[EN]

Uimhir 49 de 1933.


[EN]

ACHT TORA TALMHAÍOCHTA (ARBHAR) (LEASÚ), 1933.


ACHT CHUN AN ACHTA TORA TALMHAÍOCHTA (ARBHAR), 1933, DO LEASÚ, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTREO GUR FEARR A STIÚRFAR AGUS A RIALÁLFAR DÍOL CRUITHNEACHTAN I gCÓIR SÍL, CHUN DLEACHTA DO GHEARRADH AR CHRUITHNEACHTAIN A DÍOLFAR I gCÓIR SÍL, AGUS I dTAOBH NITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE.     [15adh Mí na Nodlag, 1933.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

[EN]

Gearr-theideal.

1.—Féadfar an tAcht Tora Talmhaíochta (Arbhar) (Leasú), 1933, do ghairm den Acht so.

[EN]

Tosach feidhme.

2.—(1) Tiocfaidh an tAcht so (ach amháin Cuid III dhe) i bhfeidhm díreach ar é do rith.

[EN]

(2) Tiocfaidh Cuid III den Acht so i bhfeidhm an 16adh lá de Mhí na Nodlag, 1933.

[EN]

Mínithe.

3.—(1) San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1933 (Uimh. 7 de 1933);

[EN]

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

[EN]

tá leis na habairtí “deimhniú díola (cruithneacht dúthchais),” “ceadúnas muilneoireachta,” “deighleálaí cláruithe i gcruithneachtain,” “driogaire cláruithe,” “bliain arbhair,” “saosúr díola (cruithneacht),” “meán-phraghas cinnte an barraille ar chruithneachtain dúthchais,” agus “riail-phraghas an barraille” na bríonna ceaptar dóibh fé seach leis an bPríomh-Acht;

[EN]

cialluíonn an abairt “cruithneacht fé dheimhniú” cruithneacht go ndearnadh deimhniú díola (cruithneacht dúthchais) ina taobh.

[EN]

(2) Is duine eiscithe chun crícheanna an Achta so gach duine acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) sealbhóir ar cheadúnas mhuilncoireachta;

[EN]

(b) deighleálaí cláruithe i gcruithneachtain;

[EN]

(c) driogaire cláruithe;

[EN]

(d) an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

[EN]

(e) duine le n-a ndéanfar cruithneacht fé dheimhniú do dhíol fé cheadúnas agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh ag an Aire fé alt 76 den Phríomh-Acht.

[EN]

(3) Is dleacht-tréimhse chun crícheanna an Achta so gach tréimhse fé leith acu so leanas i ngach bliain arbhair, sé sin le rá:—

[EN]

(a) alos na bliana arbhair dar críoch an 31adh lá d'Iúl, 1934—

[EN]

(i) an tréimhse dar tosach an 16adh lá de Mhí na Nodlag, 1933, agus dar críoch an 15adh lá d'Abrán 1934,

[EN]

(ii) an tréimhse dar tosach an 16adh lá d'Abrán, 1934, agus dar críoch an 31adh lá d'Iúl, 1934;

[EN]

(b) alos gach bliana arbhair eile—

[EN]

(i) an tréimhse dar tosach an 1adh lá de Lúnasa agus dar críoch an 15adh lá de Mhí na Nodlag an bhliain arbhair sin,

[EN]

(ii) an tréimhse dar tosach an 16adh lá de Mhí na Nodlag agus dar críoch an 15adh lá d'Abrán an bhliain arbhair sin,

[EN]

(iii) an tréimhse dar tosach an 16adh lá d'Abrán agus dar críoch an 31adh lá d'Iúl an bhliain arbhair sin.

[EN]

Rialacháin.

4.—Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe.

[EN]

Costaisí.

5.—Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire fén Acht so.

CUID II.

Leasuithe ar an bPriomh-Acht.

[EN]

Alt 28 den Phríomh-Acht do leasú.

6.—Deintear leis seo fo-alt (3) d'alt 28 den Phríomh-Acht do leasú tré sna focail “maran mó ná míle barraille cruithneachtan an quota don mhuileann san in aghaidh na tréimhse no na bliana san no” do chur isteach ann roimh na focail “mara gcuiridh an duine sin ina luighe ar an gCúirt” atá anois sa bhfo-alt san, agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

[EN]

Alt 30 den Fhríomh-Acht do leasú.

7.—Deintear leis seo fo-alt (1) d'alt 30 den Phríomh-Acht do leasú tré sna focail “suim d'íoc leis an Aire a háirmheofar do réir trí scillinge in aghaidh gach ceithre chéad púnt cruithneachtan a meilfear thar an quota san” atá anois ann do scriosadh amach as agus tré sna focail “más rud é gur mó ná míle barraille cruithneachtan an quota don mhuileann san in aghaidh na tréimhse no na bliana san suim d'íoc leis an Aire a háirmheofar do réir trí scillinge in aghaidh gach ceithre chéad púnt cruithneachtan a meilfear thar an quota san no, más rud é nách mó ná míle barraille cruithneachtan an quota don mhuileann san in aghaidh na tréimhse no na bliana san agus gur mó ná míle barraille cruithneachtan an méid cruithneachtan a meilfear sa mhuileann san ar feadh na tréimhse no na bliana san, suim d'íoc leis an Aire a háirmheofar do réir trí scillinge in aghaidh gach ceithre chéad púnt cruithneachtan a meilfear thar míle barraille cruithneachtan” do chur isteach sa bhfo-alt san in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

[EN]

Alt 71 den Phríomh-Acht de leasú.

