Uimhir 6 de 1976
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1976
[An tiontú oifigiúil]
Mínithe.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1933” an tAcht um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933;
ciallaíonn “Acht 1935” an tAcht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935;
ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1952;
ciallaíonn “Acht 1966” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966;
ciallaíonn “Acht 1967” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1967;
ciallaíonn “Acht 1975” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1975;
ciallaíonn “Rialacháin 1975” na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Athrú sna Rátaí Íocaíochtaí), 1975 (I.R. Uimh. 215 de 1975).
Pinsin seanaoise (rátaí nua).
2.—(1) Leasaítear leis seo alt 77 d'Acht 1952—
(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) (a cuireadh isteach le hAcht 1975):
“(2) (a) Is é an ráta ar dá réir a íocfar pinsean, in ionad aon ráta eile—
(i) i gcás nach mó ná £15 acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an phinsinéara— an ráta atá leagtha amach i dTábla A a ghabhann leis an bhfo-alt seo,
(ii) i gcás inar mó ná £15 acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an phinsinéara— an ráta ar dá réir ab iníoctha an pinsean faoi threoir an Tábla sin dá mba mhó ná £14 ach nár mhó ná £15 acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an phinsinéara, lúide £1·10 i leith gach suim £1 (más ann) atá san acmhainn sheachtainiúil sin de bhreis ar £15, agus aon chodán de £1 san acmhainn sheachtainiúil sin a áireamh chun na críche sin mar £1; ach más lú ná 50 pingin nua an ráta arna ríomh de bhun na míre seo ar dá réir, murach an coinníoll seo, a bheadh an pinsean iníoctha, ní bheidh an pinsean iníoctha,
(iii) i gcás 80 bliain d'aois a bheith slánaithe ag an bpinsinéir—an ráta pinsin is iníoctha leis de réir fho-mhír (i) nó (ii) den mhír seo móide 80 pingin nua.
agus déanfar an ráta pinsin arna chinneadh amhlaidh a mhéadú, i gcás inar duine de lánúin phósta an pinsinéir, an méid atá leagtha amach i dTábla B a ghabhann leis an bhfo-alt seo—
(A) más fear an pinsinéir, i leith a bhanchéile má tá sé in aontíos léi nó á cothabháil go hiomlán nó go formhór agus nach bhfuil pinsean faoi na hAchtanna ná aon sochar ná pinsean faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1976, á fháil aici, nó
(B) más bean an pinsinéir, i leith a fearchéile má tá sí á chothabháil go hiomlán nó go formhór agus go bhfuil seisean éagumasach, de dheasca éiglíocht coirp nó meabhrach, ar é féin a chothú agus nach bhfuil pinsean faoi na hAchtanna ná aon sochar ná pinsean faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1976, á fháil aige.
(b) Chun críocha an fho-ailt seo, is é a bheidh in acmhainn sheachtainiúil an acmhainn bhliantúil arna roinnt ar chaoga a dó.
TABLA A
An Ráta Pinsin
An Ráta Seachtainiúil | |||||
Acmhainn an éilitheora nó an phinsinéara | Éilitheoir nó pinsinéir, gan aon leanbh cáilithe | Éilitheoir nó pinsinéir, leanbh cáilithe amháin | Éilitheoir nó pinsinéir, beirt leanbh cháilithe nó níos mó | ||
(1) | (2) | (3) | (4) | ||
Má bhíonn acmhainn sheachtainiúil an éili-theora nó an phinsinéara— | £ | £ | £ | ||
gan bheith níos mó ná £6 | 10·25 | 13·00 | 15·75 | Móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh cháilithe ann, £2·10 i leith gach leanbh cáilithe de bhreis ar bheirt. | |
níos mó ná £6 gan bheith | |||||
níos mó ná £7 | .. | 9·15 | 11·90 | 14·65 | |
níos mó ná £7 gan bheith | |||||
níos mó ná £8 | .. | 8·05 | 10·80 | 13·55 | |
níos mó ná £8 gan bheith | |||||
níos mó ná £9 | .. | 6·95 | 9·70 | 12·45 | |
níos mó ná £9 gan bheith | |||||
níos mó ná £10 | .. | 5·85 | 8·60 | 11·35 | |
níos mó ná £10 gan bheith | |||||
níos mó ná £11 | .. | 4·75 | 7·50 | 10·25 | |
níos mó ná £11 gan bheith | |||||
níos mó ná £12 | .. | 3·65 | 6·40 | 9·15 | |
níos mó ná £12 gan bheith | |||||
níos mó ná £13 | .. | 2·55 | 5·30 | 8·05 | |
níos mó ná £13 gan bheith | |||||
níos mó ná £14 | .. | 1·45 | 4·20 | 6·95 | |
níos mó ná £14 gan bheith | |||||
níos mó ná £15 | .. | neamhní | 3·10 | 5·85 |
TABLA B
Méadú i Leith Cleithiúnaí Aosaithe
Acmhainn an éilitheora nó an phinsinéara | Ráta seachtainiúil an mhéadaithe | ||||||
Má bhíonn acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an phinsinéara— | £ | ||||||
gan bheith níos mó ná £6 | .. | .. | .. | .. | .. | 5·10 | |
níos mó á £6 gan bheith níos mó ná £7 | .. | .. | .. | 4·55 | |||
níos mó ná £7 gan bheith níos mó ná £8 | .. | .. | .. | 4·00 | |||
níos mó ná £8 gan bheith níos mó ná £9 | .. | .. | .. | 3·45 | |||
níos mó ná £9 gan bheith níos mó ná £10 | .. | .. | .. | 2·90 | |||
níos mó ná £10 gan bheith níos mó ná £11 | .. | .. | .. | 2·35 | |||
níos mó ná £11 gan bheith níos mó ná £12 | .. | .. | .. | 1·80 | |||
níos mó ná £12 gan bheith níos mó ná £13 | .. | .. | .. | 1·25 | |||
níos mó ná £13 gan bheith níos mó ná £14 | .. | .. | .. | 0·70 | |||
níos mó ná £14 | .. | .. | .. | .. | .. | .. | neamhní |
”
agus
(b) trí “cúig phunt agus seachtó pingin nua” a chur i bhfo-alt (5) (a cuireadh isteach leis an AchtLeasaShóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1969) in ionad “cúig phunt agus fiche pingin nua” (a cuireadh isteach le Rialacháin 1975).
