Uimhir 7 de 1980
AN tACHT EADRÁNA, 1980
[An tiontú oifigiúil]
[4 Meitheamh, 1980]
CUID I
Réamhráiteach agus Ginearálta
Gearrtheideal agus comhlua.
1.—(1) Féadfar an tAcht Eadrána, 1980, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna Eadrána, 1954 agus 1980, a ghairm den Acht Eadrána, 1954, agus den Acht seo le chéile.
Mínithe.
2.—San Acht seo—
ciallaíonn “comhaontú eadrána” comhaontú i scríbhinn (lena n-áirítear comhaontú a chuimsítear i malartú litreacha nó teileagram) chun easaontais atá ann nó a bheidh ann agus a fhéadfar a shocrú le headráin a chur chun eadrána;
ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Eadrána, 1954.
Tosach feidhme.
3.—Tiocfaidh Codanna III agus IV den Acht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Dlí agus Cirt le hordú.
Aisghairm.
4.—Aisghairtear leis seo alt 12 den Phríomh-Acht.
CUID II
Éifeacht Comhaontaithe EadráNa ar Imeachtaí Cúirte
Imeachtaí cúirte a bhac i gcás ina gcruthóidh páirtí comhaontú eadrána.
5.—(1) I gcás ina ndéanfaidh aon pháirtí i gcomhaontú eadrána, nó aon duine a dhéanfaidh éileamh tríd an bpáirtí sin nó faoi, aon imeachtaí a thionscnamh in aon chúirt in aghaidh aon pháirtí eile sa chomhaontú sin, nó in aghaidh aon duine a dhéanfaidh éileamh tríd an bpáirtí eile sin nó faoi, maidir le haon ábhar ar comhaontaíodh é a chur chun eadrána, féadfaidh aon pháirtí sna himeachtaí, tráth ar bith tar éis láithreas a thaifeadadh, agus roimh aon phléadálacha a sheachadadh nó aon bhearta eile a dhéanamh sna himeachtaí, a iarraidh ar an gcúirt na himeachtaí a bhac, agus déanfaidh an chúirt ordú ag bac na n-imeachtaí mura deimhin léi go bhfuil an comhaontú eadrána ar neamhní nó nach féidir é a chur i ngníomh ná a chomhlíonadh nó nach bhfuil aon díospóid iarbhír idir na páirtithe maidir leis an ábhar ar comhaontaíodh é a chur chun eadrána.
(2) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a chuirfidh teorainn, nó a bhainfidh ar dhóigh eile, leis an gcumhacht a thugtar don Ard-Chúirt de bhun alt 39 (3) den Príomh-Acht diúltú bac a chur le haon chaingean a tionscnaíodh contrártha do chomhaontú eadrána.
CUID III
Dámhachtaintí Choinbhinsiún Nua-Eabhrac a Fhorghníomhú
Léiriú (Cuid III).
6.—(1) Sa Chuid seo den Acht seo—
ciallaíonn “dámhachtain” dámhachtain (seachas dámhachtain de réir bhrí Chuid IV den Acht seo) a dhéanfar de bhun comhaontaithe eadrána i gcríoch stáit, seachas an Stát, is páirtí i gCoinbhinsiún Nua-Eabhrac;
ciallaíonn “Coinbhinsiún Nua-Eabhrac” an Coinbhinsiún maidir le Dámhachtaintí Eadrána Coigríche a Aithint agus a Fhorghníomhú a rinneadh i Nua-Eabhrac an 10ú lá de Mheitheamh, 1958, arb é an Coinbhinsiún é atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.
(2) Féadfaidh an tAire Gnóthaí Eachtracha a dhearbhú le hordú gur páirtí i gCoinbhinsiún Nua-Eabhrac aon stát a bheidh sonraithe san ordú agus, fad a bheidh an t-ordú sin i bhfeidhm, is fianaise an t-ordú gur páirtí sa Choinbhinsiún sin an stát sin.
(3) Féadfaidh an tAire Gnóthaí Eachtracha, le hordú, ordú faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a chúlghairm nó a leasú.
Éifeacht dámhachtaintí.
7.—(1) Beidh dámhachtain infhorghníomhaithe, faoi réir na bhforálacha sin ina dhiaidh seo den Chuid seo, trí chaingean nó ar an modh céanna ar a bhfuil dámhachtain eadránaí infhorghníomhaithe de bhun alt 41 den Phríomh-Acht.
(2) Measfar, maidir le dámhachtain ab infhorgníomhaithe faoin gCuid seo, go mbeidh sí ina ceangal chun gach críche ar na daoine ar eatarthu a rinneadh í, agus, dá réir sin, féadfaidh aon duine de na daoine sin seasamh uirthi i modh cosanta, fritháirimh nó eile in aon imeachtaí dlí sa Stát, agus déanfar aon tagairt sa Chuid seo d'fhorghníomhú dámhachtana a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt don seasamh ar dhámhachtain den sórt sin.
Fianaise.
8.—Aon duine a iarrfaidh dámhachtain a fhorghníomhú tabharfaidh sé ar aird—
(a) an dámhachtain bhunaidh, fíordheimhnithe go cuí, nó cóip den dámhachtain sin, deimhnithe go cuí, agus
(b) an comhaontú eadrána bunaidh nó cóip den chomhaontú sin, deimhnithe go cuí, agus
(c) in aon chás ina mbeidh an dámhachtain nó an comhaontú eadrána i dteanga seachas i gceann de theangacha oifigiúla an Stáit, tiontú ar an dámhachtain nó ar an gcomhaontú, cibé acu é, agus é deimhnithe ag aistritheoir oifigiúil nó ag aistritheoir faoi bhrí mionna nó ag gníomhaire taidhleoireachta nó consalachta.
Forghníomhú a dhiúltú.
9.—(1) Ní dhiúltófar dámhachtain a fhorghníomhú ach amháin de bhun na bhforálacha sin ina dhiaidh seo den alt seo.
(2) Féadfar diúltú dámhachtain a fhorghníomhú má chruthaíonn an duine a bhfuil an dámhachtain á hagairt ina choinne—
(a) go raibh páirtí sa chomhaontú eadrána (faoin dlí a bhaineann leis) faoi éagumas éigin, nó
(b) nach raibh an comhaontú eadrána bailí faoi dhlí na tíre ar chuir na páirtithe faoina bhrí é nó, cheal aon treoir ina leith sin, faoi dhlí na tíre ina ndearnadh an dámhachtain, nó
(c) nár tugadh fógra cuí dó i dtaobh cheapadh an eadránaí ná i dtaobh imeachtaí na headrána nó nach raibh ar a chumas ar shlí eile a chás a thabhairt i láthair, nó
(d) faoi réir fho-alt (4) den alt seo, go ndéileálann an dámhachtain le heasaontas nach raibh i gceist i dtéarmaí an chur chun eadrána ná faoi réim na dtéarmaí sin nó go bhfuil cinntí inti ar ábhair nach sroicheann an cur chun eadrána chucu, nó
(e) nach raibh comhdhéanamh an údaráis eadrána nó an nós imeachta eadrána de réir chomhaontú na bpáirtithe nó, cheal chomhaontú den sórt sin, de réir dhlí na tíre inar tharla an eadráin, nó
(f) nach bhfuil an dámhachtain tagtha chun bheith ina ceangal fós ar na páirtithe nó go bhfuil sí curtha i leataobh nó ar fionraí ag údarás inniúil de chuid na tíre ina ndearnadh an dámhachtain, nó ar faoina dlí a rinneadh í.
(3) Féadfar diúltú freisin dámhachtain a fhorghníomhnú más dámhachtain í maidir le hábhar nach féidir a shocrú le headráin faoi dhlí an Stáit, nó dá mbeadh sé contrártha don bheartas poiblí an dámhachtain a fhorghníomhú.
(4) Féadfar dámachtain a bhfuil cinntí inti ar ábhair nár cuireadh chun eadrána a fhorghníomhú a mhéid a bheidh cinntí inti ar ábhair a cuireadh chun eadrána agus ar féidir iad a scaradh ó aon chinntí ar ábhair nár cuireadh chun eadrána amhlaidh.
(5) In aon chás ina ndéanfar iarratas chuig údarás inniúil den sórt a luaitear i bhfo-alt (2) (f) den alt seo chun dámhachtain a chur i leataobh nó a fhionraí, féadfaidh cúirt a n-iarrfar forghníomhú na dámhachtana os a comhair, más oiriúnach léi, na himeachtaí a chur ar athló agus féadfaidh sí, ar iarratas ón bpáirtí atá ag iarraidh go ndéanfaí an dámhachtain a fhorghníomhú, a ordú don pháirtí eile cibé urrús a thabhairt is oiriúnach leis an gcúirt.
Cuid V den Phríomh-Acht a bheith gan feidhm.
10.—In aon chás inar dámhachtain choigríche freisin de réir bhrí Chuid V den Phríomh-Acht aon dámhachtain, ní bheidh feidhm ag an gCuid sin maidir leis an dámhachtain sin.
Cosaint do chearta eile.
11.—Ní dhéanfaidh aon ní sa Chuid seo dochar don cheart atá ag aon duine dámhachtain a fhorghníomhú nó seasamh ar dhámhachtain seachas faoin gCuid seo nó faoi Chuid V den Phríomh-Acht.
CUID IV
Dámhachtaintí Choinbhinsiún Washington a Fhorghníomhú
Léiriú (Cuid IV).
12.—Sa Chuid seo—
ciallaíonn “dámhachtain” dámhachtain arna tabhairt de bhun Choinbhinsiún Washington agus folaíonn sé aon chinneadh a rinneadh—
(a) de bhun Airteagal 49 (2) den Choinbhinsiún sin i ndáil le haon cheist ar mhainnigh an Binse dá dtagraítear san Airteagal sin í a chinneadh sa dámhachtain, nó i ndáil le haon earráid chléireachais nó uimhríochta nó earráid dá samhail sa dámhachtain a cheartú,
(b) de bhun Airteagail 50, 51 agus 52 den Choinbhinsiún sin, ag léiriú, ag athbhreithniú nó ag cealú na dámhachtana, agus
(c) de bhun Airteagal 61 (2) den Choinbhinsiún sin i ndáil le costais;
ciallaíonn “Coinbhinsiún Washington” an Coinbhinsiún maidir le Díospóidí Infheistíochta idir Stáit agus Náisiúnaigh Stát Eile a Shocrú a osclaíodh lena shíniú i Washington an 18ú lá de Mhárta, 1965, agus arb é an Coinbhinsiún é atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.
Glacadh a cheadú.
13.—Ceadaítear leis seo an Stát do ghlacadh le Coinbhinsiún Washington.
Ranníoc ón Rialtas faoi Choinbhinsiún Washington agus caiteachais.
14.—(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon oibleagáidí de chuid an Rialtais a eascróidh faoi Airteagal 17 de Choinbhinsiún Washington (a chuireann d'oibleagáid ar na Stáit Chonarthachá aon easnamh a shlánú a bheidh ar an Lárionad Idirnáisiúnta chun Díospóidí Infheistíochta a Shocrú a bunaíodh faoin gCoinbhinsiún sin) a urscaoileadh.
