[EN]

Uimhir 43 de 1960.


[EN]

AN tACHT TOGHCHÁIN, 1960.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA TOGHCHÁIN, 1923 GO 1959, ACHTANNA TOGHCHÁN AN UACHTARÁIN, 1937 AGUS 1946, AGUS ACHTANNA AN REIFRINN, 1942 GO 1959, DO DHÉANAMH LEASUITHE ÁIRITHE SA DLÍ A BHAINEANN LE TOGHCHÁIN D'ÚDARÁIS ÁITIÚLA AGUS DO CHOIMEÁD ACHTACHÁN ÁIRITHE I bhFEIDHM. [21 Nollaig, 1960.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

[EN]

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1.—(1) Féadfar an tAcht Toghcháin, 1960, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire Rialtais Áitiúil go ginearálta nó maidir le haon chríoch nó foráil áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus chun forálacha éagsúla den Acht seo.

[EN]

Achtacháin áirithe a choimeád i bhfeidhm.

1868. c. 125.

1883, c. 51.

1869, c. 21.

2.—D'ainneoin aon ní atá in aon Acht eile, leanfaidh—

[EN]

(a) an oiread den Parliamentary Elections Act, 1868, agus a choimeádtar i bhfeidhm leis an Corrupt and Illegal Practices Prevention Act, 1883, agus

[EN]

(b) an Corrupt Practices Commission Expenses Act, 1869,

[EN]

i bhfeidhm go dtí cibé tráth a aisghairfear nó a fhoirceannfar iad.

[EN]

Aisghairm.

3.—Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a luaitear sa tríú colún den Sceideal sin.

CUID II.

Toghcháin chun Dáil Éireann.

[EN]

Léiriú, forléiriú agus comhlua (Cuid II).

1923, Uimh. 12.

4.—(1) Sa Chuid seo den Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Timpeall Toghchán, 1923.

[EN]

(2) Forléireofar le chéile mar aon Acht amháin na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1959, agus an Chuid seo den Acht seo agus féadfar na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1960, a ghairm díobh le chéile.

[EN]

Aois toghthóra a chinntiú.

1945. Uimh. 6.

5.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 7 (a cuireadh isteach le halt 3 den Acht Toghcháin (Dáil Éireann agus Údaráis Áitiúla), 1945):

[EN]

“7. Chun críocha an Achta seo glacfar gurb é aois duine an aois a bhí an duine sin an 15ú lá d'Aibreán díreach i ndiaidh an 15ú lá de Mheán Fómhair, is é sin, an dáta cáilitheach.”

[EN]

Comhaltaí den Gharda Síochána agus d'Óglaigh na hÉireann a thaifeadadh sa liosta de phostvótálaithe agus socrú speisialta chun comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann a chlárú.

1954 Uimh. 18.

6.—(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 8:

[EN]

“8A.—(1) Déanfar toghthóir Dála a thaifeadadh ar an liosta de phost-vótálaithe dá dháil cheantar—

[EN]

(a) más comhalta den Gharda Síochána é, nó

[EN]

(b) más comhalta lánaimsire d'Óglaigh na hÉireann é.

[EN]

(2) I gcás ina ndéanfaidh toghthóir is comhalta lánaimsire d'Óglaigh na hÉireann, lá nach déanaí ná an lá deiridh chun éilithe dá dtagraítear i Riail 9 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a dhéanamh, ráiteas ag insint na háite ina mbeadh gnáthchónaí air ar an dáta cáilitheach mura mbeadh a sheirbhís, a thabhairt don oifigeach cláraitheachta don limistéar cláraitheachta ina bhfuil an áit sin, glacfar leis an ráiteas, cheal fianaise contrártha dó sin, mar ráiteas cruinn agus clárófar é sa dáilcheantar ina bhfuil an áit sin.

[EN]

(3) (a) San alt seo, ciallaíonn “comhalta lánaimsire d'Óglaigh na hÉireann”—

[EN]

(i) comhalta de na Buan-Óglaigh, nó

[EN]

(ii) oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca ar fostú go leanúnach dó ar seirbhís nó ar dualgas míleata i rith tréimhse a bhfuil i bhfeidhm lena linn forógra á údarú cúltacairí a ghairm amach ar buanseirbhís, nó i rith tréimhse a bhfuil cúltacairí gairthe amach ar buanseirbhís faoi alt 88 den Acht Cosanta, 1954, nó

[EN]

(iii) cúltacaire atá gairthe amach ar buanseirbhís.

[EN]

(b) Sa mhír roimhe seo tá le “na Buan-Óglaigh”, “oifigeach”, “na hÓglaigh Cúltaca”, “forógra á údarú cúltacairí a ghairm amach ar buanseirbhís”, agus “cúltacaire” na bríonna céanna faoi seach atá leo san Acht Cosanta, 1954.”

[EN]

Laetheanta i gcóir ainmniúchán agus vótaíochtaí.

1927, Uimh. 31.

