Uimhir 7 de 1956.
AN tACHT CUSTAM, 1956.
[An tiontó oifigiúil].
Mínithe.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1876” an Customs Consolidation Act, 1876, arna leasú nó arna oiriúnú le haon achtacháin ina dhiaidh sin nó fúthu;
ciallaíonn “achtachán” aon achtachán arb é atá ann—
(a) reacht Breataineach,
(b) reacht de chuid Shaorstáit Éireann, nó
(c) Acht ón Oireachtas (pé acu roimh an Acht seo a ritheadh nó dá éis a rithfear é);
forléireofar tagairtí d'onnmhuiriú mar thagairtí a fholaíos tagairt d'earraí a liongsiú mar stóranna loinge nó d'earraí a lódáil mar stóranna d'aerárthaigh;
folaíonn “oifigeach Custam agus Máil” comhalta den Gharda Síochána agus duine ar bith sa tseirbhís phoiblí atá de thuras na huaire ar fostú chun allmhuiriú nó onnmhuiriú earraí go neamhdhleathach a chosc;
ciallaíonn “ionstraim reachtúil” ionstraim atá i bhfeidhm de thuras na huaire agus arb é atá inti—
(a) ordú arna dhéanamh (roimh an Acht seo a rith nó dá éis) i bhfeidhmiú cumhacht a bheirtear le haon achtachán, nó
(b) ordú arna dhéanamh (roimh an Acht seo a rith nó dá éis) nó ordachán i scríbhinn arna thabhairt (roimh an Acht seo a rith nó dá éis) i bhfeidhmiú cumhacht a bheirtear le hordú arna dhéanamh i bhfeidhmiú cumhacht a bheirtear le haon achtachán.
Allmhuiriú earraí go neamhdhleathach.
2.—Aon earraí a mbeidh a n-allmhuiriú toirmiscthe nó srianta de thuras na huaire le haon achtachán nó ionstraim reachtúil, measfar iad a bheith ar na hearraí a háirítear agus a tuairiscítear sa Táible de Thoirmisc agus Srianta maidir le hEarraí a Thabhairt Isteach atá in alt 42 d'Acht 1876, agus beidh feidhm dá réir sin ag forála Achta 1876.
Pionós mar gheall ar earraí d'onnmhuiriú go neamhdhleathach.
3.—(1) Gach duine—
(a) a onnmhuireos aon earraí contrártha d'aon achtachán nó ionstraim reachtúil, nó
(b) a bhéarfas faoi aon earraí d'onnmhuiriú contrártha d'aon achtachán nó ionstraim reachtúil, nó
(c) a bhéarfas nó a chuirfeas aon earraí go dtí aon áit chun iad d'onnmhuiriú contrártha d'aon achtachán nó ionstraim reachtúil, nó
(d) a bhéarfas faoi aon earraí a bhreith nó a chur go dtí aon áit chun iad d'onnmhuiriú contrártha d'aon achtachán nó ionstraim reachtúil, nó
(e) a bheas páirteach go feasach i ndéileáil le haon earraí (is earraí a mbeidh a n-onnmhuiriú toirmiscthe nó srianta le haon achtachán nó ionstraim reachtúil) le hintinn an toirmeasc nó an srianadh sin a sheachaint, nó
(f) a choimeádfas aon earraí in aon áit chun go mb'fhusaide iad d'onnmhuiriú contrártha d'aon achtachán nó ionstraim reachtúil, nó
(g) a chabhrós, a neartós, a chuideos nó a chomhcheilgfeas le duine eile chun cion faoi mhír (a), (b), (c), (d), (e) nó (f) den fho-alt seo a dhéanamh,
beidh sé ciontach i gcion i gcoinne na nAcht Custam agus in aghaidh gach ciona faoi leith den tsórt sin forghéillfidh sé trí oiread luacha na n-earraí nó céad punt, pé acu is rogha leis na Coimisinéirí Ioncaim, agus féadfar an duine sin a choinneáil nó imeachta ina choinne a thionscnamh trí thoghairm.
(2) I gcás ina mbeidh an pionós i leith aon chiona faoi fho-alt (1) den alt seo le ríomh do réir trí oiread luacha aon earraí áirithe, measfar gurb é is luach do na hearraí an praghas ar ar díoladh, an tráth nó um an tráth a rinneadh an cion, earraí dá samhail, ach iad a bheith ina n-earraí den chéad scoth, ar ar híocadh an dleacht nó na dleachta (más ann).
