[EN]

Uimhir 4 de 1950.


[EN]

AN tACHT AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR, 1950.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHT AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR, 1936 GO 1946, DO DHÍLSIÚ TAILTE ÁIRITHE SAN AIRE TIONSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA, DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN CÚNAIMH AIRGID D'ÍOC LE hAER-RIANTA, TEORANTA, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [15ú Márta, 1950.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.

Reamhraiteach agus Ginearalta.

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

1.—(1) Féadfar an tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1950, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchta Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1950, a ghairm de na hAchta Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1946, agus den Acht seo le chéile.

[EN]

Léiriú.

2.—(1) San Acht seo—

[EN]Acht 1946.

ciallaíonn an abairt “Acht 1946” an tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1946 (Uimh. 23 de 1946);

[EN]an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

an Príomh-Acht.

ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht um Aerloingseoireacht agus Aeriompar, 1936 (Uimh. 40 de 1936).

(2) Forléireofar mar aon ní amháin an tAcht seo agus na hAchta Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1946.

[EN]

Inchúiseamh i gcionta faoin bPríomh-Acht, faoi Acht 1946 agus faoin Acht seo.

3.—Féadfaidh an tAire, nó féadfar ar agra an Aire, mar inchúisitheoir inchúiseamh a dhéanamh i gcion faoi aon fho-alt nó alt dá bhfuil sa Phríomh-Acht, in Acht 1946 nó san Acht seo.

[EN]

Athghairm.

4.—Déantar leis seo an t-achtachán a sonraítear i gcolún (2) den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a sonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin.

CUID II.

Leasuithe Ilghneitheacha ar an bPriomh-Acht agus ar Acht 1946.

[EN]

Leasú ar an míniú ar “aerárthach Stáit.”

5.—Aon áit a bhfuil an abairt “aerárthach Stáit” sa Phríomh-Acht nó in Acht 1946, ciallóidh sí, in ionad na brí a bheirtear don abairt sin le fo-alt (1) d'alt 2 den Phríomh-Acht, aerárthach le haon tír a húsáidtear i seirbhísí míleata, custam agus póilíneachta.

[EN]

Brí na habairte “críocha na Coda seo den Acht seo” i gCuid V den Phríomh-Acht.

6.—(1) Forléireofar alt 36 den Phríomh-Acht amhail is dá gcuirtí an mhír nua seo a leanas isteach ann—

[EN]

“(c) aon chríoch a bhaineas le forbairt na heitlíochta sibhialta má bhaineann an fhorbairt sin le haeradróm atá bunaithe nó ar tí a bhunaithe ag an Aire nó ag údarás áitiúil nó má bhaineann sí le haon talamh in aice le haeradróm den tsórt sin.”

[EN]

(2) D'fhonn amhrais a sheachaint, dearbhaítear leis seo go bhfolaíonn na críocha de Chuid V den Phríomh-Acht chun a bhféadfar talamh a thógaint trí chomhaontú nó go héigeantach, agus gur fholaíodar ariamh, bunú aerodróma.

[EN]

Alt 37 den Phríomh-Acht a leasú.

7.—Leasaítear leis seo alt 37 den Phríomh-Acht trí na focail “oibreacha uisce-sholáthair agus mórphíopaí uisce, séaracha agus oibreacha diúscartha séarachta, sreanga, leictreachais soilse, comharthaí” a chur isteach i ndiaidh na bhfocal “bealaí isteach”.

[EN]

Dul isteach ar thalamh, etc., a tógfar go héigeantach faoin bPríomh-Acht sar a ndéanfar tíolacas nó sar a gcinnfear cúiteamh.

8.—(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “ceart uisce” ceart chun uisce a ghaibhniú, a chlaonadh nó a thógaint.

[EN]

(2) Aon uair tar éis don Aire teacht i dteideal, faoi fho-alt (1) d'alt 41 den Phríomh-Acht, aon talamh nó aon cheart uisce a thógaint go héigeantach nó aon cheart uisce d'úsáid go héigeantach agus sar a ndéanfar tíolacas nó sar a gcinnfear cúiteamh, féadfaidh an tAire, faoi réir na bhforál ina dhiaidh seo den alt seo, dul isteach agus seilbh a ghlacadh ar an talamh sin nó an ceart uisce sin d'fheidhmiú.

[EN]

(3) Aon uair a fheidhmeos an tAire aon chumhacht a bheirtear dó le fo-alt (2) den alt seo maidir le haon talamh nó ceart uisce, ansin—

[EN]

(a) faoi réir míre (b) den fho-alt seo, íocfaidh an tAire leis an duine, is áititheoir ar an talamh sin nó is únaer ar an gceart uisce sin, ús ar mhéid an chúitimh is iníoctha leis an duine sin do réir trí faoin gcéad sa bhliain ón dáta a feidhmíodh an chumhacht sin go dtí dáta íoctha an chúitimh sin,

[EN]

(b) más rud é—

[EN]

(i) go ndearna an tAire aon tsuim a thairiscint go neamhchoinníollach i scríbhinn mar chúiteamh den tsórt sin don duine sin, agus

[EN]

(ii) nár ghlac an duine sin leis an tairiscint, agus

[EN]

(iii) nach mó an tsuim a dhámhaigh an t-eadránaí oifigiúil mar chúiteamh don duine sin ná an tsuim a tairgeadh amhlaidh,

[EN]

ní bheidh aon ús iníoctha ar an gcúiteamh sin in aghaidh aon tréimhse i ndiaidh dáta na tairisceana.