R. & O.R. Uimh. 331 de 1945.

7.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 18 (arna leasú le fo-alt (1) d'alt 3 den Acht Timpeall Toghchán (Leasú), 1927, agus le fo-mhír (1) de mhír (3) den Ordú chun an tAcht Timpeall Toghchán, 1923, d'Oiriúnú, 1945):

[EN]

“18. (1) I dToghchán Dála—

[EN]

(a) is é an lá deiridh chun ainmniúcháin a ghlacadh an lá deiridh den tréimhse arb é a bheidh inti na naoi lá (gan aon lá eiscthe a áireamh) díreach i ndiaidh—

[EN]

(i) i gcás olltoghcháin, dáta an fhorógra ag lánscor Dháil Éireann, agus

[EN]

(ii) i gcás corrthoghcháin, an lá a eiseofar an rit don toghchán, agus

[EN]

(b) glacfar an vótaíocht cibé lá a cheapfaidh an tAire Rialtais Áitiúil is lá i rith na tréimhse arb é a bheidh inti na deich lá (gan aon lá eiscthe a áireamh) díreach i ndiaidh na tréimhse arb é a bheidh inti na sé lá (gan aon lá eiscthe a áireamh) díreach i ndiaidh an lae dheiridh chun glacadh le hainmniúcháin.

[EN]

(2) Ní bheidh feidhm ag alt 60 den Acht seo maidir leis an alt seo, ach ciallaíonn “lá eiscthe” san alt seo lá ar bith de na laethanta a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt sin 60 mar laetheanta nach n-áireofar”

[EN]

Vótáil ag postvótálaithe.

8.—(1) Leasaítear leis seo alt 21 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (1) go (4):

[EN]

“(1) Gach toghthóir a mbeidh, le linn toghchán Dála, a ainm ar an liosta de phost-vótálaithe do dháilcheantar, beidh teideal aige vótáil sa dáilcheantar sin sa vótaíocht sa toghchán sin trína pháipéar ballóide a chur leis an bpost chuig an gceann comhairimh don dáilcheantar sin agus ní bheidh teideal aige vótáil ar aon slí eile.

[EN]

(2) Déanfaidh an ceann comhairimh, i gcás toghchán Dála iomaíochta, a luaithe is féidir tar éis an toghchán a chur ar atráth, páipéar ballóide agus foirm admhála (a bheidh san fhoirm fhorordaithe) i leith an pháipéir bhallóide sin a chur chuig gach duine a mbeidh a ainm ar an liosta de phost-vótálaithe dá dháilcheantar.

[EN]

(3) Má fhaigheann an ceann comhairimh, sula mbeidh críoch leis an vótaíocht, an páipéar ballóide sin agus é marcáilte go cuí ag an duine sin maraon leis an admháil sin agus í sínithe go cuí ag an duine sin comhairfidh sé é agus déileálfar leis chun gach críche mar a dhéileálfar le páipéar ballóide a chuirfí sa bhosca ballóide sa ghnáth-shlí.”

[EN]

(2) Leasaítear leis seo an Ceathrú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

[EN]

(a) trí “admháil” a chur in ionad “faisnéis chéannachta” nó “faisnéis” cibé áit a bhfuil na focail sin i Rialacha 1, 3, 6, 7 agus 9,

[EN]

(b) trí “agus dílse-dhearbhuithe” a scriosadh as mír (4) agus “gur dílse-dhearbhuíodh” a scriosadh as mír (5) de Riail 6 agus “agus dílse-dhearbhaithe” a scriosadh as mír (1) de Riail 7, agus

[EN]

(c) trí “hadmhálacha” a chur in ionad “faisnéisí” i mír (2) de Riail 7.

[EN]

Eagar na n-ainmneacha ar an liosta de phost-vótálaithe.

9.—Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an riail seo a leanas a chur in ionad Riail 16:

[EN]

“16. Déanfar na hainmneacha ar an liosta de phostvótálaithe a eagrú i cibé slí agus i cibé ord a ordóidh an tAire Rialtais Áitiúil.”

[EN]

Vótáil ag daoine dalla agus daoine éagumasacha.

10.—(1) Leasaítear leis seo Cuid 1 den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an riail seo a leanas a chur in ionad Riail 24:

[EN]

“24. (1) (a) Má chuireann toghthóir ina luí ar an oifigeach ceannais go bhfuil mallachar radhairc nó éagumas eile coirp air ionas nach féidir leis vótáil gan chúnamh agus go n-iarrfaidh sé go marcálfaidh compánach a pháipéar ballóide dó, ansin, faoi réir fhomhír (b) den mhír seo, féadfaidh an compánach an páipéar ballóide a mharcáil don toghthóir agus cuirfidh sé an páipéar ballóide, agus é marcáilte amhlaidh, sa bhosca ballóide.

