[EN]

Uimhir 4 de 1949.


[EN]

ACHT NA dTITHE (GAELTACHT) (LEASÚ), 1949.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTA NA dTITHE (GAELTACHT), 1929, AGUS ACHTA NA dTITHE (GAELTACHT) (LEASÚ), 1934, AGUS CHUIGE SIN d'ATHGHAIRM ACHTA NA dTITHE (GAELTACHT) (LEASÚ), 1939. [9ú Márta, 1949.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Léiriú.

1.—(1) San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn an abairt “Acht 1929” Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929 (Uimh. 41 de 1929);

[EN]

na tagairtí do dheontais agus d'iasachta is tagairtí iad do dheontais agus d'iasachta faoi Acht 1929.

[EN]

(2) Léireofar mar aon ní amháin Achta na dTithe (Gaeltacht), 1929 agus 1934, agus an tAcht seo.

[EN]

Méid iomlán na ndeontas agus na n-iasacht a mhéadú.

2.—Ní raghaidh méid iomlán na ndeontas agus na n-iasacht thar naoi gcéad míle punt.

[EN]

Teoranta le méideanna na ndeontas.

3.—(1) Ní raghaidh méid aon deontais aonair i leith aon tógála, feabhsúcháin nó leathnuithe a tosnaíodh an 1ú lá de Shamhain, 1947, nó dá éis—

[EN]

(a) i gcás deontais foirgnimh—thar an suim iomchuí a sonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo,

[EN]

(b) i gcás deontais feabhsúcháin—thar ochtó punt.

[EN]

(2) Ní raghaidh méid aon deontais aonair i leith tógáil tí chónaithe a tosnaíodh an 1ú lá de Shamhain, 1945, nó dá éis, ach nár háitíodh an 1ú lá de Shamhain, 1947, ná roimhe, thar an suim iomchuí a sonraítear sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

[EN]

(3) I gcás—

[EN]

(a) iarratas a dhéanamh roimh an 1ú lá de Shamhain, 1947, ag lorg deontais aonair i leith feabhsú nó leathnú tí chónaithe, agus

[EN]

(b) an feabhsú nó an leathnú do thosnú ach gan é do chríochnú roimh an dáta sin,

[EN]

ní raghaidh méid an deontais thar seasca punt.

[EN]

(4) Na teoranta a forchuireadh le fo-alt (2) d'alt 11 d'Acht 1929 agus fo-alt (1) d'alt (3) d'Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 1934 (Uimh. 29 de 1934), le méideanna na ndeontas, ní bheidh feidhm acu in aon chás lena mbaineann an t-alt seo.

[EN]

Teoranta le méideanna na n-iasacht.

4.—Ní raghaidh iasacht i leith tógáil tí chónaithe nua thar céad punt agus ní raghaidh iasacht i leith feabhsú nó leathnú tí chónaithe thar ceathracha punt.

[EN]

Deireadh le deontais i leith cróite cearc agus cróite muc.

5.—Tar éis an tAcht seo a rith, ní ceadófar aon deontais eile faoi alt 4 ná alt 5 d'Acht 1929.

[EN]

Athghairm.

6.—Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa dara colún den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

7.—(1) Féadfar Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 1949, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar Achta na dTithe (Gaeltacht), 1929 go 1949, a ghairm d'Achta na dTithe (Gaeltacht), 1929 agus 1934, agus den Acht seo le chéile.

[EN]

AN CHEAD SCEIDEAL.

Deontais i Leith Tithe Conaithe ar Tosnaiodh ar a dTogail an 1u Samhain, 1947, no da eis.

Alt 3 (1).

An duine dá bhféadfar an deontas a thabhairt

Mura bhfuil séarachas ná uisce-sholáthar trí phíopaí ar fáil

Má tá séarachas agus uisce-sholáthar trí phíopaí ar fáil

An uimhir de sheomraí sa tigh

An uimhir de sheomraí sa tigh

3

4

5 nó

níos mó

3

4

5 nó

níos mó

Duine a thógfas teach

£

£

£

£

£

£

chun é féin dá áitiú

150

200

250

200

250

300

AN DARA SCEIDEAL.

Deontais i Leith Tithe Conaithe ar Tosnaiodh ar a dTogail an 1u Samhain, 1945, no da eis, ach nar hAitiodh an 1u Samhain, 1947, na Roimhe.

Alt 3 (2).

An duine dá bhféadfar an deontas a thabhairt

Mura bhfuil séarachas ná uisce-sholáthar trí phíopaí ar fáil

Má tá séarachas agus uisce-sholáthar trí phíopaí ar fáil

An uimhir de sheomraí sa tigh

An uimhir de sheomraí sa tigh

3

4

5 nó

níos mó

3

4

5 nó

níos mó

Duine a thógfas teach

£

£

£

£

£

£

chun é féin dá áitiú

105

140

175

140

175

210

AN TRIU SCEIDEAL.

Achtachain a hAthghairmtear.

Alt 6.

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAthghairme

Uimh. 41 de 1929.

Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929.

Fo-ailt (2) agus (3) d'alt 7.

Uimh. 29 de 1934.

Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 1934.

Fo-alt (2) d'alt 3.

Uimh. 34 de 1939.

Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 1939.

An tAcht iomlán.