[EN]

(4) Ní dleathach don Aire—

[EN]

(a) dul isteach ná seilbh a ghlacadh ar aon talamh faoi fho-alt (2) den alt seo gan fógra míosa ar a laghad nó, i gcás tí chónaithe áitithe, fógra trí mhí ar a laghad go bhfuil ar intinn aige sin a dhéanamh a thabhairt roimh ré i scríbhinn dá áititheoir, ná

[EN]

(b) aon cheart uisce d'fheidhmiú faoi fho-alt (2) den alt seo gan fógra míosa ar a laghad go bhfuil ar intinn aige sin a dhéanamh a thabhairt roimh ré i scríbhinn dá únaer.

[EN]

(5) Féadfar fógra faoi fho-alt (4) den alt seo a thabhairt do dhuine ar bith trína chur leis an bpost réamhíoctha i gclúdach arna dhíriú chun an duine sin ag a ghnáth-sheoladh nó ag an seoladh is déanaí is eol a bheith aige.

[EN]

(6) Más rud é nach féidir, ar chúis ar bith, an clúdach a luaitear i bhfo-alt (5) den alt seo a dhíriú mar foráltar leis an bhfo-alt sin, féadfar é a dhíriú chun an duine ar dó é i gceachtar slí nó sa dá shlí acu seo a leanas—

[EN]

(a) faoin tuairisc “an t-áititheoir” nó “an t-únaer” (pé acu é) gan a ainm a lua,

[EN]

(b) ag an talamh nó ag suíomh na maoine lena mbaineann an fógra sa chlúdach.

[EN]

Forléiriú tagairti do Choinbhinsiún Chicago i gCuid II d'Acht 1946.

9.—I gCuid II d'Acht 1946, forléireofar tagairtí do Choinbhinsiún Chicago mar thagairtí a fholaíos tagairtí d'aon Iarscríbhinn le Coinbhinsiún Chicago a bhaineas le caighdeáin eadarnáisiúnta agus cleachtais mholta (is Iarscríbhinn ar glacadh léi do réir Choinbhinsiúin Chicago) agus d'aon leasú ar aon Iarscríbhinn den tsórt sin a rinneadh do réir Choinbhinsiúin Chicago.

CUID III.

Talamh airithe a dhilsiu san Aire, agus forala i dtaobh na talun sin agus aon talun eile a thogfas an tAire.

[EN]

Na tailte a tuairiscítear sa Dara Sceideal a dhílsiú san Aire agus Acht na dTailte Stáit, 1924, do scor d'fheidhm a bheith aige maidir leis na tailte a tuairiscítear i gCuid I den Dara Sceideal.

10.—(1) (a) Ar an Acht seo a rith, dílseoidh na tailte a tuairiscítear i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo (tailte is cuid d'Aerphort Bhaile Atha Cliath) san Aire, de bhuaidh an fho-ailt seo, chun an leasa uile a bhí, díreach roimh an Acht seo a rith, ag an Stát iontu.

[EN]

 (b) Scoirfidh Acht na dTailte Stáit, 1924 (Uimh. 45 de 1924), d'fheidhm a bheith aige maidir leis na tailte a tuairiseítear i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

[EN]

(2) Ar an Acht seo a rith, dílseoidh na tailte a tuairiscítear i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo (tailte is cuid eile d'Aerphort Bhaile Atha Cliath) san Aire, de bhuaidh an fho-ailt seo, chun an leasa uile iontu a bhí, díreach roimh an Acht seo a rith, dílsithe san Aire Cosanta.

[EN]

(3) Chun críocha ailt 6 den Conveyancing Act, 1881, beidh éifeacht ag fo-ailt (1) agus (2) den alt seo mar thíolacais talún.

[EN]

(4) (a) I gcás aon duine a bheith cláraithe faoin Registration of Title Act, 1891, mar únaer aon leasa in aon talamh a dhílseos, de bhuaidh fo-ailt (1) nó (2) den alt seo, san Aire, cuirfidh Cláraitheoir na dTeideal faoi ndear, ar dheimhniú faoi shéala oifigiúil an Aire a thabhairt ar aird á dheimhniú gur dhílsigh an talamh sin ann de bhuaidh an fho-ailt sin, an tAire a chlárú mar únaer ar an leas sin in ionad an duine sin.

[EN]

(b) Ní bheidh táillí ar bith iníoctha i leith aon imeacht i gClarlann na Talún faoin bhfo-alt seo.

[EN]

Feidhm an Phríomh-Achta maidir leis na tailte a tuairiscítear sa Dara agus sa Tríú Sceideal.

