a dhíospóid a mbeidh teideal aige in aon slí eile chun í a dhíospóid agus, má chinntear gur lú damáistí an ghearánaí ná mar a mheas an chúirt sa chaingean nó sna caingne roimhe sin, nach mbeidh an t-éagóiritheoir sin faoi dhliteanas i leith níos mó ná a cheart-chionúireacht amhail idir é féin an gearánaí agus an cosantóir nó na cosantóirí roimhe sin de na damáistí a chinnfear amhlaidh;
(c) go bhféadfaidh an t-éagóiritheoir sin dá rogha féin lea a bhaint as aon ábhar a cinneadh i gcoinne an ghearána sa chaingean nó sna caingne sin roimhe sin ionann agus dá mba res judicata eatarthu an t-ábhar sin.
(8) I gcás ina ndámhfar dámáistí i gcoinne éagóiritheora de réir fhorálacha an ailt seo, féadfaidh an t-éagóiritheoir sin ranníoc a ghnóthú ó aon éagóiritheoir eile nár agraíodh san am céanna i gcás an gnóthú sin a bheith cóir cothromasach faoi réir fhorálacha Chaibidil II den Chuid seo.
(9) Ar é a bheith ag tosú na caingne sin mar gheall ar ranníoc beidh de dhualgas ar éagóiritheoir i leith an duine dhíobháilte a bhfuil ceart caingne aige i gcoinne an ranníocóra, agus i leith na n-éagóiritheoirí eile ar éirigh cheana féin leis an duine díobháilte ina agra ina gcoinne agus a bhfuil ceart ranníoca acu i gcoinne an ranníocóra, bearta réasúnacha a dhéanamh chun fógra a thabhairt dóibh i dtaobh na caingne sin mar gheall ar ranníoc ceithre lá dhéag ar a laghad sula dtionscnófar imeachtaí sa chaingean sin nó a luaithe is féidir go réasúnach tar éis tosach na tréimhse sin.
(10) Beidh na cearta a shonraítear i bhfo-alt (6) den alt seo ag an duine díobháilte nó ag éagóiritheoir a gheobhaidh fógra den sórt sin agus má fhaillíonn sé go míréasúnach leas a bhaint as a chearta beidh sé urchoiscthe óna cheart caingne mar gheall ar dhamáistí nó mar gheall ar ranníoca de réir mar a bheidh.
(11) I gcás ina dtionscnóidh an duine díobháilte an dara caingean nó caingean ina dhiaidh sin de réir fhorálacha an ailt seo, agus i gcás ina dtionscnóidh éagóiritheoir caingean ag iarraidh ranníoca mar a fhoráiltear i bhfo-alt (8) den alt seo, beidh na páirtithe sa chaingean faoi cheangal ag an gcionroinnt lochta a rinneadh sa chaingean nó sna caingne roimhe sin: ach ní bheidh an cosantóir faoi cheangal ag an gcionroinnt sin i gcás socrú a bheith le déanamh chun aon easnamh a roinnt más é is cúis leis an easnamh sin nach bhfuarthas sásamh aon bhreithiúnais go hiomlán nó go páirteach ó dhuine de na héagóiritheoirí a agraíodh cheana.
(12) I gcás—
(a) ina n-agróidh an gearánaí éagóiritheoir amháin agus mar gheall ar é d'fháil breithiúnais mhainneachtana nó mar gheall ar an gcúirt d'obadh d'fhaillí rannpháirteach, go ngnóthóidh an gearánaí breithiúnas le haghaidh iomlán a dhamáistí i gcoinne an éagóiritheora sin, agus
(b) go n-agróidh an gearánaí ina dhiaidh sin éagóiritheoir eile a chinnfear a bheith ina éagóiritheoir comhthráthach i dteannta an chéad éagóiritheora, agus go gcinnfear go raibh an gearánaí freisin ciontach i bhfaillí rannpháirteach maidir leis an mbeirt éagóiritheoirí,
beidh an dara cosantóir a agrófar i dteideal creidiúnais i leith cionúireachta den tsuim a fuarthas ón gcéad chosantóir a agraíodh is ionann agus an chionúireacht den damáiste a breithníodh a bheith le híoc ag an ngearánaí amhail idir é féin agus an dara cosantóir a agrófar agus i gcás ró-íocaíochta beidh sé i dteideal aisíocaíochta.
Féimheacht éagóiritheora amháin.
39.—I gcás ina léireofar don Chúirt—
(a) gur féimheach éagóiritheoir amháin a mbeidh breithiúnas tugtha ina fhabhar nó gur dóigh go dtiocfaidh dó bheith ina fhéimheach, nó
(b) gurb eastát dócmhainneach, nó go bhféadfadh sé gurb ea, eastát éagóiritheora amháin a mbeidh breithiúnas tugtha chun tairbhe dó,
déanfar socrú chun a áirithiú nach bhféadfaidh an t-éagóiritheoir céadluaite sin nó an t-eastát sin, de réir mar a bheidh, gnóthú sa mhéid go mbeidh an t-éagóiritheoir nó an t-eastát faoi dhliteanas ag páirtí eile nó go comhiomlán ag páirtithe eile mar gheall ar an tionóisc, an teagmhas nó an idirbheart céanna; agus chuige sin déanfar, nuair is gá sin, breithiúnas i bhfabhar an éagóiritheora nó chun tairbhe don eastát a astú go hiomlán nó go páirteach chun tairbhe do pháirtí eile a mbeidh breithiúnas tugtha ina fhabhar.
Cinntí speisialta.