(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 2ú lá d'Aibreán, 1976.
Cúnamh dífhostaíochta (rátaí nua)
3.—(1) Déantar leis seo an Sceideal a ghabhann leis an alt seo a chur in Acht 1933 in ionad an Sceidil (a cuireadh isteach le hAcht 1975) a ghabhann leis.
(2) D'ainneoin fho-alt (1) den alt seo beidh feidhm i gcónaí ag an Sceideal a ghabhann le hAcht 1933 a cuireadh isteach le hAcht 1975 (arna athrú le Rialacháin 1975) i gcás duine a ndéantar luach bliantúil aon tairbhe a fhaibhríonn chuige as talamh a úsáid, ar mó ná £15 a luacháil inrátaithe agus atá á úsáid nó á shealbhú aige go pearsanta, a ríomh ina leith de réir alt 8 den Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1965, agus dá réir sin, is iad na rátaí cúnaimh dhífhostaíochta a shonraítear sa Sceideal sin (arna athrú amblaidh) na rátaí a thabharfar i gcuntas i gcás duine den sórt sin chun críocha alt 10 (3) (c) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1962) d'Acht 1933.
(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 31ú lá de Mhárta, 1976.
AN SCEIDEAL
Rátaí Cúnaimh Dhífhostaíochta
Na haicmí daoine lena mbaineann na rátaí cúnaimh dhífhostaíochta atá leagtha amach sa Sceideal seo | An ráta seachtainiúil cúnaimh dhífhostaíochta a bhaineann le daoine a chónaíonn in aon limis-téar uirbeach | An ráta seachtainiúil cúnaimh dhífhostaíochta a bhaineann le daoine a chónaíonn in aon áit eile |
Duine gan chleithiúnaí | £8·90 | £8·55 |
Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe .. | £15·35 | £14·90 |
Duine ag a bhfuil cleithi-únaí aosaithe agus leanbh cleithiúnach amháin .. .. | £18·10 | £17·65 |
Duine ag a bhfuil cleithi-únaí aosaithe agus beirt leanbh chleithiúnacha nó níos mó .. | £20·85 | £20·40 |
móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, £2·10 i leith gach leanbh cleithiúnach de bhreis ar bheirt. | móide, má bhíonn níos mó beirt leanbh chleithi-únacha ann, £2·10 i leith gach leanbh cleithi-únach de bhreis ar bheirt. | |
Duine ag a bhfuil leanbh cleithiúnach amháin .. | £11·80 | £11·45 |
Duine ag a bhfuil beirt leanbh chleithiúnacha nó níos mó .. .. | £14·55 | £14·20 |
móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, £2·10 i leith gach leanbh cleithiúnach de bhreis ar bheirt. | móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithi-únacha ann, £2·10 i leith gach leanbh cleithi-únach de bhries ar bheirt. |
Leasú ar alt 8 den Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha),1965.
4.—(1) Leasaítear leis seo alt 8 den Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1965, trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2):
“(1) Faoi réir forálacha ailt 9 agus 10 den Acht seo measfar, chun críocha alt 13 (1) (c) d'Acht 1933, gurb é luach bliantúil aon tairbhe a fhaibhreoidh chun duine a chónaíonn i limistear arna shonrú de thuras na huaire in ordú faoi fho-alt (3) den alt seo as úsáid talún atá á úsáid nó á shealbhú go pearsanta ag an duine sin, suim arna ríomh—
(a) de réir £20 in aghaidh gach punt de luacháil inrátaithe na talún in aon chás nach mó ná £15 an luacháil agus de réir ráta chomhréirigh in aghaidh aon chuid de phunt dá luacháil,
(b) de réir £30 in aghaidh gach punt de luacháil inrátaithe na talún in aon chás inar mó ná £15 ach nach mó ná £20 an luacháil agus de réir ráta chomhréirigh in aghaidh aon chuid de phunt dá luacháil,
(c) de réir £40 in aghaidh gach punt de luacháil inrátaithe na talún in aon chás inar mó ná £20 an luacháil agus de réir ráta chomhréirigh in aghaidh aon chuid de phunt dá luacháil.
(2) (a) Féadfaidh an Rialtas ó am go ham, le hordú, ráta a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo nó luacháil inrátaithe a shonraítear amhlaidh i ndáil le ráta den sórt sin a athrú, agus féadfaidh, le hordú, foráil a dhéanamh le haghaidh ráta nó rátaí breise i dteannta na rátaí dá bhforáiltear i míreanna (a), (b) agus (c) den fho-alt sin agus féadfaidh luacháil nó luachálacha breise a shonrú i ndáil leis an ráta nó leis na rátaí sin.
(b) Féadfaidh an Rialtas ó am go ham, le hordú, ordú faoin bhfo-alt seo, lena n-áirítear ordú faoin mír seo, a chúlghairm nó a leasú.”.
(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 31ú lá de Mhárta, 1976.
Pinsin bhaintreach (neamhranníocach),liúntas banchéile thréigthe, liúntas cúnaimh shóisialaigh do mháithreacha neamhphósta agus liúntas do bhanchéile príosúnaigh (rátaí nua).
