Uimhir 7 de 1985
AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (ATHEAGRÚ), 1985
RIAR NA nALT
Réamhráiteach agus Ginearálta
Alt | |
1. | |
2. | |
3. |
Gaillimh
4. | |
5. | |
6. | Comhaltas Chomhairle Bhuirg na Gaillimhe agus bunú na Comhairle Cathrach. |
7. | |
8. |
Baile Átha Cliath
Atheagrú Ginearálta
Na Limistéir Eisiata agus na Limistéir Bhreise
Forálacha de dhroim an athraithe ar theorainneacha a dhéantar le halt 10
Teorainneacha Toghchontaetha Bunaithe
Limistéir a bhaintear de Cheantar Sláinte Contae na Gaillimhe agus a chuirtear le Buirg na Gaillimhe de bhua alt 19 (1)
Rialacha a bhaineann le ceapacháin ag údaráis áitiúla chun coistí áirithe agus chun comhlachtaí eile
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Na hAchtanna Luachála | |
Na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1983 | |
Na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Baile Átha Cliath), 1930 go 1971. | |
Na hAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1972 | |
Na hAchtanna Caidrimh Thionscail, 1946 go 1976 | |
Na hAchtanna um Thoghcháin Áitiúla, 1963 go 1974 | |
Na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1983 | |
An tAcht Talmhaíochta (An Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta), 1979 |
Uimhir 7 de 1985
AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (ATHEAGRÚ), 1985
[An tiontú oifigiúil]
CUID I
Réamhráiteach agus Ginearálta
Gearrtheideal, comhluanna, forléiriú agus tosach feidhme.
1.—(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Atheagrú), 1985, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1985, a ghairm de na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1983, agus den Acht seo le chéile.
(3) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Baile Átha Cliath), 1930 go 1985, a ghairm de na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Baile Átha Cliath), 1930 go 1971, agus de Chuid III den Acht seo le chéile.
(4) Féadfar na hAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1985, a ghairm de na hAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1972, agus d'alt 7 den Acht seo le chéile.
(5) Déanfar Cuid IV den Acht seo agus na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1983, a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.
(6) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocróidh an tAire le hordú, go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus le haghaidh forálacha éagsúla den Acht seo.
Léiriú.
2.—(1) San Acht seo—
folaíonn “feidhmeanna”, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, cumhachtaí agus dualgais;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Comhshaoil.
(2) Forléireofar tagairt san Acht seo d'aon achtachán mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna oiriúnú le haon achtachán dá éis sin.
Orduithe agus rialacháin ghinearálta.
3.—(1) Gach ordú nó rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo, seachas faoi alt 5, 7 (7), 8 nó 24, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin sin, beidh an t-ordú nó an rialachán sin ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán.
(2) Má bheartaítear ordú a dhéanamh faoi alt 8 nó 24 den Acht seo, leagfar dréacht de faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.
(3) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, féadfaidh an tAire le hordú ordú arna dhéanamh faoin Acht seo (lena n-áirítear ordú arna dhéanamh faoin bhfo-alt seo) a leasú nó a chúlghairm.
(b) I gcás go mbeartaítear ordú a dhéanamh faoin bhfo-alt seo ag leasú (cibé go sainráite nó ar shlí eile) nó ag cúlghairm ordú faoi alt 8 nó 24 den Acht seo, beidh feidhm ag fo-alt (2) den alt seo i leith an bheartaithe mar a bhí feidhm aige i leith an bheartaithe chun an t-ordú a dhéanamh lena mbaineann an t-ordú a bheartaítear a dhéanamh faoin bhfo-alt seo.
CUID II
Gaillimh
Mínithe (Cuid II).
4.—Sa Chuid seo—
tá le “an lá ceaptha” an bhrí a shanntar dó le halt 5 (1);
tá le “an Chomhairle Cathrach” an bhrí a shanntar dó le halt 6 (2);
tá le “an Bardas” an bhrí a shanntar dó le halt 5 (2);
ciallaíonn “an Chomhairle Contae” comhairle chontae na Gaillimhe;
ciallaíonn “an Contae” contae riaracháin na Gaillimhe;
ciallaíonn “an Chontaebhuirg” contaebhuirg na Gaillimhe;
ciallaíonn “an Bhuirg” Buirg na Gaillimhe a bunaíodh leis an Acht Rialtais Áitiúla (Gaillimh), 1937;
ciallaíonn “an Chomhairle Buirge” an chomhairle a bunaíodh faoin Acht Rialtais Áitiúla (Gaillimh), 1937, don Bhuirg.
