Uimhir 46 de 1961.
AN tACHT FORBARTHA MÓNA, 1961.
[An tiontú oifigiúil.]
Airleacain chun an Bhoird as an bPríomh-Chiste.
1.—(1) Déantar leis seo alt 53 den Acht Forbartha Móna, 1946, a leasú tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (a cuireadh isteach ann leis an Acht Forbartha Móna, 1959):
“(1) Chun a chumasú don Bhord a fheidhmeanna a fheidhmiú nó a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire Airgeadais, faoin alt seo agus ar mholadh an Aire, cibé suimeanna (nach mó san iomlán ná ceithre mhilliún is fiche punt) a iarrfaidh an Bord ó am go ham a airleacan ó am go ham chun an Bhoird as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.”
(2) Aisghairtear leis seo alt 1 den Acht Forbartha Móna, 1959.
Alt 1 den Acht Forbartha Móna, 1957, a leasú.
2.—Déantar leis seo alt 1 den Acht Forbartha Móna, 1957 (a bhaineann le cumhachtaí áirithe de chuid an Bhoird chun airgead a fháil ar iasacht) a leasú trí “ceithre mhilliún is fiche punt” a chur in ionad “naoi milliún déag punt” (a cuireadh isteach ann leis an Acht Forbartha Móna, 1959).
Tithe a thóg an Bord a dhíol agus a ligean.
3.—(1) Féadfaidh an Bord tithe a tógadh de bhun scéim faoi alt 5 den Acht Forbartha Móna, 1950, agus nach mbeidh ag teastáil ón mBord chun a sheirbhísigh á n-áitiú, a dhíol, a mhalartú nó a chur de láimh ar shlí eile.
(2) Féadfaidh an Bord tithe a tógadh de bhun scéim faoin alt sin 5 a ligean chun daoine seachas seirbhísigh an Bhoird.
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.
4.—(1) Féadfar an tAcht Forbartha Móna, 1961, a ghairm den Acht seo.
(2) Forléireofar na hAchtanna Forbartha Móna, 1946 go 1959, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna Forbartha Móna, 1946 go 1961, a ghairm díobh le chéile.