40.—(1) I gcás ina ndámhfar damáistí do dhuine ar bith de bhua fho-alt (1) d'alt 34, déanfaidh an giúiré nó mura mbeidh aon ghiúiré ann déanfaidh an breitheamh nó an t-eadránaí na nithe seo a leanas a chinneadh agus a thaifeadadh—
(a) iomlán na ndamáistí a dhámhfaí dá mba nach raibh faillí rannpháirteach ann;
(b) i gcás ina laghdófar damáistí an ghearánaí faoin bhfo-alt sin, an chionúireacht de na damáistí sin nach ndámhfar don ghearánaí agus an chionúireacht is iníoctha ag an gcosantóir, nó na cionúireachtaí faoi seach is iníoctha ag gach duine de na cosantóirí má bhíonn níos mó ná cosantóir amháin ann arna lua i ngach cás mar chéatadán de locht iomlán an ghearánaí agus an chosantóra nó na gcosantóirí;
(c) cé hé gach duine ar rannchuidigh a fhaillí, a easpa cúraim nó aireachais, nó a éagóir le damáiste agus cé dó a tharla an damáiste agus cad é an damáiste é, agus cad iad na dóigheanna inar tharla sé.
(2) Beidh de dhualgas ar an mbreitheamh nó ar an eadránaí na ríomhaireachtaí is gá a dhéanamh tar éis na nithe sin a chinneadh.
Cúirteanna dlínse teoranta.
41.—I gcás ina dtionscnófar caingean i gcúirt dlínse teoranta, féadfaidh an chúirt damáistí a dhámhadh suas go teorainn a dlínse, fiú má laghdaíodh na damáistí sin roimh ré faoi fho-alt (1) d'alt 34 mar gheall ar fhaillí rannpháirteach an ghearánaí.
Costais i gcásanna faillí rannpháirteach.
42.—Mar phrionsabal ginearálta, ach gan sin a bheith ag cur teorann leis an mbreitheamh agus é ag déanamh a rogha nuair a dhámhfar damáistí ar éileamh agus ar fhrithéileamh atá i ngach cás faoi réir laghdú mar gheall ar fhaillí rannpháirteach faoi fho-alt (1) d'alt 34, dámhfar costais sna cionúireachtaí céanna le damáistí.
Caibidil IV
Ginearálta
Feidhm i gcás sárú ar dhualgas beacht.
43.—Nuair a bheidh méid an ranníoca nó an laghdaithe ar dhamáistí faoi fho-alt (1) d'alt 34 mar gheall ar fhaillí rannpháirteach á chinneadh ag an gcúirt, féadfaidh an chúirt a chur san áireamh nach raibh i bhfaillí nó in éagóir duine amháin ach sárú ar dhualgas beacht faoin dlí reachtúil nó faoin dlí coiteann gan locht, agus féadfaidh sí dá réir sin a chinneadh nach bhfuil sé cóir cothromasach aon chuid den damáiste a chur ar an duine sin.
Tréimhsí cinnteachta aontaobhacha.
44.—Más rud é, in aon éileamh ar ranníoc idir éagóiritheoirí, nó in aon chás lena mbaineann fo-alt (1) d'alt 34, go seachnóidh an cosantóir dliteanas i leith an ghearánaí trí Reacht na dTréimhsí nó aon achtachán cinnteachta eile a phléadáil, ní bheidh an cosantóir ná aon duine eile a bheidh freagrach ina ghníomhartha i dteideal aon damáistí ná ranníoc a ghnóthú ón ngearánaí.
Cúiteamh.
45.—(1) Má tharlaíonn, i gcásanna a thagann faoi réim alt 16 nó 17 nó faoi réim fho-alt (1) d'alt 35, nach ndéanfaidh an gearánaí, toisc é a bheith ainbhiosach ar na fíorais, tairbhe na bhforálacha iontu sin a éileamh, beidh de cheart ag an gcosantóir, d'ainneoin breithiúnas a bheith tugtha i bhfabhar an ghearánaí, go n-aisíocfaidh an gearánaí leis cibé suim nár chóir a bheith gnóthaithe ag an ngearánaí de bhua na bhforálacha sin.
(2) Má tharlaíonn, toisc gan sásamh aon bhreithiúnais a fháil go hiomlán nó go páirteach ó aon éagóiritheoir áirithe, go gcaithfidh éagóiritheoirí comhthráthacha eile cion de dhamáiste an ghearánaí a íoc is mó ná mar a chaithfeadh mura mbeadh sin, nó go gcaithfidh siad suim a íoc mar ranníoc is mó ná mar a chaithfeadh mura mbeadh sin, beidh ceart acu i gcoinne an éagóiritheora sin chun a gcúitithe i méid na difríochta.
Cásanna muirí.
46.—(1) (a) Má tharlaíonn, trí locht dhá árthach nó níos mó, go ndéanfar damáiste do cheann amháin nó níos mó de na hárthaí sin nó d'árthach eile nó do lasta aon árthaigh acu sin nó d'aon mhaoin ar bord, agus go dtionscnófar caingean mar gheall ar an damáiste sin, beidh dliteanas gach árthaigh acu i leith an damáiste sin i gcomhréir leis an gcéimse lochta a bhí ar an árthach áirithe agus dá réir sin ní bheidh aon cheart ranníoca ann maidir leis an dliteanas cionroinnte sin: ar choinníoll—
(i) más rud é, ag féachaint d'imthosca uile an cháis, nach féidir céimsí éagsúla lochta a shuíomh, go gcionroinnfear an dliteanas go cothrom ar na hárthaí ar a raibh locht;
(ii) nach ndéanfaidh aon ní san fho-alt seo difir do dhliteanas aon duine faoi chonradh iompair nó faoi chonradh ar bith, ná nach bhforléireofar é mar ní a chuir duine ar bith faoi aon dliteanas óna mbeidh sé díolmhaithe le haon chonradh nó le haon fhoráil dlí, ná mar ní a dhéanann difir do cheart aon duine chun a dhliteanas a theorannú sa tslí a fhoráiltear le dlí.
