Uimhir 44 de 1961.
ACHT IASCAIGH AN FHEABHAIL (LEASÚ), 1961.
[An tiontú oifigiúil.]
Modhnuithe ar Acht Iascaigh an Fheabhail, 1952.
1.—Beidh éifeacht ag Acht Iascaigh an Fheabhail, 1952 (dá ngairtear “an Príomh-Acht” anseo), fara na modhnuithe air (lena n-áirítear breisithe, malartuithe, agus scriostaí) a shonraítear faoi seach sna forálacha ina dhiaidh seo den Acht seo.
Mínithe.
2.—(1) Cuirfear na mínithe seo a leanas, in ord cuí aibítre, isteach i measc na mínithe in alt 2 den Phríomh-Acht:
ciallaíonn “ábhar díobhálach” aon substaint (lena n-áirítear ábhar pléascach) a fhéadfadh, ar í a dhul amach nó ar í a scaoileadh amach in aon uiscí, na huiscí a dhéanamh nimhiúil nó dochrach d'iasc, do leapacha sceite nó do bhia aon éisc nó dochar a dhéanamh do luachmhaireacht éisc mar bhia daoine nó laghdú a dhéanamh ar thairbhe grinnill agus ithreach aon uiscí mar leapacha sceite nó ar a gcumas chun bia le haghaidh éisc a tháirgeadh;
folaíonn “iasc” sceith éisc agus gilidíní;
folaíonn “an tAire” an tAire Tailte;
folaíonn “substaint” aon leacht nó gás;
folaíonn “uiscí” aon uisce, sruthchúrsa nó cuid den fharraige.
(2) Scriosfar an míniú ar “an tAire” in alt 2 den Phríomh-Acht.
Abhar díobhálach.
1907, c.17.
3.—Cuirfear an t-alt seo a leanas in ionad ailt 41 agus 42 den Phríomh-Acht (a bhaineann le hábhair phléascacha nó le hábhar díobhálach a úsáid nó a shealbhú):
“Pionós mar gheall ar ábhar díobhálach a úsáid nó a shealbhú. | 41. (1) Má úsáideann aon duine in aon uiscí aon ábhar díobhálach chun iasc a ghabháil, a dhíthiú nó a dhíobhálú beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo. |
(2) Duine ar bith a bheidh ar bhruach nó in aice aon uiscí agus a mbeidh aon ábhar díobhálach ina sheilbh nó faoina urlámhas aige beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo. | |
(3) Is cosaint mhaith ar chúiseamh faoi fho-alt (2) don chosantóir a chruthú gur chun críche neamhdhíobhálaí a bhí an t-ábhar díobhálach ina sheilbh nó faoina urlámhas aige. | |
(4) Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear— | |
(a) ar a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná céad punt a chur air, nó príosúnacht go ceann téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile; | |
(b) ar a chiontú ar dhíotáil, fíneáil nach mó ná cúig chéad punt a chur air nó príosúnacht go ceann téarma nach faide ná dhá bhliain nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile. | |
(5) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) d'alt (1) den Probation of Offenders Act, 1907, maidir le cion faoin alt seo.” |
Eireaballóirí agus innleoga a úsáid go neamhdhleathach.
4.—In alt 43 den Phríomh-Acht (a fhorchuireann pionós mar gheall ar dheiseanna áirithe le haghaidh gabháil éisc a úsáid nó a shealbhú go neamhdhleathach)—
(a) cuirfear isteach na focail “eireaballóir nó innleog” i ndiaidh an fhocail “otar” i bhfo-alt (2);
(b) cuirfear isteach na focail “nó eireaballóir” i ndiaidh an fhocail “ga” i míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (3).
Pionós mar gheall ar bhád nó feithicil a úsáid go neamhdhleathach.