Buirg na Gaillimhe a bhunú mar Chontaebhuirg.
5.—(1) Ar cibé lá (dá ngairtear “an lá ceaptha” sa Chuid seo) a cheapfaidh an tAire le hordú, scoirfidh an Bhuirg de bheith ina cuid den Chontae agus beidh sí, amhail ar an agus ón lá sin, ina contae riaracháin inti féin, agus gairfear Contaebhuirg na Gaillimhe di.
(2) Ar an lá ceaptha, is Méara, Seanóirí agus Buirgéisigh Chontaebhuirg na Gaillimhe (dá ngairtear “an Bardas” in áiteanna eile sa Chuid seo) iad Méara, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhuirg na Gaillimhe agus sin a ghairfear díobh.
(3) Beidh ag an mBardas, sa mhéid go mbeidh sé de réir an Achta seo nó aon ordaithe arna dhéanamh faoi alt 8 nó 24 den Acht seo, na feidhmeanna a bhí díreach roimh an lá ceaptha dílsithe le dlí do Bhardas Bhuirg na Gaillimhe mar aon le cibé feidhmeanna eile atá de thuras na huaire dílsithe le dlí do bhardais chontaebhuirgí go ginearálta agus gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, beidh, sa mhéid go mbeidh sé de réir an Achta seo nó aon ordaithe arna dhéanamh faoi alt 8 nó 24 den Acht seo, feidhm maidir leis an gContaebhuirg ag an dlí a raibh feidhm aige maidir leis an mBuirg díreach roimh an lá ceaptha, agus ag an dlí a bhfuil feidhm aige de thuras na huaire maidir le contaebhuirgí go ginearálta.
(4) Chun críocha an toghcháin do chomhaltaí den Chomhairle Contae is túisce a dhéanfar tar éis thosach feidhme an ailt seo agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, measfar nach cuid den Chontae an Bhuirg agus ní bheidh daoine a bheidh cláraithe mar thoghthóirí rialtais áitiúil i leith an limistéir a chuimsítear sa Bhuirg, i dteideal vótáil sa toghchán do chomhaltaí den chomhairle sin.
(5) D'fhonn amhras a sheachaint, dearbhaítear leis seo go measfar, ar an lá ceaptha agus dá éis, faoi réir aon ordaithe a rinneadh faoi alt 8 nó 24 den Acht seo, maidir le haon ní a tosaíodh nó a rinneadh ar shlí eile roimh an lá sin i ndáil le Méara, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhuirg na Gaillimhe, nó ina n-ainm, gur tosaíodh é nó go ndearnadh ar shlí eile é i ndáil leis an mBardas nó in ainm an Bhardais.
Comhaltas Chomhairle Bhuirg na Gaillimhe agus bunú na Comhairle Cathrach.
6.—(1) (a) Is é a bheidh sa Chomhairle Buirge, ar an ngnáthlá scoir agus tar éis an ghnáthlae scoir do chomhaltaí na Comhairle Buirge is túisce a tharlóidh tar éis thosach feidhme an ailt seo, cúig chomhalta dhéag agus toghfar dá réir sin an líon comhaltaí sin ag gach toghchán do chomhaltaí den Chomhairle Buirge a dhéanfar tar éis an tosach feidhme sin.
(b) Forléireofar alt 15 den Acht Rialtais Áitiúla (Gaillimh), 1937, agus beidh éifeacht leis faoi réir mhír (a) den fho-alt seo.
(2) Ar an lá ceaptha agus dá éis beidh ann Comhairle Cathrach na Gaillimhe (dá ngairtear “an Chomhairle Cathrach” in áiteanna eile sa Chuid seo) chun na feidhmeanna a shanntar di le dlí a chomhall agus is é a bheidh sa Chomhairle Méara agus an líon céanna seanóirí agus comhairleoirí a bhí ar an gComhairle Buirge díreach roimh an lá ceaptha, agus na daoine a bhí ina gcomhaltaí den Chomhairle Buirge díreach roimh an lá ceaptha tiocfaidh siad ar an lá sin chun bheith agus beidh siad ina gcomhaltaí den Chomhairle Cathrach agus beidh siad, i ndáil leis an gComhairle Cathrach, i seilbh na n-oifigí céanna a raibh siad ina seilbh, faoi seach, i ndáil leis an gComhairle Buirge.
