[EN]

Uimhir 46 de 1960.


[EN]

AN tACHT SLÁINTE (SOLÁTHAIRTÍ UISCE A FHLUAIRÍDIÚ), 1960.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN ÚDARÁIS SLÁINTE DO DHÉANAMH CÓIRITHE LE hAGHAIDH FLUAIRÍDIÚ UISCE A SHOLÁTHRAÍONN ÚDARÁIS SLÁINTÍOCHTA DON PHOBAL TRÍ PHÍOPAÍ, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE ÁIRITHE EILE A BHAINEANN LEIS AN NÍ RÉAMHRÁITE. [28 Nollaig, 1960.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1947, Uimh. 28.

1960, Uimh. 9.

1.—San Acht seo—

[EN]

folaíonn “fluairídiú” fluairín faoi aon ghné a chur in uisce;

[EN]

tá le “údarás sláinte” an bhrí a thugtar dó de bhua an Acht Sláinte, 1947, agus Acht na nUdarás Sláinte, 1960;

[EN]

ciallaíonn “an tAire” an tAire Sláinte;

[EN]

tá le “údarás sláintíochta” an bhrí chéanna atá leis sna hAchtanna Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1952.

[EN]

Cóiriú ag údaráis sláinte chun uisce a fhluairídiú.

2.—(1) Faoi réir agus de réir an Achta seo agus rialachán faoi fho-alt (3) den alt seo, déanfaidh údarás sláinte cóiriú chun fluairídiú a dhéanamh ar uisce a sholáthraíonn údaráis sláintíochta don phobal trí phíopaí.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire, maidir le húdarás sláinte áirithe, dáta a shocrú ar dáta é a ndéanfaidh siad roimhe cóiriú, maidir le soláthar uisce poiblí áirithe, chun fluairídiú a dhéanamh ar an uisce a fhaightear uaidh.

[EN]

(3) (a) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir leis an tslí ina gcomhlíonfaidh agus a mhéid a chomhlíonfaidh údaráis sláinte a bhfeidhmeanna faoin Acht seo, agus beidh, go háirithe, foráil sna rialacháin sin chun an méid fluairín (nach mó ná cuid amháin fluairín de réir meáchain in aghaidh milliún cuid d'uisce) a fhéadfar a chur i soláthar uisce.

[EN]

(b) Féadfaidh baint a bheith ag rialacháin a dhéanfar faoin bhfo-alt seo le húdarás sláinte amháin nó níos mó agus féadfar rialacháin éagsúla a dhéanamh maidir le húdaráis sláinte éagsúla.

[EN]

(4) Sula ndéanfaidh an tAire rialacháin faoin alt seo—

[EN]

(a) cuirfidh sé faoi deara go ndéanfar—

[EN]

(i) suirbhéireacht ag féachaint cé mhéid cás cáiréas fiacal atá i measc dream ionadaitheach leanaí a fhreastalaíonn ar scoileanna lae lánaimsire i limistéar feidhmiúcháin nó i limistéir fheidhmiúcháin an údaráis sláinte nó na n-údarás sláinte lena mbaineann na rialacháin, agus

[EN]

(ii) anailís nó sraith anailíseanna ar na cainníochtaí de fhluairín agus de cibé comhpháirteanna eile a chinnfidh an tAire atá san uisce a sholáthraíonn údaráis sláintíochta trí phíopaí don phobal i limistéar feidhmiúcháin nó i limistéir fheidhmiúcháin an údaráis sláinte nó na n-údarás sláinte lena mbaineann na rialacháin, agus

[EN]

(b) cuirfidh sé faoi deara go dtíolaicfear do gach Teach den Oireachtas tuarascáil ar an tsuirbhéireacht agus ar an anailís nó na hanailíseanna a dhéanfar amhlaidh,

[EN]

agus beidh sa tuarascáil sin, maidir leis an tsuirbhéireacht, sonraí an nós imeachta a leanadh nuair a bhí an tsuirbhéireacht á déanamh agus an uimhir daltaí, arna n-aicmiú de réir aoise agus ar shlite eile, lena mbainfidh sí, ach ní bheidh aon eolas inti i dtaobh aon dalta ab fhéidir a aithint.

[EN]

(5) Déanfar rún d'aon eolas i dtaobh cáiréas fiacal i ndaoine a gheofar i gcúrsa suirbhéireachta faoi fho-alt (4) den alt seo.