(b) Chun críocha mhír (a) den fho-alt seo ciallóidh dliteanas árthaigh i leith damáiste dliteanas na ndaoine a bheidh freagrach san árthach a loingsiú agus a bhainistí i gceart.
(c) Ní bheidh feidhm ag mír (a) den fho-alt seo maidir le héileamh i leith ciorrú saoil ná i leith díobhálacha pearsanta.
(2) Má tharlaíonn, mar gheall ar locht aonarach nó comhthráthach árthaigh, go ndéanfar damáiste don árthach sin nó d'árthach eile nó don lasta nó d'aon mhaoin a bheidh ar bord ceachtar árthaigh, nó go gciorrófar saol aon duine nó go ndéanfar díobháil phearsanta d'aon duine ar bord ceachtar árthaigh, ansin, faoi réir fho-alt (3) den alt seo, ní bheidh aon chaingean inchothaithe chun éileamh ar dhamáistí nó lian i leith an damáiste, an chiorrú saoil nó na díobhála sin a chur i bhfeidhm, mura dtionscnófar imeachtaí laistigh de dhá bhliain ón dáta a rinneadh an damáiste, an ciorrú saoil nó an díobháil sin; agus ní hinchothaithe caingean á iarraidh go gcuirfear i bhfeidhm aon éileamh ar ranníoc i leith cionúireachta ró-íoctha d'aon damáistí mar gheall ar chiorrú saoil nó díobhálacha pearsanta mura dtionscnófar imeachtaí laistigh de bhliain ó dháta na híocaíochta.
(3) Aon chúirt ag a mbeidh dlínse chun déileáil le caingean lena mbaineann fo-alt (2) den alt seo, féadfaidh sí, faoi réir aon rialacha cúirte, fadú a dhéanamh ar an tréimhse dá dtagraítear san fho-alt sin sa mhéid, agus faoi réir cibé coinníollacha, is cuí léi, agus déanfaidh sí, má chruthaítear chun a sástachta nach raibh aon chaoi réasúnach ann i rith na tréimhse sin chun an t-árthach atá ina cosantóir a ghabháil laistigh de dhlínse na cúirte nó in uiscí teorann na tíre lena mbaineann árthach an ghearánaí nó ina bhfuil cónaí ar an ngearánaí nó a phríomh-áit ghnó aige, fadú a dhéanamh ar aon tréimhse den sórt sin an méid is leor chun an chaoi réasúnach sin a thabhairt.
(4) Chun críocha fho-ailt (1) agus (2) den alt seo, déanfar tagairtí do dhamáiste a tharla trí locht árthaigh a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'aon chostais tarrthála nó eile, de dhroim an lochta sin, is inghnóthaithe de réir dlí mar dhamáistí agus measfar gurb ionann na costais sin agus damáiste a tharla nuair a chuathas fúthu.
(5) Cuirfear forálacha an ailt seo chun feidhme sna cásanna go léir a éistfear agus a chinnfear in aon chúirt ag a mbeidh dlínse chun an cás a thriail agus cibé uiscí inar tharla an damáiste a bheidh i gceist nó inar tugadh na seirbhísí tarrthála a bheidh i gceist nó ina ndeachthas faoi na caiteachais eile a bheidh i gceist.
(6) Forléireofar an t-alt seo agus na hAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1952, mar aon ní amháin.
CUID IV
Díobhalacha Marfacha
Mínithe (Cuid IV).
47.—(1) Sa Chuid seo—
ciallaíonn “cleithiúnaí”, maidir le duine ar gníomh éagórach is cúis lena bhás, aon duine de theaghlach an éagaigh a fhulaingeoidh díobháil nó anbhuain meabhrach;
ciallaíonn “duine den teaghlach” banchéile, fearehéile, athair, máthair, seanathair, seanmháthair, leasathair, leasmháthair, mac, iníon, ua, banua, leasmhac, leasiníon, deartháir, deirfiúr, deartháir leasghaolmhar, deirfúir leasghaolmhar;
folaíonn “gníomh éagórach” coir.
(2) Nuair a bheidh aon ghaol á ríomh chun críocha na Coda seo—
(a) measfar gur sliocht dlisteanach ar an uchtóir nó ar na huchtóirí duine a uchtaíodh faoin Acht Uchtála, 1952;
(b) faoi réir mhír (a) den fho-alt seo, measfar gur sliocht dlisteanach ar a mháthair agus ar a athair toimhdean duine mídhlisteanach;
(c) measfar gur tuismitheoir duine eile duine atá in loco parentis don duine eile sin.
Caingean i gcás bás a tharla trí ghníomh éagórach, faillí nó mainneachtain.
48.—(1) Más é is cúis le bás duine gníomh éagórach ag duine eile de shaghas a thabharfadh teideal don pháirtí a díobháladh, mura mbeadh a bhás, caingean a chothú agus damáistí a ghnóthú ina leith, beidh an duine a bheadh faoi dhliteanas amhlaidh faoi dhliteanas i leith caingne mar gheall ar dhamáistí chun tairbhe do chleithiúnaithe an éagaigh.
(2) Ní fhéadfar ach aon chaingean amháin mar gheall ar dhamáistí a thionscnamh i gcoinne an duine chéanna i leith an bháis.