11.—Na tailte a tuairiscítear sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus na tailte a tuairiscítear sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo (ar tailte iad na tailte deiridh sin is cuid d'Aerphort na Sionna agus a fuair an tAire faoin Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 315), 1944 (R. & O. R. Uimh. 74 de 1944)), measfar chun críocha an Phríomh-Achta gur faoin bPríomh-Acht a fuarthas iad.

[EN]

Talamh a bheas tógtha ag an Aire faoin bPríomh-Acht agus na tailte a tuairiscítear sa Dara agus sa Tríú Sceideal a dhiúscairt.

12.—(1) San alt seo, ciallaíonn an focal “diúscairt”, maidir le talamh, aon ní acu seo a leanas a dhéanamh leis an talamh—

[EN]

(a) é a dhíol,

[EN]

(b) é a chur ar léas nó a ligean,

[EN]

(c) ceadúnas a dheonadh ina leith,

[EN]

(d) ceart ina leith a dheonadh (trí léas, ligean nó ceadúnas),

[EN]

agus forléireofar an focal “diúscairt” dá réir sin.

[EN]

(2) (a) Féadfaidh an tAire, le toiliú, ginearálta nó sonrach, ón Aire Airgeadais, diúscairt a dhéanamh ar an iomlán nó ar aon chuid—

[EN]

(i) de thalamh a bheas tógtha aige (roimh an Acht seo a rith nó dá éis) faoin bPríomh-Acht,

[EN]

(ii) de na tailte a tuairiscítear sa Dara agus sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

[EN]

(b) Folóidh an chumhacht diúscartha a bheirtear le mír (a) den fho-alt seo cumhacht chun coda d'fhoirgintí a dhiúscairt.

[EN]

(c) Ní dhéanfaidh an tAire, i bhfeidhmiú a chumhacht faoi mhír (a) den fho-alt seo, aon mhianraí Stáit, do réir bhrí an Achta Forbairte Minearál, 1940 (Uimh. 31 de 1940), a dhiúscairt, ach amháin gainimh, gairbhéal, cloch nó cré nach bhfuil níos mó ná fiche troigh faoi uachtar na talún.

[EN]

(3) Aon airgead a gheobhas an tAire i leith talamh a dhiúscairt faoi fho-alt (2) den alt seo, íocfar isteach sa Stát-Chiste, nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste, é i pé slí a ordós an tAire Airgeadais.

CUID IV.

Forala da airithiu go ndeanfar loingseoireacht shabhalta eifeachtach ar aerarthai in aice le haeradroma.

[EN]

Ceart an Aire chun goireas áitithe a thógáil agus a chothabháil i dtalamh in aice le haeradróma.

13.—(1) (a) Féadfaidh an tAire a chur faoi ndear pé goireas (lena n-áirítear sreanga leictreachais) a mheasfas sé is gá, chun aon ionad nó aon bhacainn a thaispeáint nó chun comharthaí nó eolas a thabhairt do dhaoine a bheas ag loingsiú aerárthaí chun aeradróma nó uaidh nó ina aice, a thógáil ar aon talamh nó foirgint in aice leis an aeradróm agus a shuíomh ann agus a ghreamú dhe, agus féadfaidh ina dhiaidh sin an goireas sin a chothabháil agus d'úsáid.

[EN]

(b) Sar a ndéanfaidh an tAire aon ghoireas a thógáil ar aon talamh nó foirgint nó a shuíomh ann nó a ghreamú dhe, de bhun an fho-ailt seo, bhéarfaidh an tAire fógra míosa roimh ré d'únaer agus d'áititheoir an chéanna á chur in iúl go bhfuil sin beartaithe aige.

[EN]

(c) Má dhéanann duine ar bith go toiliúil aon ghoireas, a tógadh ar aon talamh nó foirgint nó a suíodh ann nó a greamaíodh dhe, de bhun an fho-ailt seo, a bhacainniú nó a dhíthiú, a tharraingt anuas nó d'agha-lot nó baint leis, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

[EN]

(2) (a) Chun na cumhachta a bheirtear le fo-alt (1) den alt seo d'fheidhmiú, féadfaidh aon duine údaraithe agus aon daoine a bheas ag gníomhú faoina stiúradh dul isteach agus gabháil thar aon talamh (le feithiclí nó gan feithiclí).

[EN]

(b) Má chuireann duine ar bith (dá ngairmtear an ciontaitheoir sa mhír seo) bacainn le duine údaraithe, nó le haon duine a bheas ag gníomhú faoina stiúradh, i bhfeidhmiú na gcumhacht a bheirtear leis an bhfo-alt seo, beidh an ciontaitheoir ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

[EN]

(c) Sa bhfo-alt seo ciallaíonn an abairt “duine údaraithe” aon duine d'aicme atá údaraithe ag an Aire i scríbhinn chun na cumhachta a bheirtear leis an bhfo-alt seo do dhaoine údaraithe d'fheidhmiú.