5.—(1) Leasaítear leis seo alt 20 (a cuireadh isteach le hAcht 1952) d'Acht 1935 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (a cuireadh isteach le hAcht 1975):
“(1) (a) Is é an ráta ar dá réir a íocfar pinsean baintrí (neamhranníocach), faoi réir forálacha an Achta seo—
(i) i gcás nach mó ná £15 acmhainn sheachtainiúil na baintrí—an ráta atá leagtha amach i dTábla B a ghabhann leis an bhfo-alt seo, agus
(ii) i gcás inar mó ná £15 acmhainn sheachtainiúil na baintrí—an ráta ar dá réir ab iníoctha an pinsean faoi threoir an Tábla sin leis an mbaintreach dá mba mhó ná £14 ach nár mhó ná £15 a hacmhainn sheachtainiúil, lúide £1·10 i leith gach suim £1 (más ann) atá san acmhainn sheachtainiúil sin de bhreis ar £15, agus aon chodán de £1 san acmhainn sheachtainiúil sin a áireamh chun na críche sin mar £1; ach, más 1ú ná 50 pingin nua an ráta arna ríomh de bhun na míre seo ar dá réir, murach an coinníoll seo, a bheadh an pinsean iníoctha, ní bheidh an pinsean iníoctha.
(b) Chun críocha an fho-ailt seo, is é a bheidh in acmhainn sheachtainiúil an acmhainn bhliantúil arna roinnt ar chaoga a dó.
TABLA B
Rátaí Seachtainiúla Pinsean Bintreach (Neamhranníocach)
Acmhainn na Baintrí | Baintreach, gan aon leanbh cáilithe | Baintreach, leanbh cáilithe amháin | Baintreach, beirt leanbh cháilithe nó níos mó | |
(1) | (2) | (3) | (4) | |
Má bhíonn achmainn sheachtainiúil na baintrí— | £ | £ | £ | |
gan bheith níos mó ná £6 .. | 10·25 | 13·65 | 17·05 | Móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh cháilithe ann, £3·40 i leith gach leanbh cáilithe de bhreis ar bheirt. |
níos mó ná £6 gan bheith níos mó ná£7 .. .. .. | 9·15 | 12·55 | 15·95 | |
níos mó ná £7 gan bheith níos mó ná £8 .. .. .. | 8·05 | 11·45 | 14·85 | |
níos mó ná £8 gan bheith níos mó ná £9 .. .. .. | 6·95 | 10·35 | 13·75 | |
níos mó ná £9 gan bheith níos mó ná £10 .. .. .. | 5·85 | 9·25 | 12·65 | |
níos mó ná £10 gan bheith níos mó ná £11 .. .. .. | 4·75 | 8·15 | 11·55 | |
níos mó ná £11 gan bheith níos mó ná £12 .. .. .. | 3·65 | 7·05 | 10·45 | |
níos mó ná £12 gan bheith níos mó ná £13 .. .. .. | 2·55 | 5·95 | 9·35 | |
níos mó ná £13 gan bheith níos mó ná £14 .. .. .. | 1·45 | 4·85 | 8·25 | |
níos mó ná £14 gan bheith níos mó ná £15 .. .. .. | neamhní | 3·75 | 7·15 |
”
(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh, a mhéid a bhaineann sé le pinsin bhaintreach (neamhranníocach) agus a mhéid sin amháin, an 2ú lá d'Aibreán, 1976, agus, a mhéid a bhaineann sé le liúntas banchéile thréigthe, le liúntas cúnaimh shóisialaigh do mháithreacha neamhphósta agus le liúntas do bhanchéile príosúnaigh, an 1ú lá d'Aibreán, 1976.
Pinsin dílleachtaí (neamhranníocach)(rátaí nua)
6.—(1) Leasaítear leis seo alt 25 (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1973) d'Acht 1935 tríd an Tábla a ghabhann leis an alt seo a chur in ionad an Tábla (a cuireadh isteach le hAcht 1975) a ghabhann le fo-alt (1).
(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 2ú lá d'Aibreán, 1976.
AN TABLA
Rátaí Seachtainiúla Pinsean Dílleachtaí (Neamhranníocach)
Acmhainn an Dílleachta | Na Rátaí Seach-tainiúla | |||
Má bhíonn acmhainn sheachtainiúil an dílleachta— | £ | |||
gan bheith níos mó ná £1 .. .. .. | .. | .. | .. | 6·65 |
níos mó ná £1 gan bheith níos mó ná £2 | .. | .. | .. | 5·55 |
níos mó ná £2 gan bheith níos mó ná £3 | .. | .. | .. | 4·45 |
níos mó ná £3 gan bheith níos mó ná £4 | .. | .. | .. | 3·35 |
níos mó ná £4 gan bheith níos mó ná £5 | .. | .. | .. | 2·25 |
níos mó ná £5 gan bheith níos mó ná £6 | .. | .. | .. | 1·15 |
níos mó ná £6 .. .. .. .. | .. | .. | .. | neamhní |
Liúntas do bhean shingil (rátaí nua).
7.—(1) Leasaítear leis seo alt 8 den Acht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1974, tríd an Tábla a ghabhann leis an alt seo a chur in ionad an Tábla (a cuireadh isteach le hAcht 1975) a ghabhann leis an alt sin.
(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Aibreán, 1976.