5.—Cuirfear an t-alt nua seo a leanas isteach i ndiaidh alt 52 den Phríomh-Acht:
“Bád nó feithicil a úsáid mar chabhair chun cion a dhéanamh. | 52A. (1) Má úsáideann duine ar bith bád nó feithicil chun cabhrú le cion a dhéanamh i gcoinne an Achta seo nó, laistigh de Liomatáiste an Fheabhail, i gcoinne fhorálacha an Acht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959, nó i gcoinne dlí chomhréire Thuaisceart Éireann beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo. |
(2) Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear— | |
(a) ar a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná céad punt a chur air, nó príosúnacht go ceann téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile; | |
(b) ar a chiontú ar dhíotáil, fíneáil nach mó ná cúig chéad punt a chur air nó príosúnacht go ceann téarma nach faide ná dhá bhliain nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile. | |
(3) Má dhéantar cion faoin alt seo i leith feithicle ní bheidh feidhm ag alt 76 den Acht seo maidir leis an bhfeithicil ach, ar chiontú ar dhíotáil, féadfaidh an chúirt a ordú go bhforghéillfear an fheithicil.” |
Cumhachtaí méadaithe dul isteach agus coinneála.
6.—I bhfo-alt (1) d'alt 64 den Phríomh-Acht (a údaraíonn iniúchta, scrúduithe agus coinneála áirithe)—
(a) cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach i ndiaidh fhomhír (v) de mhír (b)—
“nó
(vi) in aon teach ósta, teach aíochta, bialann nó áitreabh nó áit eile ina soláthraítear bia agus iostas nó béilí ar luaíocht;”
(b) i mír (e) roimh na focail “faoin Acht seo” cuirfear isteach na focail “faoin Acht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959, nó”; agus
(c) cuirfear na focail “bád, feithicil nó earra” i mír (f) in ionad na bhfocal “nó aon earra”.
Iarratas ar fhorghéilleadh.
7.—Cuirfear an t-alt seo leanas in ionad alt 65 den Phríomh-Acht:
“Nós imeachta i leith diúscairt báid nó innill iascaireachta a urghabhfar. | 65. Má dhéanann duine, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó leis an gCuid seo, aon bhád nó inneall iascaireachta a urghabháil sa Stát, iarrfaidh sé ordú a luaithe is féidir ar an mBreitheamh Dúiche ar ina dhúiche a urghabhadh é á ordú é a dhiúscairt faoin alt seo, agus air sin beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas: |
(a) más rud é, i gcás báid, go gcinnfidh an Breitheamh go rabhthas tar éis í a úsáid, go rabhthas á húsáid, nó ar tí í a úsáid, tráth a hurghabhála, chun críche atá mídhleathach faoin Acht seo, ordóidh sé í a fhorghéilleadh; | |
(b) más rud é, i gcás innill iascaireachta, go gcinnfidh an Breitheamh gur inneall é a dtoirmisctear le dlí é a úsáid ordóidh sé é a fhorghéilleadh agus a dhíthiú; | |
(c) más rud é, i gcás innill iascaireachta. go gcinnfidh an Breitheamh gur inneall iascaireachta dleathach é agus go rabhthas tar éis é a úsáid go mídhleathach nó go rabhthas á úsáid nó ar tí é a úsáid go mídhleathach in aon chuid de Limistéar an Fheabhail, ordóidh sé é a fhorghéilleadh; | |
(d) in aon chás eile, ordóidh an Breitheamh an bád nó an t-inneall iascaireachta a thabhairt ar ais don duine ar dóigh leis gurb é a úinéir é.” |
Bád a fhorghéilleadh ar chiontú.
8.—In alt 76 den Phríomh-Acht (a dhéanann foráil i dtaobh forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim ciontaithe), cuirfear isteach na focail “aon bhád nó inneall iascaigh” in ionad na bhfocal “aon inneall iascaigh”.
Leasuithe maidir le cumhachtaí, etc., an Choimisiúin.