[EN]

(3) Má chruthaíonn duine ar bith ag a bhfuil eastát nó leas i dtalamh go ndearnadh dochar dá estát nó dá leas trí fheidhmiú na gcumhacht a bheirtear le fo-alt (1) den alt seo, beidh sé i dteideal cúiteamh sa dochar don eastát nó don leas sin a ghnóthú ón Aire, agus déanfar aon cheist i dtaobh cúiteamh a bheith iníoctha faoin alt seo nó i dtaobh méid aon chúitimh is iníoctha amhlaidh a chinneadh, cheal comhaontuithe, ag eadránaí a ceapfar faoin Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus faoi réim agus do réir an Achta sin.

[EN]

Srian le húsáid talún in aice le haeradróma

14.—(1) Aon uair a mheasfas an tAire go ndéanfadh úsáid neamhshrianta líomatáiste áirithe thalún in aice le haeradróm cur isteach ar loingseoireacht aerárthaí a bheadh ag eiteall chun an aeradróma sin nó uaidh, féadfaidh sé le hordú (dá ngairmtear ordú líomatáiste chaomhanta san alt seo) na nithe seo a leanas a dhéanamh—

[EN]

(a) a dhearbhú gur líomatáiste caomhanta chun críocha an orduithe an líomatáiste áirithe talún sin,

[EN]

(b) a dhearbhú nach dleathach, laistigh den líomatáiste caomhanta do dhuine ar bith, ach amháin faoi réim agus do réir cheada arna dheonadh ag an Aire,—

[EN]

(i) aon fhoirgint a thógáil ná a mhéadú, ná

[EN]

(ii) aon phost, cuaille ná ní eile a thógáil ná a shuíomh i slí go mbeidh aon chuid den fhoirgint, den phost, den chuaille nó den ní (dá ngairmtear an bhacainn san alt seo) níos airde ná mar ceapfar leis an ordú.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le gach ordú líomatáiste chaomhanta—

[EN]

(a) cuirfidh an tAire faoi ndear an t-ordú d'fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i pé nuachtáin is cuí leis dá léitear sa líomatáiste lena mbainfidh an t-ordú,

[EN]

(b) féadfaidh an t-ordú an líomatáiste lena mbainfidh sé a roinnt i pé fo-líomatáistí agus i pé méid fo-líomatáistí is cuí leis an Aire agus, sa chás sin, féadfaidh forála éagsúla a bheith ann i leith gach fo-líomatáiste acu sin,

[EN]

(c) féadfaidh an t-ordú aon bhacainní sonraithe nó aon aicme shonraithe bhacainní a shaoradh óna oibriú,

[EN]

(d) beidh ag gabháil leis an ordú léarscáil a thaispeánfas an líomatáiste lena mbaineann an t-ordú agus, má bhíonn an líomatáiste sin roinnte ina fho-líomatáistí, gach ceann de na fo-líomatáistí sin,

[EN]

(e) féadfar an léarscáil a bheas ag gabháil leis an ordú d'fhágaint as an ordú nuair a bheas aon fhoilsiú á dhéanamh air de bhun míre (a) den fho-alt seo, ach lóisteálfar cóipeanna den ordú agus an léarscáil ag gabháil leis in oifigí na Roinne Tionscail agus Tráchtála i Sráid Chilldara, Baile Atha Cliath, agus coimeádfar ar fáil ansin iad chun a n-iniúchta ag an bpobal gach tráth réasúnach.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú líomatáiste chaomhanta a chúlghairm nó a leasú.

[EN]

(4) Leagfar gach ordú líomatáiste chaomhanta faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú a leagadh faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an orduithe, beidh an t-ordú arna neamhniú dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh raimhe sin faoin ordú.

[EN]

(5) Féadfaidh an tAire ceada a dheonadh chun críocha orduithe líomatáiste chaomhanta, agus beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le haon chead a deonfar amhlaidh—

[EN]

(a) féadfaidh an tAire—

[EN]

(i) pé coinníollacha is cuí leis a chur leis,

[EN]

(ii) é a chúlghairm nó a leasú;

[EN]

(b) ní oibreoidh an cead mar fhuascailt ó shrianta ar bith a forchuireadh faoi na hAchta um Bailte agus Líomatáistí a Shíneadh Amach, 1934 agus 1939, nó faoi aon achtachán eile agus a bhaineas leis an líomatáiste lena mbaineann an t-ordú.

[EN]

(6) (a) Má chruthaíonn duine ar bith ag a bhfuil eastát nó leas i dtalamh laistigh de líomatáiste lena mbaineann ordú líomatáiste chaomhanta go ndearnadh dochar dá eastát nó dá leas tríd an Aire dá dhiúltú cead a dheonadh dhó nó trí choinníollacha ar bith a bheith le cead a dheoin an tAire dhó beidh sé i dteideal cúiteamh sa dochar sin don eastát nó don leas sin a ghnóthú ón Aire, agus déanfar aon cheist i dtaobh cúiteamh a bheith iníoctha faoin bhfo-alt seo nó i dtaobh méid aon chúitimh is iníoctha amhlaidh a chinneadh, cheal comhaontuithe, ag eadránaí a ceapfar faoin Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus faoi réim agus do réir an Achta sin,

[EN]

(b) I gcás ina mbeadh duine, mura mbeadh an mhír seo, i dteideal cúitimh faoin bhfo-alt seo agus fós faoi aon achtachán eile i leith an ní chéanna, ní bheidh sé i dteideal cúitimh i leith an ní sin faoin bhfo-alt seo agus faoin achtachán eile sin, ach féadfaidh sé glacadh de roghain cúiteamh d'fháil faoin bhfo-alt seo nó faoin achtachán eile sin.