(2) Íocfar as airgead a sholáthróidh an tOireachtas aon suimeanna a bheidh ag teastáil chun críocha fho-alt (1) den alt seo agus aon chaiteachais riaracháin a thabhóidh an tAire Airgeadais de thoradh an Stát do ghlacadh le Coinbhinsiún Washington.
An Príomh-Acht agus achtacháin eile a chur chun feidhme.
15.—(1) Féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt, le hordú, a ordú go mbainfidh aon cheann de na forálacha—
(a) in ailt 19, 20, 21 agus 22 den Phríomh-Acht (a bhaineann le freastal finnéithe, urrús i leith costas, follasú doiciméad, etc.), agus
(b) sa Foreign Tribunals Evidence Act, 1856 (a bhaineann le fianaise a thógáil chun críche imeachtaí os comhair binse choigríche),
le cibé imeachtaí de bhun Choinbhinsiún Washington a bheidh sonraithe san ordú, agus féadfaidh an t-ordú cibé modhnuithe nó eisceachtaí a bheith ann is dealraitheach don Aire Dlí agus Cirt a bheith fóirsteanach chun críocha an ordaithe.
(2) Faoi réir fho-alt (1) den alt seo, ní bhainfidh an Príomh-Acht le himeachtaí de bhun Choinbhinsiún Washington.
(3) Féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt, le hordú, ordú faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a chúlghairm nó a leasú.
Oibleagáidí airgid a fhorchuirfear le dámhachtain a fhorghníomhú.
16.—(1) Beidh na hoibleagáidí airgid a fhorchuirfear le dámhachtain infhorghníomhaithe le cead ón Ard-Chúirt, ar an modh céanna le breithiúnas nó le hordú ón Ard-Chúirt ag a bhfuil an éifeacht chéanna agus, má thugtar cead amhlaidh, féadfar breithiúnas a thaifeadadh i leith an méid a bheidh dlite nó, de réir mar a bheidh, i leith an iarmhéid a bheidh gan íoc faoin dámhachtain.
(2) Aon duine a dhéanfaidh iarratas chun na hArd-Chúirte de bhun fho-alt (1) den alt seo ar chead na hoibleagáidí airgid a forchuireadh le dámhachtain a fhorgníomhú déanfaidh sé cóip den dámhachtain, arna deimhniú de réir airteagal 54 (2) de Choinbhinsiún Washington, a thaisceadh lena iarratas.
Cumhacht na hArd-Chúirte forghníomhú a bhac.
17.—I gcás a ndéanfar iarratas chun na hArd-Chúirte de bhun alt 16 den Acht seo, déanfaidh an Ard-Chúirt, in aon chás inar bacadh forghníomhú dámhachtana, go sealadach nó ar dhóigh eile, de réir airteagal 50, Airteagal 51 nó Airteagal 52 de Choinbhinsiún Washington, forghníomhú na n-oibleagáidí airgid a forchuireadh leis an dámhachtain a bhac agus féadfaidh sí, in aon chás ina ndearnadh iarratas de réir aon cheann de na hAirteagail sin, ar iarratas é a bhféadfadh go mbeadh de thoradh air, dá ngéillfí dó, go mbacfaí forghníomhú na dámhachtana, forghníomhú na n-oibleagáidí airgid a forchuireadh leis an dámhachtain a bhac.
AN CHÉAD SCEIDEAL
An Coinbhinsiún maidir le Dámhachtaintí Eadrána Coigríche a Aithint agus a Fhorghníomhú
Airteagal I
1. Bainfidh an Coinbhinsiún seo le haithint agus le forghníomhú dámhachtaintí eadrána a dhéanfar i gcríoch Stáit seachas an Stát i gcás ina n-iarrfar na dámhachtaintí sin a aithint agus a fhorghníomhú, agus ar dámhachtaintí iad a eascraíonn ó easaontais idir daoine, fisiciúil nó dlítheanach. Bainfidh sé freisin le dámhachtaintí eadrána nach meastar gur dámhachtaintí intíre iad sa Stát ina n-iarrtar iad a aithint agus a fhorghníomhú.
2. Folóidh an téarma “dámhachtaintí eadrána” ní amháin dámhachtaintí arna ndéanamh ag eadránaithe a cheapfar do gach cás ach dámhachtaintí freisin arna ndéanamh ag buan-chomhlachtaí eadrána a ndeachaigh na páirtithe ar a n-iontaoibh.
3. Nuair a bheidh Stát ar bith ag síniú nó ag daingniú an Choinbhinsiúin seo nó ag aontú dó nó ag tabhairt fógra faoi shroicheadh faoi airteagal X den Choinbhinsiún seo, féadfaidh sé ar bhonn comhharaíochta, a dhearbhú go gcuirfidh sé an Coinbhinsiún chun feidhme maidir le haithint agus forghníomhú dámhachtaintí a rinneadh i gcríoch Stáit Chonarthaigh eile agus sa chríoch sin amháin. Féadfaidh sé a dhearbhú freisin nach gcuirfidh sé an Coinbhinsiún chun feidhme ach amháin maidir le heasaontais a eascróidh ó chomhbhaintí dlíthiúla, conarthach nó eile, a meastar gur comhbhaintí tráchtála iad faoi dhlí náisiúnta an Stáit a dhéanfaidh an dearbhú sin.
Airteagal II
1. Tabharfaidh gach Stát Conarthach aitheantas do chomhaontú i scríbhinn faoina ngeallfaidh na páirtithe go gcuirfidh siad chun eadrána gach easaontas nó aon easaontas a tharla nó a tharlóidh eatarthu maidir le comhbhaint dhlíthiúil shonraithe, conarthach nó eile, i ndáil le hábhar a fhéadfar a shocrú le headráin.
2. Folóidh an téarma “comhaontú i scríbhinn” clásal eadrána i gconradh nó i gcomhaontú eadrána, a bheidh sínithe ag na páirtithe nó cuimsithe i malartú litreacha nó teileagram.
3. Nuair a bheidh caingean faoi bhráid chúirt Stáit Chonarthaigh maidir le hábhar a mbeidh comhaontú de réir bhrí an airteagail seo déanta ag na páirtithe ina leith, déanfaidh sí, ar cheann de na páirtithe dá iarraidh sin, na páirtithe a tharchur chun eadrána, mura gcinnfidh sé go bhfuil an comhaontú sin ar neamhní nó nach féidir é a chur i ngníomh ná a chomhlíonadh.
Airteagal III
Admhóidh gach Stát Conarthach go gcuireann dámhachtaintí eadrána ceangal orthu agus forghníomhóidh siad iad de réir rialacha nós imeachta na críche ina seastar ar an dámhachtain, faoi na coinníollacha atá leagtha síos sna hairteagail seo a leanas. Ní chuirfear coinníollacha is dochraidí go substaintiúil, ná táillí ná muirir is airde, ag gabháil le haithint nó forghníomhú dámhachtaintí eadrána lena mbaineann an Coinbhinsiún seo ná mar a chuirtear ag gabháil le haithint agus forghníomhú dámhachtaintí eadrána intíre.
Airteagal IV
1. D'fhonn an aithint agus an forghníomhú a luaitear san airteagal sin roimhe seo a fháil, déanfaidh an páirtí a mbeidh an aithint agus an forghníomhú á iarraidh aige na nithe seo a leanas a sholáthar tráth an iarratais a dhéanamh:
(a) An dámhachtain bhunaidh, fíordheimhnithe go cuí, nó cóip den dámhachtain sin, deimhnithe go cuí;
(b) An comhaontú bunaidh dá dtagraítear in airteagal II nó cóip den chomhaontú sin, deimhnithe go cuí.
2. I gcás nach i dteanga oifigiúil de chuid na tíre ina seastar ar an dámhachtain a dhéanfar an dámhachtain nó an comhaontú sin, tabharfaidh an páirtí a mbeidh aithint agus forghníomhú na dámhachtana á iarraidh aige tiontú ar na doiciméid sin ar aird sa teanga sin. Deimhneoidh aistritheoir oifigiúil nó aistritheoir faoi bhrí mionna nó gníomhaire taidhleoireachta nó consalachta an tiontú sin.
Airteagal V
1. Ní fhéadfar diúltú an dámhachtain a aithint agus a fhorghníomhú, ar iarratas ón bpáirtí a bhfuil an dámhachtain á hagairt ina choinne, ach amháin i gcás a dtabharfaidh an páirtí sin don údarás inniúil san áit a bhfuil an aithint agus an forghníomhu á niarraidh cruthúnas:
(a) Go raibh na páirtithe sa chomhaontú dá dtagraítear in airteagal II, faoin dlí is infheidhme ina leith, faoi éagumas éigin, nó nach bhfuil an comhaontú sin bailí faoin dlí ar chuir na páirtithe faoina bhrí é nó, cheal aon treoir ina leith sin, faoi dhlí na tíre ina ndearnadh an dámhachtain; nó
(b) Nár tugadh fógra cuí don pháirtí a mbeidh an dámhachtain á hagairt ina choinne i dtaobh cheapadh an eadránaí nó i dtaobh imeachtaí na headrána nó nach raibh ar a chumas ar shlí eile a chás a thabhairt i láthair; nó
(c) Go ndéileálann an dámhachtain le heasaontas nach raibh i gceist i dtéarmaí an chur chun eadrána, nó go bhfuil cinntí inti ar ábhair nach sroicheann an cur chun eadrána chucu, ar choinníoll, más féidir na cinntí ar ábhair a cuireadh faoi eadráin a scaradh ó na cinntí sin nár cuireadh faoi eadráin amhlaidh, go bhféadfar an chuid sin den dámhachtain ina bhfuil cinntí ar ábhair a cuireadh chun eadrána a aithint agus a fhorghníomhú; nó
(d) Nach raibh comhdhéanamh an údaráis eadrána nó an nós imeachta eadrána de réir chomhaontú na bpáirtithe, nó, cheal chomhaontú den sórt sin, de réir dhlí na tíre inar tharla an eadráin; nó
(e) Nach bhfuil an dámhachtain tagtha chun bheith ina ceangal fós ar na páirtithe, nó go bhfuil sí curtha i leataobh nó ar fionraí ag údarás inniúil de chuid na tíre ina ndearnadh an dámhachtain nó ar faoina dlí a rinneadh í.
2. Féadfar diúltú freisin dámhachtain eadrána a aithint agus a fhorghníomhú má chinneann údarás inniúil na tíre ina n-iarrtar í a aithint agus a fhorghníomhú:
(a) Nach féidir ábhar an easaontais a shocrú le headráin faoi dhlí na tíre sin; nó
(b) Go mbeadh sé contrártha do bheartas poiblí na tíre sin an dámhachtain a aithint nó a fhorghníomhú.