9.—Sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht (ina bhfuil forálacha maidir le Coimisiún Iascaigh an Fheabhail)—
(a) cuirfear na focail “nó, i líomatáiste an Fheabhail, chun aon dlí maidir le hiascaigh” isteach i bhfomhír (a) de mhír 2 i ndiaidh na bhfocal “faoin Acht seo”;
(b) i dtosach fhomhír (2) de mhír 8 cuirfear isteach na focail “Féadfaidh an Coimisiún, le ceadú an Aire agus na hAireachta, rúnaí a cheapadh nó a chur as oifig agus, mura gceapfar aon rúnaí de thuras na huaire,”;
(c) ag deireadh fhomhír (3) de mhír 16 cuirfear na fomhíreanna seo a leanas:—
“(4) Féadfaidh an Coimisiún, le ceadú an Aire agus na hAireachta, scéim (dá ngairtear scéim pinsin sa mhír seo) a dhéanamh le haghaidh pinsin nó aiscí, nó pinsin agus aiscí, a sholáthar i leith seirbhís cibé oifigeach nó seirbhíseach leis an gCoimisiún is oiriúnach leo, agus cuirfidh an Coimisiún i gcrích aon scéim a dhéanfar amhlaidh.
(5) Féadfaidh an Coimisiún tráth ar bith le ceadú an Aire agus na hAireachta, le scéim pinsin ina dhiaidh sin (dá ngairtear scéim leasaitheach sa mhír seo) scéim pinsin nó scéim leasaitheach roimhe sin a leasú, agus féadfar a rá in aon scéim leasaitheach den sórt sin go mbeidh feidhm chúlghabhálach aici.
(6) I gcás ina leasóidh scéim leasaitheach scéim pinsin, féadfaidh oifigeach nó seirbhíseach lena mbaineann nó lenar bhain an scéim pinsin sin, laistigh de shé mhí tar éis an scéim leasaitheach a theacht i ngníomh, a roghnú nach mbeidh feidhm ag an scéim leasaitheach maidir leis agus, má roghnaíonn sé amhlaidh, ní bheidh feidhm ag an scéim leasaitheach maidir leis.
(7) Ní fhoirceannfaidh ná ní laghdóidh scéim leasaitheach aon phinsean a bhí, díreach roimh an scéim leasaitheach sin a theacht i bhfeidhm, iníoctha faoin scéim a leasófar léi.
(8) Sa mhír seo ciallaíonn “seirbhís”, maidir le hoifigeach nó seirbhíseach, seirbhís faoin gCoimisiún ó dháta a fhostaithe ag an gCoimisiún agus, i gcás duine a tháinig chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Choimisiún de bhua fostaíochta a luaitear i bhfomhír (3), féadfar a sheirbhís san fhostaíocht sin a áireamh inti.”
An tAcht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959, do bhaint le Limistéar Mhagh Bhile.
10.—(1) Na forálacha den Acht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959, a luaitear sa Tábla a ghabhann leis an alt seo bainfidh siad, d'ainneoin alt 325 den Acht sin, le Limistéar Mhagh Bhile ach tagairtí don Choimisiún a chur in ionad tagairtí do bhoird choimeádaithe agus tagairtí do Limistéar Mhagh Bhile a chur in ionad tagairtí do cheantar iascaigh agus, fós, faoi réir na modhnuithe a luaitear sa Tábla.
(2) Maidir le forálacha na nAchtanna Iascaigh 1842 go 1958, a fhreagraíonn d'fhorálacha leathnaithe sin an Acht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959, scoirfidh siad de bheith i bhfeidhm a mhéid a lean siad de bheith i bhfeidhm i Limistéar Mhagh Bhile de dhroim oibriú alt 325 den Acht sin.
(3) Forléireofar tagairtí sa Phríomh-Acht do na hAchtanna Iascaigh mar thagairtí don Acht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959.