[EN]

(b) Chun críocha fhomhír (a) den mhír seo—

[EN]

(i) féadfaidh an t-oifigeach ceannais, agus, má iarrann gníomhaire d'iarrthóir air é, déanfaidh sé, sula seachadfar an páipéar ballóide, an toghthóir a chur faoi mhionn (nó, i gcás duine a chuirfidh in aghaidh mionn a ghlacadh ar an bhforas nach bhfuil aon chreideamh aige nó go bhfuil sé in aghaidh a chreidimh mionn a ghlacadh, faoi dhearbhasc) san fhoirm seo a leanas:

[EN]

‘Bheirim Dia na nUilechumhacht (—Déanaim go sollúnta, go macánta agus go fírinneach a dhearbhú agus a dhearbhascadh de réir mar a bheidh) go bhfuil mallachar radhairc orm (—go bhfuil éagumas coirp orm—de réir mar a bheidh) ionas nach féidir liom vótáil gan chúnamh’

[EN]

agus má dhiúltaíonn an toghthóir an mionn a ghlacadh nó an dearbhascadh a dhéanamh ní mharcálfar an páipéar ballóide dó faoin riail seo;

[EN]

(ii) féadfaidh an t-oifigeach ceannais, agus, má iarrann gníomhaire d'iarrthoir air é, déanfaidh sé, na ceisteanna seo a leanas, nó aon cheist nó ceisteanna acu, a chur ar an gcompánach sula seachadfar an páipéar ballóide:

[EN]

(I) An bhfuil sé bliana déag d'aois slán agat ?

[EN]

(II) Ar mharcáil tú mar chompánach níos mó ná aon pháipéar ballóide amháin sa toghchán seo ( sa chorrthoghchán seo, de réir mar a bheidh)?

[EN]

(III) An iarrthóir tú sa toghchán seo ( sa chorrthoghchán seo, de réir mar a bheidh) ?

[EN]

(IV) An gníomhaire d'iarrthóir tú sa toghchán seo ( sa chorrthoghchán seo, de réir mar a bheidh) ?

[EN]

agus mura freagra dearfach an freagra a gheofar ar an gcéad cheist agus freagra diúltach ar an gceist eile nó ar na ceisteanna eile, de réir mar a bheidh, ní mharcálfaidh an compánach an páipéar ballóide;

[EN]

(iii) féadfaidh an t-oifigeach ceannais, agus, má iarrann an gníomhaire d'iarrthóir air é, déanfaidh sé, sula seachadfar an páipéar ballóide, an compánach a chur faoi mhionn (nó, i gcás duine a chuirfidh in aghaidh mionn a ghlacadh ar an bhforas nach bhfuil aon chreideamh aige nó go bhfuil sé in aghaidh a chreidimh mionn a ghlacadh, faoi dhearbhasc) san fhoirm seo a leanas:

[EN]

‘Bheirim Dia na nUilechumhacht ( —Déanaim go sollúnta, go macánta agus go fírinneach a dhearbhú agus a dhearbhascadh—de réir mar a bheidh) go bhfuil sé bliana déag d'aois slán agam agus nár mharcáil mé, mar chompánach, níos mó ná páipéar ballóide amháin sa toghchán seo ( sa chorr thoghchán seo, de réir mar a bheidh) agus nach iarrthóir ná gníomhaire d'iarrthóir ann mé’

[EN]

agus má dhiúltaíonn an compánach an mionn a ghlacadh nó an dearbhascadh a dhéanamh, ní mharcálfaidh sé an páipéar ballóide.

[EN]

(c) Má chuireann toghthóir ina luí ar an oifigeach ceannais go bhfuil mallachar radhairc nó éagumas eile coirp air ionas nach féidir leis vótáil gan chúnamh agus—

[EN]

(i) nach n-iarrfaidh sé go marcálfaidh compánach a pháipéar ballóide dó, nó

[EN]

(ii) go mbeidh sé tar éis é sin a iarraidh agus gurbh shárú ar chlásal (ii) nó (iii) d'fhomhír (b) de mhír (I) den riail seo an compánach do mharcáil a pháipéir bhallóide,

[EN]

déanfaidh an t-oifigeach ceannais, i bhfianaise gníomhairí na n-iarrthóirí agus ní i bhfianaise aon duine eile, a chur faoi deara vóta an toghthóra a mharcáil ar pháipéar ballóide de réir mar a ordóidh an toghthóir agus cuirfidh an páipéar ballóide, agus é marcáilte amhlaidh, sa bhosca ballóide.

[EN]

(d) Chun críocha fhomhír (c) den mhír seo, féadfaidh an t-oifigeach ceannais, agus, má iarrann gníomhaire d'iarrthóir air é, déanfaidh sé, sula seachadfar an páipéar ballóide, an toghthóir a chur faoi mhionn nó, i gcás duine a chuirfidh in aghaidh mionn a ghlacadh ar an bhforas nach bhfuil aon chreideamh aige nó go bhfuil sé in aghaidh a chreidimh mionn a ghlacadh, faoi dhearbhasc) san fhoirm atá leagtha amach i gclásal (i) de mhír (b) den mhír seo, agus má dhiúltaíonn an toghthóir an mionn a ghlacadh nó an dearbhasc a dhéanamh ní mharcálfar an páipéar ballóide dó faoin riail seo.