AN TABLA
Ráta an Liúntais do Bhean Shingil
Acmhainn an éilitheora nó an tairbhí | An Ráta Seach-tainiúil | |||
Má bhíonn acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an tairbhí— | £ | |||
gan bheith níos mó ná £1 .. .. .. | .. | .. | .. | 8·90 |
níos mó ná £1 gan bheith níos mó ná £2 | .. | .. | .. | 7·80 |
níos mó ná £2 gan bheith níos mó ná £3 | .. | .. | .. | 6·70 |
níos mó ná £3 gan bheith níos mó ná £4 | .. | .. | .. | 5·60 |
níos mó ná £4 gan bheith níos mó ná £5 | .. | .. | .. | 4·50 |
níos mó ná £5 gan bheith níos mó ná £6 | .. | .. | .. | 3·40 |
níos mó ná £6 gan bheith níos mó ná £7 | .. | .. | .. | 2·30 |
níos mó ná £7 gan bheith níos mó ná £8 | .. | .. | .. | 1·20 |
níos mó ná £8 .. .. .. .. | .. | .. | .. | neamhní |
Liúntas (cúram) seanaoise (ráta nua).
8.—(1) Leasaítear leis seo alt 21 (1) den Acht Leasa Shóisialaigh, 1970, lena ndéantar socrú le haghaidh liúntais (cúram) seanaoise, trí “£5·70” a chur in ionad “£5·20” (a cuireadh isteach le Rialacháin 1975).
(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Aibreán, 1976.
Sochair árachais shóisialaigh (rátaí nua)
9.—(1) Leasaítear leis seo an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 tríd an gCuid seo a leanas a chur in ionad Chuid I (a cuireadh isteach le hAcht 1975):
“CUID I
Rátaí na Sochar Tréimhsiúil agus na Méaduithe Orthu
An cineál sochair | An Ráta Seacht-ainiúil | Méadú i leith cleithiúnaí aosaithe (más iníoctha) | Méadú i leith linbh cháilithe nó i leith gach duine de bheirt leanbh cháilithe (más iníoctha) | Méadú i leith gach leanbh cáilithe de bhreis ar bheirt (más iníoctha) | Méadú i leith cleithiúnaí aosaithe faoi alt 26 (4) (más iníoctha) |
(1) | (2) | (3 | (4) | (5) | (6) |
£ | £ | £ | £ | £ | |
1. Sochar Míchumais agus Sochar Dífhostaíochta: | |||||
(a) i gcás daoine os cionn ocht mbliana déag d'aois— | |||||
(i) fear, bean shingil nó bain-treach, bean phósta a chó-naíonn ar leithligh óna fear-chéile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid a fháil uaidh nó bean phósta a bhfuil teideal aici chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith fearchéile .. | 10·90 | 7·10 | 3·10 | 2·60 | -- |
(ii) aon bhean phósta eile .. | 9·50 | -- | -- | -- | -- |
(b) i gcás daoine faoi bhun ocht mbliana déag d'aois— | |||||
(i) má tá teideal ag an duine chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith cleithiúnaí aosaithe .. .. | 10·90 | 7·10 | 3·10 | 2·60 | -- |
(ii) mura bhfuil teideal den sórt sin ag an duine .. .. | 9·50 | -- | -- | -- | -- |
2. Pinsean Easláine: | |||||
(a) fear, bean shingil nó baintreach, bean phósta a chónaíonn ar leith-ligh óna fearchéile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid a fháil uaidh nó bean phósta a bhfuil teideal aici chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith fearchéile .. | 10·90 | 7·10 | 3·10 | 2·60 | 5·70 |
(b) aon bhean phósta eile .. .. | 9·50 | -- | -- | -- | 5·70 |
3. Liúntas Máithreachais .. .. | 10·90 | -- | -- | -- | -- |
4. Pinsean Baintrí (Ranníocach): | |||||
(a) i gcás daoine faoi bhun ochtó bliain d'aois .. .. .. | 11·00 | -- | 3·70 | 3·70 | 5·70 |
(b) in aon chás eile .. .. .. | 11·85 | -- | 3·70 | 3·70 | 5·70 |
5. Sochar Banchéile Thréigthe .. | 11·00 | -- | 3·70 | 3·70 | 5·70 |
6. Liúntas Dílleachta (Ranníocach) .. | 8·00 | -- | -- | -- | -- |
7. Pinsean Scoir agus Pinsean Sean-aoise (Ranníocach): | |||||
(a) i gcás daoine faoi bhun ochtó bliain d'aois .. .. .. | 12·15 | 7·70 | 3·10 | 2·60 | 5·70 |
(b) in aon chás eile .. .. .. | 12·85 | 7·70 | 3·10 | 2·60 | 5·70 |
(c) méadú breise i leith cleithiúnaí aosaithe a bhfuil aois inphinsin slánaithe aige .. .. .. | -- | 1·45 | -- | -- | -- |
”
(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh—
(a) a mhéid a bhaineann sé le sochar míchumais, le sochar dífhostaíochta agus le liúntas máithreachais, an 5ú lá d'Aibreán 1976,
(b) a mhéid a bhaineann sé le sochar banchéile thréigthe, le pinsean easláine agus le pinsean scoir, an 1ú lá d'Aibreán, 1976, agus
(c) a mhéid a bhaineann sé le haon sochar eile, an 2ú lá d'Aibreán, 1976.
Méadú ar rátaí áirithe sochair dhí-fhostaíochta.
10.—(1) Leasaítear leis seo alt 5 d'Acht 1967 tríd an Tábla a ghabhann leis an alt seo a chur in ionad an Tábla (a cuireadh isteach le hAcht 1975) a ghabhann le fo-alt (2).
(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 5ú lá d'Aibreán, 1976.
