[EN]

harp.jpg


Uimhir 35 de 1986


[EN]

AN tACHT TOGHCHÁIN (LEASÚ) (UIMH. 2), 1986


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Liosta vótálaithe speisialta.

3.

Vótálaithe speisialta a chlárú.

4.

Deimhniú a bheith ag gabháil le hiarratas.

5.

Iarratasóir do thabhairt faisnéise nó doiciméad má éilítear sin air.

6.

Fógraí.

7.

Foirmeacha iarratais a chur ar fáil.

8.

Iarratais a bhreithniú.

9.

Oifigigh cheannais speisialta.

10.

Páipéar ballóide, etc. do vótálaithe speisialta.

11.

Vótáil ag vótálaithe speisialta.

12.

Dualgais an oifigigh ceannais speisialta i ndáil le forchlúdaigh agus doiciméid eile.

13.

Dualgais an cheann comhairimh i ndáil le vótaí ag vótálaithe speisialta.

14.

Údarú chun vótáil ag stáisiún vótaíochta eile.

15.

Measfar daoine áirithe a bheith ina gcónaí sa Stát.

16.

Vótáil ag toghthóirí dá dtagraítear in alt 15 den Acht seo.

17.

Leasú ar Chuid I den Cúigiú Sceideal a ghabhann le hAcht 1923.

18.

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977.

19.

Leasú ar na Rialacháin um Thoghcháin Áitiúla, 1965.

20.

Modhnú ar Acht 1963 agus ar an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977.

21.

Rialacha postvótála.

22.

Leasú ar alt 7 d'Acht 1963.

23.

Leasú ar alt 1 den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977.

24.

Cionta agus pionóis.

25.

Rialacháin.

26.

Caiteachais.

27.

Cúlghairm.

28.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1956

1956, Uimh. 46

An tAcht um Chaidreamh agus Díolúine Taidhleoireachta, 1967

1967, Uimh. 8

An tAcht Timpeal Toghachán, 1923

1923, Uimh. 12

An tAcht Toghcháin, 1960

1960, Uimh. 43

An tAcht Toghcháin, 1963

1963, Uimh. 19

An tAcht Toghcháin (Leasú), 1972

1972, Uimh. 4

An tAcht Toghcháin (Leasú), 1985

1985, Uimh. 12

Na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1986

An tAcht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977

1977, Uimh. 30

Na hAchtanna um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 go 1986

Na hAchtanna um Thoghcháin Áitiúla, 1963 go 1974.

Acht na Lia-Chleachtóirí, 1978

1978, Uimh. 4

Achtanna Toghchán an Uachtaráin, 1937 go 1985

An tAcht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide, 1983

1983, Uimh. 24

Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1986

harp.jpg


Uimhir 35 de 1986


AN tACHT TOGHCHÁIN (LEASÚ) (UIMH. 2), 1986

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN DAOINE A bhFUIL TINNEAS COIRP NÓ MÍCHUMAS COIRP ORTHU A CHLÁRÚ MAR VÓTÁLAITHE SPEISIALTA AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN DAOINE ÁIRITHE A bhFUIL CÓNAÍ ORTHU THAR LEAR A CHLÁRÚ MAR PHOSTVÓTÁLAITHE AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS AN MÉID SIN AGUS THAIRIS SIN DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE TOGHCHÁIN AGUS REIFRINN. [22 Nollaig, 1986] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Léiriú.

1.—San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1923” an tAcht Timpeal Toghachán, 1923;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1963” an tAcht Toghcháin, 1963;

[EN]

ciallaíonn “na hAchtanna” de réir mar a éilíonn an comhthéacs, na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1986, na hAchtanna um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 go 1986, Achtanna Toghchán an Uachtaráin, 1937 go 1985, agus Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1986;

[EN]

tá le “tráth iomchuí” an bhrí a shonraítear in alt 10 den Acht seo;

[EN]

tá le “clúdach páipéir ballóide” (seachas in alt 16 den Acht seo) an bhrí a shonraítear in alt 10 den Acht seo;

[EN]

tá le “forchlúdach” (seachas in alt 16 den Acht seo) an bhrí a shonraítear in alt 10 den Acht seo;

[EN]

ciallaíonn “toghchán”, de réir mar a éilíonn an comhthéacs, toghchán Dála, toghchán do Thionól na hEorpa, toghchán uachtaráin, reifreann nó toghchán áitiúil agus forléireofar “toghthóir” dá réir sin;

[EN]

ciallaíonn “lia-chleachtóir” duine a bhfuil a ainm taifeadta i gClár Ginearálta na Lia-Chleachtóirí a bunaíodh faoi Acht na Lia-Chleachtóirí, 1978;

[EN]

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le Rialacháin arna ndéanamh ag an Aire;

[EN]

ciallaíonn “dáta cáilitheach” an dáta a shonróidh an tAire i Rialacháin arna ndéanamh de bhun alt 5 (6) (a) d'Acht 1963;

[EN]

ciallaíonn “ceann comhairimh” de réir mar a éilíonn an comhthéacs, an ceann comhairimh ag toghchán Dála nó ag toghchán áitiúil nó an ceann comhairimh áitiúil ag toghchán uachtaráin, ag toghchán do Thionól na hEorpa nó ag reifreann;

[EN]

ciallaíonn “oifigeach ceannais speisialta” duine arna cheapadh chun bheith ina oifigeach ceannais speisialta de bhun alt 9 den Acht seo;

[EN]

ciallaíonn “vótálaí speisialta” duine a bhfuil a ainm ar áireamh sa liosta vótálaithe speisialta;

[EN]

ciallaíonn “liosta vótálaithe speisialta” an liosta vótálaithe a ullmhóidh an t-údarás clárúcháin de bhun alt 2 den Acht seo.

[EN]

Liosta vótálaithe speisialta.

2.—(1) Ullmhóidh an t-údarás clárúcháin liosta ar leith (dá ngairtear an “liosta vótálaithe speisialta” san Acht seo) de dhaoine (dá ngairtear “vótálaithe speisialta” san Acht seo) a bheidh i dteideal vótáil i dtoghchán de réir fhorálacha an Achta seo gan ainmneacha na vótálaithe speisialta a bhaint de chlár na dtoghthóirí.

[EN]

(2) Is i cibé foirm a ordóidh an tAire a bheidh an liosta vótálaithe speisialta.

[EN]

(3) Aon toghthóir a mbeidh a ainm taifeadta sa liosta vótálaithe speisialta beidh sé i dteideal vótáil de réir fhorálacha alt 11 den Acht seo agus ní bheidh sé i dteideal vótáil in aon slí eile.

[EN]

(4) Ní bheidh feidhm maidir le vótálaithe speisialta ag na forálacha de na hAchtanna a bhaineann le cártaí vótaíochta a eisiúint.

[EN]

Vótálaithe speisialta a chlárú.

3.—(1) Taifeadfaidh an t-údarás clárúcháin sa liosta vótálaithe speisialta ainm gach toghthóra a dhéanann iarratas chun é a thaifeadadh amhlaidh agus a dheimhníonn don údarás clárúcháin—

[EN]

(a) nach bhfuil ar a chumas dul chun vótáil é féin ag an ionad vótaíochta dá cheantar vótaíochta mar gheall ar thinneas coirp nó míchumas coirp a bheith air;

[EN]

(b) gur dócha go mairfidh an tinneas coirp nó an míchumas coirp fad a leanfaidh an clár toghthóirí i bhfeidhm ar ina leith a dhéanfar an t-iarratas chun bheith taifeadta mar vótálaí speisialta; agus

[EN]

(c) go bhfuil sé slán ó thaobh meabhrach agus tuisceana agus go bhfuil sé in ann a thuiscint céard is vótáil ann.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas i ndáil le hiarratas chun bheith taifeadta sa liosta vótálaithe speisialta de bhun fho-alt (1) den alt seo—

[EN]

(a) is san fhoirm fhorordaithe a bheidh an t-iarratas;

[EN]

(b) is de réir na dtreoracha a bheidh ar an iarratas a chomhlánófar é;

[EN]

(c) beidh an deimhniú dá dtagraítear in alt 4 den Acht seo ag gabháil leis an iarratas;

[EN]

(d) déanfar an fhoirm iarratais, agus í comhlánaithe go cuí, mar aon leis an deimhniú dá dtagraítear in alt 4 den Acht seo, a sheachadadh, nó a chur leis an bpost, ionas go bhfaighidh an t-údarás clárúcháin iad tráth nach déanaí ná an dáta forordaithe.