[EN]

(e) Má chuireann toghthóir ina luí ar an oifigeach ceannais go bhfuil sé chomh neamhliteartha sin nach féidir leis vótáil gan chúnamh, déanfaidh an t-oifigeach ceannais, i bhfianaise gníomhairí na n-iarrthóirí agus ní i bhfianaise aon duine eile, a chur faoi deara vóta an toghthóra a mharcáil ar pháipéar ballóide de réir mar a ordóidh an toghthóir agus cuirfidh an páipéar ballóide, agus é marcáilte amhlaidh, sa bhosca ballóide.

[EN]

(2) Má iarrann toghthóir, laistigh de cheithre huaire a chloig roimh an am a bheidh socraithe chun an vótaíocht a chríochnú, go marcálfar a pháipéar ballóide dó faoin riail seo ar shlí seachas ag compánach, féadfaidh an t-oifigeach ceannais diúltú dá iarratas más dóigh leis, ag féachaint don méid toghthóirí a bheidh ag teacht isteach an tráth sin chun vótála nó ar dóigh dóibh teacht isteach chun vótála sula gcríochnófar an vótaíocht, go gcuirfeadh sé as dá dhualgais a chomhlíonadh i gceart aige nó go mbacfadh sé go míchuí toghthóirí eile ó vótáil dá ngéilleadh sé don iarratas sin.

[EN]

(3) I gcás ina marcálfaidh an t-oifigeach ceannais páipéar ballóide faoin riail seo, déanfaidh sé de réir na dtreoracha atá i gCuid II den Sceideal seo.”

[EN]

(2) (a) I gcás ina mbeidh duine, de bhun mhír (1) de Riail 24 de Chuid 1 den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht (arna leasú le fo-alt (1) den alt seo) tar éis dhá pháipéar bhallóide a mharcáil mar chompánach i dtoghchán, ní mharcálfaidh sé mar chompánach, aon pháipéar ballóide eile sa toghchán sin.

[EN]

(b) Ní dhéanfaidh duine, de bhun mhír (1) de Riail 24 de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht (arna leasú le fo-alt (1) den alt seo), páipéar ballóide a mharcáil, mar chompánach, i dtoghchán más iarrthóir nó gníomhaire d'iarrthóir sa toghchán sin é féin.

[EN]

(c) Aon duine a sháróidh mír (a) nó mír (b) den fho-alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

[EN]

(3) Leasaítear leis seo Riail 19 de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht trí “compánaigh iarrthóirí a bhfuil mallachar radhairc nó éagumas eile coirp orthu ionas nach féidir leo vótáil gan chúnamh an fad a bheidh na compánaigh sin ag cabhrú leis na toghthóirí sin” a chur isteach i ndiaidh “gníomhairí na n-iarrthóirí.”

CUID III.

Toghcháin an Uachtaráin.

[EN]

Léiriú, forléiriú agus comhlua (Cuid III).

1937, Uimh. 32.

11.—(1) Sa Chuid seo den Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” Acht Toghchán an Uachtaráin, 1937.

[EN]

(2) Forléireofar le chéile mar aon Acht amháin Achtanna Toghchán an Uachtaráin, 1937 agus 1946, agus an Chuid seo den Acht seo agus féadfar Achtanna Toghchán an Uachtaráin, 1937 go 1960, a ghairm díobh le chéile.

[EN]

Vótail ag post-vótálaithe.

12.—Leasaítear leis seo alt 29 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (2) agus (3):

[EN]

“(2) Déanfaidh gach ceann comhairimh áitiúil, a luaithe is féidir tar éis dó fógra a fháil ó cheann comhairimh toghcháin an uachtaráin i dtaobh toghchán uachtaráin a chur ar atráth chun vótaíocht a ghlacadh, páipéar ballóide agus foirm admhála (a bheidh san fhoirm fhorordaithe) i leith an pháipéir bhallóide sin a chur chuig gach duine a mbeidh a ainm ar an liosta de phost-vótálaithe dá dháilcheantar.

[EN]

(3) Má fhaigheann an ceann comhairimh, sula mbeidh críoch leis an vótaíocht, an páipéar ballóide sin agus é marcáilte go cuí ag an duine sin maraon leis an admháil sin agus í sínithe go cuí ag an duine sin comhairfidh sé é agus déileálfar leis chun gach críche mar a dhéileálfaí le páipéar ballóide a chuirfí sa bhosca ballóide sa ghnáth-shlí.”

[EN]

Vótáil ag daoine dalla agus daoine éagumasacha.

13.—(1) Leasaítear leis seo Riail 17 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (1):

[EN]

“(1)  (a) Má chuireann aon toghthóir ina luí ar an oifigeach ceannais go bhfuil mallachar radhairc nó éagumas eile coirp air ionas nach féidir leis vótáil gan chúnamh agus go n-iarrfaidh sé go marcálfaidh compánach a pháipéar ballóide dó, ansin, faoi réir fhomhír (b) den mhír seo, féadfaidh an compánach an páipéar ballóide a mharcáil don toghthóir (agus dá réir sin ní bheidh feidhm ag mír (3) den riail seo) agus cuirfidh sé an páipéar ballóide, agus é marcáilte amhlaidh, sa bhosca ballóide.

