Uimhir 4 de 1972
AN tACHT TOGHCHÁIN (LEASÚ), 1972
[An tiontú oifigiúil]
[29 Márta, 1972]
Leasú ar an Acht Timpeal Toghachán, 1923.
1.—Leasaítear leis seo an tAcht Timpeal Toghachán, 1923—
(a) trí “agus marcálfar an uimhir sin ar an gcó-dhuille,” a scriosadh as Riail 3 (2) den Cheathrú Sceideal, arna leasú le halt 29 den Acht Toghcháin, 1963;
(b) trí “agus uimhir an pháipéir bhallóide air” a scriosadh as Riail 3 (4) den Cheathrú Sceideal;
(c) trí “agus an uimhir a bheidh uirri do chur i gcompráid leis an uimhir a bheidh ar chlúdach an pháipéir bhallóide” a scriosadh as Riail 6 (3) den Cheathrú Sceideal arna leasú le halt 8 (2) den Acht Toghcháin, 1960;
(d) trí “Más rud é” a chur in ionad “Más mar a chéile an dá uimhir agus” i Riail 6 (4) den Cheathrú Sceideal, arna leasú leis an alt sin 8 (2);
(e) trí “agus gur dhá mhar a chéile na huimhreacha a bheidh ortha” a scriosadh as Riail 6 (10) den Cheathrú Sceideal, arna leasú leis an alt sin 8 (2);
(f) tríd an riail nua seo a leanas a chur in ionad Riail 8 den Cheathrú Sceideal—
“8. Nuair a bheifear tar éis a mbeidh de chlúdaigh chlúdacháin in aon bhosca ballóide postvótálaithe a oscailt agus tar éis déileáil lena mbeidh iontu faoin dá Riail roimhe seo, déanfaidh an ceann comhairimh gach clúdach páipéir bhallóide a bheidh gan oscailt a oscailt agus an páipéar ballóide a chur i mbosca ballóide a taispeánadh agus a séalaíodh roimhe sin sa tslí a fhoráiltear i Riail 4 den Sceideal seo agus a ndéileálfar leis ina dhiaidh sin mar bhosca ballóide chun críche Riail 32 de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.”;
(g) trí “agus marcálfar uimhir an toghthóra san ar an gcó-dhuille” a scriosadh as Riail 22 de Chuid I den Chúigiú Sceideal, arna leasú le halt 29 den Acht Toghcháin, 1963;
(h) trí “go dtí go gcruthófar gur vótáil sé agus go ndeimhneoidh cúirt údarásach gur vóta gan brí a vóta” a scriosadh as Riail 39 de Chuid I den Chúigiú Sceideal;
(i) trí na focail ó “Má tugtar” go dtí deireadh na rialach a scriosadh as Riail 41 de Chuid I den Chúigiú Sceideal;
(j) tríd an bhfoirm seo a leanas a chur in ionad fhoirm 5A i gCuid III den Chúigiú Sceideal (a cuireadh isteach ansin le halt 16 den Acht Toghcháin, 1963):
5A
FOIRM AN PHÁIPÉIR BHALLÓIDE.
(Éadan an Pháipéir)
Comhdhuille Uimh......... | Marcáil ord do rogha sna spáis seo síos. | Marc Oifigiúil. | ||
Mark order of preference in spaces below. | Official Mark. | |||
DOYLE—WORKERS PARTY. | ||||
(James Doyle, of 10 High Street, Builder.) | ||||
LYNCH—DEMOCRATS. | ||||
(Jane Ellen Lynch, of 12 Main Street, Grocer.) | ||||
O'BRIAIN—CUMANN NA SAORÁN-ACH. | ||||
(Séamus O'Briain, ó 10 An tSráid Ard, Oide Scoile.) | ||||
O'BRIEN, EAMON (BARRISTER)— NON-PARTY. | ||||
(Eamon O'Brien, of 22 Wellclose Place, Barrister.) | ||||
O'BRIEN, EAMON (SOLICITOR)— YOUNG IRELAND. | ||||
(Eamon O'Brien, of 102 Eaton Brae, Ranelagh, Solicitor.) | ||||
O'CONNOR—NATIONAL LEAGUE. | ||||
(Charles O'Connor, of 7 Green Street, Gentleman.) | ||||
THOMPSON—FARMERS PARTY. | ||||
(William Henry Thompson, of Dereen Park, Farmer). |
TREORACHA. | INSTRUCTIONS. |
I. Féach chuige go bhfuil an marc oifigiúil ar an bpáipéar. | I. See that the official mark is on the paper. |
II. Scríobh an figiúr 1 le hais ainm an chéad iarrthóra is rogha leat, an figiúr 2 le hais do dhara rogha, agus mar sin de. | II. Write 1 beside the name of the candidate of your first choice, 2 beside your second choice, and so on. |
III. Fill an páipéar ionas nach bhfeicfear do vóta. Taispeáin cúl an pháipéir don oifigeach ceannais, agus cuir sa bhosca ballóide é. | III. Fold the paper to conceal your vote. Show the back of the paper to the presiding officer and put it in the ballot box. |
(Cúl an Pháipéir) |
Uimh................... |
Toghchán do Dháilcheantar ...................”; agus |
(k) trí Rialacha 3 (3), 6 (6) agus 6 (7) den Cheathrú Sceideal a scriosadh. |
Leasú ar Acht Toghacháin an tSeanaid (Baill Phriomh-Scoile), 1937.