Contaebhuirg na Gaillimhe a bhainistí.
7.—(1) Comhlíonfaidh an Chomhairle Cathrach go díreach feidhmeanna uile an Bhardais is feidhmeanna forchoimeádta de bhua fho-alt (3) den alt seo agus cibé feidhmeanna eile a mbeidh sé dearbhaithe de thuras na huaire ag aon achtachán nó faoi aon achtachán, gur feidhmeanna forchoimeádta iad.
(2) Beidh ann oifig Bhainisteora Cathrach na Gaillimhe agus déanfaidh sealbhóir na hoifige sin, ar son an Bhardais, gach feidhm de chuid an Bhardais nach feidhm fhorchoimeádta (ag féachaint d'fho-ailt (1) agus (3) den alt seo) a chomhlíonadh.
(3) Faoi réir an ailt seo agus forálacha aon ordaithe a dhéanfar faoi alt 8 nó 24 den Acht seo, beidh feidhm ag na hAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1972, maidir leis an mBardas mar atá feidhm acu maidir le comhairle contae.
(4) Chun éifeacht a thabhairt d'fho-alt (3) den alt seo, sna hAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1972, déanfar, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—
(a) aon tagairt do chontae a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt don Chontaebhuirg,
(b) aon tagairt do chomhairle contae a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt don Bhardas, nó, de réir mar is cuí, don Chomhairle Cathrach,
(c) aon tagairt do chathaoirleach comhairle contae a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do Mhéara na Contaebhuirge,
(d) aon tagairt do chruinniú, do chomhalta, do choiste, do chomhalta de choiste nó do chruinniú de choiste comhairle contae a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do chruinniú, do chomhalta, do choiste, do chomhalta de choiste nó do chruinniú de choiste, de réir mar is iomchuí, den Chomhairle Cathrach,
(e) aon tagairt do bhuirg sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht um Bainistí Chontae, 1940, a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt don Chontaebhuirg,
(f) aon tagairt do chontae-bhainisteoir a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do Bhainisteoir Cathrach na Gaillimhe, agus
(g) aon tagairt do chontae-bhainisteoir cúnta a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do Bhainisteoir Cathrach Cúnta na Gaillimhe.
(5) Beidh oifig Chontae-Bhainisteoir na Gaillimhe agus oifig Bhainisteoir Cathrach na Gaillimhe i seilbh an aon duine amháin.
(6) An duine a bhí díreach roimh an lá ceaptha i seilbh oifig Chontae-Bhainisteoir na Gaillimhe i gcáil bhuan, tiocfaidh sé ar an lá sin agus dá éis, de bhua an fho-ailt seo, chun bheith ina Bhainisteoir Cathrach na Gaillimhe.
(7) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, féadfaidh an tAire, le hordú, gníomhú fho-alt (5) den alt seo a fhoirceannadh más rud é, i gcás an Bhardais agus na Comhairle Contae—
(i) go ndearbhóidh ceann acu le rún gur cheart go scoirfeadh oifig Chontae-Bhainisteoir na Gaillimhe agus oifig Bhainisteoir Cathrach na Gaillimhe de bheith i seilbh an aon duine amháin, agus
(ii) go ndéanfaidh an ceann eile acu, ar an lá a rithfear rún den sórt sin nó ar lá laistigh de thrí mhí dá éis sin, dearbhú freisin mar a dúradh, le rún.
(b) Más rud é, ar an lá ceaptha, go mbeidh an duine arbh é Contae-Bhainisteoir na Gaillimhe é ar an lú lá de Mhárta, 1985, i seilbh na n-oifigí, Contae-Bhainisteoir na Gaillimhe agus Bainisteoir Cathrach na Gaillimhe de bhua fho-alt (6) den alt seo, ansin, a fhad a leanfaidh an duine sin de bheith i seilbh na n-oifigí sin amhlaidh dá éis sin, ní bheidh éifeacht le mír (a) den fho-alt seo.
Forálacha forlíontacha (Cuid II).
8.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, cibé forálacha a dhéanamh is dóigh leis a bheith iomchuí a eascróidh as bunú na Buirge mar chontaebhuirg nó de bhíthin nó chun críocha an bhunaithe sin nó chun éifeacht iomlán a thabhairt dó agus féadfaidh forálacha a bheith san ordú sin i ndáil le haon ábhar ar bith a eascróidh i ndáil leis an mbunú sin.