(3) Féadfaidh ionadaí pearsanta an éagaigh an chaingean a chionscnamh nó, más rud é, ar bheith caite do shé mhí tar éis an bháis, nach mbeidh aon ionadaí pearsanta ann nó nach mbeidh aon chaingean tionscanta ag an ionadaí pearsanta, féadfaidh gach duine nó aon duine de na cleithiúnaithe an chaingean a thionscnamh.
(4) Cibé duine a thionscnóidh an chaingean, is caingean chun tairbhe do na cleithiúnaithe go léir a bheidh inti.
(5) Tabharfaidh an gearánaí don chosantóir sonraí ar an duine ar dó agus thar a cheann nó ar na daoine ar dóibh agus thar a gceann a bheidh an chaingean á tionscnamh agus ar an gcineál éilimh a bhfuiltear ag iarraidh damáistí a ghnóthú ina leith.
(6) Tionscnófar an chaingean laistigh de thrí bliana tar éis an bháis.
Damáistí.
49.—(1) (a) Is é a bheidh sna damáistí faoi alt 48—
(i) iomlán na suimeanna (más aon suim é) a mheasfaidh an giúire nó an breitheamh, de réir mar a bheidh, a bheith i gcoibhneas leis an díobháil a bhain de dheasca an bháis do gach duine, faoi seach, de na cleithiúnaithe ar dó nó thar a cheann a tionscnaíodh an chaingean, agus
(ii) faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, iomlán na suimeanna (más aon suim é) a mheasfaidh an breitheamh a bheidh ina gcúiteamh réasúnach in anbhuain meabhrach a bhain de dheasca an bháis do gach duine faoi leith de na cleithiúnaithe sin.
(b) Ní rachaidh iomlán aon suimeanna a dhámhfar de bhua fhomhír (ii) de mhír (a) den fho-alt seo thar míle punt.
(c) Luafar ar leithligh sa dámhachtain gach aon suim a dhámhfar de bhua mhír (a) den fho-alt seo.
(d) Ní bheidh éifeacht ag fomhír (ii) de mhír (a) den fho-alt seo ach amháin maidir le bás a tharlóidh laistigh de thrí bliana tar éis dáta an Achta seo a rith.
(2) Ina theannta sin, féadfar damáistí a dhámhadh i leith costais adhlactha agus costais eile a ndeachaigh an t-éagach, na cleithiúnaithe nó an t-ionadaí pearsanta fúthu iarbhír mar gheall ar an ngníomh éagórach.
(3) Is leor do chosantóir, agus é ag íoc airgid isteach sa chúirt sa chaingean, é a íoc in aon suim amháin mar dhamáistí le haghaidh na gcleithiúnaithe uile gan é a chionroinnt eatarthu.
(4) Déanfar an méid a ghnóthófar sa chaingean a roinnt, tar éis na costais nár gnóthaíodh ón gcosantóir a bhaint as, ar na daoine a bheidh ina theideal i cibé scaireanna a bheifear tar éis a chinneadh.
Suimeanna nach mbeidh le háireamh nuair a bheifear ag measúnú damáistí.
50.—Nuair a bheifear ag measúnú damáistí faoin gCuid seo ní chuirfear san áireamh—
(a) aon suim is iníoctha ar bhás an éagaigh faoi aon chonradh árachais,
(b) aon phinsean, aisce nó sochar eile dá leithéid is iníoctha faoi reacht nó ar shlí eile mar gheall ar bhás an éagaigh.
Tagairtí do na Fatal Accidents Acts, 1846 to 1908, a oiriúnú.
51.—Déanfar tagairt in aon achtachán do na Fatal Accidents Acts, 1846 to 1908, nó d'aon Acht díobh sin a fhorléiriú mar thagairt don Chuid seo.
CUID V
Leasuithe ar na hAchtanna um chúiteamh do lucht oibre, 1934 go 1955
Mínithe (Cuid V). 1934, Uimh. 9. 1953, Uimh. 25.
52.—Sa Chuid seo—
ciallaíonn “Acht 1934” an tAcht um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934;
ciallaíonn “Acht 1953” an tAcht um Chúiteamh do Lucht Oibre (Leasú), 1953;
tá le “fostóir” agus “oibrí” an bhrí chéanna atá leo sna hAchtanna um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 go 1955.
Leasuithe ar alt 60 d'Acht 1934.
53.—(1) San alt seo ciallaíonn “alt 60” alt 60 d'Acht 1934.
(2) Déantar leis seo alt 60 a leasú tríd an bhfo-alt nua seo a leanas a chur isteach ann i ndiaidh fho-alt (3)—
“(3A) Más rud é—
(a) laistigh den aimsir a cheaptar leis an Acht seo chun imeachtaí a thionscnamh faoin Acht seo, go dtionscnófar caingean chun damáistí a ghnóthú gan spleáchas leis an Acht seo i leith díobhála nó galair nó báis as a dtiocfaidh éileamh ar chúiteamh faoin Acht seo, agus
(b) go gcinnfear sa chaingean—
(i) go mbeidh damáistí inghnóthaithe gan spleáchas leis an Acht seo faoi réir laghdú mar a luaitear i bhfo-alt (1) d'alt 34 den Acht um Dhliteanas Sibhialta, 1961, agus
(ii) go mbeadh an fostóir faoi dhliteanas cúiteamh a íoc faoin Acht seo,
féadfaidh an gearánaí iarratas a dhéanamh chun na cúirte ina mbeidh an chaingean á triail nó, más cinneadh (ar achomharc ó cheachtar páirtí) ag binse achomhairc a bheidh ann, chun an bhinse achomhairc sin á iarraidh go ndéanfaí an cúiteamh sin a mheasúnú agus a dhámhadh, agus má dhéanann an gearánaí amhlaidh beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas—
(I) rachaidh an chúirt nó an binse achomhairc sin (de réir mar a bheidh) i mbun an cúiteamh sin a mheasúnú, ach féadfaidh an chúirt nó an binse sin an t-iomlán nó aon chuid de na costais a tháinig, de réir bhreithiúnas na cúirte nó an bhinse sin, as an gcaingean a bheith tionscanta ag an ngearánaí in ionad imeachtaí faoin Acht seo a bhaint den chúiteamh sin,
(II) ní ghnóthófar aon damáistí sa chaingean.”