[EN]

(7) Má thógann nó má mhéadaíonn aon duine foirgint nó má thógann sé nó má shuíonn sé aon phost, cuaille nó ní eile do shárú orduithe líomatáiste chaomhanta—

[EN]

(a) beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air, agus

[EN]

(b) féadfaidh an tAire, pé acu tionscnófar nó nach dtionscnófar aon imeachta i leith an chiona, a chur faoi ndear pé athruithe a dhéanamh ar an bhfoirgint, ar an bpost, ar an gcuaille nó ar an ní ar ina leith a rinneadh an sárú, is gá dar leis chun comhlíonadh an orduithe d'áirithiú, agus beidh na costais faoina raghaidh an tAire á dhéanamh sin inghnóthuithe ag an Aire ón duine a rinne an sárú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

CUID V.

Forala maidir le haeradroma Stait.

[EN]

Mínithe chun críocha Coda V.

15.—(1) Sa Chuid seo—

[EN]oifigeach údaraithe.

ciallaíonn an abairt “oifigeach údaraithe” duine—

[EN]

(a) is comhalta den Gharda Síochána, nó

[EN]

(b) is duine a bhaineas le haicme atá údaraithe i scríbhinn ag an Aire chun na cumhachta d'fheidhmiú a bheirtear d'oifigigh údaraithe le hailt 19 agus 20 den Acht seo;

[EN]fo-dhlithe.

ciallaíonn an focal “fo-dhlithe” fo-dhlithe arna ndéanamh faoin gCuid seo;

aeradróm Stáit

ciallaíonn an abairt “aeradróm Stáit” aeradróm arna bhunú ag an Aire faoi alt 37 den Phríomh-Acht.

(2) Folaíonn tagairtí sa Chuid seo do shárú fo-dhlí tagairtí do loiceadh nó diúltú an fo-dhlí a chomhlíonadh.

[EN]

Fo-dhlithe maidir le haeradróma Stáit.

16.—(1) Féadfaidh an tAire fo-dhlithe a dhéanamh, maidir le haon aeradróm Stáit, chun aon chríche nó críocha acu seo a leanas:—

[EN]

(a) daoine d'eisiamh uaidh,

[EN]

(b) feithiclí d'eisiamh uaidh,

[EN]

(c) daoine a ligean isteach ann,

[EN]

(d) feithiclí a ligean isteach ann,

[EN]

(e) daoine agus feithiclí a bheas san aeradróm, nó a bheas ag iarraidh dul isteach ann, a chur i scuainí,

[EN]

(f) foghail ar an aeradróm ag daoine nó ainmhithe a thoirmeasc,

[EN]

(g) an t-aeradróm agus aerárthaí a bheas á úsáid a chaomhaint ó dhamáiste agus, go sonrach, ó dhamáiste de dheasca tine,

[EN]

(h) caitheamh tobac san aeradróm a shrianadh,

[EN]

(i) ord agus dea-iompar a choimeád san aeradróm,

[EN]

(j) núiseanna san aeradróm a chosc,

[EN]

(k) aon mhaoin a gheofar san aeradróm nó in aon aerárthach nó feithicil ann a choimeád slán agus d'athsheachadadh nó a dhiúscairt, na muirir a shocrú a bheas le héileamh i leith na maoine sin a choimeád slán nó d'athsheachadadh agus, i gcás aon mhaoin den tsórt sin a dhiúscairt trína díol, an úsáid a déanfar den airgead a gheofar de thoradh an díola,

[EN]

(l) go ginearálta chun an t-aeradróm a bhainistí, d'oibriú agus a mhaoirsiú go cuí.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire fo-dhlithe a dhéanamh, maidir le haon aeradróm Stáit, chun gach críche nó aon chríche acu seo a leanas—

[EN]

(a) na bealaigh a ghabhfas feithiclí a shonrú,

[EN]

(b) úsáid ród sonraithe ag feithiclí a thoirmeasc nó a shrianadh go ginearálta nó i rith trátha áirithe nó ag amanna áirithe nó i gcásanna áirithe,

[EN]

(c) toirmeasc a chur le feithiclí a thiomáint ar ród sonraithe ach amháin i dtreo sonraithe,

[EN]

(d) trácht a rialú go ginearálta.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire fo-dhlithe a dhéanamh, maidir le haon aeradróm Stáit, chun gach críche nó aon chríche acu seo a leanas—

[EN]

(a) na hionaid (dá ngairmtear ionaid suite san alt seo) a shocrú ina bhféadfaidh feithiclí, pé acu gan freastal é nó nach ea, fanúint ar fos gan teorainn ama nó go ceann aon tréimhse nach sia ná tréimhse shonraithe,

[EN]

(b) na coinníollacha a cheapadh a bheas le comhlíonadh maidir le feithiclí a fhanfas ar fos in ionaid suite,

[EN]