[EN]

(b) Chun críocha fhomhír (a) den mhír seo—

[EN]

(i) féadfaidh an t-oifigeach ceannais, agus, má iarrann an gníomhaire d'iarrthóir air é, déanfaidh sé, sula seachadfar an páipéar ballóide, an toghthóir a chur faoi mhionn (nó, i gcás duine a chuirfidh in aghaidh mionn a ghlacadh ar an bhforas nach bhfuil aon chreideamh aige nó go bhfuil sé in aghaidh a chreidimh mionn a ghlacadh, faoi dhearbhasc) san fhoirm seo a leanas:

[EN]

‘Bheirimse Dia na nUilechumhacht ( — Déanaim go sollúnta, go macánta agus go fírinneach a dhearbhú agus a dhearbhascadh— de réir mar a bheidh) go bhfuil mallachar radhairc orm ( — go bhfuil éagumas coirp orm—de réir mar a bheidh) ionas nach féidir liom vótáil gan chúnamh’

[EN]

agus má dhiúltaíonn an toghthóir an mionn a ghlacadh nó an dearbhasc a dhéanamh ní mharcálfar an páipéar ballóide dó faoin riail seo:

[EN]

(ii) féadfaidh an t-oifigeach ceannais agus, má iarrann gníomhaire d'iarrthóir air é, déanfaidh sé, na ceisteanna seo a leanas nó aon cheist nó ceisteanna acu, a chur ar an gcompánach sula seachadfar an páipéar ballóide:

[EN]

(I) An bhfuil sé bliana déag d'aois slán agat ?

[EN]

(II) Ar mharcáil tú mar chompánach níos mó ná aon pháipéar ballóide amháin sa toghchán seo ?

[EN]

(III) An iarrthóir tú sa toghchán seo ?

[EN]

(IV) An gníomhaire d'iarrthóir tú sa toghchán seo ?

[EN]

agus muran freagra dearfach an freagra a gheofar ar an gcéad cheist agus freagra diúltach ar an gceist eile nó ar na ceisteanna eile, de réir mar a bheidh, ní mharcálfaidh an compánach an páipéar ballóide;

[EN]

(iii) féadfaidh an t-oifigeach ceannais, agus, má iarrann an gníomhaire d'iarrthóir air é, déanfaidh sé, sula seachadfar an páipéar ballóide, an compánach a chur faoi mhionn (nó, i gcás duine a chuirfidh in aghaidh mionn a ghlacadh ar an bhforas nach bhfuil aon chreideamh aige nó go bhfuil sé in aghaidh a chreidimh mionn a ghlacadh, faoi dhearbhasc) san fhoirm seo a leanas:

[EN]

‘Bheirimse Dia na nUilechumhacht ( — Déanaim go sollúnta, go macánta agus go fírinneach a dhearbhú agus a dhearbhascadh— de réir mar a bheidh) go bhfuil sé bliana déag d'aois slán agam agus nár mharcáil mé, mar chompánach, níos mó ná páipéar ballóide amháin sa toghchán seo agus nach iarrthóir ná gníomhaire d'iarrthóir ann mé’

[EN]

agus má dhiúltaíonn an compánach an mionn a ghlacadh nó an dearbhasc a dhéanamh, ní mharcálfaidh sé an páipéar ballóide.

[EN]

(c) Má chuireann toghthóir ina luí ar an oifigeach ceannais go bhfuil mallachar radhairc nó éagumas eile coirp air ionas nach féidir leis vótáil gan chúnamh agus—

[EN]

(i) nach n-iarrfaidh sé go marcálfaidh compánach a pháipéar ballóide dó, nó

[EN]

(ii) go mbeidh sé tar éis é sin a iarraidh agus gurbh shárú ar chlásal (ii) nó (iii) d'fhomhír (b) den mhír seo an compánach do mharcáil a pháipéir bhallóide,

[EN]

déanfaidh an t-oifigeach ceannais, i bhfianaise gníomhairí an iarrthóra agus ní i bhfianaise aon duine eile, a chur faoi deara vóta an toghthóra a mharcáil ar pháipéar ballóide de réir mar a ordóidh an toghthóir agus cuirfidh an páipéar ballóide agus é marcáilte amhlaidh, sa bhosca ballóide.

[EN]

(d) Chun críocha fhomhír (c) den mhír seo, féadfaidh an t-oifigeach ceannais, agus, má iarrann gníomhaire d'iarrthóir air é, déanfaidh sé, sula seachadfar páipéar ballóide, an toghthóir a chur faoi mhionn nó, i gcás duine a chuirfidh in aghaidh mionn a ghlacadh ar an bhforas nach bhfuil aon chreideamh aige nó go bhfuil sé in aghaidh a chreidimh mionn a ghlacadh, faoi dhearbhasc) san fhoirm atá leagtha amach i gclásal (i) d'fhomhír (b) den mhír seo, agus má dhiúltaíonn an toghthóir an mionn a ghlacadh nó an dearbhasc a dhéanamh ní mharcálfar an páipéar ballóide dó faoin riail seo.