(3) I bhfo-alt (4) d'alt 60, cuirfear “faoi fho-alt (3) nó faoi fho-alt (3A) den alt seo” in ionad “fén bhfo-alt san roimhe seo”.
(4) I bhfo-alt (5) d'alt 60, cuirfear “nó faoi fho-alt (3A)” isteach i ndiaidh “fé fho-alt (3)”.
(5) Leasaítear leis seo alt 60 tríd an bhfo-alt nua seo a leanas a chur isteach ann i ndiaidh fho-alt (5)—
“(5A) Beidh feidhm ag fo-alt (3A) den alt seo maille leis na hoiriúnuithe is gá in aon chás ina mbeidh cúiteamh inghnóthaithe faoi scéim arna deimhniú nó arna déanamh faoin Acht seo, má chuireann an scéim an t-alt seo chun feidhme nó má bhíonn aon fhoráil inti a bheidh cosúil leis an alt seo.”
(6) I bhfo-alt (6) d'alt 60 (is é sin, an fo-alt a cuireadh leis an alt sin le halt 6 d'Acht 1953) forléireofar an tagairt do dhamáistí mar thagairt a fholaíonn tagairt do dhamáistí faoi réir laghdaithe a luaitear i bhfo-alt (1) d'alt 34.
(7) Ní bheidh feidhm ag na leasuithe a dhéantar leis na fo-ailt roimhe seo den alt seo in aon chás inar tharla an tionóisc ba chúis leis an éileamh roimh dháta an Achta seo a rith.
Leasú ar alt 61 d'Acht 1934.
54.—(1) I gcás ina mbeidh oibrí nó a ionadaí pearsanta nó a chleithiúnaí nó duine eile tar éis cúiteamh a ghnóthú faoi na hAchtanna um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 go 1955, nó faoi aon scéim arna deimhniú faoi Acht 1934 i leith díobhála a rinneadh in imthosca a thabharfadh ceart chun damáistí laghdaithe a ghnóthú i leith an chéanna de bhua fho-alt (1) d'alt 34 ó dhuine éigin seachas an fostóir (dá ngairtear an tríú páirtí san fho-alt seo), ní bheidh sa cheart a thugtar le halt 61 d'Acht 1934, don duine lenar íocadh an cúiteamh nó d'aon duine ar iarradh air slánaíocht a íoc faoi alt 19 d'Acht 1934, chun slánaíocht a fháil ón tríú páirtí ach ceart chun slánaíocht a fháil i leith na coda sin amháin den suim a d'íoc an duine sin nó is iníoctha aige amhlaidh a mbeidh idir í agus iomlán na suime a íocadh nó is iníoctha amhlaidh an coibhneas céanna a bheidh idir na damáistí laghdaithe sin agus iomlán na ndamáistí ab inghnóthaithe dá mba nach raibh an t-oibrí faillíoch.
(2) I bhfomhír (ii) de mhír (aa) d'alt 61 d'Acht 1934 (is é sin, an mhír a cuireadh leis an alt sin le halt 7 d'Acht 1953), forléireofar an tagairt do dhamáistí mar thagairt a fholaíonn tagairt do dhamáistí faoi réir laghdaithe a luaitear i bhfo-alt (1) d'alt 34.
(3) Ní bheidh feidhm ag na leasuithe a dhéantar leis na fo-ailt roimhe seo den alt seo in aon chás inar tharla an tionóisc roimh dháta an Achta seo a rith.
CUID VI
Leasú ar an Acht um Aer-Loingseoireacht Agus Aer-Iompar, 1936
Alt 18 d'Acht 1936 a athachtú maille le leasuithe.