[EN]

Deimhniú a bheith ag gabháil le hiarratas.

4.—Aon duine a dhéanfaidh iarratas chun bheith ar áireamh sa liosta vótálaithe speisialta tabharfaidh sé, mar thaca lena iarratas, deimhniú san fhoirm fhorordaithe ó lia-chleachtóir, ina ndeimhneofar—

[EN]

(a) cineál agus méid an tinnis coirp nó an mhíchumais coirp atá ar an iarratasóir sin,

[EN]

(b) meastachán ar an bhfad a mhairfidh an tinneas coirp nó an míchumas coirp sin,

[EN]

(c) go bhfuil an t-iarratasóir slán ó thaobh meabhrach agus tuisceana agus go bhfuil sé in ann a thuiscint céard is vótáil ann.

[EN]

Iarrastasóir do thabhairt faisnéise nó doiciméad má éilítear sin air.

5.—(1) Aon duine a dhéanfaidh iarratas chun bheith ar áireamh sa liosta vótálaithe speisialta tabharfaidh sé don údarás clárúcháin aon fhaisnéis nó doiciméid a bheidh ina sheilbh nó ar fáil aige agus a éileoidh siad air—

[EN]

(a) chun a dheimhniú dóibh gur duine é an t-iarratasóir a bhfuil feidhm ag alt 3 (1) den Acht seo maidir leis, nó

[EN]

(b) chun críocha a ndualgas i ndáil le hullmhú an liosta vótálaithe speisialta.

[EN]

(2) Aon tráth a dhéanfaidh údarás clárúcháin, de bhun fho-alt (1) den alt seo, faisnéis nó doiciméid a éileamh ar dhuine a dhéanfaidh iarratas chun bheith ar áireamh sa liosta vótálaithe speisialta, tabharfaidh an t-iarratasóir sin an fhaisnéis nó na doiciméid don údarás laistigh den tréimhse ama (ar tréimhse í nach lú ná 7 lá ón lá ar a ndéanfar an iarraidh) a bheidh sonraithe san éileamh agus, mura gcuirfidh an t-iarratasóir an fhaisnéis nó, de réir mar a bheidh, na doiciméid a éilíodh ar fáil laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe amhlaidh, measfar a iarratas chun bheith ar áireamh sa liosta vótálaithe speisialta a bheith tarraingthe siar.

[EN]

Fógraí.

6.—Déanfaidh an t-údarás clárúcháin laistigh de cibé tréimhse a bheidh forordaithe, socrú i ndáil le fógra poiblí a thabhairt—

[EN]

(a) maidir leis an earnáil vótálaithe a bheidh i dteideal iarratas a dhéanamh chun bheith taifeadta sa liosta vótálaithe speisialta;

[EN]

(b) maidir leis an gcaoi nach foláir iarratais a chur isteach agus an t-am nach foláir iad a chur isteach roimhe; agus

[EN]

(c) maidir leis na tráthanna ag ar féidir agus na hionaid inar féidir foirmeacha iarratais a fháil.

[EN]

Foirmeacha iarratais a chur ar fáil.

7.—Déanfaidh an t-údarás clárúcháin socrú maidir le foirmeacha iarratais a chur ar fáil ag cibé tráthanna agus i cibé ionaid a bheidh sonraithe i bhfógra arna fhoilsiú de bhun alt 6 den Acht seo, agus soláthrófar foirm iarratais saor in aisce d'aon duine a dhéanfaidh iarratas lena haghaidh.

[EN]

Iarratais a bhreithniú.

8.—(1) Más rud é, maidir le hiarratasóir, gur deimhin leis an údarás clárúcháin—

[EN]

(a) gur duine é a bhfuil feidhm ag alt 3 (1) den Acht seo maidir leis, agus

[EN]

(b) go bhfuil a fhoirm iarratais comhlánaithe go cuí aige, agus

[EN]

(c) go bhfuil an deimhniú a éilítear de bhun alt 4 den Acht seo curtha isteach aige,

[EN]

déanfaidh an t-údarás clárúcháin—

[EN]

(i) a rialú go ngéillfear don iarratas agus an fhoirm iarratais a mharcáil dá réir sin, agus

[EN]

(ii) an cinneadh a chur in iúl don iarratasóir.

[EN]

(2) Más rud é, maidir le hiarratasóir, nach deimhin leis an údarás clárúcháin—

[EN]

(a) gur duine é a bhfuil feidhm ag alt 3 (1) den Acht seo maidir leis, nó

[EN]

(b) go bhfuil a fhoirm iarratais comhlánaithe go cuí aige, nó

[EN]

(c) go bhfuil an deimhniú a éilítear de bhun alt 4 den Acht seo curtha isteach aige,

[EN]

déanfaidh an t-údarás clárúcháin—

[EN]

(i) a rialú go ndiúltófar don iarratas agus an fhoirm iarratais a mharcáil dá réir sin, agus

[EN]

(ii) an cinneadh, agus na cúiseanna a bhí leis, a chur in iúl don iarratasóir.

[EN]

(3) Aon uair a gheobhaidh údarás clárúcháin iarratas tar éis an dáta fhorordaithe, ní thabharfar aon aird ar an iarratas agus cuirfear an méid sin i iúl don iarratasóir.

[EN]

Oifigigh cheannais speisialta.

9.—(1) Déanfaidh an ceann comhairimh, de réir mar is gá sna himthosca, duine amháin, nó níos mó ná duine amháin, a cheapadh chun críocha an Achta seo chun bheith ina oifigeach ceannais speisialta leis na feidhmeanna a thugtar d'oifigeach ceannais speisialta leis an Acht seo a chomhlíonadh.

[EN]

(2) Na forálacha de na hAchtanna a bhaineann le cumhachtaí, cearta agus dualgais oifigigh ceannais arna cheapadh do stáisiún vótaíochta ag toghchán, beidh feidhm acu maidir le hoifigeach ceannais speisialta arna cheapadh faoin alt seo amhail is dá mba oifigeach ceannais arna cheapadh amhlaidh é agus amhail is dá mba stáisiún vótaíochta ag toghchán an t-ionad ag a bhfuil an vótálaí speisialta ag caitheamh a vóta.

[EN]

(3) Féadfaidh an ceann comhairimh feidhmeanna uile, nó aon cheann d'fheidhmeanna, oifigigh ceannais speisialta arna cheapadh faoin alt seo a fheidhmiú agus beidh feidhm ag forálacha fho-alt (2) den alt seo maidir leis an gceann comhairimh fad a bheidh sé ag feidhmiú amhlaidh.

[EN]

(4) Na forálacha de na hAchtanna a bhaineann le ceart toghthóra a iarraidh go marcálfadh compánach a pháipéar ballóide dó, ní bheidh feidhm acu i ndáil le vótálaí speisialta.

[EN]

Páipéar ballóide, etc., do vótálaithe speisialta.

10.—(1) An tráth iomchuí, cuirfidh an ceann comhairimh faoi deara, i ndáil le toghchán, go seachadfar na nithe seo a leanas de bhun alt 11 den Acht seo ar gach vótálaí speisialta a bheidh i dteideal vótáil ag an toghchán sin, eadhon—

[EN]

(a) páipéar ballóide don toghchán;

[EN]

(b) foirm um dhearbhú céannachta san fhoirm fhorordaithe;

[EN]

(c) clúdach (dá ngairtear “clúdach páipéir ballóide” san Acht seo) a mbeidh “clúdach páipéir ballóide” marcáilte air; agus

[EN]

(d) clúdach a bheidh dírithe chuig an gceann comhairimh (dá ngairtear “forchlúdach” san Acht seo).