Airteagal VI
I gcás ina ndearnadh iarratas chun údarás inniúil dá dtagraítear in airteagal V (1) (e) á iarraidh go gcuirfí an dámhachtain i leataobh nó ar fionraí, féadfaidh an t-údarás a bhfuiltear ag iarraidh seasamh ar an dámhachtain os a chomhair, más cuí leis é, an cinneadh ar fhorghníomhú na dámhachtana a chur ar atráth agus féadfaidh sé freisin, ar iarratas ón bpáirtí atá ag éileamh an dámhachtain a fhorghníomhú, a ordú don pháirtí eile urrús oiriúnach a thabhairt.
Airteagal VII
1. Ní dhéanfaidh forálacha an Choinbhinsiúin láithrigh difear do bhailíocht chomhaontuithe iltaobhacha nó déthaobhacha i dtaobh aithint agus forghníomhú dámhachtana eadrána a rinne na Stáit Chonarthacha ná ní cheilfidh siad ar aon pháirtí leasmhar aon cheart a bheidh aige leas a bhaint as dámhachtain eadrána sa tslí agus a mhéid a cheadaítear le dlí nó le conarthaí na tíre ina n-iarrfar seasamh ar an dámhachtain sin.
2. Scoirfidh Prótacal 1923 na Ginéive um Chlásail Eadrána agus Coinbhinsiún 1927 na Ginéive um Dhámhachtanna Eadrána Coigríche a Chur i bhFeidhm d'éifeacht a bheith leo idir Stáit Chonarthacha ar iad do theacht faoi cheangal, agus a mhéid a thiocfaidh siad faoi cheangal, ag an gCoinbhinsiún seo.
Airteagal VIII
1. Beidh an Coinbhinsiún seo ar oscailt go dtí an 31 Nollaig 1958 chun a shínithe thar ceann aon Chomhalta de na Náisiúin Aontaithe agus freisin thar ceann aon Stát eile atá nó a bheidh dá éis seo ina chomhalta d'aon sainghníomhaireacht de chuid na Náisiún Aontaithe, nó atá nó a bheidh dá éis seo ina pháirtí i Reacht na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta, nó aon Stát eile chun ar díríodh cuireadh ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe.
2. Daingneofar an Coinbhinsiún seo agus taiscfear an ionstraim dhaingniúcháin le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe.
Airteagal IX
1. Beidh an Coinbhinsiún seo ar oscailt chun aontachais ag gach Stát dá dtagraítear in airteagal VIII.
2. Déanfar aontachas trí ionstraim aontachais a thaisceadh le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe.
Airteagal X
1. Féadfaidh aon Stát a dhearbhú, nuair a bheidh sé ag síniú nó ag daingniú an Choinbhinsiúin seo nó ag aontú dó, go sroichfidh an Coinbhinsiún chuig gach críoch nó chuig aon chríoch a bhfuil sí freagrach as a caidreamh idirnáisiunta. Glacfaidh dearbhú den sórt sin éifeacht nuair a thiocfaidh an Coinbhinsiún i bhfeidhm maidir leis an Stát lena mbaineann.
2. Déanfar aon sroicheadh den sórt sin tráth ar bith dá éis sin trí fhógra a sheolfar chuig Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe agus glacfaidh sé éifeacht amhail ón nóchadú lá tar éis an lae ar a bhfaighidh Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe an fógra sin, nó amhail ón dáta a thiocfaidh an Coinbhinsiún i bhfeidhm maidir leis an Stát lena mbaineann, cibé dáta díobh is déanaí.
3. Maidir leis na críocha sin nach sroichfidh an Coinbhinsiún seo chucu nuair a bheifear á shíniú nó ag dhaingniú nó ag aontú dó, breithneoidh gach Stát lena mbaineann an bhféadfar na bearta is gá a dhéanamh chun go sroichfeadh feidhm an Choinbhinsiúin seo chuig na críocha sin, ach sin ar an gcoinníoll, más gá sin ar chúiseanna bunreachtúla, go dtoileoidh Rialtais na gcríoch sin leis sin.
Airteagal XI
I gcás Stáit chónaidhme nó Stáit neamhaonadaigh, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:
(a) Maidir leis na hairteagail sin den Choinbhinsiún seo a thagann faoi réim dhlínse reachtaíochta an údaráis chónaidhme, is iad na hoibleagáidí céanna a bheidh ar an Rialtas cónaidhme ina leith sin is atá ar Stáit Chonarthacha nach Stáit chónaidhme;
(b) Maidir leis na hairteagail sin den Choinbhinsiún seo a thagann faoi dhlínse reachtaíochta comhstáit nó cúigí nach bhfuil ceangal orthu, faoi chóras bunreachtúil na cónaidhme, beart reachtaíochta a dhéanamh, déanfaidh an Rialtas cónaidhme, a luaithe is féidir, na hairteagail sin mar aon le moladh fabhrach ar umhail údarás iomchuí na stát nó na gcúigí comhpháirteacha;
(c) Soláthróidh Stát cónaidhme is Páirtí sa Choinbhinsiún seo, ar aon Stát Conarthach eile iarratas chuige sin a tharchur trí Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, ráiteas ar dhlí agus ar chleachtas na cónaidhme agus a chomhaonad maidir le haon fhoráil áirithe den Choinbhinsiún seo, á thaispeáint cá mhéid atá éifeacht tugtha don fhoráil sin le beart reachtaíochta nó beart eile.
Airteagal XII
1. Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm ar an nóchadú lá tar éis an dáta a thaiscfear an tríú hionstraim dhaingniúcháin nó aontachais.
2. Maidir le gach Stát a bheidh ag daingniú an Choinbhinsiúin seo nó ag aontú dó, tar éis an tríú hionstraim dhaingniúcháin nó aontachais a thaisceadh, tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm ar an nóchadú lá tar éis don Stát sin a ionstraim dhaingniúcháin nó aontachais a thaisceadh.
Airteagal XIII
1. Féadfaidh aon Stát Conarthach an Coinbhinsiún seo a shéanadh trí fhógra i scríbhinn a thabhairt d'Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe. Glacfaidh an séanadh éifeacht bliain tar éis don Ard-Rúnaí an fógra a fháil.
2. Féadfaidh aon Stát a mbeidh dearbhú déanta aige nó fógra tugtha aige faoi airteagal X, trí fhógra a thabhairt d'Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, a dhearbhú aon tráth dá éis sin go scoirfidh an Coinbhinsiún seo de bheith ag sroicheadh chuig an gcríoch lena mbaineann i gceann bliana tar éis an dáta a gheobhaidh an tArd-Rúnaí an fógra.
3. Leanfaidh an Coinbhinsiún seo de bheith infheidhmithe maidir le dámhachtaintí eadrána ar tionscnaíodh imeachtaí aithinte nó forghníomhaithe ina leith roimh theacht in éifeacht don séanadh.
Airteagal XIV
Ní bheidh Stát Conarthach i dteideal leas a bhaint as an gCoinbhinsiún seo in aghaidh Stáit Chonarthacha eile ach amháin a mhéid a bheidh ceangal air féin an Coinbhinsiún a chur chun feidhme.
Airteagal XV
Cuirfidh Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe na nithe seo a leanas in iúl do na Stáit atá i gceist in airteagal VIII:
(a) Sínithe agus daingnithe de réir airteagal VIII;
(b) Aontachais de réir airteagal IX;
(c) Dearbhuithe agus fógraí faoi airteagail I, X agus XI;
(d) An dáta a thiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm de réir airteagal XII;
(e) Séantaí agus fógraí de réir airteagal XIII.
Airteagal XVI
1. Déanfar an Coinbhinsiún seo, a mbeidh comhúdarás ag na téacsanna de sa tSínis, sa Bhéarla, sa Fhraincis, sa Rúisis agus sa Spáinnis, a thaisceadh i gcartlann na Náisiún Aontaithe.
2. Cuirfidh Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe cóip dheimhnithe den Choinbhinsiún seo chuig na Stáit atá i gceist in airteagal VIII.
AN DARA SCEIDEAL
An Coinbhinsiún maidir le Díospóidí Infheistíochta idir Stáit agus Náisiúnaigh Stát eile a Shocrú
BROLLACH
Tá na Stáit Chonarthacha
Á bhreithniú dóibh a riachtanaí atá comhar idirnáisiúnta le haghaidh forbartha eacnamaíochta agus an pháirt atá ag an infheistíocht idirnáisiúnta phríobháideach ina leith sin;
Á mheabhrú dóibh gur féidir díospóidí a bheith ann ó am go ham i ndáil le hinfheistíocht den sórt sin idir Stáit Chonarthacha agus náisiúnaigh Stát Conarthach eile;
Á aithint dóibh, cé go mbeadh díospóidí den sórt sin faoi réir próiseanna dlí náisiúnta de ghnáth, go dtarlódh gurbh iomchuí modhanna idirnáisiúnta lena socrú i gcásanna áirithe;
Ag cur tábhacht ar leith dóibh le saoráidí á bheith ar fáil le haghaidh comhréiteach nó eadráin idirnáisiúnta a bhféadfaidh Stáit Chonarthacha agus náisiúnaigh Stát Conarthach eile díospóidí den sórt sin a chur faoin mbráid más mian leo;
Ós mian leo na saoráidí sin a bhunú faoi choimirce an Bhainc Idirnáisiúnta le haghaidh Athinmhithe agus Forbairte;
Á aithint dóibh gur comhaontú ceangailteach comhthoil na bpáirtithe díospóidí den sórt sin a chur chun comhréitigh nó chun eadrána trí mheán na saoráidí sin is comhaontú a chuireann faoi deara go háirithe go dtabharfar aird chuí ar aon mholadh ó chomhréiteoirí, agus go gcomhlíonfar aon dámhachtain eadrána; agus
Á dhearbhú dóibh go measfar nach mbeidh aon Stát Conarthach, as siocair amháin go bhfuil an Coinbhinsiún seo daingnithe nó glactha nó formheasta aige agus gan toiliú uaidh, faoi aon oibleagáid aon díospóid áirithe a chur chun comhréitigh nó chun eadrána,
Tar éis comhaontú mar a leanas:
CAIBIDIL I
An Lárionad Idirnáisiúnta chun Díospoidí Infheistíochta a Shocrú
Roinn 1
Bunú agus Eagrú
Airteagal 1
(1) Bunaítear leis seo an Lárionad Idirnáisiúnta chun Díospóidí Infheistíochta a Shocrú (dá ngairtear an Lárionad anseo feasta).
(2) Is é is cuspóir don Lárionad saoráidí a chur ar fáil chun díospóidí infheistíochta idir Stáit Chonarthacha agus náisiúnaigh Stát Conarthach eile a chur chun chomhréitigh agus chun eadrána de réir fhorálacha an Choinbhinsiúin seo.
Airteagal 2
I bpríomhóifig an Bhainc Idirnáisiúnta le haghaidh Athinmhithe agus Forbairte (dá ngairtear an Banc anseo feasta) a bheidh suíomh an Lárionaid. Féadfar an suíomh a aistriú go dtí áit eile le cinneadh ón gComhairle Riaracháin a nglacfar leis le tromlach dhá thrian dá chomhaltaí.