55.—Cuirfear an t-alt seo a leanas in ionad alt 18 d'Acht 1936—
“Dliteannas iompróra i gcás paisinéir d'fháil bháis. | 18.—(1) (a) San alt seo— ciallaíonn ‘cleithiúnaí’, maidir le paisinéir a ndéantar dliteanas i leith a bháis a chur ar iompróir le hAirteagal 17 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, aon duine de theaghlach an éagaigh a fhulaingeoidh díobháil nó anbhuain meabhrach; ciallaíonn ‘duine de theaghlach’ banchéile, fearchéile, athair, máthair, seanathair, seanmháthair, leasathair, leasmháthair, mac, iníon, ua, banua, leasmhac, leasiníon, deartháir, deirfiúr, deartháir leas-ghaolmhar, deirfiúr leas-ghaolmhar. (b) Nuair a bheidh aon ghaol á ríomh chun críocha an ailt seo— (i) measfar gur sliocht dlisteanach ar an uchtóir nó ar na huchtóirí duine a uchtaíodh faoin Acht Uchtála, 1952; (ii) faoi réir fhomhír (i) den mhír seo, measfar gur sliocht dlisteanach ar a mháthair agus ar a athair toimhdean duine mídhlisteanach; (iii) measfar gur tuismitheoir duine eile duine atá in loco parentis don duine eile sin. |
(2) Aon dliteanas chun damáistí a íoc a fhorchuirtear le hAirteagal 17 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ar iompróir i leith báis paisinéara is dliteanas é in ionad aon dliteanais de chuid an iompróra i leith bais an phaisinéara sin faoi aon reacht (lena n-áirítear Cuid IV den Acht um Dhliteanas Sibhialta, 1961) nó faoin dlí coiteann, agus beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir leis an gcaingean chun an dliteanas a fhorchuirtear amhlaidh a chur i bhfeidhm— (a) beidh an dliteanas inchurtha i bhfeidhm chun tairbhe do chleithiúnaithe an phaisinéara; (b) ní fhéadfar ach aon chaingean amháin mar gheall ar dhamáistí a thionscnamh sa Stát i gcoinne an duine chéanna i leith an bháis; (c) féadfaidh ionadaí pearsanta an phaisinéara an chaingean a thionscnamh nó, más rud é, ar bheith caite do shé mhí tar éis an bháis, nach mbeidh aon ionadaí ann nó nach mbeidh aon chaingean tionscanta ag an ionadaí pearsanta, féadfaidh gach duine nó aon duine de na cleithiúnaithe an chaingean a thionscnamh; (d) cibé duine a thionscnóidh an chaingean, is é a bheidh inti caingean chun tairbhe do na cleithiúnaithe go léir a bhfuil cónaí orthu sa Stát nó, mura bhfuil cónaí orthu sa Stát, a chuirfidh in iúl go dteastaíonn uathu tairbhe na caingne a fháil; (e) tabharfaidh an gearánaí don chosantóir sonraí ar na daoine ar dóibh agus thar a gceann a bheidh an chaingean á tionscnamh; (f) faoi réir mhír (n) den fho-alt seo— (i) is é a bheidh sna damáistí iomlán na suimeanna (más aon suim é) a mheasfaidh an giúiré nó an breitheamh, de réir mar a bheidh, a bheith i gcoibhneas leis an díobháil a bhain de dheasca an bháis do gach duine de na cleithiúnaithe, faoi seach, ar dó nó thar a cheann a tionscnaíodh an chaingean, agus (ii) faoi réir mhír (g) den fho-alt seo, iomlán na suimeanna (más aon suim é) a mheasfaidh an breitheamh a bheith ina gcúiteamh réasúnach in anbhuain meabhrach a bhain de dheasca an bháis do gach duine de na cleithiúnaithe sin; (g) ní rachaidh iomlán aon suimeanna a dhámhfar de bhua fhomhír (ii) de mhír (f) den fho-alt seo thar míle punt; (h) luafar ar leithligh sa dámhachtain gach aon suim a dhámhfar de bhua mhír (f) den fho-alt seo; (i) ní bheidh éifeacht ag fomhír (ii) de mhír (f) den fho-alt seo ach amháin maidir le bás a tharlóidh laistigh de thrí bliana tar éis dáta an Achta um Dhliteanas Sibhialta, 1961, a rith; (j) ina theannta sin, féadfar damáistí a dhámhadh i leith costais adhlactha agus costais eile a ndeachaigh an paisinéir, na cleithiúnaithe nó an t-ionadaí pearsanta fúthu iarbhír mar gheall ar an tionóisc ba chúis le bás an phaisinéara; (k) is leor don chosantóir, agus é ag íoc airgid isteach sa chúirt sa chaingean, é a íoc in aon suim amháin mar dhamáistí le haghaidh na gcleithiúnaithe uile gan é a chionroinnt eatarthu; (l) déanfar an méid a ghnóthófar sa chaingean a roinnt, tar éis na costais nár gnóthaíodh ón gcosantóir a bhaint de, ar na daoine a bheidh ina theideal i cibé scaireanna a bheidh an giúiré nó an breitheamh, de réir mar a bheidh, tar éis a chinneadh; (m) nuair a bheifear ag measúnú na ndamáistí ní chuirfear san áireamh aon suim is iníoctha ar bhás an phaisinéara faoi aon chonradh árachais ná aon phinsean, aisce nó sochar eile dá leithéid is iníoctha faoi reacht nó ar shlí eile mar gheall ar bhás an éagaigh; (n) féadfaidh an chúirt a dtabharfar an chaingean os a comhair, ag céim ar bith de na himeachtaí, cibé ordú a dhéanamh a fheicfear don chúirt a bheith cóir cothromasach ag féachaint do na forálacha den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chuireann teorainn le dliteanas an iompróra agus ag féachaint d'aon imeachtaí a tionscnaíodh, nó is dóigh a thionscnófar, lasmuigh den Stát mar gheall ar bhás paisinéara.” |
CUID VII
Ilghnéitheach
An riail faoin gcaoi dheireanach a chur ar neamhní.
56.—Chun críocha fho-alt (1) d'alt 34 agus fho-alt (1) d'alt 46, más rud é i gcás duine ar bith—
(a) go raibh caoi aige iarmairtí gnímh aon duine eile a sheachaint ach, le faillí nó míchúram, nach ndearna sé é sin, nó
(b) go bhféadfadh sé na hiarmairtí sin a sheachaint trí chúram a ghlacadh, nó
(c) go bhféadfadh sé na hiarmairtí sin a sheachaint mura mbeadh faillí agus easpa cúraim dá chuid roimh ré,
ní bheidh sin, ann féin, ina fhoras lena chinneadh nach é gníomh an duine eile sin ba chúis leis an damáiste.
Deireadh le cosaintí.
57.—(1) Ní cosaint é i gcaingean toirt a shuíomh go bhfuil sárú ar an dlí sibhialta nó ar an dlí coiriúil déanta ag an ngearánaí agus é sin amháin a shuíomh.
