Uimhir 4 de 1983
AN tACHT UM ONNMHAIRIÚ A SPREAGADH (LEASÚ), 1983
[An tiontú oifigiúil]
[31 Márta, 1983]
1.—Cuirtear, leis seo, an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (1) d'alt 4 den Acht um Onnmhairiú a Spreagadh, 1959:
“(1) (a) Is é dualgas an Bhoird onnmhairiú earraí agus soláthar cibé seirbhísí a bheidh sonraithe ó am go ham le hordú ón Aire a spreagadh, a chur chun cinn agus a fhorbairt in aon slí a mheasfaidh an Bord is gá nó is inmhianaithe.
(b) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.”.
Gearrtheideal agus comhlua.
2.—(1) Féadfar an tAcht um Onnmhairiú a Spreagadh (Leasú), 1983, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna um Onnmhairiú a Spreagadh, 1959 go 1983, a ghairm de na hAchtanna um Onnmhairiú a Spreagadh, 1959 go 1980, agus den Acht seo le chéile.
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Na hAchtanna um Onnmhairiú a Spreagadh, 1959 go 1980 |