(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an tAire—
(a) cibé forálacha a dhéanamh i ndáil le hoifigí Bhainisteoir Cathrach na Gaillimhe agus Chontae-Bhainisteoir na Gaillimhe, nó i ndáil le ceachtar acu, mar is iomchuí leis,
(b) cibé forálacha eile den sórt sin a dhéanamh is iomchuí leis le haghaidh nó i ndáil le bainistí na Contaebhuirge, an Chontae nó na Contaebhuirge agus an Chontae le chéile.
(3) Ní dhéanfar aon ní san alt seo a fhorléiriú mar ní a dhéanfaidh dochar do ghinearáltacht alt 24 den Acht seo.
CUID III
Baile Átha Cliath
Mínithe (Cuid III).
9.—Sa Chuid seo agus sa Chéad, sa Dara agus sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo—
ciallaíonn “na limistéir bhreise” na codanna den Chontae a thuairiscítear i gCuid III den Chéad Sceideal sin;
ciallaíonn “an Chomhairle Buirge” Comhairle Bhuirg Dhún Laoghaire;
ciallaíonn “an Chathair” contaebhuirg Bhaile Átha Cliath;
tá le “an Chomhairle Cathrach” an bhrí a shanntar dó le halt 1 den Acht Rialtais Áitiúla (Baile Átha Cliath), 1930;
ciallaíonn “an Bardas” Ard-Mhéara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Átha Cliath;
ciallaíonn “an Contae” contae riaracháin Bhaile Átha Cliath;
ciallaíonn “an Chomhairle Contae” comhairle chontae Bhaile Átha Cliath;
ciallaíonn “toghchontae bunaithe” toghchontae arna bhunú le halt 12 den Acht seo;
ciallaíonn “na limistéir eisiata” na codanna den Chathair a thuairiscítear i gCuid II den Chéad Sceideal sin.
Teorainneacha Chathair Bhaile Átha Cliath agus Chontae Bhaile Átha Cliath a athrú.
10.—(1) Ar thosach feidhme an ailt seo, déanfar gach cuid de na codanna den Chathair a thuairiscítear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a bhaint den Chathair agus de dhlínse agus de chumhachtaí an Bhardais agus a chur leis an gContae, agus ar an tosach feidhme sin agus dá éis áireofar gach cuid de na codanna sin sa Chontae agus beidh siad ina gcuid den Chontae chun gach críche agus beidh teorainn an Chontae athraithe dá réir.
(2) Ar thosach feidhme an ailt seo, déanfar gach cuid de na codanna den Chontae a thuairiscítear i gCuid III den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a bhaint den Chontae agus de dhlínse agus de chumhachtaí na Comhairle Contae agus a chur leis an gCathair, agus ar an tosach feidhme sin agus dá éis áireofar gach cuid de na codanna sin sa Chathair agus beidh siad ina gcuid den Chathair chun gach críche agus beidh teorainn na Cathrach athraithe dá réir.
(3) Beidh feidhm ag na forálacha atá sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus beidh éifeacht leo i ndáil leis an athrú teorainneacha a dhéantar le fo-ailt (1) agus (2) den alt seo.
Méadú ar chomhaltas Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.
11.—(1) Is é a bheidh sa Chomhairle Cathrach, ar an ngnáthlá scoir nó tar éis an ghnáthlae scoir do chomhaltaí na Comhairle is túisce a tharlóidh tar éis thosach feidhme an ailt seo, dhá chomhalta is caoga agus toghfar dá réir sin an líon comhaltaí sin ag gach toghchán comhaltaí den chomhairle sin a dhéanfar tar éis an tosach feidhme sin.
(2) Forléireofar alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil (Baile Átha Cliath), 1945, agus beidh éifeacht leis, faoi réir fho-alt (1) den alt seo.
Toghchontaetha Bhaile Átha Cliath a bhunú.
12.—(1) Chun críche na dtoghchán áitiúil is túisce a tharlóidh tar éis thosach feidhme an ailt seo chun na gcomhairlí a bhunófar faoi alt 13 (1) den Acht seo, déanfar an Contae, amhail mar a bheidh sé tráth thosach feidhme alt 10 den Acht seo, a roinnt, chun críocha na dtoghchán sin, ina thrí thoghchontae dá ngairfear chun na gcríoch sin—
(a) Toghchontae Bhaile Átha Cliath—Fine Gall,
(b) Toghchontae Bhaile Átha Cliath—Béalgard,
(c) Toghchontae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin.