[EN]

(2) San alt seo ciallaíonn “tráth iomchuí”, de réir mar is gá sa chomhthéacs—

[EN]

(a) i ndáil le toghchán Dála, toghchán uachtaráin, toghchán do Thionól na hEorpa nó toghchán áitiúil, a luaithe is féidir tar éis an toghchán a chur ar atráth chun vótaíocht a thógáil; nó

[EN]

(b) i ndáil le reifreann, a luaithe is féidir tar éis dháta an ordaithe ón Aire ag ceapadh an lae vótaíochta ag an reifreann.

[EN]

Vótáil ag vótálaithe speisialta.

11.—(1) Ag toghchán, déanfaidh oifigeach ceannais speisialta, i láthair comhalta den Gharda Síochána, an fhoirm um dhearbhú céannachta dá dtagraítear in alt 10 den Acht seo a sheachadadh ar an vótálaí speisialta.

[EN]

(2) Ní bheidh duine ar bith seachas an t-oifigeach ceannais speisialta agus an comhalta den Gharda Síochána i láthair nuair a bheidh an vótálaí speisialta ag vótáil de bhun an ailt seo.

[EN]

(3) Comhlánóidh an vótálaí speisialta an dearbhú céannachta agus síneoidh sé é nó, mura féidir leis scríobh, cuirfidh sé a mharc leis agus déanfaidh an t-oifigeach ceannais speisialta an síniú sin, nó de réir mar a bheidh, an marc sin, a fhianú.

[EN]

(4) Déanfaidh an t-oifigeach ceannais speisialta, ar é a bheith deimhin faoi chéannacht an vótálaí speisialta, páipéar ballóide a mharcáil leis an marc oifigiúil agus é a sheachadadh ar an vótálaí speisialta mar aon le clúdach páipéir ballóide.

[EN]

(5) A luaithe a bheidh an páipéar ballóide agus an clúdach páipéir ballóide tugtha ag an oifigeach ceannais speisialta don vótálaí speisialta, cuirfidh sé marc os coinne ainm an vótálaí speisialta lena mbaineann ar chóip den liosta vótálaithe speisialta chun a chur in iúl gur eisíodh páipéar ballóide chuig an vótálaí sin ach ní thaispeánfaidh sé uimhir an pháipéir ballóide a eisíodh amhlaidh.

[EN]

(6) Déanfaidh an vótálaí speisialta, air sin, a vóta a thaifeadadh go rúnda ar an bpáipéar ballóide agus, nuair a bheidh an vóta taifeadta aige amhlaidh, fillfidh sé an páipéar ballóide sa dóigh go mbeidh an vóta ceilte agus cuirfidh sé an páipéar ballóide, agus é fillte amhlaidh, sa chlúdach páipéir ballóide agus séalóidh sé an clúdach agus tabharfaidh sé an clúdach páipéir ballóide, de láimh, don oifigeach ceannais speisialta.

[EN]

(7) Déanfaidh an t-oifigeach ceannais speisialta, a luaithe a bheidh an clúdach páipéir ballóide faighte aige, an clúdach sin, mar aon leis an dearbhú céannachta comhlánaithe, a chur i bhforchlúdach, agus séalóidh sé an forchlúdach air sin agus greamóidh sé de lipéad san fhoirm fhorordaithe a bheidh sínithe aige féin agus ag an gcomhalta den Gharda Síochána.

[EN]

Dualgais an oifigigh ceannais speisialta i ndáil le forchlúdaigh agus doiciméid eile.

12.—(1) Déanfaidh an t-oifigeach ceannais speisialta, roimh an am a bheidh socraithe do chríochnú na vótaíochta ag an toghchán lena mbaineann, gach forchlúdach dá dtagraítear in alt 11 (7) den Acht seo a sheachadah ar an gceann comhairimh.

[EN]

(2) Nuair a bheidh an vótáil críochnaithe ag vótálaithe speisialta, séalóidh gach oifigeach ceannais speisialta, i bpaicéid ar leith—

[EN]

(a) na páipéir bhallóide neamhúsáidte agus aon pháipéir bhallóide mhillte, i dteannta a chéile;

[EN]

(b) comhdhuillí na bpáipéar ballóide;

[EN]

(c) an chóip mharcáilte den liosta vótálaithe speisialta;

[EN]

(d) cuntas páipéir ballóide san fhoirm fhorordaithe arna chomhlánú aige;

[EN]

(e) an gléas marcála, aon stáiseanóireacht neamhúsáidte agus aon doiciméid nó ábhair eile atá ina sheilbh agus a bhaineann le vótáil ag vótálaithe speisialta ag an toghchán;

[EN]

agus seachadfaidh sé na paicéid sin go léir ar an gceann comhairimh.

[EN]

Dualgais an cheann comhairimh i ndáil le vótaí ag vótálaithe speisialta.

13.—(1) Déileálfaidh an ceann comhairimh leis na paicéid a sheachadfaidh oifigeach ceannais speisialta air de bhun alt 12 den Acht seo sa dóigh chéanna a ndéileálfadh sé, de réir fhorálacha na nAchtanna, le paicéid eile ina mbeadh doiciméid agus ábhair eile dá samhail i ndáil le toghchán.

[EN]

(2) Déanfaidh an ceann comhairimh na forchlúdaigh a bheidh curtha ar ais chuige ag oifigeach ceannais speisialta de bhun alt 12 den Acht seo a chur i mbosca ballóide na bpostvótálaithe agus déileálfar dá éis sin leis na forchlúdaigh agus na doiciméid a bheidh iontu amhail is dá mba chlúdaigh agus doiciméid iad a chuir postvótálaithe ar ais chuig an gceann comhairimh.

[EN]

(3) Ag cur na bhforálacha de na hAchtanna a bhaineann le postvótálaithe i bhfeidhm maidir le vótálaithe speisialta—

[EN]

(a) déanfar tagairt do “admháil” a fhorléiriú i ndáil le doiciméid is iomchuí do vótálaithe speisialta, mar thagairt do “dearbhú céannachta”, agus

[EN]

(b) déanfar tagairt do “admháil arna shíniú go cuí” a fhorléiriú, i ndáil le doiciméid den sórt sin, mar thagairt do “dearbhú céannachta arna shíniú agus arna fhianú go cuí”, agus

[EN]

(c) mura mbeidh an lipéad dá dtagraítear in alt 11 den Acht seo greamaithe den fhorchlúdach nó mura mbeidh an lipéad sin sínithe go cuí ag an oifigeach ceannais speisialta agus ag an gcomhalta den Gharda Síochána, diúltóidh an ceann comhairimh don fhorchlúdach agus déileálfaidh sé leis amhail is dá mba admháil é nár síníodh go cuí.

[EN]

Údarú chun vótáil ag stáisiún vótaíochta eile.

14.—Más rud é, 7 lá ar a laghad roimh an lá vótaíochta, go ndéanfaidh toghthóir, nach mbeidh a ainm i liosta na bpostvótálaithe ná ar an liosta vótálaithe speisialta, a dheimhniú don cheann comhairimh nach bhfuil ar a chumas, mar gheall ar thinneas coirp nó míchumas coirp a bheith air, vótáil ag an stáisiún vótaíochta ag a mbeadh sé i dteideal vótáil seachas sin, féadfaidh an ceann comhairimh, más é a thuairim go mbeadh sé níos áisiúla don toghthóir, mar gheall ar a thinneas coirp nó a mhíchumas coirp, vótáil ag stáisiún vótaíochta eile atá suite—

[EN]

(a) i gcás toghchán do Thionól na hEorpa, sa chontae céanna nó sa chontaebhuirg chéanna, nó

[EN]

(b) i gcás toghcháin áitiúil, sa toghlimistéar áitiúil céanna, nó

[EN]

(c) in aon chás eile, sa dáilcheantar céanna,

[EN]

a údarú i scríbhinn don toghthóir vótáil ag cibé stáisiún vótaíochta a bheidh sonraithe san údarú in ionad vótáil ag an stáisiún vótaíochta ag a mbeadh an toghthóir i dteideal vótáil seachas sin.

[EN]

Measfar daoine áirithe a bheith ina gcónaí sa Stát.