AN TABLA
An Aicme Duine | An Ráta Seachtainiúil | Méadú i leith cleithiúnaí aos-aithe (más iníoctha) | Méadú i leith linbh cháilithe nó i leith gach duine de bheirt leanbh cháilithe (más iní-octha) | Méadú i leith gach leanbh cáil-ithe de bhreis ar bheirt (más iní-octha) |
(1) | (2) | (3) | (4) | (5) |
Duine atá i dteideal méadú leith linbh cháil-ithe ach nach bhfuil i dteideal méadú | £ | £ | £ | £ |
i leith cleithiúnaí aosaithe | 9·05 | -- | 2·75 | 2·10 |
Aon duine eile .. | 8·90 | 6·45 | 2·75 | 2·10 |
Fadú ar thréimhse shochair dhífhostaíochta.
11.—(1) Leasaítear leis seo alt 5 d'Acht 1967 trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (4) faoi seach:
“(1) Beidh éifeacht le halt 16 (2) d'Acht 1952, maidir le duine os cionn ocht mbliana déag d'aois agus nach bean phósta (seachas bean phósta a chónaíonn ar leithligh óna fearchéile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid a fháil uaidh nó a bhfuil teideal aici chun méadú sochair i leith linbh nó fearchéile), ionann is dá gcuirfí “trí chéad agus nócha lá” in ionad “céad caoga agus sé lá”.
(4) I gcás duine a bhí i dteideal sochair dhífhostaíochta in aghaidh trí chéad agus nócha lá a bheith tar éis a cheart chun an tsochair sin a ídiú—
(a) athcháileoidh sé chuige sin nuair a bheidh trí cinn déag de ranníocaí fostaíochta íoctha ina thaobh i leith seach tainí ranníoca a thosaigh nó a chríochnaigh ón gcéad caoga is séú lá dá raibh sé i dteideal an tsochair sin,
(b) ar é athcháiliú chuige sin, beidh feidhm arís maidir leis ag alt 16 (2) d'Acht 1952, arna leasú leis an alt seo, ach, i gcás an tréimhse bhearnaithe fostaíochta inar ídigh sé a cheart chun sochair do mharthain tar éis a athcháilithe, ionann is dá mba thréimhsí bearnaithe fostaíochta ar leithligh an chuid roimh an ídiú agus an chuid tar éis an ídithe sin.”
(2) Más rud é i dtréimhse bhearnaithe fostaíochta go mbeidh duine lena mbaineann alt 5 (1) d'Acht 1967 (arna leasú leis an alt seo) tar éis a cheart chun sochar dífhostaíochta 312 lá a ídiú laistigh den tréimhse 78 lá dar críoch dáta thosach feidhme an ailt seo beidh sé i dteideal sochar dífhostaíochta in aghaidh gach lá, gan dul thar 78 lá, de dhífhostaíocht a tharlóidh tar éis an tosach feidhme sin ach roimh an 394ú lá de dhífhostaíocht sa tréimhse bhearnaithe fostaíochta sin.
(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngniomh an 5ú lá d'Aibreán, 1976.
Leasuithe ar an Acht Leasa Shóisial-aigh (Sochar Pá-Choibhneasa), 1973.
12.—(1) Leasaítear leis seo alt 3 d'Acht 1973 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Sochar Pá-Choibhneasa), 1975):
“(2) In aon tréimhse bhearnaithe fostaíochta ní bheidh duine i dteideal sochair phá-choibhneasa i leith aon lae éagumais chun oibre tar éis an trí chéad nócha is tríú lá éagumais chun oibre sa tréimhse sin ná i leith aon lae dífhostaíochta tar éis an trí chéad nócha is tríú lá de dhífhostaíocht sa tréimhse sin.”.
(2) Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 4 (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Sochar Pá-Choibhneasa), 1975) d'Acht 1973:
“4. Is é an ráta seachtainiúil sochair phá-choibhneasa is iníoctha le duine in aon tréimhse bhearnaithe fostaíochta méid is comhionann—
(a) i leith aon chuid den tréimhse sin amach go dtí an céad caoga is naoú lá éagumais chun oibre agus an lá sin a áireamh, nó i leith aon chuid den tréimhse sin amach go dtí an céad caoga is naoú lá dífhostaíochta agus an lá sin a áireamh, le daichead faoin gcéad,
(b) i leith aon chuid den tréimhse sin ar an gcéad is seascadú lá éagumais chun oibre agus ón lá sin amach go dtí an dá chéad tríocha is seachtú lá den sórt sin agus an lá sin a áireamh, nó i leith aon chuid den tréimhse sin ar an gcéad is seascadú lá dífhostaíochta agus ón lá sin amach go dtí an dá chéad tríocha is seachtú lá den sórt sin agus an lá sin a áireamh, le tríocha faoin gcéad,
(c) i leith aon chuid den tréimhse sin ar an dá chéad tríocha is ochtú lá éagumais chun oibre agus ón lá sin amach go dtí an trí chéad is cúigiú lá déag den sórt sin agus an lá sin a áireamh, nó i leith aon chuid den tréimhse sin ar an dá chéad tríocha is ochtú lá dífhostaíochta agus ón lá sin amach go dtí an trí chéad is cúigiú lá déag den sórt sin agus an lá sin a áireamh, le cúig is fiche faoin gcéad, agus
(d) i leith aon chuid den tréimhse sin ar an trí chéad is séú lá déag éagumais chun oibre agus ón lá sin amach go dtí an trí chéad nócha is tríú lá den sórt sin agus an lá sin a áireamh, nó i leith aon chuid den tréimhse sin ar an trí chéad is séú lá déag dífhostaíochta agus ón lá sin amach go dtí an trí chéad nócha is tríú lá den sórt sin agus an lá sin a áireamh, le fiche faoin gcéad,
den chuid (más aon chuid í) dá thuilleamh seachtainiúil inríofa in aghaidh na bliana cánach ioncaim iomchuí is mó ná £14 ach nach rachaidh thar an teorainn a bheidh arna forordú de thuras na huaire, faoi réir cibé coinníollacha a bheidh forordaithe chun méid iomlán an tsochair is iníoctha faoi na hAchtanna leis an duine i leith aon seachtaine a shrianadh.”.