(2) Ní cosaint i gcaingean mar gheall ar shárú dualgais reachtúil a shuíomh go ndearna an cosantóir comhlíonadh an dualgais a tharmligean chun an ghearánaí agus é sin amháin a shuíomh.
Eagóracha ar leanbh neamhshaolaithe.
58.—D'fhonn amhras a sheachaint dearbhaítear leis seo go mbeidh feidhm ag an dlí a bhaineann le héagóracha i gcás linbh neamhshaolaithe chun an leanbh sin a chosaint ionann is dá mbeadh an leanbh saolaithe, ar choinníoll go saolófar an leanbh ina bheatha ina dhiaidh sin.
Dliteanas an Aire Airgeadais mar gheall ar fheithicil inneallghluaiste a úsáid go faillíoch.
59.—(1) I gcás éagóir a dhéanamh trí úsáid feithicle inneallghluaiste leis an Stát, beidh an tAire Airgeadais faoi dhliteanas i leith caingne mar gheall ar dhamáistí de dheasca damáiste a tháinig den éagóir ionann is dá mba é an tAire Airgeadais úinéir na feithicle agus, chun críocha an dliteanais sin, measfar an duine a d'úsáid an fheithicil a bheith ina sheirbhíseach ag an Aire Airgeadais sa mhéid go raibh an duine sin ag gníomhú i gcúrsa a dhualgais nó a fhostaíochta.
(2) Féadfar imeachtaí a thionscnamh i gcoinne an Aire Airgeadais de bhua an ailt seo gan fiat an Ard-Aighne a fháil.
(3) Ní oibreoidh aon ní n alt seo chun aon duine a shaoradh ó dhliteanas i leith damáis a thiocfaidh dá éagóir féin.
(4) Chun críocha an ailt seo, measfar maidir le feithicil inneallghluaiste nach leis an Stát, gur feithicil inneallghluaiste leis an Stát í—
(a) le linn a húsáidte agus í faoi urghabháil ag duine i seirbhís an Stáit i gcúrsa a dhualgais nó a fhostaíochta, nó
(b) le linn a húsáidte ag comhalta den Gharda Síochána nó ag oifigeach d'aon Aire chun an fheithicil a thástáil, a aistriú nó a lonnú de bhun an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1961, nó aon rialacháin faoin Acht sin.
(5) San alt seo—
ciallaíonn “feithicil inneallghluaiste” feithicil atá beartaithe nó oiriúnaithe chun a gluaiste le córacha meicniúla, lena n-áirítear—
(a) rothar nó trírothach, le gabhálas chun é a ghluaiseacht le cumhacht mheicniúil, cibé acu a dhéantar nó nach ndéantar an gabhálas a úsáid,
(b) feithicil a ghluaistear le córacha leictreacha nó le córacha idir leictreach agus mheicniúil;
folaíonn “úsáid” coinneáil ina seasamh nó fágáil ina seasamh.
Dliteanas ar údarás bóithre toisc gan bóthar poiblí a chothabháil.
60.—(1) Beidh údarás bóithre faoi dhliteanas mar gheall ar dhamáiste a tharlóidh toisc nach ndearna siad bóthar poiblí a chothabháil go leordhóthanach.
(2) In imeachtaí faoin alt seo, is cosaint don údarás bóithre a chruthú—
(a) gur thug siad leor-rabhadh go raibh an bóthar ina chontúirt do thrácht, nó
(b) gur ghlac siad cúram réasúnach chun a áirithiú nach mbeadh an bóthar ina chontúirt do thrácht, nó
(c) nach raibh caoi réasúnach acu an rabhadh sin a thabhairt nó an cúram sin a ghlacadh, nó
(d) gur de dheasca éagóra a rinne aon duine eile seachas an t-údarás bóithre a tharla an damáiste.
(3) Nuair a bheifear á chinneadh an raibh bóthar á chothabháil go leordhóthanach, tabharfar aird shonrach ar na nithe seo a leanas—
(a) déanamh an bhóthair agus an caighdeán cothabhála ab iomchuí do bhóthar den déanamh sin,
(b) an trácht a bhíonn ar an mbóthar,
(c) an riocht a mbeadh súil ag duine réasúnach a bheith ar an mbóthar sin.
(4) Nuair a bheifear á chinneadh an raibh caoi réasúnach ag údarás bóithre rabhadh a thabhairt go raibh an bóthar ina chontúirt do thrácht nó ar ghlac siad cúram réasúnach chun a áirithiú nach raibh bóthar ina chontúirt do thrácht, tabharfar aird ar an gcaighdeán maoirseachta ba réasúnach do bhóthar dá leithéid.
(5) San alt seo—
ciallaíonn “údarás bóithre” comhairle contae, bardas contaebhuirge nó buirge eile agus comhairle cheantair uirbigh;
ciallaíonn “bóthar poiblí” bóthar ar údarás bóithre atá freagrach ina chothabháil agus folaíonn sé aon droichead, píopa, áirse, lintéar, cosán, pábháil, fál, ráille nó balla is cuid den bhóthar sin agus arb é an t-údarás bóithre atá freagrach ina chothabháil.
(6) Ní bhainfidh an t-alt seo le damáiste de dheasca teagmhas a tharla roimh dháta an ailt seo a theacht i ngníomh.
(7) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá, nach luaithe ná an 1ú lá d'Aibreán, 1967, a shocrófar chuige sin le hordú ón Rialtas.
Eilimh ar dhamáistí nó ar ranníoc i bhféimheacht a chruthú.
61.—(1) D'ainneoin aon achtachán eile nó aon riail dlí, beidh éileamh ar dhamáistí nó ar ranníoc mar gheall ar éagóir inchruthaithe i bhféimheacht más rud é gur roimh thráth na féimheachta a rinneadh an éagóir as ar tháinig an dliteanas i leith damáistí nó an ceart chun ranníoca.