(c) an tréimhse a shocrú a fhéadfas feithiclí, na críocha chun a bhféadfaid agus na coinníollacha ar a bhféadfaidh, fanúint ar fos in áiteanna nach ionaid suite,

[EN]

(d) toirmeasc a chur le coimeád nó fágaint aon fheithiclí ar fos in aon áit (lena n-áirítear ionaid suite) go ceann tréimhse is sia ná an tréimhse a bheas údaraithe chuige sin leis na fo-dhlithe nó chun críche seachas críoch a bheas údaraithe amhlaidh chuige sin nó ar shlí seachas chun críche (más ann di) nó do réir na gcoinníollacha (más ann dóibh) a bheas ordaithe chuige sin leis na fo-dhlithe.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire fo-dhlithe a dhéanamh á thoirmeasc feithiclí a thiomáint in aeradróm Stáit ar luas is mó ná luas sonraithe.

[EN]

(5) Nuair a bheas fo-dhlithe ar bith maidir le haeradróm Stáit á ndéanamh aige faoin alt seo, féadfaidh an tAire—

[EN]

(a) a mhíniú, i pé slí is cuí leis, cad is aicme daoine nó feithiclí ann chun críocha aon fhorála de na fo-dhlithe,

[EN]

(b) forála éagsúla a dhéanamh maidir le coda éagsúla den aeradróm,

[EN]

(c) forála éagsúla a dhéanamh maidir le haicmí éagsúla daoine a mbainfidh na fo-dhlithe leo,

[EN]

(d) forála éagsúla a dhéanamh maidir le haicmí éagsúla feithiclí a mbainfidh na fo-dhlithe leo,

[EN]

(e) aon aicme áirithe daoine nó feithiclí a shaoradh ó oibriú na bhfo-dhlithe.

[EN]

(6) Má sháraíonn aon duine aon fho-dhlí arna dhéanamh faoin alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná chúig puint a chur air.

[EN]

(7) I gcás aon ní a ndéanfar fo-dhlithe ina leith faoin alt seo a bheith ina ábhar d'aon achtachán (seachas an tAcht seo) nó d'aon ionstraim arna déanamh faoi, ansin, beidh oibriú an achtacháin nó na hionstraime sin, a mhéid a bhainfeas sé leis an ábhar sin, ar fionraí fad a leanfas na fo-dhlithe sin i bhfeidhm.

[EN]

Fo-dhlithe ag míniú dualgas daoine i gceannas aerárthaí a bheas de thuras na huaire ar an talamh in aeradróm Stáit.

17.—(1) Féadfaidh an tAire, maidir le haon aeradróm Stáit, fo-dhlithe a dhéanamh ag míniú dualgas daoine a bheas i gceannas aerárthaí a bheas de thuras na huaire ar an talamh san aeradróm Stáit sin.

[EN]

(2) Má dhéanann duine ar bith i gceannas aerárthaigh, a bheas de thuras na huaire ar an talamh in aeradróm Stáit lena mbaineann aon fho-dhlí arna dhéanamh faoin alt seo, an fo-dhlí sin a shárú, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, más rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná mí.

[EN]

Fo-dhlithe d'fhoilsiú.

18.—Déanfar fo-dhlithe maidir le haeradróm Stáit a thaispeáint san aeradróm i pé slí a mheasfas an tAire is oiriúnaí chun eolas a thabhairt do dhaoine lena mbaineann na fo-dhlithe.

[EN]

Ciontaitheoirí in aeradróma Stáit a chur amach agus a ghabháil.

19.—(1) Má dhéanann aon duine (dá ngairmtear an ciontaitheoir sa bhfo-alt seo), in aon aeradróm Stáit lena mbainfidh fo-dhlí, an fo-dhlí a shárú—

[EN]

(a) féadfaid oifigeach údaraithe ceachtar ní nó an dá ní acu seo a leanas a dhéanamh—

[EN]

(i) a cheangal ar an gciontaitheoir a ainm agus a sheoladh a thabhairt,

[EN]

(ii) a ordú don chiontaitheoir an t-aeradróm d'fhágaint;

[EN]

(b) más rud é, ar oifigeach údaraithe dá iarraidh air a ainm agus a sheoladh a thabhairt, go ndiúltóidh an ciontaitheoir a ainm a thabhairt nó go ndiúltóidh sé a sheoladh a thabhairt nó go dtabharfaidh sé ainm nó seoladh arb eol don oifigeach údaraithe, nó a mbeidh amhras réasúnach air, é a bheith bréagach nó cumtha, féadfaidh an t-oifigeach údaraithe é a ghabháil gan barántas;

[EN]

(c) más rud é, ar oifigeach údaraithe dá ordú dhó an t-aeradróm d'fhágaint, go ndiúltóidh nó go loicfidh an ciontaitheoir sin a dhéanamh, féadfaidh an t-oifigeach údaraithe é a chur amach as an aeradróm le forneart nó é a ghabháil gan barántas.

[EN]

(2) Má dhéanann oifigeach údaraithe, nach comhalta den Gharda Síochána, duine a ghabháil faoin alt seo, bhéarfaidh sé láithreach i gcoimeád comhalta den Gharda Síochána é chun go ndéanfar leis do réir dlí.