(3) (a) D'ainneoin forálacha fho-alt (2) d'alt 3 d'Acht 1973 (arna leasú leis an alt seo) ach faoi réir forálacha fho-alt (1) den alt sin, i gcás ina bhfuair duine, i dtréimhse bhearnaithe fostaíochta a thosaigh roimh thosach feidhme an ailt seo, sochar pá-choibhneasa roimh an tosach feidhme sin agus go raibh 315 lá ar a laghad éagumais chun oibre aige, beidh sé i dteideal sochair phá-choibhneasa i leith gach lá, gan dul thar 78 lá, éagumais chun oibre tar éis an tosach feidhme sin ach roimh an trí chéad nócha is ceathrú lá éagumais chun oibre sa tréimhse bhearnaithe fostaíochta sin.
(b) D'ainneoin forálacha fho-alt (2) d'alt 3 d'Acht 1973 ach faoi réir forálacha fho-alt (1) den alt sin, i gcás ina bhfuair duine, i dtréimhse bhearnaithe fostaíochta a thosaigh roimh thosach feidhme an ailt seo, sochar pá-choibhneasa roimh an tosach feidhme sin agus go raibh 315 lá ar a laghad de dhífhostaíocht aige, beidh sé i dteideal sochair phá-choibhneasa i leith gach lá, gan dul thar 78 lá, de dhífhostaíocht tar éis an tosach feidhme sin ach roimh an trí chéad nócha is ceathrú lá de dhífhostaíocht sa tréimhse bhearnaithe fostaíochta sin.
(4) Cúlghairtear leis seo an tOrdú Leasa Shóisialaigh (Ré Sochair Phá-Choibhneasa a Fhadú), 1975 (I.R. Uimh. 206 de 1975).
(5) San alt seo—
ciallaíonn “Acht 1973” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Sochar Pá-Choibhneasa), 1973.
(6) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 5ú lá d'Aibreán, 1976.
Ranníocaí fos-taíochta (rátaí nua).
13.—(1) (a) Leasaítear leis seo mar a leanas an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1952: in ionad an ráta ranníoca atá sonraithe i ngach mír a luaitear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo cuirfear an ráta atá sonraithe i gcolún (2) den Tábla sin os coinne an lua sin i gcolún (1).
(b) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 5ú lá d'Aibreán, 1976.
AN TABLA
An mhír den Dara Sceideal | An Ráta Ranníoca | ||||||||
(1) | (2) | ||||||||
£ | |||||||||
Mír 1 (a): | |||||||||
(i) i gcás fear-ranníocóra fhostaithe | .. | .. | .. | 2·04 | |||||
(ii) i gcás ban-ranníocóra fhostaithe | .. | .. | .. | 1·98 | |||||
Mír 1 (b): | |||||||||
(i) i gcás fear-ranníocóra fhostaithe | .. | .. | .. | 3·29 | |||||
(ii) i gcás ban-ranníocóra fhostaithe | .. | .. | .. | 3·27 | |||||
Mír 2 (a) | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | 1·92 |
Mír 2 (b) | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | 3·15 |
Mír 2A (a) | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | 1·78 |
Mír 2A (b) | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | 3·13 |
Mír 3 (a) | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | 1·61 |
Mír 3 (b) | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | 2·69 |
Mír 3A (a) | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | 1·97 |
Mír 3A (b) | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | 3·55 |
Mír 4 (a) | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | 0·42 |
Mír 4 (b) | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | 0·68 |
Mír 5 (b) | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | 0·68 |
Mír 6 (a) | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | 1·95 |
Mír 6 (b) | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | 3·27 |
Mír 7 (a) | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | 2·09 |
Mír 7 (b) | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | 3·50 |
Mír 8 (a) | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | 1·61 |
Mír 8 (b) | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | 2·69 |
(2) (a) Déanfar na rátaí ranníoca fostaíochta is iníoctha faoi mhíreanna 1, 2, 2A, 3A, 6 agus 7 den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1952, arna leasú le fo-alt (1) den alt seo, a mhéadú tríd an ráta a shonraítear i gcolún (2) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo a chur leis an ráta ranníoca a shonraítear i ngach mír a luaitear i gcolún (1) den Tábla sin os coinne an lua sin i gcolún (1).
(b) Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo sa tréimhse dar tosach an 5ú lá d'Aibreán, 1976, agus dar críoch an 3ú lá d'Aibreán, 1977.
AN TABLA
An mhír den Dara Sceideal | An Ráta Ranníoca | ||||||||
(1) | (2) | ||||||||
£ | |||||||||
Mír 1 (a): | |||||||||
(i) i gcás fear-ranníocóra fhostaithe | .. | .. | .. | 0·10 | |||||
(ii) i gcás ban-ranníocóra fhostaithe | .. | .. | .. | 0·10 | |||||
Mír 1 (b): | |||||||||
(i) i gcás fear-ranníocóra fhostaithe | .. | .. | .. | 0·21 | |||||
(ii) i gcás ban-ranníocóra fhostaithe | .. | .. | .. | 0·21 | |||||
Mír 2 (a) | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | 0·10 |
Mír 2 (b) | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | 0·21 |
Mír 2A (a) | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | 0·10 |
Mír 2A (b) | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | 0·21 |
Mír 3A (a) | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | 0·10 |
Mír 3A (b) | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | 0·21 |
Mír 6 (a) | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | 0·10 |
Mír 6 (b) | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | 0·21 |
Mír 7 (a) | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | 0·10 |
Mír 7 (b) | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | .. | 0·21 |
Ranníocaí saorál-acha (rátaí nua).