(2) Is é a bheidh i dteorainn toghchontae bhunaithe an teorainn a thuairiscítear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Act seo i leith an chontae sin.
Bunú, comhaltas agus toghadh comhairlí toghchontaetha bunaithe.
13.—(1) Bunófar comhairle i ngach toghchontae de na toghchontaetha bunaithe.
(2) Is é a bheidh i líon comhaltaí comhairle dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo, an líon atá leagtha amach i gcolún (2) den Tábla a ghabhann leis an alt seo os coinne lua na comhairle sin i gcolún (1) den Tábla sin.
(3) Déanfar, ag na toghcháin áitiúla is túisce a tharlóidh tar éis thosach feidhme alt 12 den Acht seo, comhairle a thoghadh do gach ceann de na toghchontaetha bunaithe agus beidh feidhm ag na hAchtanna um Thoghcháin Áitiúla, 1963 go 1974, maidir le gach toghchán a dhéanfar de bhun an fho-ailt seo amhail is dá mba chomhairle contae gach comhairle de na comhairlí a thoghfar amhlaidh.
AN TÁBLA | |
An Chomhairle | Líon comhaltaí na comhairle |
(1) | (2) |
Comhairle Thoghchontae Bhaile Átha Cliath — Fine Gall | 24 |
Comhairle Thoghchontae Bhaile Átha Cliath — Béalgard | 26 |
Comhairle Thoghchontae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin | 28 |
Míniú ar thoghlimistéir i dtoghchontaetha bunaithe.
14.—(1) Déanfaidh an tAire, le hordú, gach toghchontae de na toghchontaetha bunaithe a roinnt ina thoghlimistéir chontae agus socróidh sé i leith gach contae den sórt sin an líon comhaltaí de chomhairle an chontae sin a bheidh le toghadh ó gach toghlimistéar contae sa chontae sin agus déanfaidh an tAire, nuair a bheidh an t-ordú sin á dhéanamh aige, ceanglais fho-alt (2) den alt seo a chomhlíonadh.
(2) An t-ordú a cheanglaítear a dhéanamh le fo-alt (1) den alt seo, déanfar é a luaithe is féidir tar éis thosach feidhme alt 12 den Acht seo agus in aon chás tráth nach déanaí ná dáta an ordaithe a bheidh le déanamh faoi alt 84 (arna leasú le halt 4 den Acht um Thoghcháin Áitiúla, 1966) den Acht Toghcháin, 1963, ag socrú an lae vótaíochta ag na toghcháin áitiúla a dhéanfar i 1985.
(3) An roinnt i dtoghlimistéir chontae a dhéanfar le hordú faoi fho-alt (1) den alt seo beidh éifeacht léi chun críocha na dtoghchán a bheidh le déanamh de bhun alt 13 (3) den Acht seo agus dá éis sin.
(4) Is é an líon comhaltaí de chomhairle toghchontae bhunaithe a bheidh le toghadh do gach toghlimistéar contae i gcontae den sórt sin ag na toghcháin a bheidh le déanamh de bhun alt 13 (3) den Acht seo agus dá éis sin, an líon a shocrófar chuige sin leis an ordú a cheanglaítear a dhéanamh faoi fho-alt (1) den alt seo.
(5) Beidh feidhm ag fo-alt (7) d'alt 33 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941, maidir le haon roinnt a dhéanfar faoi fho-alt (1) den alt seo mar atá feidhm aige maidir le haon roinnt a dhéantar le hordú faoin alt sin 33.
Forálacha i ndáil le toghcháin do chomhairlí toghchontaetha bunaithe.
15.—(1) Is é a bheidh i gclár na dtoghthóirí do thoghchontae bunaithe, chun críocha na dtoghchán a bheidh le déanamh de bhun alt 13 (3) den Acht seo, an chuid sin de chlár na dtoghthóirí don Chontae (mar a bheidh ann díreach tar éis thosach feidhme alt 10 den Acht seo) a bhainfidh leis an limistéar a bheidh cuimsithe sa toghchontae bunaithe sin.
