[EN]

harp.jpg


Uimhir 4 de 1987


[EN]

ACHT AN REIFRINN (LEASÚ), 1987

RIAR NA nALT

Alt

1.

Reifreann bunreachta i ndáil leis an mBille um an Deichiú Leasú ar an mBunreacht, 1987.

2.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Toghcháin, 1963

1963, Uimh. 19

An tAcht Toghcháin (Leasú), 1985

1985, Uimh. 12

An tAcht Toghcháin (Leasú) (Uimh. 2), 1986

1986, Uimh. 35

Acht an Reifrinn, 1942

1942, Uimh. 8

Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1986

harp.jpg


Uimhir 4 de 1987


ACHT AN REIFRINN (LEASÚ), 1987

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ ACHTANNA AN REIFRINN, 1942 GO 1986. [2 Bealtaine, 1987] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Reifreann bunreachta i ndáil leis an mBille um an Deichiú Leasú ar an mBunreacht, 1987.

1.—I reifreann bunreachta i ndáil leis an mBille um an Deichiú Leasú ar an mBunreacht, 1987—

[EN]

(a) beidh i gcárta vótaíochta a chuirfear amach faoi alt 64 (1) den Acht Toghcháin, 1963, arna leasú le halt 3 den Acht Toghcháin (Leasú), 1985, na ráitis atá leagtha amach i gCodanna I agus II den Fhoscríbhinn a ghabhann leis an alt seo,

[EN]

(b) déanfaidh an ceann comhairimh áitiúil do dháilcheantar cóipeanna de na ráitis dá dtagraítear i mír (a) den alt seo a chur freisin chuig gach toghthóir a bhfuil a ainm ar chlár na dtoghthóirí uachtaráin don dáilcheantar sin agus ar liosta na bpostvótálaithe don dáilcheantar sin an tráth céanna a chuirfear chuige a pháipéar ballóide don vótaíocht sa reifreann,

[EN]

(c) déanfaidh an ceann comhairimh áitiúil do dháilcheantar cóipeanna de na ráitis dá dtagraítear i mír (a) den alt seo a chur freisin chuig gach toghthóir a bhfuil a ainm ar chlár na dtoghthóirí uachtaráin don dáilcheantar sin agus ar an liosta vótálaithe speisialta (de réir bhrí an Achta Toghcháin (Leasú) (Uimh. 2), 1986) don dáilcheantar sin agus cuirfear iad in am trátha le go seachadfar iad i ngnáthchúrsa an phoist sula seachadfar na doiciméid dá dtagraítear in alt 10 (1) den Acht Toghcháin (Leasú) (Uimh. 2), 1986, sin ar an toghthóir lena mbaineann,

[EN]

(d) cuirfidh an t-oifigeach ceannais cóipeanna de na ráitis dá dtagraítear i mír (a) den alt seo ar taispeáint ina stáisiún vótaíochta agus i maighne a stáisiúin vótaíochta:

[EN]

Ar choinníoll nach mbeidh an reifreann ó bhail dlí mar gheall ar aon mhainneachtain cóipeanna den sórt sin a chur ar taispeáint in aon stáisiún vótaíochta nó i maighne aon stáisiúin vótaíochta,

[EN]

(e) le linn Riail 18 (a cuireadh isteach leis an Acht Toghcháin, 1963) den Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht an Reifrinn, 1942, a bheith á feidhmiú, cuirfear an mhír seo a leanas in ionad mhír (5)—

[EN]

“(5) (a) Má bhíonn páipéar ballóide le marcáil de bhun mhír (3) den Riail seo, féadfaidh an t-oifigeach ceannais cuidiú leis an vótálaí tríd an togra a bheidh luaite sa pháipéar ballóide a léamh amach go hiomlán as an bpáipéar ballóide agus trína fhiafraí den vótálaí ‘Cé acu a thoilíonn tú nó nach dtoilíonn tú le dlí a dhéanamh den Bhille sin?’ agus déanfaidh sé ansin, mura cás é lena mbaineann fomhír (b) den mhír seo, an páipéar ballóide a mharcáil de réir fhreagra an vótálaí, ach ní ghníomhóidh sé de réir aon treorach scríofa.

[EN]

(b) Mura dtuigfidh an vótálaí brí na ceiste sin, nó mura dtabharfaidh sé freagra ar an gceist, déanfaidh an t-oifigeach ceannais mar a leanas—

[EN]

(i) léifidh sé don vótálaí mír 1 den ráiteas atá leagtha amach i gCuid I nó i gCuid II, de réir mar is iomchuí, den Fhoscríbhinn a ghabhann le halt 1 den Acht Toghcháin (Leasú), 1987,

[EN]

(ii) fiafróidh sé ansin den vótálaí ‘Cé acu is maith leat a dhéanamh — vótáil i bhfabhar an togra chun an Bunreacht a leasú nó vótáil in aghaidh an togra chun an Bunreacht a leasú?’, agus

[EN]

(iii) marcálfaidh sé an páipéar ballóide ansin de réir fhreagra an vótálaí, ach ní ghníomhóidh sé de réir aon treorach scríofa.”.

[EN]

FOSCRÍBHINN

[EN]

Cuid I

[EN]

1. Is é atá beartaithe leis an mBille um an Deichiú Leasú ar an mBunreacht, 1987, a chur ar chumas an Stáit an Ionstraim Eorpach Aonair a dhaingniú tríd an abairt seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt 3° d'alt 4 d'Airteagal 29 den Bhunreacht tar éis na chéad abairte:

[EN]

“Tig leis an Stát an Ionstraim Eorpach Aonair (do sínigheadh tar ceann Bhallstáit na gComhphobal i Lucsamburg an 17adh lá d'Fheabhra, 1986, agus insan Háig an 28adh lá d'Fheabhra, 1986) do dhaingniú.”.

[EN]

2. MÁ THOILÍONN tú leis an togra, cuir X os coinne an fhocail TÁ ar an bpáipéar ballóide.

[EN]

3. MURA dTOILÍONN tú leis an togra, cuir X os coinne an fhocail NÍL ar an bpáipéar ballóide.

[EN]

4. Is féidir cóip den Bhille a iniúchadh saor in aisce, agus is féidir é a cheannach ar dhá phingin, in aon Phost-Oifig.

[EN]

Cuid II

[EN]

1. The Tenth Amendment of the Constitution Bill, 1987, proposes to enable the State to ratify the Single European Act by inserting the sentence here following into subsection 3° of section 4 of Article 29 of the Constitution after the first sentence:

[EN]

“The State may ratify the Single European Act (signed on behalf of the Member States of the Communities at Luxembourg on the 17th day of February, 1986, and at The Hague on the 28th day of February, 1986).”.

[EN]

2. If you APPROVE of the proposal, mark X opposite the word YES on the ballot paper.

[EN]

3. If you DO NOT APPROVE of the proposal, mark X opposite the word NO on the ballot paper.

[EN]

4. A copy of the Bill can be inspected free of charge, and purchased for two pence, at any Post Office.

[EN]

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

2.—(1) Féadfar Acht an Reifrinn (Leasú), 1987, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1987, a ghairm d'Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1986, agus den Acht seo le chéile.

[EN]

(3) Forléireofar an tAcht seo mar aon ní amháin le hAchtanna an Reifrinn, 1942 go 1986.