2.—Leasaítear leis seo Acht Toghacháin an tSeanaid (Baill Phríomh-Scoile), 1937—
(a) trí “foirm” a chur in ionad “an fhuirm” agus “san” a scriosadh i bhfomhír (ii) de Riail 4 (f) den Dara Sceideal;
(b) trí “agus é marcálta, mar a horduítear anso roimhe seo, leis an uimhir a bheidh ar chúl an pháipéir bhallóide sin” a scriosadh as fomhír (iv) den Riail sin 4 (f);
(c) trí “agus an uimhir ar an dearbhú san do chur i gcompráid leis an uimhir ar chlúdach an pháipéir bhallóide sa chlúdach chlúdacháin sin” a scriosadh as Riail 12 (b) den Dara Sceideal;
(d) trí “más rud é” a chur in ionad “más mar a chéile na huimhreacha san agus” i bhfomhír 12 (c) den Dara Sceideal;
(e) trí “agus gur mar a chéile na huimhreacha ortha” a scriosadh as Riail 13 den Dara Sceideal;
(f) trí “cuirfidh an uimhir ar an gclúdach i gcompráid leis an uimhir ar an bpáipéar ballóide agus más mar a chéile na huimhreacha” agus “ach maran mar a chéile na huimhreacha marcálfaidh ‘diúltuithe’ ar an bpáipéar ballóide agus ceanglóidh den chlúdach é” a scriosadh as Riail 16 den Dara Sceideal;
(g) trí “go dtí go mbeidh cruthuithe chun sástachta bhinse thoghacháin gur vótáil an toghthóir sin agus go mbeidh dearbhuithe ag an mbínse sin a vóta do bheith gan bhrí” a scriosadh as Riail 27 den Dara Sceideal; agus
(h) trí mhíreanna (b) agus (e) de Riail 4, míreanna (e) agus (f) de Riail 12, agus Riail 30 den Dara Sceideal a scriosadh.
Leasú ar Acht Toghachán an Uachtaráin, 1937.
3.—Leasaítear leis seo Acht Toghachán an Uachtaráin, 1937—
(a) trí “agus marcálfar uimhir an toghthóra san ar an gcó-dhuille,” a scriosadh as Riail 15 de Chuid I den Chéad Sceideal, arna leasú le halt 56 den Acht Toghcháin, 1963; agus
(b) tríd an bhfoirm seo a leanas a chur in ionad foirm 8 sa Dara Sceideal (a cuireadh ansin d'ionad le halt 52 den Acht Toghcháin, 1963):
Foirm (Toghcháin Uachtaráin).