Airteagal 3
Beidh Comhairle Riaracháin agus Rúnaíocht ag an Lárionad agus cothabhálfaidh sé Rolla Comhréiteoirí agus Rolla Eadránaithe.
Roinn 2
An Chomhairle Riaracháin
Airteagal 4
(1) Ionadaí amháin ó gach Stát Conarthach a bheidh ar an gComhairle Riaracháin. Féadfaidh malartach gníomhú mar ionadaí i gcás a phríomhaí a bheith as láthair ó chruinniú nó i gcás nach mbeidh ar a chumas gníomhú.
(2) Cheal ainmniú dá mhalairt, beidh gach rialtóir agus gach rialtóir malartach de chuid an Bhainc a cheapfaidh Stát Conarthach ina ionadaí agus ina mhalartach faoi seach dó, ex officio.
Airteagal 5
Beidh Uachtarán an Bhainc ina Chathaoirleach ex officio ar an gComhairle Riaracháin (dá ngairtear an Cathaoirleach anseo feasta) ach ní bheidh aon vóta aige. Má bhíonn sé as láthair nó mura mbeidh ar a chumas gníomhú agus le linn aon fholúntas a bheith in oifig Uachtarán an Bhainc, is é an duine a bheidh ag gníomhú de thuras na huaire mar Uachtarán a ghníomhóidh mar Chathaoirleach ar an gComhairle Riaracháin.
Airteagal 6
(1) Gan dochar do na cumhachtaí agus na feidhmeanna a dhílsítear di le forálacha eile an Choinbhinsiúin seo, gníomhóidh an Chomhairle Riaracháin mar a leanas
(a) glacfaidh sí le rialacháin riaracháin agus airgeadais an Lárionaid;
(b) glacfaidh sí leis na rialacha nós imeachta chun imeachtaí comhréitigh agus eadrána a thionscnamh;
(c) glacfaidh sí leis na rialacha nós imeachta le haghaidh imeachtaí comhréitigh agus eadrána (dá ngairtear na Rialacha Comhréitigh agus na Rialacha Eadrána anseo feasta);
(d) ceadóidh sí comhshocraíochtaí leis an mBanc chun saoráidí agus seirbhísí riaracháin an Bhainc a úsáid;
(e) cinnfidh sí coinníollacha seirbhíse an Ard-Rúnaí agus aon Leas-Ard-Rúnaí;
(f) glacfaidh sí leis an mbuiséad bliantúil ar fháltais agus caiteachais an Lárionaid;
(g) ceadóidh sí an tuarascáil bhliantúil ar oibriú an Lárionaid.
Glacfar leis na cinntí dá dtagraítear i bhfomhíreanna (a), (b), (c) agus (f) thuas le tromlach dhá thrian de chomhaltaí na Comhairle Riaracháin.
(2) Féadfaidh an Chomhairle Riaracháin cibé coistí a mheasfaidh sí is gá a cheapadh.
(3) Feidhmeoidh an Chomhairle Riaracháin freisin cibé cumhachtaí eile agus comhlíonfaidh sí cibé feidhmeanna eile a chinnfidh sí is gá chun forálacha an Choinbhinsiúin seo a fhorghníomhú.
Airteagal 7
(1) Tionólfaidh an Chomhairle Riaracháin cruinniú bliantúil agus cibé cruinnithe eile a chinnfidh an Chomhairle, nó a chomórfaidh an Cathaoirleach, nó a chomórfaidh an tArd-Rúnaí ar iarratas ó chúigear comhaltaí ar a laghad den Chomhairle.
(2) Beidh vóta amháin ag gach comhalta den Chomhairle Riaracháin agus, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt anseo istigh, is trí thromlach na vótaí a caitheadh a chinnfear gach ábhar a bheidh faoi bhráid na Comhairle.
(3) Is é is córam d'aon chruinniú den Chomhairle Riaracháin tromlach a comhaltaí.
(4) Féadfaidh an Chomhairle Riaracháin, le tromlach dhá thrian dá comhaltaí, nós imeachta a bhunú faoina bhféadfaidh an Cathaoirleach vóta den Chomhairle a lorg gan cruinniú den Chomhairle a chomóradh. Ní mheasfar an vóta a bheith bailí mura gcaithfidh tromlach chomhaltaí na Comhairle a vótaí laistigh den teorainn ama a bheidh socraithe leis an nós imeachta sin.
Airteagal 8
Fónfaidh comhaltaí na Comhairle Riaracháin agus an Cathaoirleach gan luach saothair ón Lárionad.
Roinn 3
An Rúnaíocht
Airteagal 9
Is iad a bheidh sa Rúnaíocht Ard-Rúnaí, Leas-Ard-Rúnaí amháin nó níos mó agus foireann.
Airteagal 10
(1) Toghfaidh an Chomhairle Riaracháin an tArd-Rúnaí agus aon Leas-Ard-Rúnaí le tromlach dhá thrian dá comhaltaí ar ainmniú an Chathaoirligh go ceann téarma seirbhíse nach faide ná sé bliana agus féadfar iad a atoghadh. Tar éis comhairle a ghlacadh le comhaltaí na Comhairle Riaracháin molfaidh an Cathaoirleach iarrthóir amháin nó níos mó do gach oifig díobh.
(2) Beidh oifigí an Ard-Rúnaí agus an Leas-Ard-Rúnaí ar neamhréir le haon fheidhm pholaitiúil a chomhlíonadh. Ní bheidh cead ag an Ard-Rúnaí ná ag aon Leas-Ard-Rúnaí aon fhostaíocht eile a bheith acu ná aon ghairm eile a chleachtadh gan ceadú na Comhairle Riaracháin.
(3) Má bhíonn an tArd-Rúnaí as láthair nó mura mbeidh ar a chumas gníomhú, agus le linn d'oifig an Ard-Rúnaí a bheith folamh, gníomhóidh an Leas-Ard-Rúnaí mar Ard-Rúnaí. Má bhíonn níos mó ná Leas-Ard-Rúnaí amháin ann, cinnfidh an Chomhairle Riaracháin roimh ré an t-ord ina ngníomhóidh siad mar Ard-Rúnaí.
Airteagal 11
Is é an tArd-Rúnaí ionadaí dlíthiúil agus príomh-oifigeach an Lárionaid agus beidh sé freagrach as a riarachán, lena n-áirítear foireann a cheapadh, de réir fhorálacha an Choinbhinsiúin seo agus na rialacha a bheidh glactha ag an gComhairle Riaracháin. comhlíonfaidh sé feidhm cláraitheora agus beidh de chumhacht aige dámhachtaintí eadrána a rinneadh de bhun an Choinbhinsiúin seo a fhíordheimhniú, agus cóipeanna díobh a dheimhniú.
Roinn 4
Na Rollaí
Airteagal 12
Is iad a bheidh ar an Rolla Comhréiteoirí agus ar an Rolla Eadránaithe daoine cáilithe, arna n-ainmniú mar a fhoráiltear anseo ina dhiadh seo, a bheidh toilteanach fónamh ar na Rollaí sin.
Airteagal 13
(1) Féadfaidh gach Stát Conarthach ceathrar a ainmniú do gach Rolla agus féadfaidh sé gur náisiúnaigh dá chuid iad ach ní gá gurb ea.
(2) Féadfaidh an Cathaoirleach deichniúr a ainmniú do gach Rolla. Beidh náisiúntacht éagsúil ag gach duine díobh sin a ainmneofar amhlaidh do Rolla.
Airteagal 14
(1) Daoine a ainmneofar chun fónamh ar na Rollaí is daoine iad a mbeidh ard-tréithiúlacht mhorálta ag baint leo agus inniúlacht aitheanta acu i réimsí dlí, tráchtála, tionscail nó airgeadais, agus a bhféadfar bheith ag brath orthu breithiúnas a fheidhmiú go neamhspleách. Beidh tábhacht ar leith le hinniúlacht i réimse an dlí i gcás daoine ar an Rolla Eadránaithe.
(2) Nuair a bheidh an Cathaoirleach ag ainmniú daoine chun fónamh ar na Rollaí, tabharfaidh sé aird chuí ina theannta sin ar a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeidh ionadaíocht ar na Rollaí ag príomh-chórais dlí an domhain agus ag na príomh-chineálacha gníomhaíochtaí geilleagair.
Airteagal 15
(1) Fónfaidh comhaltaí Rolla go ceann tréimhsí inathnuaite sé bliana.
(2) I gcás comhalta de Rolla d'fháil bháis nó d'éirí as, beidh de cheart ag an údarás a d'ainmnigh an comhalta duine eile a ainmniú chun fónamh ar feadh na coda eile de théarma an chomhalta sin.
(3) Fanfaidh comhaltaí Rolla in oifig go dtí go n-ainmneofar a gcomharbaí.
Airteagal 16
(1) Féadfaidh duine fónamh ar an dá Rolla.
(2) Má bhíonn duine ainmnithe chun fónamh ar an Rolla céanna ag breis agus Stát Conarthach amháin, nó ag Stát Conarthach amháin nó níos mó agus ag an gCathaoirleach, measfar é a bheith ainmnithe ag an údarás is túisce a d'ainmnigh é nó, más é an Stát dar náisiúnach é an t-údarás sin, ag an Stát sin.
(3) Tabharfar fógra faoi na hainmniúcháin go léir don Ard-Rúnaí agus tiocfaidh siad in éifeacht amhail ón dáta ar a bhfaighfear an fógra.
Roinn 5
An Lárionad a Mhaoiniú
Airteagal 17
Mura féidir caiteachas an Lárionaid a ghlanadh as na táillí chun a shaoráidí a úsáid, ná as fáltais eile, beidh an farasbarr le híoc ag Stáit Chonarthacha is comhaltaí den Bhanc i gcomhréir lena suibscríbhinní faoi seach i leith stoc caipitil an Bhainc, agus ag Stáit Chonarthacha nach comhaltaí den Bhanc de réir rialacha a mbeidh glactha leo ag an gComhairle Riaracháin.
Roinn 6
Stádas, Díolúintí agus Pribhléidí
Airteagal 18
Beidh pearsantacht iomlán dlítheanach idirnáisiúnta ag an Lárionad. Áireofar ar inniúlacht dhlítheanach an Lárionaid an inniúlacht
(a) chun conradh a dhéanamh;
(b) chun maoin dhochorraithe agus maoin shochorraithe a fháil agus a dhiúscairt;
(c) chun imeachtaí dlí a thionscnamh.
Airteagal 19
Ionas go mbeidh ar chumas an Lárionaid a fheidhmeanna a chomhlíonadh, beidh aige, i gcríocha gach Stáit Chonarthaigh, na díolúintí agus na pribhléidí atá leagtha amach sa Roinn seo.