[EN]

(3) I gcás duine ar bith—

[EN]

(a) ar oifigeach údaraithe a bheas ag gníomhú faoin alt seo dá iarraidh air a ainm agus a sheoladh a thabhairt, do dhiúltú a ainm nó a sheoladh a thabhairt nó do thabhairt ainm nó seoladh a bheas bréagach nó cumtha, nó

[EN]

(b) ar oifigeach údaraithe a bheas ag gníomhú faoin alt seo dá iarraidh air aeradróm Stáit d'fhágaint, do dhiúltú nó do loiceadh é d'fhágaint, nó

[EN]

(c) ar é d'fhágaint aeradróma Stáit toisc oifigeach údaraithe a bheas ag gníomhú faoin alt seo dá iarraidh sin air nó ar é a chur amach as aeradróm Stáit faoin alt seo, do theacht ar ais ann an lá céanna,

[EN]

beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná chúig puint a chur air.

[EN]

Feithiclí, etc., d'aistriú.

20.—Má gheibheann oifigeach údaraithe aon fheithicil, ainmhí nó ní eile in aeradróm Stáit contrártha d'fho-dhlí a bhaineas leis an aeradróm sin, féadfaidh sé an fheithicil, an t-ainmhí nó an ní eile d'aistriú chun áite laistigh den aeradróm sin nó lasmuigh dhe.

[EN]

Oifigigh údaraithe a bhacainniú agus d'ionsaí.

21.—Má dhéanann duine ar bith—

[EN]

(a) oifigeach údaraithe a bhacainniú nó a chosc agus é go dleathach ag feidhmiú a chumhacht agus a dhualgas mar oifigeach údaraithe faoi alt 19 nó 20 den Acht seo, nó

[EN]

(b) oifigeach údaraithe d'ionsaí agus é go dleathach ag feidhmiú na gcumhacht agus na ndualgas sin,

[EN]

beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air nó, más rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná sé mhí.

[EN]

Aeradróm Stáit a bheith ina áit phoiblí agus bóithre ann a bheith ina mbóithre chun críocha Coda X den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1933.

22.—Chun amhrais a sheachaint, dearbhaítear leis seo—

[EN]

(a) gur áit phoiblí chun críocha aon achtacháin aeradróm Stáit;

[EN]

(b) go bhfolóidh an focal “bóthar”, chun críocha Coda X den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1933 (Uimh. 11 de 1933), bóthar in aeradróm Stáit.

[EN]

Bainistí aerphort Bhaile Atha Cliath.

23.—Chun Aerphort Bhaile Atha Cliath a bhainistí, féadfaidh Aer-Rianta, Teoranta, mura n-ordaí agus go dtí go n-ordóidh an tAire a mhalairt, gníomhú mar ghníomhaire don Aire.

[EN]

Cumhacht an Aire chun uisce a sholáthar in aeradróm Stáit.

24.—(1) Féadfaidh an tAire uisce a dhíol as aon oibreacha uisce-sholáthair a bheas á gcothabháil aige i ndáil le haeradróm Stáit.

[EN]

(2) D'ainneoin aon ní sa Waterworks Clauses Act, 1847, nó sa Waterworks Clauses Act, 1863,—

[EN]

(a) féadfaidh an tAire, as uisce a bheas á sholáthar dó in aeradróm Stáit ag údarás sláintíochta, uisce a dhíol, le toiliú an údaráis sláintíochta sin, le duine ar bith, agus, chun na críche sin, féadfaidh píopaí agus goireas a cheangal d'aon phíopaí a bheas á n-úsáid chun an t-uisce a bheas á sholáthar ag an údarás sláintíochta sin d'iompar,

[EN]

(b) má díoltar uisce le duine faoi mhír (a) den fho-alt seo, féadfaidh an duine sin an t-uisce a díolfar amhlaidh a thógaint agus d'úsáid.

CUID VI.

Ioc cunamh airgid le hAer-Rianta, Teoranta.

[EN]

Ioc cúnamh airgid le hAer-Rianta. Teoranta.

25.—(1) (a) Féadfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham, le hordú, a údarú cúnaimh airgid d'íoc le hAer-Rianta, Teoranta, ar pé téarmaí agus coinníollacha a sonrófar san ordú ach ní féadfar aon ordú den tsórt sin a dhéanamh tar éis chúig bliana ó dháta an Achta seo a rith.

[EN]

(b) Gach ordú a déanfar faoin bhfo-alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú sin a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an orduithe sin, beidh an t-ordú sin arna neamhniú dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú sin.

[EN]

(2) Aon airgead a theastós chun cúnaimh airgid d'íoc faoin alt seo, íocfar é as airgead arna sholáthar roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin ag an Oireachtas.

AN CHEAD SCEIDEAL.

Achtachan a hAthghairmtear.

Alt 4.

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Meid na hAthghairme

(1)

(2)

(3)

Uimhir 40 de 1936

An tAcht um Aerloingseoireacht agus Aeriompar, 1936.