[EN]

(e) Má chuireann toghthóir ina luí ar an oifigeach ceannais go bhfuil sé comh neamhliteartha nach féidir leis vótáil gan chúnamh, déanfaidh an t-oifigeach ceannais, i bhfianaise gníomhairí na n-iarrthóirí agus ní i bhfianaise aon duine eile, a chur faoi deara vóta an toghthóra a mharcáil ar pháipéar ballóide de réir mar a ordóidh an toghthóir agus cuirfidh an páipéar ballóide, agus é marcáilte amhlaidh, sa bhosca ballóide.”

[EN]

(2) (a) I gcás ina mbeidh duine, de bhun mhír (1) de Riail 17 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht (arna leasú le fo-alt (1) den alt seo), tar éis dhá pháipéar bhallóide a mharcáil mar chompánach, ní mharcálfaidh sé, mar chompánach, aon pháipéar ballóide eile sa toghchán uachtaráin céanna.

[EN]

(b) Ní dhéanfaidh duine, de bhun mhír (1) de Riail 17 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht (arna leasú le fo-alt (1) den alt seo), páipéar ballóide a mharcáil, mar chompánach, i dtoghchán uachtaráin más iarrthóir nó gníomhaire d'iarrthóir sa toghchán sin é féin.

[EN]

(c) Aon duine a sháróidh mír (a) nó mír (b) den fho-alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

[EN]

(3) Leasaítear leis seo mír (2) de Riail 17 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht trí “ar shlí seachas ag compánach” a chur isteach i ndiaidh “fén riail seo”.

[EN]

(4) Leasaítear leis seo Riail 12 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht trí “compánaigh toghthóirí a bhfuil mallachar radhairc nó éagumas eile coirp orthu ionas nach féidir leo vótáil gan chúnamh an fad a bheidh na compánaigh sin ag cabhrú leis na toghthóirí sin” a chur isteach i ndiaidh “gníomhairí pearsanála na n-iarrthóirí”.

CUID IV.

Reifrinn.

[EN]

Léiriú, forléiriú agus comhlua. (Cuid IV).

1942, Uimh. 8.

14.—(1) Sa Chuid seo den Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” Acht an Reifrinn, 1942.

[EN]

(2) Forléireofar le chéile mar aon Acht amháin Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1959, agus an Chuid seo den Acht seo agus féadfar Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1960, a ghairm díobh le chéile.

[EN]

Vótáil ag post-vótálaithe.

15.—(1) Leasaítear leis seo alt 20 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (2) agus (3):

[EN]

“(2) Déanfaidh gach ceann comhairimh áitiúil, a luaithe is féidir tar éis dáta an ordaithe ón Aire ag ceapadh an lae vótaíochta i reifreann, páipéar ballóide agus foirm admhála (a bheidh san fhoirm fhorordaithe) i leith an pháipéir bhallóide sin a chur chuig gach duine a bheidh ar an liosta de phost-vótálaithe dá dháilcheantar.

[EN]

(3) Má fhaigheann an ceann comhairimh, sula mbeidh críoch leis an vótaíocht, an páipéar ballóide sin agus é marcáilte go cuí ag an duine sin maraon leis an admháil sin agus í sínithe go cuí ag an duine sin comhairfidh sé é agus déileálfar leis chun gach críche mar a dhéileálfaí le páipéar ballóide a chuirfí sa bhosca sa ghnáth-shlí.”

[EN]

(2) Leasaítear leis seo Riail 31 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd na focail “na hadmhálacha do” a chur in ionad na bhfocal “na dearbhaithe céannachta do” agus “admhálacha dar” a chur in ionad “dearbhuithe céannachta dar” i mír (c) den riail sin.

[EN]

Vótáil ag daoine dalla agus daoine éagumasacha.

16.—(1) Leasaítear leis seo Riail 18 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (1):

[EN]

“24. (1) (a) Má chuireann vótálaí ina luí ar an oifigeach ceannais go bhfuil mallachar radhairc nó éagumas eile coirp air ionas nach féidir leis vótáil gan chúnamh agus go n-iarrfaidh sé go marcálfaidh compánach a pháipéar ballóide dó, ansin, faoi réir fhomhír (b) den mhír seo, féadfaidh an compánach an páipéar ballóide a mharcáil don vótálaí (agus dá réir sin ní bheidh feidhm ag mír (3) den riail seo) agus cuirfidh sé an páipéar ballóide, agus é marcáilte amhlaidh, sa bhosca ballóide, agus,

[EN]

(b) Chun críocha fhomhír (a) den mhír seo—

[EN]

(i) féadfaidh an t-oifigeach ceannais, agus, má iarrann gníomhaire pearsanála air é, déanfaidh sé, sula seachadfar páipéar ballóide, an toghthóir a chur faoi mhionn (nó, i gcás duine a chuirfidh in aghaidh mionn a ghlacadh ar an bhforas nach bhfuil aon chreideamh aige nó go bhfuil sé in aghaidh a chreidimh mionn a ghlacadh, faoi dhearbhasc) san fhoirm seo a leanas:

[EN]