14.—(1) Leasaítear leis seo alt 6 d'Acht 1952 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) (a cuireadh isteach le hAcht 1975):
“(2) Is ranníocaí seachtainiúla ranníocaí saorálacha agus beidh siad le híoc ag ranníocóirí saorálacha atá faoi bhun aoise inphinsin de réir—
(a) £1·10 in aghaidh gach seachtain ranníoca i gcás ina raibh siad, díreach roimh scor de bheith ina ranníocóirí fostaithe, ar fostú inárachaithe i bhfostaíocht nach bhfuil na ranníocaí fostaíochta is iníoctha ina leith inríofa chun críocha pinsin seanaoise (ranníocach), agus
(b) £2·83 in aghaidh gach seachtain ranníoca i gcás ina raibh siad, díreach roimh scor de bheith ina ranníocóirí fostaithe, ar fostú inárachaithe i bhfostaíocht a bhfuil na ranníocaí fostaíochta is iníoctha ina leith inríofa chun críocha pinsin seanaoise (ranníocach),
i gcás fear-ranníocóirí saorálacha agus i gcás ban-ranníocóirí saorálacha.”
(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 5ú la d'Aibreán, 1976.
Ranníocaí saorál-acha (rátaí nua do dhaoine áirithe).
15.—(1) Is é ráta seachtainiúil ranníoca shaorálaigh is iníoctha ag duine lena mbaineann alt 7 d'Acht 1975 £1·73 i gcás fear-ranníocóirí saorálacha agus i gcás ban-ranníocóirí saorálacha.
(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 5ú lá d'Aibreán, 1976.
Sochair dhíobhá-lacha ceirde (rátaí nua agus ranníocaí nua).
16.—(1) Déantar leis seo gach ráta (a cuireadh isteach le Rialacháin 1975) den sochar díobhálacha ceirde in Acht 1966 a luaitear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo a mhéadú tríd an ráta a shonraítear i gcolún (2) den Tábla sin os coinne an lua sin i gcolún (1) a chur in ionad an ráta sin.
AN TABLA
An ráta sochair dhíobhálacha ceirde in Acht 1966 | An ráta méadaithe | ||||
(1) | (2) | ||||
£10·80 | in alt 8 (3) (a) .. .. .. | .. | .. | .. | £11·90 |
£13·80 | ,, ,, 8 (3) (b) .. .. .. | .. | .. | .. | £15·20 |
£950·00 | ,, ,, 9 (7) (a) .. .. .. | .. | .. | .. | £1,050·00 |
£13·80 | i dTábla I a ghabhann le halt 9 (8) | .. | .. | .. | £15·20 |
£12·42 | ,, ,, ,, ,, ,, ,, ,, | .. | .. | .. | £13·68 |
£11·04 | ,, ,, ,, ,, ,, ,, ,, | .. | .. | .. | £12·16 |
£9·66 | ,, ,, ,, ,, ,, ,, ,, | .. | .. | .. | £10·64 |
£8·28 | ,, ,, ,, ,, ,, ,, ,, | .. | .. | .. | £9·12 |
£6·90 | ,, ,, ,, ,, ,, ,, ,, | .. | .. | .. | £7·60 |
£5·52 | ,, ,, ,, ,, ,, ,, ,, | .. | .. | .. | £6·08 |
£4·14 | ,, ,, ,, ,, ,, ,, ,, | .. | .. | .. | £4·56 |
£2·76 | ,, ,, ,, ,, ,, ,, ,, | .. | .. | .. | £3·04 |
£10·80 | i dTábla II a ghabhann le halt 9 (8) | .. | .. | .. | £11·90 |
£9·72 | ,, ,, ,, ,, ,, ,, ,, | .. | .. | .. | £10·71 |
£8·64 | ,, ,, ,, ,, ,, ,, ,, | .. | .. | .. | £9·52 |
£7·56 | ,, ,, ,, ,, ,, ,, ,, | .. | .. | .. | £8·33 |
£6·48 | ,, ,, ,, ,, ,, ,, ,, | .. | .. | .. | £7·14 |
£5·40 | ,, ,, ,, ,, ,, ,, ,, | .. | .. | .. | £5·95 |
£4·32 | ,, ,, ,, ,, ,, ,, ,, | .. | .. | .. | £4·76 |
£3·24 | ,, ,, ,, ,, ,, ,, ,, | .. | .. | .. | £3·57 |
£2·16 | ,, ,, ,, ,, ,, ,, ,, | .. | .. | .. | £2·38 |
£2·76 | in alt 9 (9) (b) (ii) .. .. | .. | .. | .. | £3·04 |
£2·16 | ,, ,, ,, ,, .. .. | .. | .. | .. | £2·38 |
£6·45 | in alt 10 (1) .. .. .. | .. | .. | .. | £7·10 |
£2·80 | ,, ,, 11 (1) .. .. .. | .. | .. | .. | £3·10 |
£2·35 | ,, ,, ,, .. .. .. | .. | .. | .. | £2·60 |
£8·65 | ,, ,, 12 (1) (a) .. .. .. | .. | .. | .. | £9·50 |
£9·90 | ,, ,, 12 (1) (b) .. .. .. | .. | .. | .. | £10·90 |
£5·20 | ,, ,, 13 (1) .. .. .. | .. | .. | .. | £5·70 |
£10·40 | ,, ,, ,, .. .. .. | .. | .. | .. | £11·40 |
£10·80 | ,, ,, 15 (1) (a) (i) .. .. | .. | .. | .. | £11·90 |
£13·80 | ,, ,, 15 (1) (a) (ii) .. .. | .. | .. | .. | £15·20 |
£12·95 | ,, ,, 17 (2) agus 18 (2) .. | .. | .. | .. | £14·25 |
£674·00 | ,, ,, 18 (3) .. .. .. | .. | .. | .. | £742·00 |
£3·35 | ,, ,, 19 gach áit a bhfuil sé .. | .. | .. | .. | £3·70 |
£5·75 | ,, ,, 20 ,, ,, ,, ,, ,, .. | .. | .. | .. | £6·35 |
£12·95 | ,, ,, ,, ,, ,, ,, ,, ,, .. | .. | .. | .. | £14·25 |
£7·75 | ,, ,, 21 (2) .. .. .. | .. | .. | .. | £8·55 |
£2·16 | ,, ,, 25 (3) (a) .. .. .. | .. | .. | .. | £2·38 |
£2·76 | ,, ,, 25 (3) (b) .. .. .. | .. | .. | .. | £3·04 |
(2) Leasaítear leis seo ailt 36 (2) (b) agus 36 (3) d'Acht 1966 trí “14p” a chur in ionad “12p” (a cuireadh isteach le hAcht 1975), agus trí “11p” a chur in ionad “9p” (a cuireadh isteach le hAcht 1975).