8
Comhdhuille Uimh......... | Marcáil ord do rogha sna spáis seo síos. | Marc Oifigiúil. | ||
Mark order of preference in spaces below. | Official Mark. | |||
DOYLE, JAMES (HIGH STREET— BUILDER). | ||||
(James Doyle, of 10 High Street, Builder.) | ||||
DOYLE, JAMES (FURRY PARK— CHEMIST). | ||||
(James Doyle, of 420 Furry Park, Chemist.) | ||||
LYNCH. | ||||
(Jane Ellen Lynch, of 12 Main Street, Grocer.) | ||||
O'BRIAIN, SÉAMUS (SRÁID ARD— OIDE SCOILE.) | ||||
(Séamus O'Briain, ó 10 An tSráid Ard, Oide Scoile.) | ||||
O'BRIEN, EAMON (WELLCLOSE PLACE—BARRISTER.) | ||||
(Eamon O'Brien, of 22 Wellclose Place, Barrister.) | ||||
O'BRIEN, EAMON (EATON BRAE— SOLICITOR.) | ||||
(Eamon O'Brien, of 102 Eaton Brae, Ranelagh, Solicitor.) | ||||
O'CONNOR. | ||||
(Charles O'Connor, of 7 Green Street, Gentleman.) | ||||
THOMPSON. | ||||
(William Thompson, of Dereen Park, Farmer.) |
TREORACHA. | INSTRUCTIONS. |
I. Féach chuige go bhfuil an marc oifigiúil ar an bpáipéar. | I. See that the official mark is on the paper. |
II. Scríobh an figiúr 1 le hais ainm an chéad iarrthóra is rogha leat, an figiúr 2 le hais do dhara rogha, agus mar sin de. | II. Write 1 beside the name of the candidate of your first choice, 2 beside your second choice, and so on. |
III. Fill an páipéar ionas nach bhfeicfear do vóta. Taispeáin cúl an pháipéir don oifigeach ceannais, agus cuir sa bhosca ballóide é. | III. Fold the paper to conceal your vote. Show the back of the paper to the presiding officer and put it in the ballot box. |
(Cúl an Pháipéir) |
Uimh........... |
Toghchán Uachtaráin an...... lá de..............19...”. |
Leasú ar Acht an Reifrinn, 1942.
4.—Leasaítear leis seo Riail 16 den Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht an Reifrinn, 1942, arna leasú le halt 74 den Acht Toghcháin, 1963, trí “agus marcálfar uimhir an vótálaidhe sin ar an gcó-dhuille,” a scriosadh.
Reifreann bunreachta maidir leis an mBille um an Triú Leasú ar an mBunreacht, 1971.
5.—(1) I reifreann bunreachta maidir leis an mBille um an Triú Leasú ar an mBunreacht, 1971—
(a) beidh an ráiteas atá leagtha amach san Fhoscríbhinn a ghabhann leis an alt seo i gcárta vótaíochta a chuirfear amach faoi alt 64 (1) den Acht Toghcháin, 1963,
(b) cuirfidh an ceann comhairimh áitiúil do dháilcheantar cárta vótaíochta freisin chuig gach toghthóir a bhfuil a ainm ar chlár na dtoghthóirí Dála don dáilcheantar sin agus ar liosta na bpostvótálaithe don dáilcheantar sin,
(c) gach cárta vótaíochta a chuirfear amach faoi mhír (b) den alt seo—
(i) luafaidh sé gur do phostvótálaí é agus dá réir sin ní luafaidh sé an uimhir ná an áit dá dtagraítear san alt sin 64 (1),
(ii) beidh an ráiteas ann dá dtagraítear i mír (a) den alt seo, agus
(iii) cuirfear leis an bpost é chuig an toghthóir an tráth céanna a chuirfear a pháipéar ballóide chuige, agus é dírithe chuige ag an seoladh a bheidh ar an gclúdach ina gcuirfear an páipéar ballóide chuige,
(d) beidh feidhm ag fo-ailt (3) go (6) den alt sin 64 maidir le cártaí vótaíochta a chuirfear amach faoi mhír (b) den alt seo,
(e) cuirfidh oifigeach ceannais cóipeanna den ráiteas dá dtagraítear i mír (a) den alt seo ar taispeáint ina stáisiún vótaíochta agus i maighne a stáisiúin vótaíochta:
Ar choinníoll nach mbeidh reifreann ó bhail dlí mar gheall aon mhainneachtain cóipeanna den sórt sin a chur ar taispeáint in aon stáisiún vótaíochta nó i maighne aon stáisiúin vótaíochta,
(f) le linn Riail 18 (a cuireadh isteach leis an Acht Toghcháin, 1963) den Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht an Reifrinn, 1942, a bheith á feidhmiú, cuirfear an mhír seo a leanas in ionad mhír (5)—
“(5) (a) Má bhíonn páipéar ballóide le marcáil de bhun mhír (3) den Riail seo, féadfaidh an t-oifigeach ceannais cuidiú leis an vótálaí tríd an togra a bheidh luaite sa pháipéar ballóide a léamh amach go hiomlán as an bpáipéar ballóide agus a fhiafraí den vótálaí ‘Cé acu a thoilíonn tú nó nach dtoilíonn tú le dlí a dhéanamh den Bhille sin?’ agus déanfaidh sé ansin, mura cás é lena mbaineann fomhír (b) den mhír seo, an páipéar ballóide a mharcáil de réir freagra an vótálaí, ach ní ghníomhóidh sé de réir aon treorach scríofa.
