Uimhir 45 de 1961.
ACHT CHISTE NA nIASACHTAÍ ÁITIÚLA (LEASÚ), 1961.
[An tiontú oifigiúil.]
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—
Mínithe.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn “an ciste” ciste na n-iasachtaí áitiúla;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais.
Méadú ar an méid airgid is ineisithe as ciste na n-iasachtaí áitiúla.
2.—Aisghairtear leis seo alt 1 d'Acht Ciste na nIasacht Áitiúla (Leasú), 1957, agus ina ionad sin achtaítear leis seo nach mó ná céad agus seachtó milliún punt méid iomlán an airgid a eiseofar as ciste na n-iasachtaí áitiúla i leith iasachtaí áitiúla i rith na tréimhse a luaitear i bhfo-alt (3) d'alt 4 d'Acht Ciste na nIasachtaí Áitiúla, 1935.
Urrús i leith iasachtaí áitiúla.
3.—(1) Ar iasacht áitiúl (nó an chéad tráthchuid di) a eisiúint as an gciste chun údaráis áitiúil, de bhun gealltanas i scríbhinn ón Aire, ó Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí na hÉireann, nó ó aon duine a bheidh ag gníomhú ar ordú nó le húdarás ón Aire (dá ngairtear an t-iasachtóir san alt seo) iasacht áitiúil de mhéid a bheidh sonraithe sa ghealltanas a thabhairt ar na téarmaí agus faoi réir na gcoinníollacha a bheidh sonraithe sa ghealltanas, don údarás áitiúil ar urrús an ioncaim nó na gcistí sin de chuid an údaráis áitiúil a bheidh sonraithe sa ghealltanas, measfar an t-údarás áitiúil a bheith tar éis morgáiste trí ghníomhas a thabhairt don iasachtóir—
(a) ina mbeidh cúnant go n-íocfaidh sé leis an iasachtóir an iasacht (nó na tráthchodanna di a bheidh eisithe as an gciste) san áit, an tráth agus sa tslí a bheidh sonraithe sa ghealltanas, go n-íocfaidh sé an t-ús is iníoctha ar an gcéanna de réir an ráta dá mbeidh foráil, agus san áit, an tráth agus sa tslí a bheidh sonraithe, sa ghealltanas agus go n-urramóidh sé aon téarmaí agus coinníollacha eile a bheidh sonraithe sa ghealltanas, agus
(b) ag sannadh nó ag tíolacadh ioncam nó cistí an údaráis áitiúil a bheidh sonraithe sa ghealltanas don iasachtóir le teachtadh ag an iasachtóir go dtí go n-aisíocfar an iasacht (nó na tráthchodanna di a bheidh eisithe as an gciste) agus go n-íocfar an t-ús is iníoctha ar an gceánna.
(2) Aon deimhniú a airbheartóidh a bheith forghníomhaithe ag an iasachtóir agus a déarfaidh—
(a) go ndearna an t-iasachtóir, ar dháta a bheidh sonraithe sa deimhniú, iasacht áitiúil nó cuid d'iasacht áitiúil a eisiúint as an gciste chun údaráis áitiúil, agus
(b) go bhfuil, ar dháta a bheidh sonraithe sa deimhniú, suim a bheidh sonraithe sa deimhniú dlite den údarás áitiúil don iasachtóir i leith iasacht nó cuid d'iasacht nó i leith an úis is iníoctha ar an iasacht nó ar an gcuid (lena n-áirítear aon ús is iníoctha de bhun alt 15 d'Acht Ciste na nIasachtaí Áitiúla, 1935) nó i leith na hiasachta sin nó na coda sin agus an úis sin, nó
(c) go bhfuil an iasacht nó an chuid aisíoctha leis an iasachtóir agus go bhfuil an t-ús ab iníoctha ar an iasacht nó ar an gcuid íoctha leis an iasachtóir,
ina fhianaise, nó go gcruthófar a mhalairt, ar na fíorais a bheidh ráite sa deimhniú.
(3) San alt seo tá le “údarás áitiúil” an bhrí a shanntar dó de bhua an Achta Rialtais Áitiúil, 1941, ach folaíonn sé coiste gairmoideachais de réir bhrí an Achta Oideachais Ghairme Beatha, 1930.
Gearrtheideal agus comhlua.
4.—(1) Féadfar Acht Chiste na nIasachtaí Áitiúla (Leasú), 1961, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar Acht Chiste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 go 1961, a ghairm d'Achtanna Ciste na nIasacht Áitiúla, 1935 go 1957, agus den Acht seo le chéile.