(3) Faoi réir fho-alt (4) den alt seo, tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 5ú lá d'Aibreán, 1976.
(4) Tiocfaidh na méaduithe dá bhforáiltear le fo-alt (1) den alt seo, a mhéid a bhaineann siad le hailt 17 (2), 18 (2), 18 (3), 19, 20 agus 21 (2) d'Acht 1966, i ngníomh an 2ú lá d'Aibreán, 1976.
Leasú ar alt 26 d'Acht 1952 (sochar breise do chleithiúnaithe aosaithe).
17.—(1) Leasaítear leis seo alt 26 d'Acht 1952 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1963):—
“(3) (a) Faoi réir forálacha na nAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1976, ar bhás mná a raibh pinsean seanaoise (ranníocach) nó pinsean scoir iníoctha léi ar ráta méadaithe seachtainiúil de bhua an ailt seo in aghaidh tréimhse dar críoch dáta an bháis sin, beidh a fearchéile i dteideal sochair arb ionann a ráta seachtainiúil agus an ráta pinsin bhaintrí (ranníocach), lena n-áirítear méaduithe i leith leanaí cáilithe, más iomchuí, a bheadh iníoctha leis faoi fhorálacha an Achta seo dá mba bhaintreach é.
(b) Ní bheidh sochar faoin bhfo-alt seo iníoctha in aghaidh aon tréimhse tar éis athphósadh don duine a raibh sé iníoctha leis, ná in aghaidh aon tréimhse tar éis dó scor de bheith éagumasach ar é féin a chothabháil de dheasca éiglíochta éigin coirp nó meabhrach.
(c) Beidh fear dícháilithe chun sochar faoin bhfo-alt seo a fháil má bhíonn, agus fad a bheidh, sé féin agus aon duine eile in aontíos le chéile mar lánúin phósta.
(d) I gcás ina mbeadh sochar faoin bhfo-alt seo agus pinsean seanaoise (ranníocach) nó pinsean scoir iníoctha, murach forálacha na míre seo, le duine in aghaidh aon tréimhse—
(i) ní bheidh sochar faoin bhfo-alt seo iníoctha in aghaidh na tréimhse sin mura mó ráta an tsochair sin ná ráta an phinsin, ná
(ii) ní bheidh an pinsean iníoctha in aghaidh na tréimhse sin mura bhfuil ráta an phinsin sin ar cóimhéid le ráta an tsochair faoin bhfo-alt seo nó níos mó ná é.”.
(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Aibreán, 1976.
Leasú ar alt 27 d'Acht 1952 (méadú ar shochar—leanaí cáilithe).
18.—(1) Leasaítear leis seo Acht 1952 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 27:
“27. Déanfar an ráta seachtainiúil sochair mhíchumais, sochair dhífhostaíochta, pinsin seanaoise (ranníocach), pinsin easláine, pinsin scoir, sochair bhanchéile thréigthe nó pinsin bhaintrí (ranníocach) a mhéadú an méid atá leagtha amach i gcolún (4) de Chuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo i leith linbh cháilithe nó i leith gach duine de bheirt leanbh cháilithe a chónaíonn go rialta leis an tairbhí agus ina theannta sin, i gcás níos mó ná beirt leanbh den sórt sin a bheith ann, an méid atá leagtha amach i gcolún (5) den Chuid sin i leith gach leanbh den sórt sin de bhreis ar bheirt”.
(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Aibreán, 1976.
Leasú ar alt 20 d'Acht 1935 (rátaí pinsean baintreach (neamhrannío-cach)).
19.—(1) Leasaítear leis seo alt 20 (a cuireadh isteach le hAcht 1952) d'Acht 1935 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4).
“(4) Nuair a bheidh Tábla B a ghabhann le fo-alt (1) den alt seo á chur chun feidhme—
(a) beidh éifeacht le colúin (1) agus (3) i gcás nach bhfuil ach leanbh cáilithe amháin ann a chónaíonn go rialta leis an mbaintreach;
(b) beidh éifeacht le colúin (1) agus (4) i gcás beirt leanbh cháilithe a bheith ann a chónaíonn go rialta leis an mbaintreach;
(c) beidh éifeacht le colúin (1) agus (2) in aon chás eile.”.
(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Aibreán, 1976.
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.
20.—(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1976, a ghairm den Acht seo.
(2) Déanfar an tAcht seo—
(a) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1975, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1976, a ghairm díobh le chéile,
(b) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1975, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1976, a ghairm díobh le chéile,
(c) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1975, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1976, a ghairm díobh le chéile,
(d) a mhéid a leasaíonn agus leathnaíonn sé na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1975, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1976, a ghairm díobh le chéile.