8.—I gcás—

[EN]

(a) cruithneachtan do chur in aon áitreabh i rith an dá mhí dhéag dar chríoch an 31adh lá de Lúnasa, 1933, agus

[EN]

(b) an duine do chuir an chruithneacht san no ionadaí pearsanta no socrathóir an duine sin no an sannaí ón duine sin ar an áitreabh san do bheith cláruithe roimh an 16adh lá de Mhí na Nodlag, 1933, i gclár na bhfásóirí cruithneachtan alos an áitreibh sin,

[EN]

tuigfear, chun crícheanna ailt 71 den Phríomh-Acht, an duine sin do bheith cláruithe fén bPríomh-Acht i gclár na bhfásóirí cruithneachtan alos an áitreibh sin ar feadh na ráithe roimh an 1adh lá de Lúnasa, 1933.

[EN]

Alt 76 den Fhríomh-Acht do leasú.

9.—Deintear leis seo fo-alt (1) d'alt 76 den Phríomh-Acht do leasú sna slite seo leanas agus léireofar é agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

[EN]

(a) tré sna focail “no do chur de láimh ar shlí eile” do chur isteach sa bhfo-alt san i ndiaidh na bhfocal “do dhíol” atá anois ann; agus

[EN]

(b) tré sna focail “no do chur de láimh ar shlí eile” do chur isteach i mír (b) den fho-alt san i ndiaidh na bhfocal “do dhíol” atá anois sa mhír sin.

CUID III.

Cruithneacht Duthchais Inmheilte do Dhiol i gcoir Sil agus Dleacht do Chur ar Chruithneachtain Duthchais Inmheilte Diolfar i gcoir Sil.

[EN]

Alt 76 den Phríomh-Acht do leasú tuilleadh.

10.—(1) D'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (1) d'alt 76 den Phríomh-Acht, mar a leasuítear san leis an Acht so, beidh sé dleathach do shealbhóir ar cheadúnas mhuilneoireachta no do dheighleálaí chláruithe i gcruithneachtain cruithneacht fé dheimhniú do dhíol le duine, nách duine eiscithe, más sealbhóir ar cheadúnas (dá ngairmtear ceadúnas díola (síol cruithneachtan) san Acht so) ar n-a dheonadh ag an Aire fén Acht so an sealbhóir no an deighleálaí sin agus más fén gceadúnas san agus dá réir a díolfar an chruithneacht san, agus léireofar an t-alt san 76 agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

[EN]

(2) Deintear na forálacha so leanas den Phríomh-Acht, sé sin le rá, mír (c) d'fho-alt (1) d'alt 76, agus fo-alt (3) d'alt 76, deintear, leis seo, iad d'athghairm.

[EN]

Ceadúnaisí do dheonadh agus do cheiliúradh.

11.—(1) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis san do dhéanamh, ceadúnas díola (síol cruithneachtan) do dheonadh do shealbhóir ar cheadúnas mhuilneoireachta no do dheighleálaí chláruithe i gcruithneachtain.

[EN]

(2) Déarfaidh agus déanfaidh gach ceadúnas díola (síol cruithneachtan) a údarú don cheadúnaí cruithneacht fé dheimhniú do dhíol ach san fé réir na gcoinníollacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) ná díolfar an chruithneacht san le duine, nách duine eiscithe, mara ndeinidh an ceannuitheoir le linn an díola san gealltanas (dá ngairmtear gealltanas ceannuitheora sa bhfo-alt so) i scríbhinn sa bhfuirm orduithe do shighniú agus do sheachadadh don cheadúnaí á gheallúint an chruithneacht san d'úsáid i gcóir síl agus gan í d'úsáid chun críche ar bith eile;

[EN]

(b) ná díolfaidh an ceadúnaí an chruithneacht san le duine, nách duine eiscithe, ar phraghas a bheidh, i gcás gur i rith saosúir dhíola (cruithneacht) a déanfar an díol san, nícs lugha ná an riail-phraghas in aghaidh an tsaosúir sin no, i gcás gur idir dhá shaosúr dhíola (cruithneacht) a déanfar an díol san, níos lugha ná an riail-phraghas in aghaidh an tsaosúir is déanaí den dá shaosúr san;

[EN]

(c) go gcoimeádfaidh an ceadúnaí na breacacháin seo leanas i dtaobh gach méide den chruithneachtain sin a díolfar le duine, nách duine eiscithe, sé sin le rá, ainm agus seoladh an cheannuitheora, dáta an díola, an méid den chruithneachtain sin do díoladh, agus an praghas do híocadh air sin;

[EN]