15.—(1) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “údarás clárúcháin iomchuí” an t-údarás clárucháin don limistéar ina bhfuil an t-áitreabh dá dtagraítear i bhfo-alt (3) (a) den alt seo suite;

[EN]

tá le “státseirbhíseach” agus “státseirbhís” na bríonna céanna, faoi seach, atá leo in Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1956;

[EN]

ciallaíonn “duine cáilithe” saoránach d'Éirinn a bhfuil 18 mbliana d'aois slánaithe aige agus ar státseirbhíseach é agus ar comhalta de mhisean é agus atá, mar gheall ar cheanglais a chuid dualgas, ag fónamh lasmuigh den Stát de thuras na huaire;

[EN]

ciallaíonn “comhalta de mhisean” duine—

[EN]

(a) a thagann faoi réim an mhínithe ar “comhaltaí an mhisiúin” i gCoinbhinsiún Vín ar Chaidreamh Taidhleoireachta a rinneadh i Vín an t-ochtú lá déag d'Aibreán, 1961, mar atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht um Chaidreamh agus Díolúine Taidhleoireachta, 1967, nó

[EN]

(b) a thagann faoi réim an mhínithe ar “comhaltaí an phoist chonsalachta” atá i gCoinbhinsiún Vín ar Chaidreamh Consalachta a rinneadh i Vín an ceathrú lá is fiche d'Aibreán, 1963, mar atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, nó

[EN]

(c) is comhalta de Bhuan-Mhisean ó Éirinn chuig eagraíocht idirnáisiúnta;

[EN]

ciallaíonn “céile” duine is céile do dhuine cáilithe agus is saoránach d'Éirinn agus a bhfuil 18 mbliana d'aois slánaithe aige agus a chónaíonn leis an duine cáilithe lasmuigh den Stát.

[EN]

(2) Aon duine a dheimhníonn don údarás clárúcháin iomchuí gur duine cáilithe é, mar aon le céile an duine sin, measfar, chun críocha Chuid II d'Acht 1963, alt 3 den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977, agus alt 5 den Acht Toghcháin (Leasú), 1985, gnáthchónaí a bheith orthu, ar an dáta cáilitheach, san áitreabh sa Stát ina mbeadh cónaí ar an duine cáilithe mura mbeadh ceanglais a chuid dualgas.

[EN]

(3) Féadfaidh duine cáilithe, tráth nach déanaí ná an dáta forordaithe, ráiteas san fhoirm fhorordaithe a chur chuig an údarás clárúcháin iomchuí ina dtabharfar an fhaisnéis seo a leanas—

[EN]

(a) seoladh an áitribh sa Stát ina mbeadh cónaí air ar an dáta cáilitheach mura mbeadh ceanglais a chuid dualgas; agus

[EN]

(b) sonraí i dtaobh a chéile (más ann).

[EN]

(4) Beidh ag gabháil le gach ráiteas ó dhuine de bhun fho-alt (3) den alt seo deimhniú san fhoirm fhorordaithe ó Rúnaí na Roinne Gnóthaí Eachtracha á dheimhniú gur duine cáilithe an duine sin.

[EN]

(5) D'éagmais fianaise dá mhalairt, glacfar mar ráiteas cruinn le ráiteas ó dhuine cáilithe maidir leis an áitreabh sa Stát ina mbeadh cónaí air ar an dáta cáilitheach agus déanfar eisean agus a chéile (más ann) a chlárú mar thoghthóir i leith an áitribh sin.

[EN]

(6) Déanfaidh an t-údarás clárúcháin iomchuí ainm gach duine a measfar, de bhua an ailt seo, gnáthchónaí a bheith air sa Stát ar an dáta cáilitheach a thaifeadadh i liosta na bpostvótálaithe.

[EN]

(7) Aon duine a chuireann ráiteas chuig údarás clárúcháin de bhun fho-alt (3) den alt seo cuirfidh sé ar fáil don údarás clárúcháin iomchuí aon fhaisnéis a éileoidh an t-údarás clárúcháin sin chun críocha an ailt seo agus beidh feidhm ag forálacha alt 7 (3) (arna leasú leis an Acht seo) d'Acht 1963 maidir le héileamh ó údarás clárúcháin faoin alt seo.

[EN]

Vótáil ag toghthóirí dá dtagraítear in alt 15 den Acht seo.

16.—(1) Na forálacha de na hAchtanna i ndáil le postvótáil beidh feidhm acu maidir le heisiúint páipéar ballóide chuig toghthóirí a bhfuil a n-ainmneacha taifeadta i liosta na bpostvótálaithe de bhun alt 15 den Acht seo, agus maidir leis na toghthóirí sin do chur na bpáipéar ballóide sin ar ais, faoi réir na modhnuithe seo a leanas—

[EN]

(a) go ndéanfaidh toghthóir a bhfuil a ainm taifeadta amhlaidh i liosta na bpostvótálaithe, d'fhonn a vóta a chaitheamh, na nithe seo a leanas san ord seo a leanas i láthair duine údaraithe agus gan aon duine eile i láthair—

[EN]

(i) páipéar ballóide (a ndeimhneoidh an duine údaraithe dó féin i ndáil leis go bhfuil sé neamh-mharcáilte) agus foirm um dhearbhú céannachta san fhoirm fhorordaithe a thabhairt ar aird don duine údaraithe;

[EN]

(ii) an dearbhú céannachta sin a dúradh a chomhlánú agus a shíniú;

[EN]

(iii) an dearbhú céannachta a thabhairt de láimh don duine údaraithe agus déanfaidh seisean, má tá sé deimhin de chéannacht an duine a shínigh an dearbhú céannachta, an síniú a fhianú;

[EN]

(iv) a pháipéar ballóide a mharcáil go rúnda;

[EN]

(v) an páipéar ballóide marcáilte a chur sa chlúdach páipéir ballóide agus an clúdach sin a shéalú go héifeachtúil;

[EN]

(vi) an clúdach páipéir ballóide agus an dearbhú céannachta comhlánaithe a chur san fhorchlúdach agus an clúdach sin a shéalú go héifeachtúil,

[EN]

(b) go ndéanfar tagairt do “admháil”, i ndáil le doiciméid is iomchuí do thoghthóirí den sórt sin, a fhorléiriú mar thagairt do “dearbhú céannachta”, agus

[EN]

(c) go ndéanfar tagairt do “admháil arna síniú go cuí”, i ndáil le doiciméid den sórt sin, a fhorléiriú mar thagairt do “dearbhú céannachta arna shíniú agus arna fhianú go cuí”.

[EN]

(2) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “duine údaraithe” duine arna cheapadh ag Rúnaí na Roinne Gnóthaí Eachtracha chun bheith ina dhuine údaraithe chun críocha an ailt seo;

[EN]

tá le “clúdach páipéir ballóide” agus le “forchlúdach” na bríonna a shonraítear sa Ceathrú Sceideal (arna ionadú leis an Acht seo) a ghabhann le hAcht 1923.

[EN]

Leasú ar Chuid I den Cúigiú Sceideal a ghabhann le hAcht 1923.

17.—Leasaítear leis seo Riail 9 (arna hionadú le hAcht 1963) de Chuid I den Cúigiú Sceideal a ghabhann le hAcht 1923—

[EN]

(a) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (1):

[EN]

“(1A) Cuirfidh an ceann comhairimh i gcoinne ainm iarrthóra i bpáipéar ainmniúcháin más rud é—

[EN]

(a) nach é an t-ainm sin an t-ainm a thugtar de ghnáth ar an iarrthóir; nó

[EN]

(b) go bhfuil an t-ainm sin míthreorach agus gur dóigh go gcuirfeadh sé daoine amú; nó

[EN]

(c) go bhfuil an t-ainm sin rófhada; nó

[EN]

(d) go bhfuil tagairt pholaitiúil san ainm sin;

[EN]

agus i gcás go gcuirfidh an ceann comhairimh i gcoinne ainm amhlaidh, ligfidh sé don iarrthóir nó dá mholtóir, de réir mar is iomchuí, an t-ainm a leasú agus, mura leasaítear amhlaidh é chun sástacht an cheann comhairimh, féadfaidh an ceann comhairimh é a leasú, de réir mar is cuí leis, tar éis dó dul i gcomhairle leis an iarrthóir nó lena mholtóir, má bhíonn ceachtar acu i láthair, nó féadfaidh sé a rialú go bhfuil an páipéar ainmniúcháin neamhbhailí mar nach ndearnadh amach i gceart é.”,