(2) Is é Bainisteoir Cathrach agus Cléireach Baile Bhaile Átha Cliath an ceann comhairimh le haghaidh an toghcháin comhaltaí do gach comhairle de chomhairlí na dtoghchontaetha bunaithe.
(3) Maidir leis an gcostas a bhaineann le seoladh na dtoghchán a dhéanfar de bhun alt 13 (3) den Acht seo—
(a) i gcás an toghcháin i leith thoghchontae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, is í an Chomhairle Contae agus Bardas Bhuirg Dhún Laoghaire a íocfaidh as i cibé coibhneas a ordóidh Bainisteoir Cathrach agus Cléireach Baile Bhaile Átha Cliath,
(b) i gcás na dtoghchán eile den sórt sin, is í an Chomhairle Contae a íocfaidh as.
Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath agus Bardas Dhún Laoghaire a choimeád i bhfeidhm.
16.—(1) Ní bheidh aon toghchán ann do chomhaltaí den Chomhairle Contae ná den Chomhairle Buirge ag na toghcháin áitiúla is túisce a tharlóidh tar éis thosach feidhme alt 12 den Acht seo.
(2) Is é a bheidh sa Chomhairle Contae, ar an ngnáthlá scoir do chomhaltaí na Comhairle is túisce a tharlóidh tar éis thosach feidhme alt 12 den Acht seo, agus dá éis sin, ocht gcomhalta is seachtó.
(3) Gach duine de na daoine a thoghfar chun comhairlí na dtoghchontaetha bunaithe ag na toghcháin a dhéanfar de bhun alt 13 (3) den Acht seo, measfar chun gach críche go mbeidh siad tofa chun na Comhairle Contae ar an lá céanna a thoghfar iad chun cibé comhairle de na comhairlí a bhunófar faoi alt 13 (1) den Acht seo is iomchuí agus ar an ngnáthlá scoir dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo agus dá éis sin, is iad na daoine sin comhaltaí na Comhairle Contae agus is iad a ghníomhóidh mar í.
(4) Na daoine a thoghfar ag na toghcháin a dhéanfar de bhun alt 13 (3) den Acht seo do na toghlimistéir ábhartha measfar chun gach críche go mbeidh siad tofa chun na Comhairle Buirge ar an lá céanna a thoghfar iad chun Comhairle thoghchontae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin agus ar an ngnáthlá scoir dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo agus dá éis sin, is iad na daoine sin comhaltaí na Comhairle Buirge agus is iad a ghníomhóidh mar í.
(5) Forléireofar alt 43 (1) den Acht Rialtais Áitiúla (Baile Átha Cliath), 1930, agus beidh éifeacht leis faoi réir fho-alt (4) den alt seo.
(6) San alt seo ciallaíonn “na toghlimistéir ábhartha” cibé toghlimistéir arna socrú leis an ordú faoi alt 14 den Acht seo, maidir le toghchontae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, a shonróidh an tAire le hordú agus sonrófar san ordú sin freisin an líon iomlán comhaltaí a bheidh, de bhua fho-alt (4) den alt seo, ina gcomhaltaí den Chomhairle Buirge agus a ghníomhóidh mar í agus cumhachtaítear leis seo don Aire an t-ordú sin a dhéanamh.
(7) San alt seo ciallaíonn “an gnáthlá scoir” an lá arb é a bheadh ann, i gcás nach rithfí fo-alt (1) den alt seo, an lá a gceanglófaí ar chomhaltaí na Comhairle Contae scor de bhua na Rialachán um Thoghcháin Áitiúla, 1965.
Léarscáileanna áirithe a ullmhú.
17.—(1) A luaithe is féidir tar éis thosach feidhme alt 12 den Acht seo, ullmhóidh an Coimisinéir Luachála cúig chóip de léarscáil, ar cibé scála oiriúnach agus i cibé uimhir oiriúnach de bhileoga ar leithligh is cuí leis, a thaispeánfaidh teorainneacha gach toghchontae de na toghchontaetha bunaithe agus nuair a bheidh na léarscáileanna sin ullmhaithe ag an gCoimisinéir sin séalóidh sé gach léarscáil acu sin agus a luaithe is féidir dá éis sin taiscfidh sé iad mar a leanas, eadhon, ceann acu i bpríomhoifig an Choimisinéara sin, ceann eile in oifigí an Aire agus na trí cinn eile in oifigí na Comhairle Contae.