‘Bheirimse Dia na hUilechumhacht (—Déanaim go sollúnta, go macánta agus go fírinneach a dhearbhú agus a dhearbhascadh —de réir mar a bheidh) go bhfuil mallachar radhairc orm (—go bhfuil éagumas coirp orm—de réir mar a bheidh) ionas nach féidir dom vótáil gan chúnamh’

[EN]

agus má dhiúltaíonn an vótálaí an mionn a ghlacadh nó an dearbhasc a dhéanamh, ní mharcálfar an páipéar ballóide dó faoin riail seo;

[EN]

(ii) féadfaidh an t-oifigeach ceannais, agus, má iarrann gníomhaire d'iarrthóir air é, déanfaidh sé, na ceisteanna seo a leanas nó aon cheist nó aon dá cheist acu a chur ar an gcompánach sula seachadfar an páipéar ballóide:

[EN]

(I) An bhfuil sé bliana déag d'aois slán agat ?

[EN]

(II) Ar mharcáil tú mar chompánach níos mó ná aon pháipéar ballóide amháin sa reifreann seo ?

[EN]

(III) An gníomhaire pearsanála tú sa reifreann seo ?

[EN]

agus muran freagra dearfach an freagra a gheofar an an gcéad cheist agus freagra diúltach ar an gceist nó ar na ceisteanna eile, de réir mar a bheidh, ní mharcálfaidh an compánach an páipéar ballóide;

[EN]

(iii) féadfaidh an t-oifigeach ceannais, agus má iarrann gníomhaire pearsanála air é, déanfaidh sé, sula seachadfar páipéar ballóide, an compánach a chur faoi mhionn (nó, i gcás duine a chuirfidh in aghaidh mionn a ghlacadh ar an bhforas nach bhfuil aon chreideamh aige nó go bhfuil sé in aghaidh a chreidimh mionn a ghlacadh, faoi dhearbhasc) san fhoirm seo a leanas:

[EN]

‘Bheirimse Dia na nUilechumhacht (—Déanaim go sollúnta, go macánta agus go fírinneach a dhearbhú agus a dhearbhascadh —de réir mar a bheidh) go bhfuil sé bliana déag d'aois slán agam agus nár mharcáil mé, mar chompánach, níos mó ná aon pháipéar ballóide amháin sa reifreann seo agus nach gníomhaire pearsanála ann mé’

[EN]

agus má dhiúltaíonn an compánach an mionn a ghlacadh nó an dearbhasc a dhéanamh, ní mharcálfaidh sé an páipéar ballóide;

[EN]

(c) Má chuireann vótálaí ina luí ar an oifigeach ceannais go bhfuil mallachar radhairc nó éagumas eile coirp air ionas nach féidir leis vótáil gan chúnamh agus—

[EN]

(i) nach n-iarrfaidh sé go marcálfaidh compánach a pháipéar ballóide dó, nó

[EN]

(ii) go mbeidh sé tar éis é sin a iarraidh agus gurbh shárú ar chlásal (ii) nó (iii) d'fhomhír (b) den mhír seo an compánach do mharcáil a pháipéir bhallóide,

[EN]

déanfaidh an t-oifigeach ceannais, i bhfianaise na ngníomhairí pearsanála (más ann) agus ní i bhfianaise aon duine eile, a chur faoi deara vóta an vótálaí a mharcáil ar pháipéar ballóide de réir mar a ordóidh an vótálaí agus cuirfidh an páipéar ballóide, agus é marcáilte amhlaidh, sa bhosca ballóide.

[EN]

(d) Chun críocha fhomhír (c) den mhír seo, féadfaidh an t-oifigeach ceannais, agus, má iarrann oifigeach pearsanála air é, déanfaidh sé, sula seachadfar an páipéar ballóide, an vótálaí a chur faoi mhionn (nó, i gcás duine a chuirfidh in aghaidh mionn a ghlacadh ar an bhforas nach bhfuil aon chreideamh aige nó go bhfuil sé in aghaidh a chreidimh mionn a ghlacadh, faoi dhearbhasc) san fhoirm atá leagtha amach i gclásal (i) d'fhomhír (b) den mhír seo, agus má dhiúltaíonn an votálaí an mionn a ghlacadh nó an dearbhasc a dhéanamh, ní mharcálfar an páipéar ballóide dó faoin riail seo.

[EN]

(e) Má chuireann vótálaí ina luí ar an oifigeach ceannais go bhfuil sé chomh neamhliteartha sin nach féidir leis vótáil gan chúnamh, déanfaidh an t-oifigeach ceannais, i bhfianaise na ngníomhairí pearsanála (más ann) agus ní i bhfianaise aon duine eile, a chur faoi deara vóta an vótálaí a mharcáil ar pháipéar ballóide de réir mar a ordóidh an vótálaí sin, agus cuirfidh an páipéar ballóide, agus é marcáilte amhlaidh, sa bhosca ballóide.”