[EN]

(6) Ní fhorléireofar aon ní i bhfo-alt (4) den alt seo mar ní a chuireann d'oibleagáid ar aon duine é féin nó aon duine a bhfuil sé freagrach ann a ligean faoi scrúdú ná mar ní a cheanglaíonn ar údarás ceannais aon scoile saoráidí a thabhairt le go ndéanfaí suirbhéireacht faoin bhfo-alt sin, agus dá réir sin i gcás go dtarlóidh, maidir le haon suirbhéireacht den sórt sin, nach mbeidh, ar aon chúis, fáil ar eolas i dtaobh na ndaltaí a fhreastalaíonn ar cheann nó níos mó de na scoileanna lae lánaimsire sa limistéar nó sna limistéir lena mbainfidh, déanfar an tsuirbhéireacht maidir leis na scoláirí a fhreastalaíonn ar na scoileanna lae lánaimsire eile sa limistéar nó sna limistéir.

[EN]

An t-údarás sláinte iomchuí do dhéanamh cóiriú maidir le fluairídiú.

3.—(1) I gcás inar do limistéar feidhmiúcháin aon údaráis shláinte amháin a sholáthraítear uisce ó sholáthar uisce poiblí áirithe, is é an t-údarás sláinte sin a dhéanfaidh cóiriú le haghaidh fluairídiú a dhéanamh ar uisce ón soláthar uisce poiblí sin.

[EN]

(2) I gcás ina soláthraítear uisce ó sholáthar uisce poiblí áirithe do limistéir fheidhmiúcháin dhá údarás sláinte nó níos mó, is é cibé ceann de na húdaráis sláinte sin a chinnfidh an tAire a dhéanfaidh cóiriú le haghaidh fluairídiú a dhéanamh ar uisce ón soláthar uisce poiblí sin.

[EN]

Dualgais údarás sláintíochta maidir le huisce a fhluairídíu.

4.—(1) (a) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil, rialacháin a dhéanamh faoin bhfo-alt seo á cheangal ar údaráis sláintíochta cibé gníomhartha, maidir le huisce a fhluairídiú, is cuí leis an Aire agus a shonróidh sé sna rialacháin, a dhéanamh mar ghníomhairí d'údaráis sláinte.

[EN]

(b) Féadfaidh baint a bheith ag rialacháin a dhéanfar faoin bhfo-alt seo le húdarás sláintíochta amháin nó níos mó agus féadfar rialacháin éagsúla a dhéanamh maidir le húdaráis sláintíochta éagsúla.

[EN]

(c) D'ainneoin aon ní atá sna hAchtanna Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1952, nó in aon Acht áitiúil a bhaineann le huisce a sholáthar don phobal, déanfaidh gach údarás sláintíochta de réir aon rialachán a dhéanfar faoin bhfo-alt seo agus a bhainfidh leis an údarás sláintíochta sin.

[EN]

(d) Féadfaidh údarás sláintíochta, le toiliú an Aire Rialtais Áitiúil, airgead a fháil ar iasacht chun íoc as aon chaiteachas faoina rachaidh siad faoi rialacháin a dhéanfar faoin bhfo-alt seo amhail agus dá mba chaiteachas faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1952, an caiteachas sin.

[EN]

(e) Íocfaidh an t-údarás sláinte iomchuí, ar éileamh, le húdarás sláintíochta aon chaiteachas (lena n-áirítear muirir iasachtaí a íoc) faoina rachaidh an t-údarás sin aon bhliain airgeadais áitiúil faoi rialacháin a dhéanfar faoin bhfo-alt seo.

[EN]

(2) I gcás ina mbeidh an tAire, faoi fho-alt (2) d'alt 2 den Acht seo, tar éis dáta a shocrú maidir le húdarás sláinte áirithe a ndéanfaidh an t-údarás sláinte sin roimh an dáta sin cóiriú, maidir le soláthar uisce poiblí áirithe, le haghaidh fluairídiú a dhéanamh ar uisce a fhaightear ón soláthar uisce poiblí sin, aon údarás sláintíochta ar a mbeidh ceangal faoi rialacháin faoi fho-alt (1) den alt seo gníomhartha áirithe a dhéanamh, mar ghníomhaire don údarás sláinte sin, maidir le fluairídiú uisce, déanfaidh sé na gníomhartha sin roimh an dáta sin maidir leis an soláthar uisce poiblí áirithe sin.

[EN]

Údarás sláinte do dhéanamh ranníocaí le húdarás sláinte eile i gcás ina soláthraítear uisce do limistéir fheidhmiúcháin an dá údarás ón soláthar uisce poiblí céanna.