(3) I gcás—
(a) duine (dá ngairmtear an príomh-chiontóir sa bhfo-alt seo) a chiontú i gcion (dá ngairmtear an príomh-chion sa bhfo-alt seo) faoi mhír (a), (b), (c), (d), (e) nó (f) d'fho-alt (1) den alt seo, agus
(b) imeachta a thionscnamh i gcoinne duine eile á chúiseamh i gcion faoi gur chabhraigh, gur neartaigh, gur chuidigh nó gur chomhcheilg sé leis an bpríomhchiontóir chun an príomh-chion a dhéanamh,
beidh fianaise gur ciontaíodh an príomh-chiontóir sa phríomhchion ina fianaise, sna himeachta sin, go ndearnadh an príomhchion.
Forála mar chabhair chun daoine a bheas ag onnmhuiriú earraí go neamhdhleathach a bhrath agus a chiontú.
4.—(1) Aon uair a bheas amhras réasúnach ag oifigeach Custam agus Máil go bhfuiltear ar intinn aon earraí d'onnmhuiriú contrártha d'aon achtachán nó ionstraim reachtúil, féadfaidh sé a iarraidh ar dhuine ar bith, a bhfaighfear na hearraí ina sheilbh nó faoina urláimh nó ar a thalamh nó ann nó ar a áitreabh nó ann nó i ngarchomharsanacht a thalún nó a áitribh, an t-eolas ábhartha go léir, maidir le gach ceann nó aon cheann de na hábhair fiosruithe seo a leanas, atá ag an duine sin nó a bhfuil fios aige ina thaobh, a thabhairt dó, agus gach doiciméad ábhartha, maidir le haon ábhar fiosruithe den tsórt sin, atá ina sheilbh nó ina choimeád ag an duine sin, a thabhairt ar aird dó, is é sin le rá:
(a) ainm agus seoladh únaera na n-earraí,
(b) an chúis a bhfuil na hearraí san áit ina bhfuarthas iad,
(c) an ní atá beartaithe a dhéanamh leis na hearraí,
(d) an bhfuiltear ar intinn na hearraí d'onnmhuiriú,
(e) má táthar ar intinn na hearraí d'onnmhuiriú, an bhfuar thas ceadúnas nó údarás eile chun na hearraí d'onnmhuiriú nó, mura bhfuarthas, ar hiarradh sin.
(2) Nuair a iarrfas oifigeach Custam agus Máil, i bhfeidhmiú na gcumhacht a bheirtear dó le fo-alt (1) den alt seo, ar dhuine ar bith a bhfaighfear aon earraí (is earraí a mbeidh amhras réasúnach aige go bhfuiltear ar intinn iad d'onnmhuiriú contrártha d'aon achtachán nó ionstraim reachtúil) ina sheilbh nó faoina urláimh nó ar a thalamh nó ann nó ar a áitreabh nó ann, nó i ngar-chomharsanacht a thalún nó a áitribh, aon eolas den tsórt a luaitear sa bhfo-alt sin a thabhairt dó nó aon doiciméad den tsórt a luaitear sa bhfo-alt sin a thabhairt ar aird dó, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—
(a) déanfaidh an duine sin láithreach, do réir mar is fios nó mar is cumas dó, an t-eolas sin a thabhairt nó an doiciméad sin a thabhairt ar aird amhlaidh (pé acu é),
(b) má mhainníonn nó má dhiúltaíonn an duine sin déanamh amhlaidh nó má thugann sé aon eolas atá bréagach nó míthreorach, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann dlífear pionós custam caoga punt a chur air agus féadfar é a choinneáil nó imeachta ina choinne a thionscnamh trí thoghairm.
Forghéilleadh earraí a bheas á n-onnmhuiriú, nó a mbeifear ag tabhairt faoina n-onnmhuiriú, go neamhdhleathach, etc.
5.—(1) Más rud é gur déileáladh nó go mbeifear ag déileáil le haon earraí (is earraí a mbeidh a n-onnmhuiriú toirmiscthe nó srianta le haon achtachán nó ionstraim reachtúil) in aon tslí acu seo a leanas, is é sin le rá:
(a) go ndearnadh iad d'onnmhuiriú contrártha don achtachán nó don ionstraim reachtúil sin, nó
(b) go mbeifear ag tabhairt faoina n-onnmhuiriú contrártha don achtachán nó don ionstraim reachtúil sin, nó
(c) gur tugadh nó gur cuireadh iad go dtí aon áit chun iad d'onnmhuiriú contrártha don achtachán nó don ionstraim reachtúil sin, nó
(d) go mbeifear á mbreith nó á gcur go dtí aon áit chun iad d'onnmhuiriú contrártha don achtachán nó don ionstraim reachtúil sin, nó
(e) gur déileáladh nó go mbeifear ag déileáil leo in aon tslí eile le hintinn an toirmeasc nó an srianadh sin a sheachaint, nó
(f) gur coimeádadh iad nó go mbeifear á gcoimeád in aon áit chun go mb'fhusaide iad d'onnmhuiriú contrártha don achtachán nó don ionstraim reachtúil sin,
dlífear na hearraí d'fhorghéilleadh.