[EN]

(2) (a) I gcás ina mbeidh duine, de bhun mhír (1) de Riail 18 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht (arna leasú le fo-alt (1) den alt seo), tar éis dhá pháipéar bhallóide a mharcáil mar chompánach, ní mharcálfaidh sé, mar chompánach, aon pháipéar ballóide eile sa reifreann céanna.

[EN]

(b) Ní dhéanfaidh duine, de bhun mhír (1) de Riail 18 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht (arna leasú le fo-alt (1) den alt seo), páipéar ballóide a mharcáil mar chompánach i reifreann más gníomhaire pearsanála sa reifreann sin é féin.

[EN]

(c) Aon duine a sháróidh mír (a) nó mír (b) den fho-alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú ann go hachomair dlífear fineáil nach mó má céad punt a chur air.

[EN]

(3) Leasaítear leis seo mír (2) de Riail 18 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht trí “ar shlí seachas ag compánach” a chur isteach i ndiaidh “fén riail seo.”

(4) Leasaítear leis seo Riail 13 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht trí “compánaigh vótálaithe a bhfuil mallachar radhairc nó éagumas eile coirp orthu ionas nach féidir leo vótáil gan chúnamh an fad a bheidh na compánaigh sin ag cabhrú leis na toghthóirí sin” a chur isteach i ndiaidh “na gníomhairí pearsanála (más ann) a bheidh ceaptha dá stáisún vótaíochta”.

CUID V.

Toghcháin d'Údarais Áitiúla.

[EN]

Leasuithe a bhaineann le toghcháin d'údaráis áitiúla.

1918, c. 64.

1924, Uimh. 7.

1935, Uimh. 9.

1941, Uimh. 23.

17.—(1) Leasaítear leis seo fo-alt (7) d'alt 41 den Representation of the People Act, 1918, trí “the 15th day of April next following” a chur isteach roimh “the last day of the qualifying period.”

[EN]

(2) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 3 den Acht chun Toghthóirí Rialtais Áitiúla do Chlárú, 1924, trí “15ú lá de Mheán Fómhair” a chur in ionad “15adh lá de mhí na Samhna.”

[EN]

(3) Beidh éifeacht ag alt 4 den Acht chun Toghthóirí Rialtais Áitiúla do Chlárú, 1924, amhail is—

[EN]

(i) dá mba thagairt do Chuid II den Acht Timpeall Toghcháin, 1923, agus an t-alt a chuirtear isteach le halt 6 den Acht seo a áireamh, an tagairt don Chuid sin II, agus

[EN]

(ii) dá bhfágtaí ar lár mír (a) d'fho-alt (1).

[EN]

(4) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 2 den Acht Rialtais Áitiúla (Reacht-Shaoirse do Leathnú), 1935, tríd an abairt bhreise seo a leanas a chur leis: “Chun críocha an fho-ailt seo, measfar gurb é aois duine sin an 15ú lá d'Aibreán díreach i ndiaidh an dáta cháilithigh iomchuí.”

[EN]

(5) Leasaítear leis seo an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Rialtais Áitiúil, 1941, trí “(arna leasú leis an Acht Toghcháin, 1960) agus freisin alt 21 (arna leasú amhlaidh) agus an Ceathrú Sceideal (arna leasú amhlaidh)”, a chur isteach sa tríú colún i ndiaidh “Coda I agus II den Chúigiú Sceideal”.

[EN]

(6) (a) I gcás ina mbeidh duine, de bhun mhír (1) de Riail 24 de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeall Toghcháin, 1923 (arna leasú le fo-alt (1) d'alt 10 den Acht seo agus mar a thugtar feidhm dó le halt 39 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941, agus leis an alt seo), tar éis dhá pháipéar bhallóide a mharcáil, mar chompánach, i dtoghchán, ní mharcálfaidh sé, mar chompánach, aon pháipéar ballóide eile sa toghchán sin.

[EN]

(b) Ní dhéanfaidh duine, de bhun mhír (1) de Riail 24 de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeall Toghcháin, 1923 (arna leasú le fo-alt (1) d'alt 10 den Acht seo agus mar a thugtar feidhm dó le halt 39 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941, agus leis an alt seo) páipéar ballóide a mharcáil, mar chompánach, i dtoghchán más iarrthóir nó gníomhaire d'iarrthóir sa toghchán sin é féin.

[EN]

(c) An duine a sháróidh mír (a) nó mír (b) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

AN SCEIDEAL.

Achtacháin a Aisghairtear.

Alt 3.

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

Uimh. 12 de 1923.

An tAcht Timpeall Toghcháin, 1923.

Fo-ailt (6) agus (7) d'alt (1); alt 5; na focail “Is de réir ceanntracha vótaíochta a déanfar suas gach liost den tsórt sin” i Riail 3 de na Rialacha atá sa Chéad Sceideal.

Uimh. 21 de 1927.

An tAcht Timpeall Toghcháin (Leasú), 1927.

Fo-alt (1) d'alt 3.

Uimh. 6 de 1945.

An tAcht Toghcháin (Dáil Éireann agus Údaráis Áitiúla), 1945.

Alt 3.

Uimh. 18 de 1954.

An tAcht Cosanta, 1954.

Alt 302.