(d) go ndéanfaidh an ceadúnaí, ar chigire dá éileamh san aon tráth réasúnta, na breacacháin sin do thaisbeáint don chigire sin maraon le haon ghealltanaisí ceannuitheoirí bheidh seachadtha don cheadúnaí fé mhír (a) den fho-alt so ach ná beidh curtha chun an Aire, agus leigint don chigire sin na breacacháin agus na gealltanaisí sin d'iniúchadh;

[EN]

(e) go gcuirfidh an ceadúnaí chun an Aire laistigh de mhí tar éis deireadh gach dleacht-tréimhse fé leith—

[EN]

(i) aon ghealltanaisí ceannuitheoirí do seachadadh do i rith na tréimhse sin, agus

[EN]

(ii) cuntas ina dtaisbeánfar an méid den chruithneachtain sin do dhíol sé i rith na dleacht-tréimhse sin le daoine nách daoine eiscithe, agus fós ainm agus seoladh gach ceannuitheora fé leith agus an praghas d'íoc an ceannuitheoir sin;

[EN]

(f) pé coinníollacha eile (ar a n-áirmhítear coinníoll i dtaobh ré an cheadúnais) is oiriúnach leis an Aire.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, ceadúnas díola (síol cruithneachtan) do cheiliúradh.

[EN]

(4) San alt so cialluíonn an focal “cigire” duine go n-údarás i scríbhinn ón Aire chun na gcomhacht a bronntar ar chigire leis an alt so d'fheidhmiú.

[EN]

Coinníollacha ceadúnais do bhriseadh.

12.—Má thárlann do dhuine is sealbhóir ar cheadúnas díola (síol cruithneachtan) go dteipfidh air no go dtabharfaidh faillí no go ndéanfaidh diúltadh maidir le haon cheann áirithe de choinníollacha an cheadúnais sin do chólíonadh, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhiehead do chur air má sé an chéad chionta fén alt so aige é, no fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt má sé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin fén alt so aige é.

[EN]

Dleachtanna alos cruithneachtan fé dheimhniú a díolfar i gcóir síl.

13.—Más rud é, in aon tsaosúr díola (cruithneacht), go mbeidh an meán-phraghas cinnte an barraille ar chruithneachtain dúthchais in aghaidh an tsaosúir sin níos lugha ná an riailphraghas an barraille in aghaidh an tsaosúir sin, ansan, laistigh de mhí tar éis an mhcán-phraghais chinnte sin d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil do réir ailt 70 den Phríomh-Acht, íocfar dleacht leis an Aire mar leanas—

[EN]

(a) i gcás gurb é an saosúr díola (cruithneacht) san an saosúr díola (cruithneacht) dar críoch an 15adh lá de Mhí na Nodlag, 1933, íocfaidh gach duine is sealbhóir ar cheadúnas mhuilneoireachta no is deighleálaí cláruithe i gcruithneachtain, in aghaidh gach cloiche de chruithneachtain fé dheimhniú (seachas cruithneacht fé dheimhniú do díoladh le daoine eiscithe) a dhícl sé (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) i rith an tsaosúir dhíola (cruithneacht) san, dleacht de mhéid is có-ionann leis an bhficheadú cuid den deifríocht idir an meán-phraghas cinnte sin agus an riail-phraghas san;

[EN]

(b) in aon chás eile, íocfaidh gach sealbhóir ceadúnais dhíola (síol cruithneachtan), in aghaidh gach cloiche de chruithneachtain fé dheimhniú (seachas cruithneacht fé dheimhniú do díoladh le daoine eiscithe) a dhíol sé i rith na dleacht-tréimhse gurb é an saosúr díola (cruithneacht) san í no gur cuid di an saosúr díola (cruithneacht) san, dleacht de mhéid is có-ionann leis an bhficheadú cuid den deifríocht idir an meánphrághas cinnte sin agus an riail-phraghas san.

[EN]

Dleachtanna do bhaint amach.

14.—(1) Gach dleacht a ceangaltar leis an gCuid seo den Acht so ar éinne a íoc leis an Aire beidh sé ina fhiacha bheidh dlite ar an duine sin ag an Aire agus a bheidh iníoctha aige leis an Aire, agus i gcás an dleachta san no aon choda dhe d'fhanúint gan íoc i ndiaidh an dáta luaidhtear sa Chuid seo den Acht so mar an dáta is déanaí chun an dleachta san d'íoc, féadfaidh an tAire an dleacht san no an chuid sin do bhaint den duine sin mar fhiacha ghnáth-chonnartha i gcúirt dlighinse inniúla.

[EN]

(2) In aon imeachta fén alt so, chun méid dleachta no coda de dhleacht do bhaint d'éinne, beidh deimhniú fé shéala an Aire, á dheimhniú an méid sin do bheith dlite ar an duine sin, beidh san ina fhianaise prima facie ar na fíora bheidh deimhnithe amhlaidh.

[EN]

Cad déanfar le dleachtanna.

15.—Déanfar gach airgead a híocfar leis an Aire no bhainfidh an tAire amach fén gCuid seo den Acht so d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé slí ordóidh an tAire Airgid.