(b) Mura dtuigfidh an vótálaí brí na ceiste sin, déanfaidh an t-oifigeach ceannais mar a leanas:—
(i) léifidh sé don vótálaí mír 1 den ráiteas atá san Fhoscríbhinn a ghabhann le halt 5 den Acht Toghcháin (Leasú), 1972,
(ii) fiafróidh sé ansin den vótálaí ‘Cé acu is maith leat a dhéanamh—vótáil i bhfabhar an togra chun an Bunreacht a leasú? nó vótáil in aghaidh an togra chun an Bunreacht a leasú?’, agus
(iii) marcálfaidh sé an páipéar ballóide ansin de réir freagra an vótálaí, ach ní ghníomhóidh sé de réir aon treorach scríofa.”
(2) Forléireofar an t-alt seo agus Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1968, mar aon ní amháin.
FOSCRÍBHINN
1. Tá togra sa Bhille um an Tríú Leasú ar an mBunreacht, 1971, chun an fo-alt atá anseo ina dhiaidh seo a chur le hAirteagal 29.4 den Bhunreacht.
3° Tig leis an Stát do bheith ina chomhalta den Chomhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach (do bunuigheadh le Connradh do sínigheadh i bPáras an 18adh lá d'Aibreán, 1951), de Chomh phobal Eacnamaíochta na hEorpa (do bunuigheadh le Connradh do sínigheadh insan Róimh an 25adh lá de Mhárta, 1957) agus den Chomhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (do bunuigheadh le Connradh do sínigheadh insan Róimh an 25adh lá de Mhárta, 1957). Ní dhéanann aon fhoráileamh atá insan Bhunreacht so aon dlighthe d'achtuigh, gníomhartha do rinne nó bearta le n-ar ghlac an Stát, de bhíthin riachtanais na n-oibleagáidí mar chomhalta de na Comhphobail, do chur ó bhail dlighidh ná cosc do chur le dlighthe d'achtuigh, gníomhartha do rinne nó bearta le n-ar ghlac na Comhphobail, nó institiúidí de na Comhphobail, ó fheidhm dlighidh do bheith acu sa Stát.
Is é críoch an togra a cheadú don Stát a bheith ina chomhalta de na comhphobail ar a dtugtar de ghnáth na Comhphobail Eorpacha.
2. MÁ THOILÍONN TÚ leis an Stát a bheith ina chomhalta de na Comhphobail Eorpacha, cuir X os coinne an fhocail TÁ ar an bpáipéar ballóide.
3. MURA dTOILÍONN TÚ leis an Stát a bheith ina chomhalta de na Comhphobail Eorpacha, cuir X os coinne an fhocail NÍL ar an bpáipéar ballóide.
4. Féadfar cóip den Bhille a scrúdú in aisce, agus a cheannach ar dhá phingin go leith, in aon Phostoifig.
Leasú ar Acht Toghcháin an tSeanaid (Rolla-Chomhaltaí), 1947.