Airteagal 20
Beidh ag an Lárionad, agus ag a mhaoin agus ag a shócmhainní, díolúine ó gach uile phróis dlí, ach amháin i gcás a dtarscaoilfidh an Lárionad an díolúine sin.
Airteagal 21
Maidir le Cathaoirleach, comhaltaí na Comhairle Riaracháin, daoine ag gníomhú mar chomhréiteorí nó mar eadránaithe nó comhaltaí de Choiste a cheapfar de bhun mhír (3) d'Airteagal 52, agus oifigigh agus fostaithe na Rúnaíochta,
(a) beidh díolúine acu ó phróis dlí maidir le gníomhartha a rinne siad ag comhlíonadh a bhfeidhmeanna, ach amháin i gcás a dtarscaoilfidh an Lárionad an díolúine sin;
(b) beidh acu, i gcás nach náisiúnaigh áitiúla iad, na díolúintí céanna ó shriantachtaí inimirce, ó cheanglais chláraitheachta eachtrannach agus ó oibleagáidí seirbhíse náisiúnta, agus beidh na saoráidí céanna acu maidir le sriantachtaí iomlaoide agus tabharfar an chóir chéanna dóibh maidir le saoráidí taistil, a thugann Stáit Chonarthacha d'ionadaithe, d'oifigigh agus d'fhostaithe comhchéime de chuid Stát Conarthach eile.
Airteagal 22
Bainfidh forálacha Airteagal 21 le daoine a bheidh ag láithriú in imeachtaí faoin gCoinbhinsiún seo mar pháirtithe, mar ghníomhairí, mar chonsailéirí, mar abhcóidí, mar fhinnéithe nó mar shaineolaithe; ar choinníoll, áfach, nach mbeidh feidhm ag fomhír (b) den Airteagal sin ach amháin i ndáil lena dtaisteal go dtí an áit agus ón áit ina mbeidh na himeachtaí ar siúl agus i ndáil lena seal fanachta san áit sin.
Airteagal 23
(1) Beidh cartlann an Lárionaid dosháraithe, cibé áit a mbeidh sí.
(2) Maidir lena chumarsáidí oifigiúla, tabharfaidh gach Ballstát cóir don Lárionad nach lú fabhar ná an chóir a thugtar d'eagraíochtaí idirnáisiúnta eile.
Airteagal 24
(1) Beidh an Lárionad, a shócmhainní, a mhaoin agus a ioncam, mar aon leis na hoibríochtaí agus na hidirbhearta dá chuid a údaraítear leis an gCoinbhinsiún seo, saor ó gach uile chánachas agus dleacht custam. Beidh an Lárionad saor freisin ó dhliteanas i leith aon chánacha nó dleachtanna custam a bhailiú nó a íoc.
(2) Ach amháin i gcás náisiúnaigh áitiúla, ní thoibheofar aon cháin ar liúntais chaiteachais, nó i leith liúntais chaiteachais, a íocfaidh an Lárionad le Cathaoirleach nó le comhaltaí na Comhairle Riaracháin, ná ar thuarastail, liúntais chaiteachais nó díolaíochtaí eile, nó i leith tuarastail, liúntais chaiteachais nó díolaíochtaí eile a íocfaidh an Lárionad le hoifigí nó fostaithe de chuid na Rúnaíochta.
(3) Ní thoibheofar aon cháin ar tháillí nó liúntais chaiteachais, nó i leith táillí nó liúntais chaiteachais, a gheobhaidh daoine a bheidh ag gníomhú mar chomhréiteoirí, nó mar eadránaithe, nó mar chomhaltaí de Choiste a cheapfar de bhun mhír (3) d'Airteagal 52, in imeachtaí faoin gCoinbhinsiún seo más é is aonbhonn dlínse don cháin sin suíomh an Lárionaid nó an áit ina seoltar na himeachtaí sin nó an áit ina n-íoctar na táillí nó na liúntais sin.
CAIBIDIL II
Dlínse an Lárionaid
Airteagal 25
(1) Sroichfidh dlínse an Lárionaid chuig aon díospóid dhlíthiúil a eascróidh go díreach ó infheistíocht, idir Stát Conarthach (nó aon fhoroinn nó gníomhaireacht chomhpháirteach de chuid Stáit Chonarthaigh a bheidh ainmnithe chun an Lárionaid ag an Stát sin) agus náisiúnach de chuid Stáit Chonarthaigh eile, a dtoileoidh na páirtithe sa díospóid i scríbhinn í a chur faoi bhráid an Lárionaid. Nuair a bheidh a dtoiliú tugtha ag na páirtithe, ní fhéadfaidh aon pháirtí a thoiliú a tharraingt siar go haontaobhach.
(2) Ciallaíonn “náisiúnach de chuid Stáit Chonarthaigh eile”:
(a) aon duine nádúrtha ag a raibh náisiúntacht de chuid Stáit Chonarthaigh seachas an Stát ba pháirtí sa díospóid ar an dáta ar ar thoiligh na páirtithe an díospóid sin a chur chun comhréitigh nó chun eadrána agus ina theannta sin ar an dáta ar ar cláraíodh an iarraidh de bhun mhír (3) d'Aitreagal 28 nó mhír (3) d'airteagal 36, ach ní fholaíonn sé aon duine ag a raibh freisin, ar cheachtar dáta díobh sin, náisiúntacht de chuid an Stáit Chonarthaigh ba pháirtí sa díospóid; agus
(b) aon phearsa dhlítheanach ag a raibh náisiúntacht de chuid Stáit Chonarthaigh seachas an Stát ba pháirtí sa díospóid ar an dáta ar ar thoiligh na páirtithe an díospóid sin a chur chun comhréitigh nó chun eadrána agus aon phearsa dhlítheanach ag a raibh náisiúntacht an Stáit Chonarthaigh ba pháirtí sa díospóid ar an dáta sin agus ar thoiligh na páirtithe, mar gheall ar rialú coigríche, an phearsa sin a áireamh mar náisiúnach de chuid Stáit Chonarthaigh eile chun críocha an Choinbhinsiúin seo.
(3) Is gá formheas ó Stát Conarthach a bheith le toiliú ó fhoroinn nó ó ghníomhaireacht chomhpháirteach de chuid an Stáit sin mura dtabharfaidh an Stát sin fógra don Lárionad nach gá aon fhormheas den sórt sin.
(4) Féadfaidh aon Stát Conarthach, nuair a bheifear ag daingniú an Choinbhinsiúin seo nó á ghlacadh nó á fhormheas, nó aon tráth dá éis sin, fógra a thabhairt don Lárionad i dtaobh na haicme nó na n-aicmí díospóidí a mheasfaidh sé a chur nó gan a chur faoi dhlínse an Lárionaid. Cuirfidh an tArd-Rúnaí an fógra sin láithreach chuig gach Stát Conarthach. Ní hé an toiliú a cheanglaítear le mír (1) an fógra sin.
Airteagal 26
Measfar, mura ndéarfar a mhalairt, gurb éard é toiliú na bpáirtithe le headráin faoin gCoinbhinsiún seo toiliú le headráin den sórt sin d'eisiamh aon leighis eile. Féadfaidh Stát Conarthach a éileamh go ndéanfar leigheasanna áitiúla riaracháin nó breithiúnacha a spíonadh mar choinníoll lena thoiliú le headráin faoin gCoinbhinsiún seo.
Airteagal 27
(1) Ní thabharfaidh aon Stát Conarthach cosaint thaidhleoireachta, ná ní dhéanfaidh sé éileamh idirnáisiúnta, maidir le díospóid a mbeidh toilithe ag duine dá náisiúnaigh agus ag Stát Conarthach eile í a chur chun eadrána, nó a bheidh curtha chun eadrána acu, faoin gCoinbhinsiún seo, mura mbeidh mainnithe ag an Stát Conarthach eile sin cloí leis an dámhachtain a rinneadh sa díospóid sin agus í a chomhlíonadh.
(2) Chun críocha mhír (1), ní fholóidh cosaint thaidhleoireachta cumarsáidí taidhleoireachta a mhalartófar go neamhfhoirmiúil d'aon toisc chun gurbh fhusaide an díospóid a shocrú.
CAIBIDIL III
Comhréiteach
Roinn 1
Comhréiteach a Iarraidh
Airteagal 28
(1) Déanfaidh aon Stát Conarthach nó aon náisiúnach de chuid Stáit Chonarthaigh ar mian leis imeachtaí comhréitigh a thionscnamh iarraidh chun na críche sin i scríbhinn a sheoladh chuig an Ard-Rúnaí agus cuirfidh seisean cóip den iarraidh chuig an bpáirtí eile.
(2) Beidh faisnéis san iarraidh i dtaobh na saincheisteanna atá faoi dhíospóid, i dtaobh cé hiad na páirtithe agus cé acu ar thoiligh nó nár thoiligh siad dul chun comhréitigh de réir na rialacha nós imeachta chun imeachtaí comhréitigh agus eadrána a thionscnamh.
(3) Cláróidh an tArd-Rúnaí an iarraidh mura gcinnfidh sé, ar bhonn na faisnéise atá san iarraidh, gur léir go bhfuil an díospóid lasmuigh de dhlínse an Lárionaid. Cuirfidh sé in iúl láithreach do na páirtithe gur chláraigh sé an iarraidh nó gur dhiúltaigh sé í a chlárú.
Roinn 2
Comhdhéanamh an Choimisiúin Chomhréitigh
Airteagal 29
(1) Bunófar an Coimisiún Comhréitigh (dá ngairtear an Coimisiún anseo feasta) a luaithe is féidir tar éis iarraidh a chlárú de bhun Airteagal 28.
(2) (a) Aon chomhréiteoir amháin nó aon chorrlíon comhréiteoirí a cheapfar de réir mar a chomhaontóidh na páirtithe a bheidh ar an gCoimisiún.
(b) I gcás nach gcomhaontóidh na páirtithe ar líon na gcomhréiteoirí agus ar mhodh a gceaptha, triúr comhréiteoirí a bheidh ar an gCoimisiún, comhréiteoir amháin arna cheapadh ag gach páirtí ar leith agus an tríú duine, arb é a bheidh ina uachtarán ar an gCoimisiún, arna cheapadh trí chomhaontú na bpáirtithe.
Airteagal 30
I gcás nach mbeidh an Coimisiún bunaithe laistigh de 90 lá tar éis don Ard-Rúnaí fógra á rá gur cláraíodh an iarraidh a chur chun bealaigh de réir mhír (3) d'Airteagal 28, nó laistigh de cibé tréimhse eile ar a gcomhaontóidh na páirtithe, déanfaidh an Cathaoirleach, ar cheachtar páirtí á iarraidh sin agus tar éis dó comhairle a ghlacadh a mhéid is féidir leis an dá pháirtí, an comhréiteoir nó na comhréiteoirí a bheidh gan ceapadh fós a cheapadh.
Airteagal 31
(1) Féadfar dul lasmuigh den Rolla Comhréiteoirí chun comhréiteoirí a cheapadh, ach amháin i gcás ceapacháin a dhéanfaidh an Cathaoirleach de bhun Airteagal 30.