(2) Gach léarscáil a thaiscfear de bhun fho-alt (1) den alt seo i bpríomhoifig an Choimisinéara Luachála nó in oifigí na Comhairle Contae, coimeádfar í san oifig nó sna hoifigí inar taisceadh í amhlaidh agus beidh gach léarscáil acu sin, nó cóipeanna dílse di, ar fáil lena hiniúchadh in aisce san oifig nó sna hoifigí inar taisceadh í amhlaidh ag aon duine aon uair a bheidh an oifig nó na hoifigí sin ar oscailt chun gnó poiblí a dhéanamh, agus is dleathach don Choimisinéir Luachála nó don Chomhairle Contae cóip dhílis d'aon léarscáil a taisceadh amhlaidh leis nó leo, nó d'aon chuid áirithe di, a ullmhú agus a sholáthar d'aon duine a iarrfaidh í agus cibé suim a shocróidh sé nó siad, le ceadú an Aire Airgeadais, a ghearradh ar an gcóip sin.
(3) Beidh de dhualgas ar an gCoimisinéir Luachála agus ar an gComhairle Contae, faoi seach, aon uair a iarrfaidh aon Chúirt Bhreithiúnais é, cóip dhílis den léarscáil nó d'aon chuid shonraithe den léarscáil a taisceadh leis nó leo de bhun fho-alt (1) den alt seo, a ullmhú agus a thabhairt ar aird don Chúirt sin agus an chóip sin a fhíorú don Chúirt sin le mionn duine dá oifigigh nó dá n-oifigigh, agus, ar aon chóip den sórt sin a thabhairt ar aird agus a fhíorú don Chúirt sin amhlaidh, glacfaidh an Chúirt sin an chóip sin i bhfianaise agus air sin beidh an chóip sin, mura suífear a mhalairt, ina fianaise dhóthanach ar theorainn an toghchontae bhunaithe a n-airbheartaíonn an chóip go mbaineann sí léi (a mhéid a thaispeánfar an teorainn sin ar an gcóip sin) d'ainneoin aon neamhréireachta idir an chóip sin agus an tuairisc ar theorainn atá sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo nó d'ainneoin aon athbhrí nó neamhchinnteachta sa tuairisc sin nó ina feidhmiú.
Alt 10, forálacha forlíontacha.
18.—(1) Féadfaidh an tAire le rialacháin, d'ainneoin an athraithe ar theorainneacha a dhéantar le halt 10 den Acht seo, a fhoráil—
(a) maidir le haon achtachán (seachas an tAcht seo) nó aon ordú, rialachán, riail, fodhlí nó ionstraim nó comhaontú eile a dhéantar go hiomlán nó go páirteach faoi aon achtachán den sórt sin, go leanfaidh siad, ar feadh cibé tréimhse a shonrófar sna rialacháin, d'éifeacht a bheith leo sna limistéir bhreise, sna limistéir eisiata nó in aon chuid a shonrófar amhlaidh de na limistéir sin,
(b) maidir leis an bhfocal “contaebhuirg” in aon achtachán a shonrófar sna rialacháin nó in aon ionstraim nó comhaontú den sórt sin a shonrófar amhlaidh, go leanfaidh na limistéir eisiata nó aon chuid de na limistéir eisiata a shonrófar amhlaidh de bheith, ar feadh cibé tréimhse a shonrófar amhlaidh, ar áireamh ann (agus go measfar gur lean siad i gcónaí de bheith ar áireamh ann).
(2) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a dhéanann dochar do ghinearáltacht alt 24 den Acht seo.
CUID IV
Atheagrú Ginearálta
Teorainn Bhuirg na Gaillimhe a athrú.
19.—(1) (a) Ar thosach feidhme an fho-ailt seo, déanfar, chun críocha na dtoghchán áitiúil is túisce a tharlóidh tar éis an tosach feidhme sin, an limistéar a thuairiscítear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, a bhaint de Cheantar Sláinte Contae na Gaillimhe agus de dhlínse agus de chumhachtaí chomhairle chontae na Gaillimhe (sa mhéid a bhaineann siad leis na críocha sin) agus a chur le Buirg na Gaillimhe, agus ar an tosach feidhme sin agus dá éis áireofar an limistéar sin sa bhuirg sin agus beidh sé ina chuid di chun na gcríoch sin agus beidh teorainn na buirge sin athraithe dá réir.