6.—Leasaítear leis seo Acht Toghcháin an tSeanaid (Rolla-Chomhaltaí), 1947—
(a) trí “agus a marcálfar an uimhir sin an toghthóra ar an taobh istigh de”, a scriosadh as Riail 4 (f) den Chéad Sceideal;
(b) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii) den Riail sin 4 (f):
“(ii) clúdach níos lú ná sin (dá ngairtear an clúdach páipéir bhallóide anseo feasta) san fhoirm fhorordaithe, agus”;
c) trí “ach amháin gurb amhlaidh a marcálfar ar chomhdhuillí na bpáipéar ballóide sin, in ionad na huimhreach ar an liosta toghthóirí, an uimhir leanúnach a formhuiníodh ar an iarratas ar dá bhun a bheas na páipéir bhallóide sin á n-eisiúint” a scriosadh agus “déanfar” a chur in ionad “go ndéanfar” i Riail 5 den Chéad Sceideal;
(d) tríd an gclásal seo a leanas a chur in ionad chlásal (ii) de Riail 8 (1) (a) den Chéad Sceideal:
“(ii) tabharfaidh an duine údaraithe don toghthóir foirm dhearbhaithe céannachta san fhoirm fhorordaithe agus más dúblaigh na páipéir bhallóide a thabharfar ar aird, marcálfaidh sé an focal ‘dúblach’ ar an dearbhú céannachta,”;
(e) tríd an gclásal seo a leanas a chur in ionad chlásal (iv) den Riail sin 8 (1) (a):
“(iv) déanfaidh an toghthóir an dearbhú céannachta mar aon leis an gclúdach imeachtrach a tugadh ar aird a thabhairt ina láimh don duine údaraithe agus, más deimhin leis sin gurb é an duine a rinne an dearbhú céannachta an duine chun ar díríodh an clúdach imeachtrach, síneoidh sé an dearbhú céannachta, tabharfaidh sé ar ais don toghthóir é, agus díothóidh sé an clúdach imeachtrach ansin,”;
(f) trí “agus an uimhir ar an dearbhú sin a chur i gcompráid leis an uimhir ar an gclúdach páipéir bhallóide sa bhforchlúdach sin” a scriosadh as Riail 14 (d) den Chéad Sceideal;
(g) trí “más rud é” a chur in ionad “más mar a chéile na huimhreacha sin agus” i Riail 14 (e) den Chéad Sceideal;
(h) trí “nó nach mbeidh uimhir pháipéir bhallóide air” a scriosadh as Riail 14 (k) den Chéad Sceideal;
(i) trí “nó nach bhfuil uimhir pháipéir bhallóide air” a scriosadh as Riail 18 den Chéad Sceideal;
(j) trí “an uimhir ar an gclúdach i gcompráid leis an uimhir ar na páipéir bhallóide, agus más mar a chéile an uimhir ar an gclúdach agus an uimhir ar na páipéir bhallóide, cuirfidh” agus “,ach mura mar a chéile an uimhir ar an gclúdach agus an uimhir ar na páipéir bhallóide, ceanglóidh ceann comhairimh an tSeanaid na páipéir bhallóide sin agus an clúdach sin dá chéile agus marcálfaidh ‘diúltaithe’ orthu” a scriosadh as Riail 20 (3) den Chéad Sceideal;
(k) trí “go dtí go mbeidh cruthaithe chun sástachta binse thoghcháin gur vótáil sé agus go mbeidh dearbhaithe ag an mbinse sin a vóta a bheith neamhbhailí” a scriosadh as Riail 32 den Chéad Sceideal;
(l) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii) de Riail 4 (f) den Tríú Sceideal:
“(ii) foirm dhearbhaithe céannachta san fhoirm fhorordaithe, agus”;
(m) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (iv) den Riail sin 4 (f) is déanaí a luaitear:
“(iv) clúdach níos lú ná sin (dá ngairtear an clúdach páipéir bhallóide anseo feasta) san fhoirm fhorordaithe;”;
(n) trí “ach amháin gurb amhlaidh a marcálfar ar chomhdhuille an pháipéir bhallóide sin, in ionad na huimhreach ar an liosta toghthóirí, an uimhir leanúnach a formhuiníodh ar an iarratas ar dá bhun a bheas an páipéar ballóide sin á eisiúint” a scriosadh, agus “déanfar” a chur in ionad “go ndéanfar” i Riail 5 den Tríú Sceideal;
(o) trí “agus an uimhir ar an dearbhú sin a chur i gcompráid leis an uimhir ar an gclúdach páipéir bhallóide sa bhforchlúdach sin” a scriosadh as Riail 13 (c) den Tríú Sceideal;
(p) trí “más rud é” a chur in ionad “más mar a chéile na huimhreacha sin agus” i Riail 13 (d) den Tríú Sceideal;
(q) trí “agus gur mar a chéile an uimhir ar an bpáipéar ballóide sin agus an uimhir ar an dearbhú sin” a scriosadh as Riail 14 den Tríú Sceideal;
(r) trí “cuirfidh an uimhir ar an gclúdach i gcompráid leis an uimhir ar an bpáipéar ballóide agus, más mar a chéile an uimhir ar an gclúdach agus an uimhir ar an bpáipéar ballóide,” agus “, ach, mura mar a chéile an uimhir ar an gclúdach agus an uimhir ar an bpáipéar ballóide, ceanglóidh ceann comhairimh an tSeanaid an páipéar ballóide sin agus an clúdach sin dá chéile agus marcálfaidh ‘diúltaithe’ orthu” a scriosadh as Riail 17 den Tríú Sceideal;
(s) trí “go dtí go mbeidh cruthaithe chun sástachta binse thoghcháin gur vótáil sé agus go mbeidh dearbhaithe ag an mbinse sin a vóta a bheith neamhbhailí” a scriosadh as Riail 28 den Tríú Sceideal; agus
(t) trí mhíreanna (b) agus (e) de Riail 4, míreanna (g), (h) agus (i) de Riail 14, agus Riail 35 den Chéad Sceideal; agus míreanna (b) agus (e) de Riail 4, míreanna (f) agus (g) de Riail 13, agus Riail 31 den Tríú Sceideal, a scriosadh.