(4) De dhroim na bhforálacha sin roimhe seo den alt seo leasaítear leis seo an Príomh-Acht mar a leanas:—
(a) trí na focail “alt 315 den Acht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959” a chur, i bhfo-alt (1) d'alt 79, in ionad na bhfocal “alt 10 den Acht Iascaigh (Leasú), 1949 (Uimh. 18 de 1949)”;
(b) trí na focail “alt 318 den Acht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959” a chur, i bhfo-alt (3) d'alt 80, in ionad na bhfocal “alt 15 den Acht Iascaigh (Leasú), 1949 (Uimh. 18 de 1949)”;
(c) trí alt 4, fo-alt (4) d'alt 23, alt 36 agus an Chéad Sceideal a scriosadh.
AN TÁBLA. |
Forálacha den Acht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959, a Bhainfidh le Limistéar Mhagh Bhile. |
Cuid II |
Cumhachtaí agus Dualgais Ilghnéitheacha an Aire. |
Ailt 15 agus 17. |
Cuid IV. |
Boird Choimeádaithe. |
Alt 49, ach amháin fo-alt (6). |
Cuid V. |
Rátaí ar Iascaigh. |
Ailt 55 (4) (7), 56, 57: fara an modhnú go ndéanfar tagairtí do ráta a léamh mar thagairtí do ráta faoi alt 23 den Phríomh-Acht. |
Cuid VII. |
Rialacháin i dtaobh Líonta. |
Alt 93. |
Cuid VIII. |
Innill Sheasmhacha, Coraí Iascaireachta, Dambaí Muilinn Iascaireachta agus Bacainní eile ar Ghluaiseacht Éisc. |
Ailt 97 go 100, 109, 115 go 125. |
Cuid IX. |
(Caibidil I, Ranna II agus III.) |
Cosc le Bradáin a onnmhairiú agus le Bric a ghabháil, a dhíol, etc., Tráthanna Áirithe. |
Ailt 135 agus 136. |
Cuid X. |
Srianta le Bradáin agus Bric a Dhíol agus a Onnmhairiú lena nDíol. |
Ailt 154 go 163: fara na modhnuithe go ndéanfar tagairtí don chléireach do Bhord Coimeádaithe a léamh mar thagairtí d'oifigeach don Choimisiún, agus go léifear ailt 156 (1) agus 157 (1) amhail is dá gcuirfí “Coimisiún Iascaigh an Fheabhail” isteach i ndiaidh “an tAire”. |
Cuid XI. |
Forálacha Ilghnéitheacha maidir le hIascaigh Bhradán agus le hIascaigh Fíoruisce. |
Ailt 168, 171, 172, 177 go 181, 183. |
Cuid XII. |
Iascaigh Áirithe a Aistriú chun an Aire. |
Ailt 192, ach amháin fo-alt (1), 193, 194, ach amháin fo-alt (2), 197, 210 go 215, 217: fara an modhnú nach bhfolóidh “iascach inaistrithe” iascach a bheidh dílsithe don Aire agus don Aireacht nó don Choimisiún. |
Cuid XVIII. |
Cumhachtaí Maor Uisce, Oifigeach agus Seirbhíseach na mBord Coimeádaithe, an Gharda Síochána agus Daoine eile. |
Ailt 295 go 297, 301: fara na modhnuithe go ndéanfar tagairtí do “mhaoir uisce coimeádaithe” agus do “mhaoir uisce phríobháideacha” a léamh, faoi seach, mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'fhaireoirí abhann agus d'fhaireoirí abhann príobháideacha faoin bPríomh-Acht agus go ndéanfar tagairtí d'ionstraimí ceapacháin a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'ionstraimí ceapacháin faoin bPríomh-Acht. |
Cuid XIX. |
Imeachtaí Dlí, Fíneálacha, Forghéilleadh, Fianaise, Fiosrúcháin agus Seirbheáil Doiciméad. |
Ailt 309 (1) (3), 310 go 314, 316, 317, 319, 320, 324. |
Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.
11.—(1) Féadfar Acht Iascaigh an Fheabhail (Leasú), 1961, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfaidh Achtanna Iascaigh an Fheabhail, 1952 agus 1961, a ghairm den Acht seo agus den Phríomh-Acht le chéile.
(3) Tiocfaidh na hailt sin roimhe seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.