(2) Beidh ag comhréiteoirí a rachfar lasmuigh den Bhord Comhréiteoirí lena gceapadh na cáilíochtaí a luaitear i mír (1) d'Airteagal 14.
Roinn 3
Imeachtaí Comhréitigh
Airteagal 32
(1) Is é an Coimisiún is breitheamh ar a inniúlacht féin.
(2) Breithneoidh an Coimisiún aon agóid ó pháirtí sa díospóid nach bhfuil an díospóid sin laistigh de dhlínse an Lárionaid nó nach bhfuil sí, ar chúiseanna eile, laistigh d'inniúlacht an Choimisiúin, agus cinnfidh sé an ndéileálfaidh sé léi mar réamhcheist nó an n-uamfaidh sé í le tuillteanas na díospóide.
Airteagal 33
Seolfar aon imeacht comhréitigh de réir fhorálacha na Roinne seo agus, ach amháin mar a chomhaontóidh na páirtithe ar a mhalairt, seolfar é de réir na Rialacha Comhréitigh a bhí in éifeacht ar an dáta ar ar thoiligh na páirtithe dul chun comhréitigh. Má bhíonn aon cheist nós imeachta ann nach bhfuil cumhdaithe ag an Roinn seo ná ag na Rialacha Comhréitigh ná ag aon rialacha ar ar chomhaontaigh na páirtithe, cinnfidh an Coimisiún an cheist.
Airteagal 34
(1) Is é dualgas an Choimisiúin soiléiriú a dhéanamh ar na saincheisteanna atá faoi dhíospóid idir na páirtithe agus iarracht a dhéanamh iad a thabhairt ar chomhaontú ar théarmaí a mbeidh glacadh acu araon leo. Chun na críche sin, féadfaidh an Coimisiún ag aon chéim de na himeachtaí agus ó am go ham téarmaí socraíochta a mholadh do na páirtithe. Comhoibreoidh na páirtithe de mheon macánta leis an gCoimisiún chun a chur ar chumas an Choimisiúin a fheidhmeanna a chomhlíonadh agus déanfaidh siad a mholtaí a bhreithniú chomh dúthrachtach agus is féidir leo.
(2) Má thagann na páirtithe ar chomhaontú, ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil ina gcuirfear síos na saincheisteanna sa díospóid, á thaifeadadh go bhfuil na páirtithe tagtha ar chomhaontú. Má dhealraíonn sé don Choimisiún, ag aon chéim de na himeachtaí, nach cosúil go mbeidh aon chomhaontú idir na páirtithe, cuirfidh sé an clabhsúr ar na himeachtaí agus ullmhóidh sé tuarascáil ina gcuirfear síos gur cuireadh an díospóid faoina bhráid, á thaifeadadh nár éirigh leis na páirtithe teacht ar chomhaontú. Má mhainníonn páirtí amháin láithriú nó páirt a ghlacadh sna himeachtaí, cuirfidh an Coimisiún an clabhsúr ar na himeachtaí agus ullmhóidh sé tuarascáil ina gcuirfear síos gur mhainnigh an páirtí sin láithriú nó bheith páirteach.
Airteagal 35
Ach amháin mar a chomhaontóidh na páirtithe sa díospóid ar a mhalairt, ní bheidh ceachtar páirtí in imeacht comhréitigh i dteideal in aon imeacht eile, cibé acu os comhair eadránaithe nó i gcúirt dlí nó eile, aon bharúlacha a nocht an páirtí eile sna himeachtaí comhréitigh nó aon ráitis nó admhálacha nó tairiscintí socraíochta a rinne an páirtí sin, nó an tuarascáil ón gCoimisiún nó aon mholtaí a rinne an Coimisiún, a agairt ná seasamh orthu.
CAIBIDIL IV
Eadráin
Roinn 1
Eadráin a Iarraidh
Airteagal 36
(1) Déanfaidh aon Stát Conarthach nó aon náisiúnach de chuid Stáit Chonartaigh ar mian leis imeachtaí eadrána a thionscnamh iarraidh chun na críche sin i scríbhinn a sheoladh chuig an Ard-Rúnaí agus cuirfidh seisean cóip den iarraidh chuig an bpáirtí eile.
(2) Beidh faisnéis san iarraidh i dtaobh na saincheisteanna atá faoi dhíospóid, i dtaobh cé hiad na páirtithe agus cé acu ar thoiligh nó nár thoiligh siad dul chun eadrána de réir na rialacha nós imeachta chun imeachtaí comhréitigh agus eadrána a thionscnamh.
(3) Cláróidh an tArd-Rúnaí an iarraidh mura gcinnfidh sé, ar bhonn na faisnéise atá san iarraidh, gur léir go bhfuil an díospóid lasmuigh de dhlínse an Lárionaid. Cuirfidh sé in iúl láithreach do na páirtithe gur chláraigh sé an iarraidh nó gur dhiúltaigh sé í a chlárú.
Roinn 2
Comhdhéanamh an Bhinse
Airteagal 37
(1) Bunófar an Binse Eadrána (dá ngairtear an Binse anseo feasta) a luaithe is féidir tar éis iarraidh a chlárú de bhun Airteagal 36.
(2) (a) Aon eadránaí amháin nó aon chorrlíon eadránaithe a cheapfar de réir mar a chomhaontóidh na páirtithe a bheidh ar an mBinse.
(b) I gcás nach gcomhaontóidh na páirtithe ar líon na n-eadránaithe agus ar mhodh a gceaptha, triúr eadránaithe a bheidh ar an mBinse, eadránaí amháin arna cheapadh ag gach páirtí ar leith agus an tríú duine, arb é a bheidh ina uachtarán ar an mBinse, arna cheapadh trí chomhaontú na bpáirtithe.
Airteagal 38
I gcás nach mbeidh an Binse bunaithe laistigh de 90 lá tar éis don Ard-Rúnaí fógra á rá gur cláraíodh an iarraidh a chur chun bealaigh de réir mhír (3) d'Airteagal 36, nó laistigh de cibé tréimhse eile ar a gcomhaontóidh na páirtithe, déanfaidh an Cathaoirleach, ar cheachtar páirtí á iarraidh sin agus tar éis dó comhairle a ghlacadh a mhéid is féidir leis an dá pháirtí, an t-eadránaí nó na headránaithe a bheidh gan ceapadh fós a cheapadh. Ní náisiúnaigh de chuid an Stáit Chonarthaigh is páirtí sa díospóid ná de chuid an Stáit Chonarthaigh ar páirtí sa díospóid a náisiúnach na headránaithe a cheapfaidh an Cathaoirleach de bhun an Airteagail seo.
Airteagal 39
Is náisiúnaigh de chuid Stát seachas an Stát Conarthach is páirtí sa díospóid agus an Stát Conarthach ar náisiúnach dá chuid an páirtí sa díospóid a bheidh i dtromlach na n-eadránaithe; ar choinníoll, áfach, nach mbeidh feidhm ag na forálacha sin roimhe seo den Airteagal seo más trí chomhaontú na bpáirtithe a ceapadh an t-eadránaí aonair nó gach comhalta aonair den Bhinse.
Airteagal 40
(1) Féadfar dul lasmuigh den Rolla Eadránaithe chun eadránaithe a cheapadh, ach amháin i gcás ceapacháin a dhéanfaidh an Cathaoirleach de bhun Airteagal 38.
(2) Beidh ag eadránaithe a rachfar lasmuigh den Bhord Eadránaithe lena gceapadh na cáilíochtaí a luaitear i mír (1) d'Airteagal 14.
Roinn 3
Cumhachtaí agus Feidhmeanna an Bhinse
Airteagal 41
(1) Is é an Binse is breitheamh ar a inniúlacht féin.
(2) Breithneoidh an Binse aon agóid ó pháirtí sa díospóid nach bhfuil an díospóid sin laistigh de dhlínse an Lárionaid, nó nach bhfuil sí, ar chúiseanna eile, laistigh d'inniúlacht an Bhinse, agus cinnfidh sé an ndéileálfaidh sé léi mar réamhcheist nó an n-uamfaidh sé í le tuillteanas na díospóide.
Airteagal 42
(1) Cinnfidh an Binse díospóid de réir cibé rialacha dlí ar a gcomhaontóidh na páirtithe. Cheal comhaontú den sórt sin, feidhmeoidh an Binse dlí an Stáit Chonarthaigh is páirtí sa díospóid (lena n-áirítear a rialacha ar easaontacht dlíthe) agus cibé rialacha dlí idirnáisiúnta is infheidhme.
(2) Ní cead don Bhinse cinneadh non liquet a thabhairt isteach ar fhoras tosta nó doiléire dlí.
(3) Ní dhéanfaidh forálacha mhíreanna (1) agus (2) dochar do chumhacht an Bhinse díospóid a chinneadh ex aequo et bono má chomhaontaíonn na páirtithe leis sin.
Airteagal 43
Ach amháin mar a chomhaontóidh na páirtithe ar a mhalairt, féadfaidh an Binse, má mheasann sé gur gá sin ag aon chéim de na himeachtaí,
(a) a iarraidh ar na páirtithe doiciméid nó fianaise eile a thabhairt ar aird, agus
(b) cuairt a thabhairt ar an láthair a bhaineann leis an díospóid, agus cibé fiosruithe is iomchuí leis a dhéanamh ansin.
Airteagal 44
Seolfar aon imeacht eadrána de réir fhorálacha na Roinne seo agus, ach amháin mar a chomhaontóidh na páirtithe ar a mhalairt, seolfar é de réir na Rialacha Eadrána a bhí in éifeacht ar an dáta ar ar thoiligh na páirtithe dul chun eadrána. Má bhíonn aon cheist nós imeachta ann nach bhfuil cumhdaithe ag an Roinn seo ná ag na Rialacha Eadrána ná ag aon rialacha ar ar chomhaontaigh na páirtithe, cinnfidh an Binse an cheist.
Airteagal 45
(1) Má mhainníonn páirtí láithriú nó a chás a chur ar aghaidh ní mheasfar as sin go bhfuil dearbhuithe an pháirtí eile á n-admháil.
(2) Má mhainníonn páirtí láithriú nó a chás a chur ar aghaidh ag aon chéim de na himeachtaí féadfaidh an páirtí eile a iarraidh ar an mBinse déileáil leis na ceisteanna a cuireadh faoina bhráid agus dámhachtain a dhéanamh. Sula ndéanfaidh an Binse dámhachtain, tabharfaidh sé fógra, agus lamhálfaidh sé tréimhse bhreise, don pháirtí a mhainnigh láithriú nó a chás a chur ar aghaidh, mura deimhin leis an mBinse nach bhfuil ar intinn ag an bpáirtí sin déanamh amhlaidh.
Airteagal 46
Ach amháin mar a chomhaontóidh na páirtithe ar a mhalairt, cinnfidh an Binse, má iarrann páirtí air é aon éilimh nó frithéilimh theagmhasacha nó bhreise a eascróidh díreach ó ábhar na díospóide ar choinníoll go mbeidh siad laistigh de réim tola na bpáirtithe agus laistigh de dhlínse an Lárionaid thairis sin.