(2) Dlífear forghéilleadh a dhéanamh ar gach long, bád, carráiste nó cóir iompair eile, maraon le gach capall agus gach ainmhí agus rud eile a húsáidfear chun aon earraí d'onnmhuiriú nó d'iompar, a ndlitear, de bhuaidh fo-alt (1) den ailt seo, iad d'fhorghéilleadh.
Fógra i dtaobh earraí d'urghabháil.
6.—I gcás aon earraí d'urghabháil mar earraí a ndlitear iad d'fhorghéilleadh, féadfar an fógra urghabhála is gá do réir ailt 207 d'Acht 1876 a thabhairt d'únaer na n-earraí a thabhairt, murab eol aon tseoladh ag an únaer sa Stát, trí fhógra i dtaobh na hurghabhála d'fhoilsiú san Iris Oifigiúil.
Fógra éilimh maidir le hurghabháil.
7.—Má tugtar fógra, de bhun ailt 207 d'Acht 1876, go bhfuil duine (dá ngairmtear an t-éilitheoir san alt seo) ag déanamh éilimh nó ar intinn éileamh a dhéanamh maidir le hurghabháil, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:
(a) beidh an fógra neamhbhailí agus measfar nár tugadh é mura luaitear ann ainm agus seoladh an éilitheora,
(b) más seoladh lasmuigh den Stát atá ag an éilitheoir, beidh an fógra neamhbhailí agus measfar nár tugadh é mura luaitear ann ainm agus seoladh aturnae do na Cúirteanna Breithiúnais atá ag cleachtadh sa Stát agus a bhfuil údarás aige glacadh le seirbheáil gach doiciméid is gá a sheirbheáil ar an éilitheoir sna himeachta a luaitear san alt sin 207, agus
(c) más rud é, de bhuaidh míre (b) den alt seo, go luaitear sa bhfógra ainm agus seoladh aturnae, measfar, má seirbheáltar aon doiciméad den tsórt a luaitear sa mhír sin ar an aturnae, gur seirbheáladh an doiciméad sin ar an éilitheoir.
Alt 1 den Acht Custam (Leasú) 1942, a leasú.
8.—Forléireofar fo-alt (6) d'alt 1 den Acht Custam (Leasú) 1942 (Uimh. 21 de 1942), agus beidh éifeacht aige amhail is dá ndéantaí na focail “agus féadfar é a choinneáil nó féadfar imeachta ina choinne a thionscnamh trí thoghairm” a chur isteach i ndeireadh an fho-ailt sin.
Imeachta chun earraí d'fhorghéilleadh agus a dhaoradh.
9.—Féadfar imeachta a thionscnamh in ainm nó ar agra an Ard-Aighne in aon chúirt dlínse inniúla chun earraí d'fhorghéilleadh agus a dhaoradh.
Meáchan earraí d'fháil amach.
10.—Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh ag ordú na slí ina ndéanfar meáchan earraí de shaghas sonraithe (arna mhíniú i pé slí agus faoi threoir pé nithe a mheasfaidh na Coimisnéirí Ioncaim is ceart) d'fháil amach chun críocha na nAcht Custam nó aon ionstraime reachtúla a bhaineas leis na Custaim agus, i gcás aon rialacháin faoin alt seo maidir le hearraí de shaghas áirithe a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire, déanfar, chun na gcríocha sin, meáchan na n-earraí sin d'fháil amach sa tslí a hordófar leis na rialacháin sin.
Míniú ar na hAchta Custam.
11.—San Acht seo agus i ngach Acht eile ón Oireachtas (pé acu roimh an Acht seo a ritheadh nó dá éis a rithfear é) ciallóidh “na hAchta Custam” agus, i gcás aon Achta ón Oireachtas a ritheadh roimh an Acht seo, measfar gur chiallaigh sé riamh, gach achtachán a bhaineas leis na Custaim.
Athghairm.
12.—Athghairmtear leis seo an tAcht Custam (Forála Sealadacha), 1945 (Uimh. 14 de 1945), agus an tAcht Custam (Forála Sealadacha), 1945 (Buanú), 1955 (Uimh. 6 de 1955).
Gearrtheideal agus forléiriú.
13.—(1) Féadfar an tAcht Custam, 1956, a ghairm den Acht seo.
(2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchta Custam mar aon ní amháin.