[EN]

agus

[EN]

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i mír (2) i ndiaidh “rófhada”, eadhon, “nó go bhfuil tagairt pholaitiúil inti seachas, más iomchuí, tagairt d'oifig phoiblí nó thofa atá, nó a bhí tráth, á sealbhú ag an iarrthóir”, agus tá an mhír sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TÁBLA

(2) Cuirfidh an ceann comhairimh i gcoinne na tuairisce ar iarrthóir i bpáipéar ainmniúcháin más é a thuairim go bhfuil sí mícheart, nach leor í chun an t-iarrthóir a aithint, nó go bhfuil sí rófhada nó go bhfuil tagairt pholaitiúil inti seachas, más iomchuí, tagairt d'oifig phoiblí nó thofa atá, nó a bhí tráth, á sealbhú ag an iarrthóir; má chuireann an ceann comhairimh i gcoinne na tuairisce amhlaidh, ligfidh sé don iarrthóir nó dá mholtóir, de réir mar is iomchuí, an tuairisc a leasú agus, mura leasaítear amhlaidh í chun sástacht an cheann comhairimh, féadfaidh an ceann comhairimh í a leasú nó í a scriosadh, de réir mar is cuí leis, tar éis dó dul i gcomhairle leis an iarrthóir nó lena mholtóir, má bhíonn ceachtar acu i láthair, nó féadfaidh sé rialú a thabhairt go bhfuil an páipéar ainmniúcháin neamhbhailí mar nach ndearnadh amach i gceart é.

[EN]

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977.

18.—Leasaítear leis seo Riail 10 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht um Thoghcháin do Thionol na hEorpa, 1977

[EN]

(a) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (1):

[EN]

“(1A) Cuirfidh an ceann comhairimh i gcoinne ainm iarrthóra i bpáipéar ainmniúcháin más rud é—

[EN]

(a) nach é an t-ainm sin an t-ainm a thugtar de ghnáth ar an iarrthóir; nó

[EN]

(b) go bhfuil an t-ainm sin míthreorach agus gur dóigh go gcuirfeadh sé daoine amú; nó

[EN]

(c) go bhfuil an t-ainm sin rófada; nó

[EN]

(d) go bhfuil tagairt pholaitiúil san ainm sin;

[EN]

agus i gcás go gcuirfidh an ceann comhairimh i gcoinne ainm amhlaidh ligfidh sé don iarrthóir nó dá mholtóir, de réir mar is iomchuí, an t-ainm a leasú agus, mura leasaítear amhlaidh é chun sástacht an cheann comhairimh, féadfaidh an ceann comhairimh é a leasú, de réir mar is cuí leis, tar éis dó dul i gcomhairle leis an iarrthóir nó lena mholtóir, má bhíonn ceachtar acu i láthair, nó féadfaidh sé a rialú go bhfuil an páipéar ainmniúcháin neamhbhailí mar nach ndearnadh amach i gceart é.”,

[EN]

agus

[EN]

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i mír (3) i ndiaidh “rófhada”, eadhon, “nó go bhfuil tagairt pholaitiúil inti seachas, más iomchuí, tagairt d'oifig phoiblí nó thofa atá, nó a bhí tráth, á sealbhú ag an iarrthóir” agus tá an mhír sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TÁBLA

(3) Cuirfidh an ceann comhairimh i gcoinne na tuairisce ar iarrthóir i bpáipéar ainmniúcháin más é a thuairim go bhfuil sí mícheart nó nach leor í chun an t-iarrthóir a aithint, nó go bhfuil sí rófhada nó go bhfuil tagairt pholaitiúil inti seachas, más iomchuí, tagairt d'oifig phoiblí nó thofa atá, nó a bhí tráth, á sealbhú ag an iarrthóir. Nuair a chuirfidh an ceann comhairimh i gcoinne tuairisce amhlaidh, ligfidh sé don iarrthóir nó dá mholtóir, de réir mar is iomchuí, an tuairisc a leasú agus, mura leasaítear amhlaidh í chun sástacht an cheann comhairimh, féadfaidh an ceann comhairimh í a leasú nó í a scriosadh, de réir mar is cuí leis, tar éis dul i gcomhairle leis an iarrthóir nó lena mholtóir, má bhíonn ceachtar acu i láthair, nó féadfaidh sé a rialú go bhfuil an páipéar ainmniúcháin neamhbhailí mar nach ndearnadh amach i gceart é.

[EN]

Leasú ar na Rialacháin um Thoghcháin Áitiúla, 1965.

19.—Leasaítear leis seo alt 22 de na Rialacháin um Thoghcháin Áitiúla, 1965 (I.R. Uimh. 128 de 1965)—

[EN]

(a) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (1):

[EN]

“(1A) Cuirfidh an ceann comhairimh i gcoinne ainm iarrthóra i bpáipéar ainmniúcháin más rud é—

[EN]

(a) nach é an t-ainm sin an t-ainm a thugtar de ghnáth ar an iarrthóir; nó

[EN]

(b) go bhfuil an t-ainm sin míthreorach agus gur dóigh go gcuirfeadh sé daoine amú; nó

[EN]

(c) go bhfuil an t-ainm sin rófhada; nó

[EN]

(d) go bhfuil tagairt pholaitiúil san ainm sin;

[EN]

agus i gcás go gcuirfidh an ceann comhairimh i gcoinne ainm amhlaidh ligfidh sé don iarrthóir nó dá mholtóir, de réir mar is iomchuí, an t-ainm a leasú agus, mura leasaítear amhlaidh é chun sástacht an cheann comhairimh, féadfaidh an ceann comhairimh é a leasú, de réir mar is cuí leis, tar éis dó dul i gcomhairle leis an iarrthóir nó lena mholtóir, má bhíonn ceachtar acu i láthair, nó féadfaidh sé a rialú go bhfuil an páipéar ainmniúcháin neamhbhailí mar nach ndearnadh amach i gceart é.”,

[EN]

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i mír (2) i ndiaidh “rófhada”, eadhon, “nó go bhfuil tagairt pholaitiúil inti seachas, más iomchuí, tagairt d'oifig phoiblí nó thofa atá, nó a bhí tráth, á sealbhú ag an iarrthóir” agus tá an mhír sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TÁBLA

(2) Cuirfidh an ceann comhairimh á gcoinne na tuairisce ar iarrthóir i bpáipéar ainmniúcháin más é a thuairim go bhfuil sí mícheart, nach leor í chun an t-iarrthóir a aithint, nó go bhfuil sí rófhada nó go bhfuil tagairt pholaitiúil inti seachas, más iomchuí, tagairt d'oifig phoiblí nó thofa atá nó a bhí tráth, á sealbhú ag an iarrthóir. Má chuireann an ceann comhairimh i gcoinne na tuairisce amhlaidh, ligfidh sé don iarrthóir nó dá mholtóir, de réir mar is iomchuí, an tuairisc a leasú agus, mura leasaítear amhlaidh í chun sástachta an cheann comhairimh, féadfaidh an ceann comhairimh í a leasú nó a scriosadh, de réir mar is cuí leis, tar éis dul i gcomhairle leis an iarrthóir nó lena mholtóir, má bhíonn ceachtar acu i láthair, nó féadfaidh sé rialú a thabhairt go bhfuil an páipéar ainmniúcháin neamhbhailí mar nach ndearnadh amach i gceart é.

[EN]

Modhnú ar Acht 1963 agus ar an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977.

20.—(1) Déanfar ailt 26 (a bhaineann leis an gceart chun vótáil ag toghchán Dála), 51 (a bhaineann leis an gceart chun vótáil ag toghchán uachtaráin), 70 (a bhaineann leis an gceart chun vótáil ag reifreann), agus 85 (a bhaineann leis an gceart chun vótáil ag toghchán áitiúil) d'Acht 1963, agus Riail 47 (a bhaineann leis an gceart chun vótáil ag toghchán don Tionól) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht um Thoghchán do Thionól na hEorpa, 1977, a fhorléiriú, agus beidh éifeacht leo, faoi réir an mhodhnaithe seo a leanas, is é sin le rá, go bhféadfaidh an ceann comhairimh nó an t-oifigeach ceannais agus, má iarrtar air déanamh amhlaidh thar ceann aon iarrthóra nó gníomhaire pearsanaíochta a bheidh i láthair sa stáisiún vótaíochta ag toghchán, nach foláir dó, a iarraidh ar aon duine, an tráth a bheidh iarratas á dhéanamh ag an duine sin le haghaidh páipéir ballóide, ach ní tráth dá éis sin, doiciméad sonraithe a thabhairt ar aird agus, má mhainníonn an duine an doiciméad sin a thabhairt ar aird, nó mura deimhin leis an gceann comhairimh nó leis an oifigeach ceannais gurb é an duine sin an duine lena mbaineann an doiciméad, ní thabharfar cead don duine sin vótáil.