Airteagal 47
Ach amháin mar a chomhaontóidh na páirtithe ar a mhalairt, féadfaidh an Binse, má mheasann sé gur gá sin sna himthosca, aon bhearta sealadacha a mholadh a ba cheart a dhéanamh chun cearta cheachtar páirtí, faoi seach, a chaomhnú.
Roinn 4
An Dámhachtain
Airteagal 48
(1) Cinnfidh an Binse ceisteanna le tromlach vótaí a chomhaltaí go léir.
(2) Is i scríbhinn a bheidh dámhachtain an Bhinse agus déanfaidh comhaltaí an Bhinse a vótáil ar a son í a shíniú.
(3) Déileálfaidh an dámhachtain le gach ceist a cuireadh faoi bhráid an Bhinse, agus luafaidh sí na cúiseanna is bun léi.
(4) Féadfaidh aon chomhalta den Bhinse a thuairim féin, cibé acu atá sé ag easaontú leis an tromlach nó nach bhfuil, nó ráiteas á chur in iúl go bhfuil sé ag easaontú, a chur ag gabháil leis an dámhachtain.
(5) Ní fhoilseoidh an Lárionad an dámhachtain gan toiliú ó na páirtithe.
Airteagal 49
(1) Cuirfidh an tArd-Rúnaí cóipeanna deimhnithe den dámhachtain ar aghaidh go tráthúil chuig na páirtithe. Measfar go ndearnadh an dámhachtain ar an dáta ar ar cuireadh na cóipeanna deimhnithe ar aghaidh.
(2) Féadfaidh an Binse, má iarrann páirtí air é laistigh de 45 lá i ndiaidh an dáta ar a ndearnadh an dámhachtain, agus tar éis fógra a thabhairt don pháirtí eile, aon cheist a chinneadh a d'fhág sé gan cinneadh sa dámhachtain, agus ceartóidh sé aon earráid chléireachais, uimhríochta nó eile sa dámhachtain. Beidh a chinneadh ina chuid den dámhachtain agus cuirfear i bhfios do na páirtithe é ar an modh céanna leis an dámhachtain. Rithfidh na tréimhsí ama dá bhforáiltear faoi mhír (2) d'Airteagal 51 agus faoi mhír (2) d'Airteagal 52 ón dáta ar a ndearnadh an cinneadh.
Roinn 5
An Dámhachtain a Léiriú, a Athbhreithniú agus a Chealú
Airteagal 50
(1) Má bhíonn aon díospóid idir na páirtithe i dtaobh míniú nó réim dámhachtana, féadfaidh aon pháirtí a iarraidh go léireofaí an dámhachtain trí iarratas i scríbhinn a sheoladh chuig an Ard-Rúnaí.
(2) Cuirfear an iarraidh, más féidir, faoi bhráid an Bhinse a rinne an dámhachtain. Mura féidir sin a dhéanamh, bunófar Binse nua de réir Roinn 2 den Chaibidil seo, Féadfaidh an Binse, má mheasann sé gur gá sin sna himthosca, forghníomhú na dámhachtana a bhac fad a bheidh a chinneadh ar feitheamh.
Airteagal 51
(1) Féadfaidh ceachtar páirtí a iarraidh go ndéanfaí an dámhachtain a athbhreithniú trí iarratas i scríbhinn a sheoladh chuig an Ard-Rúnaí ar an bhforas gur fionnadh fíoras éigin de chineál a dhéanfadh difear cinntitheach don dámhachtain, ach sin ar an gcoinníoll nárbh eol an fíoras sin don Bhinse ná don iarratasóir an tráth a rinneadh an dámhachtain agus nár de dhroim faillí a tharla don iarratasóir a bheith aineolach ar an bhfíoras sin.
(2) Déanfar an t-iarratas laistigh dé 90 lá tar éis an fíoras sin a fhionnadh agus in aon chás laistigh de thrí bliana tar éis an dáta ar a ndearnadh an dámhachtain.
(3) Cuirfear an iarraidh, más féidir, faoi bhráid an Bhinse a rinne an dámhachtain. Mura féidir sin a dhéanamh, bunófar Binse nua de réir Roinn 2 den Chaibidil seo.
(4) Féadfaidh an Binse, má mheasann sé gur gá sin sna himthosca, forghníomhú na dámhachtana a bhac fad a bheidh a chinneadh ar feitheamh. Má iarrann an t-iarratasóir ina iarratas go ndéanfaí forghníomhú na dámhachtana a bhac, déanfar forghníomhú a bhac go sealadach go dtí go ndéanfaidh an Binse rialú ar an iarraidh sin.
Airteagal 52
(1) Féadfaidh ceachtar páirtí a iarraidh go ndéanfaí an dámhachtain a chealú trí iarratas i scríbhinn a sheoladh chuig an Ard-Rúnaí ar cheann amháin nó níos mó de na forais seo a leanas:
(a) nach raibh an Binse comhdhéanta go cuí;
(b) gur léir gur sháraigh an Binse a chumhachtaí;
(c) gur tharla corbadh ar thaobh comhalta den Bhinse;
(d) gur tréigeadh, ar mhodh tromchúiseach, riail bhunúsach nós imeachta; nó
(e) gur mainníodh na fáthanna ar a bhfuil an dámhachtain bunaithe a lua inti.
(2) Déanfar an t-iarratas laistigh de 120 lá tar éis an dáta ar a ndearnadh an dámhachtain ach nuair a iarrfar cealú ar fhoras corbtha déanfar an t-iarratas sin laistigh de 120 lá tar éis an corbadh a fhionnadh agus in aon chás laistigh de thrí bliana tar éis an dáta ar a ndearnadh an dámhachtain.
(3) Nuair a gheobhaidh an Cathaoirleach an iarraidh déanfaidh sé Coiste ad hoc triúir a cheapadh láithreach as líon an Rolla Eadránaithe. Ní bheidh aon duine de chomhaltai an Choiste tar éis bheith ina chomhalta den Bhinse a rinne an dámhachtain, ní bheidh an náisiúntacht chéanna aige le haon chomhalta den sórt sin, ní bheidh sé ina náisiúnach den Stát is páirtí sa díospoíd ná den Stát ar páirtí sa díospóid a náisiúnach, ní bheidh sé ainmnithe don Rolla Eadránaithe ag ceachtar de na Stáit sin, ná ní beidh sé tar éis gníomhú mar chomhréiteoir sa díospóid chéanna. Beidh d'údarás ag an gCoiste an dámhachtain nó aon chuid di a chealú ar aon cheann de na forais atá leagtha amach i mír (1).
(4) Beidh feidhm mutatis mutandis ag forálacha Airteagail 41-45, 48, 49, 53 agus 54, agus Chaibidlí VI agus VII maidir le himeachtaí os comhair an Choiste.
(5) Féadfaidh an Coiste, má mheasann sé gur gá sin sna himthosca, forghníomhú na dámhachtana a bhac fad a bheidh a chinneadh ar feitheamh. Má iarrann an t-iarratasóir ina iarratas go ndéanfaí forghníomhú na dámhachtana a bhac, déanfar an forghníomhú a bhac go sealadach go dtí go ndéanfaidh an Coiste rialú ar an iarraidh sin.
(6) Má chealaítear an dámhachtain cuirfear an díospóid, ar iarratas ó cheachtar páirtí, faoi bhráid Binse nua a bhunófar de réir Roinn 2 den Chaibidil seo.
Roinn 6
An Dámhachtain a Aithint agus a Fhorghníomhú
Airteagal 53
(1) Beidh an dámhachtain ina ceangal ar na páirtithe agus ní bheidh sí faoi réir aon achomhairc ná aon leighis eile ach amháin na cinn dá bhforáiltear sa Choinbhinsiún seo. Cloífidh gach páirtí le téarmaí na dámhachtana, agus comhlíonfaidh siad na téarmaí sin, ach amháin a mhéid a bheidh forghníomhú bactha de bhun fhorálacha iomchuí an Choinbhinsiúin seo.
(2) Chun críocha na Roinne seo folóidh “dámhachtain” aon chinneadh ag léiriú, ag athbhreithniú nó ag cealú na dámhachtana sin de bhun Airteagail 50, 51 nó 52.
Airteagal 54
(1) Tabharfaidh gach Stát Conarthach aitheantas do dhámhachtain a rinneadh de bhun an Choinbhinsiúin seo mar dhámhachtain cheangailteach agus déanfaidh sé na hoibleagáidí airgid a fhorchuireann an dámhachtain sin a fhorghníomhú laistigh dá chríocha ionann is dá mba bhreithiúnas críochnaitheach í ó chúirt sa Stát sin. Féadfaidh Stát Conarthach a bhfuil bunreacht cónaidhme aige dámhachtain den sórt sin a fhorghníomhú ina chúirteanna cónaidhme nó tríothu agus féadfaidh sé a fhoráil go ndéileálfaidh na cúirteanna sin leis an dámhachtain ionann is dá mba bhreithiúnas críochnaitheach í ó chúirteanna stáit chónaidhme.
(2) Páirtí a bhfuil aitheantas nó forghníomhú á lorg aige i gcríocha Stáit Chonarthaigh tabharfaidh sé cóip den dámhachtain agus í deimhnithe ag an Ard-Rúnaí do chúirt inniúil nó d'údarás eile a bheidh ainmnithe ag an Stát sin chun na críche sin. Tabharfaidh gach Stát Conarthach fógra don Ard-Rúnaí i dtaobh ainmniú na cúirte inniúla nó an údaráis eile chun na críche sin agus i dtaobh aon athrú a dhéanfar dá éis sin ar an ainmniú sin.
(3) Beidh forghníomhú na dámhachtana á rialú ag na dlíthe a bhaineann le forghníomhú breithiúnas a bheidh i bhfeidhm sa Stát ar ina chríocha atá an forghníomhú sin á lorg.
Airteagal 55
Ní fhorléireofar aon ní in Airteagal 54 mar ní a mhaolóidh an dlí a bheidh i bhfeidhm in aon Stát Conarthach i ndáil le díolúine an Stáit sin nó aon Stáit choigríche ó fhorghníomhú.
CAIBIDIL V
Comhréiteoirí agus Eadránaithe a Athrú agus a Dhícháiliú
Airteagal 56
(1) Tar éis Coimisiún nó Binse a bheith bunaithe agus tús a bheith curtha le himeachtaí, ní thiocfaidh aon athrú ar a chomhaltas; ar choinníoll, áfach, má fhaigheann comhréiteoir nó eadránaí bás, nó má éiríonn sé míchumasach, nó má éiríonn sé as oifig, go líonfar an folúntas a tharlóidh dá thoradh sin de réir fhorálacha Roinn 2 de Chaibidil III nó Roinn 2 de Chaibidil IV.