Leasú ar an Acht Toghcháin, 1963.
7.—Leasaítear leis seo an tAcht Toghcháin, 1963, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an Cheathrú Sceideal a ghabhann leis, arna leasú le halt 2 d'Acht an Reifrinn (Leasú), 1968;
“AN CEATHRÚ SCEIDEAL
Cuid I.
FOIRM AN PHÁIPÉIR BHALLÓIDE I REIFREANN BUNREACHTA.
(Éadan an Pháipéir)
| An bhfuil tú ag toiliú leis an togra chun an Bunreacht a leasú atá sa Bhille thíosluaite? | ||
| Do you approve of the proposal to amend the Constitution contained in the undermentioned Bill? | ||
|
|
|
|
|
| Ná cuir marc ACH SAN AON CHEARNÓG AMHÁIN Place a mark in ONE SQUARE ONLY | ||
|
| MÁ THOILÍONN TÚ, cuir X sa chearnóg seo IF YOU APPROVE, mark X in this square
|
| TÁ YES |
|
|
|
|
|
|
|
MURA DTOILÍONN TÚ, cuir X sa chearnóg seo IF YOU DO NOT APPROVE, mark X in this square |
| NÍL NO |
|
|
|
|
|
(Cúl an Pháipéir) | ||
Comhdhuille Uimh. | Uimh. | Dáilcheantar |
Counterfoil No...... | No............ | Constituency of........ |
Reifreann i dtaobh an togra chun an Bunreacht a leasú Referendum on proposal to amend the Constitution |
NÓTA:—Déanfar cúl gach páipéir bhallóide a uimhriú go comhleanúnach agus an uimhir chéanna a chur ar chúl an chomhdhuille a bheidh i gceangal leis. Déanfar an uimhir ar chúl an pháipéir bhallóide a chló sna litreacha is lú is féidir ach iad a bheith inléite.
Cuid II.
FOIRM NA bPÁIPÉAR BALLÓIDE I nGNÁTH-REIFRINN.
1.
FOIRM AN PHÁIPÉIR BHALLÓIDE I gCÁS GAN ACH AON REIFREANN AMHÁIN A BHEITH Á THÓGÁIL.
(Éadan an Pháipéir)
|
| Marc Oifigiúil. | |
|
| Official Mark. | |
| An bhfuil tú ag toiliú le dlí a dhéanamh den togra thíosluaite? | Do you approve of the undermentioned proposal becoming law? | |
Comhdhuille Uimh......... |
|
|
|
| |||
|
|
|
TÁ YES |
|
|
|
| NÍL NO |
|
|
|
| TREORACHA. | INSTRUCTIONS. |
| I. Féach chuige go bhfuil an marc oifigiúil ar an bpáipéar. | I. See that the official mark is on the paper. |
| II. Má thoilíonn tú leis an togra, cuir an marc “X” sa chearnóg os coinne an fhocail “TÁ”. | II. If you approve of the proposal, place the mark “X” in the square opposite the word “YES”. |
| III. Mura dtoilíonn tú leis an togra, cuir an marc “X” sa chearnóg os coinne an fhocail “NÍL”. | III. If you do not approve of the proposal, place the mark “X” in the square opposite the word “NO”. |
| IV. Fill an páipéar ionas nach bhfeicfear do vóta. Taispeáin cúl an pháipéir don oifigeach ceannais, agus cuir sa bhosca ballóide é. | IV. Fold the paper to conceal your vote. Show the back of the paper to the presiding officer and put it in the ballot box. |
(Cúl an Pháipéir) | |
Uimh. ................ | Dáilcheantar ............... |
Reifreann i dtaobh an togra go ...... | Referendum on proposal that....... |
........................................ | ........................................ |
........................................ | ........................................ |
Nóta:—Déanfar cúl gach páipéir bhallóide a uimhriú go comhleanúnach agus an uimhir chéanna a chur ar chúl an chomhdhuille a bheidh i gceangal leis. Déanfar an uimhir ar chúl an pháipéir bhallóide a chló sna litreacha is lú is féidir ach iad a bheith inléite.