[EN]

(2) Chun críocha an mhodhnaithe ar Acht 1963 agus ar an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977, a dhéantar le fo-alt (1) den alt seo, ciallaíonn “doiciméad sonraithe” cibé doiciméad a bheidh forordaithe.

[EN]

Rialacha postvótála.

21.—Leasaítear leis seo Acht 1923 tríd an ábhar atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad an Ceathrú Sceideal (arna leasú leis an Acht Toghcháin, 1960, le hAcht 1963, leis an Acht Toghcháin (Leasú) 1972, agus leis an Acht um Sheirbhísí Poist agus Teileachumarsáide, 1983) a ghabhann leis an Acht sin.

[EN]

Leasú ar alt 7 d'Acht 1963.

22.—Leasaítear leis seo alt 7 d'Acht 1963 trí “cúig chéad punt” a chur in ionad “fiche punt” i bhfo-alt (3), agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(3) Má cheanglaítear go cuí ar aon duine de bhun rialachán faoin alt seo, aon eolas a bheidh aige agus a theastóidh ón údarás clárúcháin, nó ón gcláraitheoir contae, chun críocha a ndualgas, a thabhairt uaidh agus nach dtabharfaidh sé an t-eolas sin nó go dtabharfaidh sé eolas bréagach, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig chéad punt a chur air.

[EN]

Leasú ar alt 1 den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977.

23.—Leasaítear leis seo alt 1 den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977, tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “liosta na bpostvótálaithe”:

[EN]

“ciallaíonn ‘liosta na bpostvótálaithe’ an liosta a ullmhófar de bhun alt 7 (4) d'Acht 1963 arna leathnú le halt 15 den Acht Toghcháin (Leasú) (Uimh. 2), 1986;”.

[EN]

Cionta agus pionóis.

24.—(1) Aon duine—

[EN]

(a) a thabharfaidh go feasach, i ndáil le hiarratas de bhun alt 3 den Acht seo, nó i ndáil le ráiteas de bhun alt 15 den Acht seo, aon fhaisnéis atá bréagach nó míthreorach, nó

[EN]

(b) a dhéanfaidh iarratas in ainm duine eile chun bheith taifeadta sa liosta vótálaithe speisialta, nó

[EN]

(c) a thabharfaidh ráiteas de bhun alt 15 den Acht seo in ainm duine eile,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

(2) Aon duine—

[EN]

(a) a dhéanann go toiliúil agus gan údarás dleathach, aon pháipéar ballóide nó doiciméad eile a chuirtear chuig postvótálaí faoi Riail 3 den Ceathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1923 (arna ionadú leis an Acht seo), nó faoi Riail 26 (3) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977, nó Airteagal 33 de na Rialacháin um Thoghcháin Áitiúla, 1965 (I.R. Uimh. 128 de 1965), a thógáil, a scriosadh, a cheilt nó a oscailt nó baint leo ar dhóigh eile, nó

[EN]

(b) a dhéanann go feasach, gan údarás dleathach, aon pháipéar ballóide nó doiciméad eile den sórt sin a sholáthar do dhuine seachas an duine a bhfuil teideal dleathach aige é a fháil,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

(3) Aon duine a chabhróidh nó a neartóidh le duine nó a chomhairleoidh dó, nó a thabharfaidh i gcrích, cion a dhéanamh faoin Acht seo nó a shirfidh nó a ghríosóidh aon duine eile chun cion den sórt sin a dhéanamh, beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

(4) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin Acht seo dlífear—

[EN]

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £800, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó, de rogha na cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

[EN]

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £2,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó, de rogha na cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

[EN]

Rialacháin.

25.—(1) Féadfaidh an tAire Rialacháin a dhéanamh chun aon ábhar nó ní a fhorordú a dtagraítear dó san Acht seo mar ábhar nó ní a bheidh forordaithe nó le forordú.

[EN]

(2) Gach Rialachán arna dhéanamh faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an Rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an Rialacháin, beidh an Rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin Rialachán.

[EN]

Caiteachais.

26.—(1) Beidh feidhm ag forálacha alt 7 (9) d'Acht 1963 maidir leis na caiteachais a thabhóidh údarás clárúcháin ag ullmhú an liosta vótálaithe speisialta dó de bhun an Achta seo.

(2) Na seirbhísí a thabharfaidh agus na caiteachais a thabhóidh ceann comhairimh ag comhlíonadh fhorálacha an Achta seo dó is seirbhísí nó caiteachais a bheidh iontu a thabharfaidh nó a thabhóidh an ceann comhairimh sin chun críocha toghcháin.

[EN]

Cúlghairm.

27.—(1) Cúlghairtear leis seo na Rialacháin um Thoghcháin Áitiúla (Postvótáil), 1974 (I.R. Uimh. 118 de 1974) agus na Rialacháin um Thoghcháin Áitiúla (Postvótáil) (Leasú), 1985 (I.R. Uimh. 68 de 1985).

[EN]

(2) Déanfar na Rialacháin um Thoghcháin Áitiúla, 1965 (I.R. Uimh. 128 de 1965) a fhorléiriú, agus beidh éifeacht leo, amhail is dá mba nach ndearnadh na Rialacháin a chúlghairtear le fo-alt (1) den alt seo.

[EN]

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

28.—(1) Féadfar an tAcht Toghcháin (Leasú) (Uimh. 2), 1986, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Folóidh an comhlua “na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1986” an tAcht seo.

[EN]

(3) Folóidh an comhlua “na hAchtanna um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 go 1986” an tAcht seo sa mhéid go mbaineann an tAcht seo le toghcháin do Thionól na hEorpa.

[EN]

(4) Féadfar Achtanna Toghchán an Uachtaráin, 1937 go 1986, a ghairm den Acht seo, sa mhéid go mbaineann sé le toghcháin uachtaráin, agus d'Achtanna Toghchán an Uachtaráin, 1937 go 1985, le chéile.

[EN]

(5) Folóidh an comhlua “Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1986” an tAcht seo sa mhéid go mbaineann an t-Acht seo le reifrinn.

[EN]

(6) Féadfar na hAchtanna um Thoghcháin Áitiúla, 1963 go 1986, a ghairm den Acht seo, sa mhéid go mbaineann sé le toghcháin áitiúla, agus de na hAchtanna um Thoghcháin Áitiúla, 1963 go 1974, le chéile.

[EN]

(7) Déanfar na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1986, a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.

[EN]

(8) Déanfar na hAchtanna um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 go 1986, a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.

[EN]

(9) Déanfar Achtanna Toghchán an Uachtaráin, 1937 go 1986, a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.

[EN]

(10) Déanfar Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1986, a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.

[EN]

AN SCEIDEAL

Alt 21.

“An Ceathrú Sceideal

Rialacha Postvótála

Foirm an pháipéir ballóide agus na hadmhála.

1. (1) An páipéar ballóide a chuirfear chuig postvótálaithe beidh sé san fhoirm chéanna leis na páipéir bhallóide a sheachadfar ar thoghthóirí eile agus beidh siad do-aitheanta óna chéile.

(2) An admháil a chuirfear chuig postvótálaithe i dteannta an pháipéir ballóide beidh sí san fhoirm fhorordaithe agus beidh clóbhuailte uirthi na treoracha forordaithe don vótálaí.

Gníomhairí a bheith i láthair.