(2) I gcás nach ndearnadh agus nach bhféadfar na damáistí nó an ranníoc a leachtú nó a chinntiú ar aon bhealach eile, féadfaidh an chúirt cibé ordú is cuí léi a dhéanamh chun na damáistí nó an ranníoc a mheasúnú, agus beidh an tsuim arna measúnú amhlaidh inchruthaithe ionann is dá mba fhiach í a bhí dlite tráth na féimheachta.
(3) I gcás éileamh ar ranníoc nó i leith fiach breithiúnais le haghaidh ranníoca a bheith inchruthaithe i bhféimheacht, ní ghlacfar le haon chruthúnas den sórt sin ach amháin sa mhéid gur íoc an t-éilitheoir fiach nó damáistí an duine dhíobháilte, mura rud é nach dtugann an duine díobháilte cruthú maidir leis an éagóir nó leis an bhfiach.
Usáid airgid is iníoctha faoi pholasaithe árachais áirithe.
62.—I gcás duine (dá ngairtear an duine árachaithe anseo feasta) a bhain amach polasaí árachais i leith dliteanais mar gheall ar éagóir, más duine aonair é, a theacht chun bheith ina fhéimheach nó d'fháil bháis nó, más comhlacht corpraithe é, a fhoirceannadh nó, más comhpháirtíocht nó comhlachas neamhchorpraithe eile é, a dhíscaoileadh, ní bheidh airgead is iníoctha leis an duine árachaithe faoin bpolasaí inúsáidte ach amháin ag glanadh go hiomlán gach éilimh bhailí i gcoinne an duine árachaithe a bhfuil an t-airgead sin iníoctha ina leith, agus ní sócmhainní leis an duine árachaithe aon chuid den airgead sin ná ní bheidh sé inúsáidte ag íoc fiacha an duine árachaithe (seachas na héilimh sin) san fhéimheacht nó i riaradh eastáit an duine árachaithe nó san fhoirceannadh nó sa díscaoileadh, agus ní bheidh aon éileamh den sórt sin inchruthaithe san fhéimheacht, sa riaracháin, san fhoirceannadh ná sa díscaoileadh.
Costais i gcaingne áirithe inar naí an gearánaí.
63.—(1) I gcás ina ndearna an cosantóir suim airgid a thaisceadh sa chúirt i gcaingean mar gheall ar éagóir inar naí an gearánaí, féadfaidh an gearánaí iarratas a dhéanamh chun an bhreithimh á iarraidh air a chinneadh ar chóir ghlacadh leis an tsuim airgid sin nó ar chóir an chaingean a dhul chun trialach agus—
(a) más rud é, ar aon iarratas den sórt sin, go gcinnfidh an breitheamh gur cóir an chaingean a dhul chun trialach, agus
(b) go ndámhfar suim mar dhamáistí don ghearánaí nach mó ná an tsuim a taisceadh amhlaidh,
ansin, d'ainneoin aon riail chúirte nó aon chleachtais dá mhalairt, beidh na costais sa chaingean faoi rogha an bhreithimh.
(2) Beidh ábhar achomhairc ann i gcoinne ordú an bhreithimh maidir leis na costais sa chaingean sin.
AN SCEIDEAL
Achtacháin a Aisghairtear
Cuid I
Achtanna ó Pharlaimint Shasana a cuireadh chun feidhme ar Éirinn leis an Acht ó Pharlaimint na hÉireann (10 Henry 7. c. 22 (Ir.)) a ritheadh sa bhliain 1495 agus dar teideal “An Act confirming all Statutes made in England”
Seisiún agus Caibidil | Teideal | Méid na hAisghairme |
(1) | (2) | (3) |
13 Edw. 1 (Stat. Westm. sec.). c. 23. | Writ of accompt for executors (1285). | An chaibidil iomlán. |
4 Edw. 3. c. 7. | Executors shall have an action of trespass for a wrong done to their testator (1330). | An chaibidil iomlán. |
Cuid II
Acht ó Pharlaimint na hÉireann
Seisiún agus Caibidil | Teideal | Méid na hAisghairme |
(1) | (2) | (3) |
10 Chas. 1 sess. 2 c. 5 (Ir.). | An Act for the recovery of arrearages of rent by executors of tenant in fee simple (1634). | An tAcht iomlán a mhéid atá sé gan aisghairm. |
Cuid III
Achtanna ó Pharlaimint Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann a bhí ann le déanaí
Seisiún agus Caibidil | Gearrtheideal | Méid na hAisghairme |
(1) | (2) | (3) |
3 & 4 Vic. c. 105. | Debtors (Ireland) Act, 1840. | Alt 31. |
51 & 52 Vic. c. 64. | Law of Libel Amendment Act, 1888. | Alt 5. |
1 & 2 Geo. 5. c. 57. | Maritime Conventions Act, 1911. | Ailt, 1, 2, 3, 8 agus 9. |
Cuid IV
Acht ó Oireachtas Shaorstát Éireann
Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAisghairme. |
(1) | (2) | (3) |
An tAcht um Aer-Loingseoireacht agus Aer-Iompar, 1936. | Alt 23. |
Cuid V
Achtanna ón Oireachtas.
Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAisghairme |
(1) | (2) | (3) |
An tAcht iomlán. | ||
An tAcht iomlán. | ||
Fo-alt 3 d'alt 2, agus fomhír (iii) de mhír (e) d'fho-alt (1) agus fo-alt (3) d'alt 11. | ||
Alt 4. | ||
Fo-.alt (4) d'alt 76 agus ailt 116 agus 117. |