(2) Fanfaidh comhalta de Choimisiún nó de Bhinse ag fónamh sa cháil sin d'ainneoin go mbeidh scortha aige de bheith ina chomhalta den Rolla.
(3) Má bhíonn comhréiteoir nó eadránaí a cheap páirtí tar éis scor gan toiliú ón gCoimisiún nó ón mBinse a raibh sé ina chomhalta de, ceapfaidh an Cathaoirleach duine ón Rolla iomchuí chun an folúntas a tharlóidh dá thoradh sin a líonadh.
Airteagal 57
Féadfaidh páirtí a mholadh do Choimisiún nó do Bhinse go ndícháileofaí aon chomhalta dá chuid mar gheall ar aon ní a chuireann in iúl go soiléir nach bhfuil na cáilíochtaí aige a éilítear le mír (1) d'Airteagal 14. Féadfaidh páirtí in imeachtaí eadrána a mholadh ina theannta sin go ndéanfaí eadránaí a dhícháiliú ar an bhforas nach raibh sé cáilithe lena cheapadh ar an mBinse faoi Roinn 2 de Chaibidil IV.
Airteagal 58
Is iad na comhaltaí eile den Choimisiún nó den Bhinse, de réir mar a bheidh, a dhéanfaidh an cinneadh maidir le haon togra chun comhréiteoir nó eadránaí a dhícháiliú, ar choinníoll, má bhíonn na comhaltaí sin roinnte go cothrom, nó i gcás togra chun comhréiteoir nó eadránaí aonair, nó tromlach na gcomhréiteoirí nó na n-eadránaithe, a dhícháiliú, gurb é an Cathaoirleach a dhéanfaidh an cinneadh sin. Má chinntear go bhfuil bonn maith leis an togra cuirfear de réir fhorálacha Roinn 2 de Chaibidil III nó Roinn 2 de Chaibidil IV, duine eile in ionad an chomhréiteora nó an eadránaí lena mbaineann an cinneadh.
CAIBIDIL VI
Costas na nImeachtaí
Airteagal 59
Cinnfidh an tArd-Rúnaí, de réir na rialachán a bheidh glactha ag an gComhairle Riaracháin, na táillí is iníoctha ag na páirtithe as saoráidí an Lárionaid a úsáid.
Airteagal 60
(1) Cinnfidh gach Coimisiún agus gach Binse táillí agus costais a chomhaltaí faoi réir theorainneacha a bhunóidh an Chomhairle Riaracháin ó am go ham agus tar éis comhairle a ghlacadh leis an Ard-Rúnaí.
(2) Ní choiscfidh aon ní i mír (1) den Airteagal seo na páirtithe ar theacht ar chomhaontú roimh ré leis an gCoimisiún nó leis an mBinse áirithe maidir le táillí agus caiteachais a chomhaltaí.
Airteagal 61
(1) I gcás imeachtaí eadrána, is ar na páirtithe go comhionann a thitfidh táillí agus caiteachais chomhaltaí an Choimisiúin, mar aon leis na táillí as saoráidi an Lárionaid a úsáid. Íocfaidh gach páirtí aon chaiteachais eile a thabhóidh sé i ndáil leis na himeachtaí.
(2) I gcás imeachtaí eadrána measúnóidh an Binse, ach amháin mar a chomhaontóidh na páirtithe ar a mhalairt, na caiteachais a thabhaigh na páirtithe i ndáil leis na himeachtaí, agus cinnfidh sé conas a íocfar agus cé a íocfaidh na caiteachais sin, táillí agus caiteachais chomhaltaí an Bhinse agus na táillí as saoráidí an Lárionaid a úsáid. Is cuid den dámhachtain an cinneadh sin.
CAIBIDIL VII
Ionad na nImeachtaí
Airteagal 62
Ach amháin mar a fhoráiltear anseo ina dhiadh seo is ag suíomh an Lárionaid a sheolfar imeachtaí comhréitigh agus eadrána.
Airteagal 63
Féadfar imeachtaí comhréitigh agus eadrána a sheoladh, má chomhaontaíonn na páirtithe amhlaidh,
(a) ag suíomh na Buan-Chúirte Eadrána nó ag suíomh aon fhorais eile is iomchuí, príobháideach nó poiblí, a bhféadfaidh an Lárionad comhshocraíochtaí a dhéanamh leis chun na críche sin; nó
(b) in aon áit eile a cheadóidh an Coimisiún nó an Binse tar éis comhairle a ghlacadh leis an Ard-Rúnaí.
CAIBIDIL VIII
Díospóidí idir Stáit Chonarthacha
Airteagal 64
Aon díospóid a tharlóidh idir Stáit Chonarthacha i dtaobh léiriú nó feidhmiú an Choinbhinsiúin seo nach socrófar le caibidlíocht cuirfear í faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta ar iarratas ó aon pháirtí sa díospóid sin, mura gcomhaontóidh na Stáit lena mbaineann ar mhodh eile lena socrú.
CAIBIDIL IX
Leasú
Airteagal 65
Féadfaidh aon Stát Conarthach leasú ar an gCoinbhinsiún seo a mholadh. Cuirfear téacs aon leasú a mholfar i bhfios don Ard-Rúnaí 90 lá ar a laghad roimh an gcruinniú den Chomhairle Riaracháin a bhfuil an leasú sin le breithniú aige agus seolfaidh sé láithreach é chuig gach comhalta den Chomhairle Riaracháin.
Airteagal 66
(1) Má chinneann an Chomhairle Riaracháin amhlaidh le tromlach dhá thrian dá comhaltaí, cuirfear an leasú atá beartaithe sa timpeall chuig gach Stát Conarthach lena dhaingniú, lena ghlacadh nó lena fhormheas. Tiocfaidh gach leasú i bhfeidhm 30 lá tar éis do earbthach an Choinbhinsiúin seo fógra a chur chuig na Stáit Chonarthacha á rá go bhfuil an leasú daingnithe, glactha nó formheasta ag gach Stát Conarthach.
(2) Ní dhéanfaidh aon leasú difear do chearta agus d'oibleagáidí is cearta agus oibleagáidí faoin gCoinbhinsiún seo de chuid aon Stát Conarthach nó de chuid aon cheann dá chomh-fhoranna nó dá ghníomhaireachtaí, nó de chuid aon náisiúnach de chuid Stát den sórt sin a eascróidh ó thoiliú le dlínse an Lárionaid a bheith tugtha roimh an dáta a thiocfaidh an leasú i bhfeidhm.
CAIBIDIL X
Forálacha Críochnaitheacha
Airteagal 67
Beidh an Coinbhinsiún seo ar oscailt chun a shínithe thar ceann na Stát is comhaltaí den Bhanc. Beidh sé ar oscailt chun a shínithe freisin tar ceann aon Stát eile is páirtí i Reacht na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta agus a mbeidh cuireadh tugtha dó ag an gComhairle Riaracháin, le vóta dhá thrian dá comhaltaí, an Coinbhinsiún a shíniú.
Airteagal 68
(1) Beidh an Coinbhinsiún seo faoi réir a dhaingnithe, a ghlactha nó a fhormheasta ag na Stáit sínithe de réir a nósanna imeachta bunreachtúla faoi seach.
(2) Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm 30 lá tar éis an dáta a thaiscfear an fichiú ionstraim dhaingniúcháin, ghlactha nó fhormheasta. Tiocfaidh sé i bhfeidhm maidir le gach Stát a thaiscfidh a ionstraim dhaingniúcháin, ghlactha nó fhormheasta dá éis sin 30 lá tar éis dáta an taiscthe sin.
Airteagal 69
Déanfaidh gach Stát Conarthach cibé bearta reachtúla nó bearta eile is gá chun go mbeidh éifeacht ina chríocha ag forálacha an Choinbhinsiúin seo.
Airteagal 70
Bainfidh an Coinbhinsiún seo leis na críocha go léir a bhfuil Stát Conarthach freagrach as a gcaidreamh idirnáisiúnta, ach amháin na críocha sin atá eisiata ag an Stát sin trí fhógra scríofa a chur chuig earbthach an Choinbhinsiúin seo tráth a dhaingnithe, a ghlactha nó a fhormheasta nó aon tráth dá éis sin.
Airteagal 71
Féadfaidh aon Stát Conarthach an Coinbhinsiún seo a shéanadh trí fhógra scríofa a chur chuig earbthach an Choinbhinsiúin seo. Glacfaidh an séanadh éifeacht sé mhí tar éis an fógra sin a fháil.
Airteagal 72
Ní dhéanfaidh fógra ó Stát Conarthach de bhun Airteagail 70 nó 71 difear do chearta nó d'oibleagáidí is cearta nó oibleagáidí faoin gCoinbhinsiún seo de chuid an Stáit sin nó de cuid aon cheann dá chomh-fhoranna nó dá ghníomhaireachtaí nó de chuid aon náisiúnach de chuid an Stáit sin a eascróidh ó thoiliú le dlínse an Lárionaid a bheidh tugtha ag ceann díobh sula bhfuair an t-earbthach an fógra sin.
Airteagal 73
Déanfar ionstraimí daingniúcháin, glactha nó formheasta an Choinbhinsiúin seo agus leasuithe air a thaisceadh leis an mBanc agus gníomhóidh an Banc mar earbthach ar an gCoinbhinsiún seo. Cuirfidh an t-earbthach cóipeanna deimhnithe den Choinbhinsiún seo chuig na Stáit is comhaltaí den Bhanc agus chuig aon Stát eile ar tugadh cuireadh dó an Coinbhinsiún a shíniú.
Airteagal 74
Cláróidh an t-earbthach an Coinbhinsiún seo le Rúnaíocht na Náisiún Aontaithe de réir Airteagal 102 de Chairt na Náisiún Aontaithe agus na Rialachán fúithi lenar ghlac an Comhthionól Ginearálta.
Airteagal 75
Tabharfaidh an t-earbthach fógra do na Stáit sínithe go léir i dtaobh na nithe seo a leanas:
(a) sínithe de réir Airteagal 67;
(b) taisceadh ionstraimí daingniúcháin, glactha agus formheasta de réir Airteagal 73;
(c) an dáta a thiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm de réir Airteagal 68;
(d) eisiaimh ó fheidhmiú i leith críche de bhun Airteagal 70;
(e) an dáta a thiocfaidh aon leasú ar an gCoinbhinsiún seo i bhfeidhm de réir Airteagal 66; agus
(f) séantaí de réir Airteagal 71.
ARNA DHÉANAMH i Washington sa Bhéarla, sa Fhraincis agus sa Spáinnis, agus comhúdarás ag na trí théacs, i gcóip amháin a bheidh ar taisceadh i gcartlann an Bhainc Idirnáisiúnta le haghaidh Athinmhithe agus Forbairte a bhfuil curtha in iúl aige lena shíniú anseo thíos go gcomhaontaíonn sé na feidhmeanna a chuirtear de mhuirear air faoin gCoinbhinsiún seo a chomhlíonadh.
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Foreign Tribunals Evidence Act, 1856 | 1856, c. 113 |