2. Féadfaidh an ceann comhairimh, a chúntóirí agus a chléirigh, comhaltaí den Gharda Síochána ar dualgas, gníomhaire toghcháin gach iarrthóra nó duine éigin arna cheapadh ag an ngníomhaire toghcháin sin, agus ní fhéadfaidh aon duine eile ach amháin le cead ón gceann comhairimh, a bheith i láthair ag na himeachtaí an tráth a bheidh páipéir bhallóide á n-éisiúint, agus an tráth a bheidh boscaí ballóide na bpostvótálaithe agus na clúdaigh iontu á n-oscailt.

Páipéir bhallóide a eisiúint.

3. (1) Déanfaidh an ceann comhairimh, tráth nach déanaí ná an lá i ndiaidh an lae is deireanaí chun ainmniúcháin iarrthóirí ag toghchán a ghlacadh, fógra a thabhairt do ghníomhaire toghcháin gach iarrthóra i dtaobh an ama ag a n-eiseoidh sé agus an ionaid ina n-eiseoidh sé na páipéir bhallóide, agus i dtaobh an lín daoine a fhéadfaidh gach gníomhaire a cheapadh chun bheith i láthair ag an eisiúint sin a dúradh agus, i gcás aon pháipéir bhallóide a eisiúint dá éis sin, tabharfaidh an ceann comhairimh do ghníomhaire toghcháin gach iarrthóra, a luaithe is féidir, fógra i dtaobh an ama ag a ndéanfaidh sé agus an ionaid ina ndéanfaidh sé an eisiúint sin dá éis sin agus i dtaobh an lín daoine a fhéadfaidh gach gníomhaire a cheapadh chun bheith i láthair ag an eisiúint sin.

(2) Déanfar gach páipéar ballóide a eiseofar a mharcáil le marc oifigiúil a bheidh cabhraithe nó pollta ionas go mbeidh sé le feiceáil ar dhá thaobh an pháipéir, agus glaofar amach uimhir (lena n-áirítear litir an cheantair vótaíochta), ainm agus tuairisc an toghthóra mar a luaitear iad ar liosta na bpostvótálaithe, agus cuirfear marc ar chóip de liosta na bpostvótálaithe os coinne uimhir an toghthóra chun a chur in iúl gur eisíodh páipéar ballóide chuig an toghthóir, ach gan uimhir an pháipéir ballóide a eisíodh chuige a thaispeáint.

(3) Cuirfidh an ceann comhairimh i gclúdach a bheidh dírithe chuig an bpostvótálaí—

(a) an páipéar ballóide;

(b) an fhoirm admhála;

(c) clúdach (dá ngairtear ‘forchlúdach’ sa Sceideal seo) a bheidh dírithe chuig an gceann comhairimh;

(d) clúdach níos lú, ar a mbeidh ‘clúdach an pháipéir ballóide’ marcáilte;

agus dúnfaidh sé an clúdach céadluaite sin go héifeachtúil.

(4) Comhairfidh an ceann comhairimh na clúdaigh go léir a bheidh dírithe chuig na postvótálaithe agus seachadfaidh sé iad láithreach ar an ardoifig phoist is cóngaraí nó ar cibé oifig eile a shocrófar leis an bpríomh-mháistir poist, agus stampálfaidh an máistir poist dátstampa an Phoist ar fhoirm admhála, a bheidh le tíolacadh ag an gceann comhairimh, ina luafar an méid clúdach a seachadadh amhlaidh, agus cuirfidh sé na clúdaigh sin ar aghaidh láithreach lena seachadadh ar na daoine a bhfuil siad dírithe chucu.

(5) I gcás go ndéanfar clúdach, ina bhfuil páipéar ballóide agus doiciméid eile dá dtagraítear sa Riail seo a sheoladh ar ais, roimh an lá vótaíochta, chuig an gceann comhairimh mar chlúdach nár seachadadh ar phostvótálaí, féadfaidh an ceann comhairimh an clúdach a athdhíriú agus é a chur leis an bpost chuig an vótálaí sin.

Boscaí ballóide postvótálaithe a chur ar fáil.

4. (1) Cuirfidh an ceann comhairimh bosca ballóide nó boscaí ballóide ar fáil chun na forchlúdaigh a ghlacadh an tráth a chuirfidh postvótálaithe ar ais iad.

(2) Déanfar, an tráth a eiseofar na páipéir phostbhallóide, gach bosca ballóide den sórt sin a thaispeáint, agus é ar oscailt agus folamh, do na gníomhairí a bheidh i láthair, agus séalófar é le séala an cheann comhairimh agus le séalaí cibé acu de na gníomhairí ar mian leo a séalaí a chur leis, agus marcálfar ‘bosca ballóide na bpostvótálaithe’, maille le hainm an dáilcheantair nó an toghlaigh, air, agus déanfaidh an ceann comhairimh socrú chun an bosca ballóide sin a choimeád slán sábháilte.

Cuirfear clúdaigh i mboscaí ballóide na bpostvótálaithe.

5. A luaithe a gheobhaidh an ceann comhairimh forchlúdaigh cuirfidh sé na forchlúdaigh sin agus iad neamhoscailte i mbosca ballóide na bpostvótálaithe.

Déileálfar le clúdaigh mar fhorchlúdaigh.

6. Más rud é, go bhfaighidh an ceann comhairimh roimh chríochnú na vótaíochta clúdach seachas forchlúdach agus go bhfaighidh sé ann aon doiciméad ab iomchuí a chur chuige i bhforchlúdach—

(a) dúnfaidh sé an clúdach go daingean;

(b) formhuineoidh sé air, agus síneoidh sé, ráiteas á rá gur dhún sé an clúdach gan baint lena raibh ann;

(c) cuirfidh sé an clúdach dúnta i mbosca ballóide na bpostvótálaithe;

(d) déileálfaidh sé feasta leis an gclúdach mar fhorchlúdach;

agus aon tagairt sa Sceideal seo d'fhorchlúdach forléireofar í mar thagairt a fholaíonn tagairt do chlúdach a mbeidh an ceann comhairimh tar éis déileáil leis de réir na Rialach seo.

Nós imeachta ar chríochnú na vótaíochta.

7. Ag an uair a bheidh ceaptha do chríochnú na vótaíochta déanfaidh an ceann comhairimh—

(a) gach ceann de bhoscaí ballóide na bpostvótálaithe a shéalú sa dóigh nach bhféadfar a thuilleadh páipéar a chur isteach ann, nó

(b) gach bosca den sórt sin a oscailt láithreach agus gach a bhfuil ann a thógáil amach agus déileáil leo de réir Riail 8 den Sceideal seo.

Boscaí ballóide na bpostvótálaithe a oscailt.

8. (1) Osclóidh an ceann comhairimh boscaí ballóide na bpostvótálaithe, i láthair na ngníomhairí, roimh an am a bheidh ceaptha do chomhaireamh na vótaí.

(2) Tabharfaidh an ceann comhairimh do ghníomhaire toghcháin gach iarrthóra fógra ceithre uair an chloig is fiche ar a laghad, i scríbhinn, i dtaobh an ama ag a n-osclóidh sé, agus i dtaobh an ionaid ina n-osclóidh sé, boscaí ballóide na bpostvótálaithe, agus na clúdaigh a bheidh iontu, agus i dtaobh an lín daoine a fhéadfaidh an gníomhaire sin a cheapadh chun bheith i láthair ag an oscailt. Tabharfaidh an ceann comhairimh saoráidí réasúnacha do na gníomhairí sin d'fhonn faire ar na himeachtaí le linn oscailt na mboscaí agus gach faisnéis ina thaobh sin is féidir leis a thabhairt dóibh i gcomhréir le stiúradh ordúil na n-imeachtaí agus le comhlíonadh a fheidhmeanna.

(3) Nuair a osclófar bosca ballóide postvótálaithe, tógfaidh an ceann comhairimh na forchlúdaigh amach as agus comhairfidh sé agus scríobhfaidh sé síos líon na bhforchlúdach a tógadh amach as amhlaidh, agus osclóidh sé ansin gach forchlúdach ar leithligh agus scrúdóidh sé an admháil.

(4) Má bhíonn an admháil sínithe go cuí, cuirfidh sé an admháil agus an clúdach páipéir ballóide i ngabhdáin ar leithligh nó, mura bhfuil an páipéar ballóide i gclúdach páipéir ballóide, cuirfidh sé an admháil sa ghabhdán iomchuí agus cuirfidh sé an páipéar ballóide, gan dífhilleadh a dhéanamh air más féidir, i mbosca ballóide de réir Riail 10 den Sceideal seo.