Fo-alt (1) d'alt 2, a mhéid a mhíníos an fo-alt sin an abairt “aerárthach Stáit”.

Alt 42.

AN DARA SCEIDEAL.

Ailt 10, 11 agus 12.

CUID I.

1. Na tailte (dá ngairmtear tailte an fhorléasta bhunaidh sa mhír seo) a forléasadh le Léas dar dáta an 27ú lá de Mheitheamh 1906, agus a rinneadh idir Sir Compton Meade Domville de pháirt agus Sarah O'Toole den pháirt eile agus a tuairiscítear ann mar leanas “All that and those the said part of the lands of Collinstown and Rock with the house thereon containing one hundred and eighty-six acres and thirty-eight perches be the same more or less situate lying and being in the Barony of Coolock and County of Dublin and delineated on the map in the field hereof” ach amháin—

(a) an chuid sin de thailte an fhorléasta bhunaidh, eadhon, cuid de na tailte sin Bhaile Uí Choileáin, ina bhfuil acra amháin tomhas reachtúil, a thóg Comhairle Thuathcheantair Bhaile Atha Cliath Thuaidh sa bhliain 1915 chun críche na Labourers (Ireland) Acts, 1883 to 1906.

(b) an chuid sin de thailte an fhorléasta bhunaidh a sannadh chun Anne Moran le Gníomhas Malairte dar dáta an 21ú lá de Mheitheamh, 1929, a rinneadh idir an Anne Moran sin de pháirt agus an tAire Cosanta den pháirt eile agus a tuairiscítear ann mar leanas “All that part of the lands of Rock containing seven acres three roods and thirty-four perches statute measure or thereabouts and shown on the plan, annexed hereto and therein coloured green situate in Barony of Coolock and County of Dublin”,

(c) an chuid sin de thailte an fhorléasta bhunaidh a háiríodh i Léas dar dáta an 20ú lá de Bhealtaine, 1930, a rinneadh idir an tAire Airgeadais de pháirt agus Comhairle Thuathcheantair Bhaile Atha Cliath Thuaidh den pháirt eile agus a tuairiscítear ann mar leanas “All That and Those that part of the lands of Collinstown containing two acres and thirty six and one third perches statute measure or thereabouts as delineated and described and outlined in red on the map endorsed hereon being that portion of the lands comprised in the part of Collinstown Aerodrome lying between the Cuckoo Stream and the public road and adjoining the existing labourers' cottages and plots situate in the Barony of Coolock and County of Dublin”.

2. Na tailte a háirítear i bhFóile 1951 Contae Bhaile Atha Cliath i gClár na Ruileasóirí atá á choimeád faoin Registration of Title Act, 1891.

3. Na Tailte a deonadh le Léas Suthaineachta, dar dáta an lú lá de Mhárta, 1920, adeir a bheith déanta idir Robert Donovan de pháirt agus Uachtarán na hAer-Chomhairle den pháirt eile agus a tuairiscítear ann mar leanas “All that part of the lands of Little Forest containing sixteen acres one rood and nineteen perches or thereabouts statute measure and situate in the Parish of Swords Barony of Nethercross and County of Dublin and for the purposes of identification described in the plan annexed hereto and therein surrounded with a Red Verge line”.

4. Na tailte a háirítear i bhFóile 1936 Contae Bhaile Atha Cliath de Chlár na Ruileasóirí atá á choimeád faoin Registration of Title Act, 1891.

CUID II.

1. An chuid sin de na tailte a hárítear i bhFóile 3924 Contae Bhaile Atha Cliath de Chlár na Ruileasóirí atá á choimeád faoin Registration of Title Act, 1891, atá comhshuite de chuid de thailte Forrest Little ina bhfuil sé acra dhá cheathrú agus ocht bpéirse fichead, faoi nó thairis, agus atá suite i mBarúntacht Nethercross agus i gContae Bhaile Atha Cliath.

2. Na tailte a háiríodh agus a tíolacadh i nDintiúir dar dáta an 13ú lá de Mheitheamh, 1927, a rinneadh idir David Barry de pháirt agus an tAire Cosanta den pháirt eile.

AN TRIU SCEIDEAL.

Ailt 11 agus 12.

1. Na tailte a háirítear i bhFóile 15167 Contae an Chláir de Chlár na Ruileasóirí atá á choimeád faoin Registration of Title Act, 1891.

2. Na tailte a dílsíodh san Aire le hordú a rinne an tAire an 8ú lá de Mhárta, 1945, i bhfeidhmiú cumhacht a tugadh leis an Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 315), 1944 (R. & O. R., Uimh. 74 de 1944), tailte a tuairiscítear mar leanas san Ordú céad-luaite “All that portion of the former Monteagle Arms Hotel premises situate in the townland of Foynes, barony of Shanid and County of Limerick, being part of the lands registered in Folio 2910 of the Register County Limerick and comprised of (1) an open yard of 1927 square feet or thereabouts in area and buildings of 1431 square feet or thereabouts in floor area, as shown more particularly hatched blue on the annexed map and (2) an open yard of 1470 square feet or thereabouts in area as shown more particularly coloured pink on the said annexed map”.