2.
FOIRM AN PHÁIPÉIR BHALLÓIDE I gCÁS DHÁ REIFREANN NÓ NÍOS MÓ A BHEITH Á dTÓGÁIL AN LÁ CÉANNA.
(Éadan an Pháipéir)
|
| Marc Oifigiúil. | |
|
| Official Mark. |
Comhdhuille Uimh........... | I gcás gach togra faoi leith dá luaitear sa chéad cholún anseo thíos, an bhfuil tú ag toiliú le dlí a dhéanamh den togra? | In the case of each of the proposals stated in the first column below, do you approve of the proposal becoming law? |
| TOGRA. PROPOSAL. | TÁ. YES. | NÍL. NO. |
| 1. |
|
|
| 2. |
|
|
| 3. |
|
|
| TREORACHA. | INSTRUCTIONS. |
| I. Féach chuige go bhfuil an marc oifigiúil ar an bpáipéar. | I. See that the official mark is on the paper. |
| II. Cuir an marc “X” sa cholún thuas dar mírcheann “TÁ” os coinne gach togra faoi leith lena dtoilíonn tú. | II. Place the mark “X” in the column headed “YES” opposite every proposal of which you approve. |
| III. Cuir an marc “X” sa cholún thuas dar mírcheann “NÍL” os coinne gach togra faoi leith nach dtoilíonn tú leis. | III. Place the mark “X” in the column headed “NO” opposite every proposal of which you do not approve. |
| IV. Fill an páipéar ionas nach bhfeicfear do vóta. Taispeáin cúl an pháipéir don oifigeach ceannais, agus cuir sa bhosca ballóide é. | IV. Fold the paper to conceal your vote. Show the back of the paper to the presiding officer and put it in the ballot box. |
| (Cúl an Pháipéir) | |||
| Uimh. ............ | Dáilcheantar .......... | ||
| Reifreann i dtaobh na dtograí seo a leanas :— | Referenda on the following proposals :— | ||
| 1. | ....................... | 1. | ....................... |
|
| ....................... |
| ....................... |
| 2. | ....................... | 2. | ....................... |
|
| ....................... |
| ....................... |
| 3. | ....................... | 3. | ....................... |
|
| ....................... |
| ....................... |
Nóta:—Déanfar cúl gach páipéir bhallóide a uimhriú go comhleanúnach agus an uimhir chéanna a chur ar chúl an chomhdhuille a bheidh i gceangal leis. Déanfar an uimhir ar chúl an pháipéir bhallóide a chló sna litreacha is lú is féidir ach iad a bheith inléite.”.
Gearrtheideal agus comhlua.
8.—(1) Féadfar an tAcht Toghcháin (Leasú), 1972, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1972, a ghairm de na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1969, agus d'alt 1 den Acht seo le chéile.
(3) Féadfar Achtanna Toghchán an Uachtaráin, 1937 go 1972, a ghairm d'Achtanna Toghchán an Uachtaráin, 1937 go 1963, agus d'alt 3 den Acht seo le chéile.
(4) Féadfar Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1972, a ghairm d'Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1968, agus d'ailt 4, 5 agus 7 den Acht seo le chéile.
(5) Féadfar Achtanna Toghcháin an tSeanaid (Rolla-Chomhaltaí), 1947 go 1972, a ghairm d'Achtanna Toghcháin an tSeanaid (Rolla-Chomhaltaí), 1947 agus 1954, agus d'alt 6 den Acht seo le chéile.
(6) Féadfar Achtanna Toghcháin an tSeanaid (Comhaltaí Ollscoile), 1937 agus 1972, a ghairm d'Acht Toghacháin an tSeanaid (Baill Phríomh-Scoile), 1937, agus d'alt 2 den Acht seo le chéile.