(5) Mura deimhin leis gur síníodh an admháil go cuí, formhuineoidh sé ‘diúltaithe’ ar an admháil agus déanfaidh sé an clúdach páipéir ballóide, gan an clúdach sin a oscailt, nó, mura mbeidh aon chlúdach den sórt sin ann, an páipéar ballóide, a chur i gceangal léi.

(6) Má dhealraíonn sé nach bhfuil admháil ag gabháil leis an gclúdach páipéir ballóide osclóidh an ceann comhairimh an clúdach, agus má bhíonn an admháil ann, déileálfaidh sé leis an admháil sin agus leis an bpáipéar ballóide sin de réir na Rialacha sa Sceideal seo.

(7) Marcálfar ‘diúltaithe’ ar aon admháil nach mbeidh páipéar ballóide ag gabháil léi agus ar aon pháipéar ballóide nach mbeidh admháil ag gabháil leis.

(8) Nuair a gheofar páipéar ballóide agus admháil le chéile, ní dhiúltófar don pháipéar ballóide de bhíthin amháin nár cuireadh an páipéar ballóide agus an admháil, nó ceachtar díobh, sna clúdaigh chuí nó sa chlúdach cuí nó nach raibh aon chlúdach acu sin dúnta.

Admhálacha diúltaithe.

9. (1) Má iarrann gníomhaire iarrthóra é taispeánfaidh an ceann comhairimh dó aon admháil a bhfuil sé ag diúltú di ar an bhforas nach bhfuil sí sínithe go cuí.

(2) Déanfaidh an ceann comhairimh na hadmhálacha diúltaithe go léir, mar aon leis na clúdaigh nó na páipéir bhallóide, cibé acu é, a bhí ag gabháil leo, a choimeád ar leithligh ó na doiciméid eile go léir.

Cuirfear páipéir bhallóide i mboscaí ballóide.

10. Nuair a bheidh na forchlúdaigh in aon bhosca ballóide postvótálaithe oscailte agus nuair a bheidh déileáilte lena bhfuil iontu faoin dá Riail sin roimhe seo, osclóidh an ceann comhairimh gach clúdach páipéir ballóide nár osclaíodh (seachas na clúdaigh pháipéir ballóide dá dtagraítear i Riail 8 (5) den Sceideal seo) agus cuirfidh sé an páipéar ballóide, gan dífhilleadh a dhéanamh air, más féidir, i mbosca ballóide a taispeánadh agus a séalaíodh roimhe sin sa dóigh a fhoráiltear i Riail 4 den Sceideal seo, agus déileálfar leis an mbosca ballóide sin ina dhiaidh sin mar bhosca ballóide chun críocha Riail 32 de Chuid I den Cúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo (arna ionadú le halt 41 den Acht Toghcháin, 1963).

Dualgais an cheann comhairimh.

11. (1) Déanfaidh an ceann comhairimh, a luaithe is indéanta tar éis eisiúint na bpáipéar ballóide a bheith críochnaithe agus i láthair ghníomhairí na n-iarrthóirí, an chóip mharcáilte de liosta na bpostvót álaithe agus comhdhuillí na bpáipéar ballóide a chur le chéile i bpaicéid ar leithligh, a bheidh séalaithe lena shéala féin agus séalaithe ag cibé de na gníomhairí ar mian leo a séalaí a chur leo: ar choinníoll, i gcás go ndéanfar aon pháipéir bhallóide a eisiúint dá éis sin, go bhféadfaidh an ceann comhairimh an paicéad séalaithe ina bhfuil an chóip mharcáilte de liosta na bpostvótálaithe a oscailt chun críocha na heisiúna sin, agus, ar an eisiúint sin a bheith críochnaithe, go ndéanfar an liosta agus comhdhuillí na bpáipéar ballóide ag an eisiúint sin a chur le chéile agus a shéalú de réir na Rialach seo.

(2) A luaithe a bheidh na páipéir bhallóide curtha isteach ag an gceann comhairimh sa bhosca ballóide a luaitear i Riail 10 den Sceideal seo, séalóidh sé i bpaicéid ar leithligh—

(a) na hadmhálacha a bhí ag gabháil le haon pháipéir bhallóide ar glacadh leo go cuí;

(b) aon admhálacha diúltaithe, mar aon leis na clúdaigh (más ann) a bhí i gceangal leo; agus

(c) aon pháipéir bhallóide dhiúltaithe, mar aon leis na clúdaigh (más ann) a bhí i gceangal leo.

(3) Nuair a gheobhaidh an ceann comhairimh forchlúdaigh tar éis chríochnú na vótaíochta, nó nuair a chuirfear ar ais mar chlúdaigh neamhsheachadta aon chlúdaigh a díríodh chuig postvótálaithe, ní osclóidh an ceann comhairimh na clúdaigh sin agus, faoi réir na gcumhachtaí atá aige chun na clúdaigh sin a athdhíriú de bhun Riail 3 (5) den Sceideal seo, séalóidh sé na clúdaigh sin i bpaicéid ar leithligh.

(4) Maidir le gach paicéad a luaitear i míreanna (1), (2) agus (3) den Riail seo, déanfaidh an ceann comhairimh tuairisc faoina bhfuil ann agus ainm an dáilcheantair nó an toghlaigh agus dáta an toghcháin lena mbaineann an t-ábhar ann a fhormhuiniú ar an bpaicéad sin.

(5) Cuirfidh an ceann comhairimh na nithe seo a leanas ar aghaidh chuig Cléireach na Dála an tráth céanna a mbeidh na doiciméid a luaitear i Riail 36 de Chuid I den Cúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo á gcur ar aghaidh aige, eadhon—

(a) aon phaicéid dá dtagraítear sna forálacha sin roimhe seo den Riail seo, agus

(b) ráiteas i cibé foirm a ordóidh an tAire Comhshaoil ina dtaispeánfar an líon páipéar ballóide a cuireadh chuig postvótálaithe, agus ina dtabharfar maidir leis na páipéir sin na sonraí a cheanglaítear a thabhairt de réir na foirme sin.

(6) Aon chlúdaigh a bheidh curtha ar ais mar chlúdaigh neamhsheachadta agus aon fhorchlúdaigh a gheobhaidh an ceann comhairimh tar éis dó na paicéid sin a dúradh a chur ar aghaidh chuig Cléireach na Dála coimeádfar iad gan iad a oscailt agus cuirfear ar aghaidh dá éis sin iad.

Doiciméid a dhiúscairt.

12. Beidh feidhm ag Rialacha 7 (arna leasú le halt 42 den Acht Toghcháin, 1963), 38, 39 (arna leasú le halt 1 (h) den Acht Toghcháin (Leasú), 1972), 40 agus 41 (arna leasú le halt 1 (i) den Acht Toghcháin (Leasú), 1972), de Chuid I den Cúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo maidir leis na doiciméid a chuirfidh an ceann comhairimh chuig Cléireach na Dála faoin Riail sin roimhe seo den Sceideal seo sa dóigh chéanna a bhfuil feidhm ag na Rialacha seo maidir le doiciméid den chineál céanna a luaitear sna Rialacha sin.

Feidhm Rialacha sa Cúigiú Sceideal.

13. Beidh feidhm ag Rialacha 47 agus 53 de Chuid I den Cúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo maidir leis na nithe lena ndéileáiltear sa Sceideal seo amhail is dá mbeadh na Rialacha sin leagtha amach sa Sceideal seo, agus beidh feidhm ag Rialacha 49 agus 51 den Chuid sin den Sceideal sin maidir le gach gníomhaire de réir bhrí an Sceidil seo sa dóigh chéanna a bhfuil feidhm ag na Rialacha sin maidir le gníomhairí de réir bhrí an Sceidil sin.

Míniú ar ghníomhaire.

14. Sa Sceideal seo folaíonn ‘gníomhaire’ gníomhaire toghcháin iarrthóra agus aon duine arna cheapadh ag an ngníomhaire sin chun bheith i láthair ag eisiúint nó oscailt páipéar ballóide postvótálaithe.”.