5.—(1) I gcás ina ndéanfaidh údarás sláinte (dá ngairtear an t-údarás cóiriúcháin san alt seo) cóiriú le haghaidh fluairídiú uisce a fhaightear ó sholáthar uisce poiblí a fhreastalaíonn d'aon chuid de limistéar feidhmiúcháin údaráis sláinte eile, íocfaidh an t-údarás sláinte eile sin, ar éileamh, leis an údarás cóiriúcháin, maidir le costas an chaiteachais (lena n-áirítear muirir iasachtaí a íoc) faoina mbeidh an t-údarás cóiriúcháin tar éis dul bliain airgeadais áitiúil áirithe maidir leis an bhfluairídiú sin, suim a mbeidh an chomhréir chéanna idir í agus an caiteachas iomlán (arna mheas chomh gar agus is féidir a dhéanamh le réasún) a bheidh idir an méid uisce a soláthraíodh an bhliain sin do limistéar feidhmiúcháin an údaráis sláinte eile sin agus an méid iomlán uisce a soláthraíodh ón soláthar uisce poiblí sin.

[EN]

(2) Má éiríonn aon díospóid i dtaobh méid na híocaíochta a bheidh le déanamh faoi fho-alt (1) den alt seo ag údarás sláinte le húdarás sláinte eile, cuirfear an díospóid faoi bhráid an Aire agus cinnfidh sé í.

[EN]

(3) D'ainneoin forálacha fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh aon dá údarás sláinte comhaontú a dhéanamh nach ndéanfaidh aon cheann acu leis an gceann eile aon íocaíocht ba chuí a dhéanamh de bhun an fho-ailt sin mura mbeadh an comhaontú sin, agus féadfaidh siad déanamh de réir an chomhaontaithe sin.

[EN]

Dualgas ginearálta an Aire maidir le suirbhéireachtaí sláinte.

6.—(1) Beidh de dhualgas ar an Aire socrú a dhéanamh ó am go ham le haghaidh cibé suirbhéireachtaí is dóigh leis is inmhianaithe a dhéanamh maidir le sláinte, nó aon ghnéithe áirithe de shláinte, daoine, nó aicmí áirithe daoine, i limistéar feidhmiúcháin údaráis sláinte a mbeidh rialacháin faoi alt 2 den Acht seo i bhfeidhm maidir leo.

[EN]

(2) Féadfar suirbhéireacht faoin alt seo a shocrú tríd an údarás sláinte nó trína n-oifigigh nó trí cibé eagraíocht nó comhlacht eile is iomchuí dar leis an Aire.

[EN]

(3) Cuirfidh an tAire faoi deara go ndéanfar tuarascáil a thíolacadh do gach Teach den Oireachtas i dtaobh suirbhéireacht a dhéanfar faoin alt seo ach ní bheidh sa tuarascáil sin aon eolas i dtaobh aon duine ab fhéidir a aithint.

[EN]

(4) Déanfar rún d'aon eolas i dtaobh sláinte daoine a gheofar i gcúrsa suirbhéireachta faoin alt seo.

[EN]

(5) Ní fhoíléireofar aon ní san alt seo mar ní a chuireann d'oibleagáid ar aon duine é féin nó aon duine a bhfuil sé freagrach ann a ligean faoi scrúdú.

[EN]

Dualgas údaráis sláinte maidir le meastachán a dhéanamh ar an méid cáiréas fiacal atá ina limistéar feidhmiúcháin.

7.—(1) Beidh de dhualgas ar gach údarás sláinte, cibé uair agus a mhinicí a iarrfaidh an tAire sin, cibé meastachán a ordóidh an tAire a dhéanamh ar an méid cásanna cáiréas fiacal atá ina limistéar feidhmiúcháin nó i gcuid shonraithe dá limistéar feidhmiúcháin, agus é a dhéanamh roimh cibé dáta a shonróidh an tAire, maidir leis na daoine uile ann nó maidir le haicme shonraithe de na daoine sin, agus sonraí an mheastacháin sin a thabhairt don Aire a luaithe is féidir tar éis a dhéanta.

[EN]

(2) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a chuireann d'oibleagáid ar aon duine é féin nó aon duine a bhfuil sé freagrach ann a ligean faoi scrúdú.

[EN]

An tAcht Seirbhísí Sláinte (Forála Airgeadais), 1947, a fhorléiriú.

1947, Uimh. 47.

8.—Nuair a bheifear á fheidhmiú maidir le seirbhís faoin Acht seo, forléireofar fo-alt (2) d'alt 2 den Acht Seirbhísí Sláinte (Forála Airgeadais), 1947, ionann agus dá gcuirtí “dháta an dearbhaithe” in ionad “an 1ú lá d'Aibreán is túisce a thiocfas i ndiaidh an dearbhuithe a dhéanamh”.

[EN]

Rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

9.—Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamh niú an rialacháin beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

10.—(1) Féadfar an tAcht Sláinte (Soláthairtí Uisce a Fhluairídiú), 1960, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1960, a ghairm de na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1958, agus den Acht seo le chéile.