(b) Féadfaidh an tAire le hordú cibé forálacha teagmhasacha, iarmhartacha agus forlíontacha a dhéanamh is dóigh leis a bheith fóirsteanach le go mbeidh éifeacht le mír (a) den fho-alt seo chun críocha na dtoghchán dá dtagraítear sa mhír sin.
(2) Forálfaidh an tAire, le hordú, go mbeidh éifeacht, chun cibé críocha eile a bheidh sonraithe san ordú, leis an athrú teorann a dhéantar le fo-alt (1) den alt seo (i dteannta éifeacht a bheith leis chun na gcríoch a shonraítear san fho-alt sin (1)).
(3) I gcás nach mbeidh ordú faoi fho-alt (2) den alt seo déanta roimh na toghcháin áitiúla is túisce a tharlóidh tar éis thosach feidhme fho-alt (1) den alt seo, ansin, go dtí go ndéanfar an t-ordú sin agus go dtí go dtiocfaidh sé i ngníomh, beidh gach duine de na daoine a thoghfar ag na toghcháin áitiúla réamhráite chuig comhairle Bhuirg na Gaillimhe ina gcomhaltaí den chomhairle don bhuirg sin mar a bhí sí díreach roimh dhéanamh na n-athruithe teorann a dhéantar leis an bhfo-alt sin (1) agus, maidir leis an tréimhse dar tosach an lá a rachaidh siad i mbun oifige agus dar críoch tráth thosach feidhme an ordaithe sin, is iad a ghníomhóidh mar chomhairle don bhuirg sin mar a bhí sí díreach roimh dhéanamh na n-athruithe sin.
(4) Chun éifeacht a thabhairt don ordú a cheanglaítear a dhéanamh le fo-alt (2) den alt seo, féadfaidh an tAire leis an ordú sin nó le hordú eile—
(a) foráil a dhéanamh a bheidh cosúil, nó ar aon éifeacht (fara aon mhodhnuithe is iomchuí leis an Aire sna himthosca ar leith) le haon fhoráil sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, agus
(b) aon ní a dhéanamh a fhéadfar a dhéanamh le hordú faoi alt 24 den Acht seo, agus
(c) cibé foráil eile (más ann) a dhéanamh is cuí leis an Aire i ndáil le haon ábhar ar bith.
(5) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a dhéanann dochar do ghinearáltacht alt 24 den Acht seo.
Athruithe teorann faoi alt 19; forálacha forlíontacha.
20.—A luaithe is féidir tar éis thosach feidhme alt 19 den Acht seo agus in aon chás tráth nach déanaí ná dáta déanta ordaithe faoi alt 84 (arna leasú le halt 4 den Acht um Thoghcháin Áitiúla, 1966) den Acht Toghcháin, 1963, ag socrú an lae vótaíochta ag na toghcháin áitiúla a dhéanfar i 1985, déanfaidh an tAire ordú faoi fho-alt (2) (arna leasú le halt 87 (4) den Acht Toghcháin, 1963) d'alt 35 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941, i leith Bhuirg na Gaillimhe agus ordú faoi alt 33 den Acht sin, i leith chontae na Gaillimhe.
Cumhacht theoranta chun líon comhaltaí comhairle contae a athrú.
21.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú a dhéanfar tráth ar bith roimh na toghcháin áitiúla is túisce a dhéanfar tar éis dháta rite an Achta seo, líon comhaltaí comhairle aon chontae a shonrófar san ordú a athrú.
(2) Má dhéanann an tAire ordú faoin alt seo, ar an ngnáthlá scoir agus tar éis an ghnáthlae scoir do chomhaltaí aon chomhairle lena mbaineann an t-ordú is túisce a tharlóidh tar éis dháta rite an Achta seo, is é a bheidh i líon comhaltaí aon chomhairle den sórt sin, an líon a bheidh socraithe chuige sin leis an ordú.
(3) Má dhéantar ordú faoin alt seo i ndáil le comhairle contae, measfar chun críocha fho-alt (7) d'alt 33 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941, sa mhéid go socraíonn an t-ordú líon comhaltaí na comhairle, go ndearnadh é faoin alt sin 33.
(4) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a oibríonn chun cosc nó srian a chur leis an gcumhacht faoi Airteagal 25 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, líon comhaltaí comhairle aon chontae a athrú.
Comhshocraíochtaí sealadacha maidir le clár toghthóirí.
22.—Más rud é, de bhíthin ordú a dhéanamh trína roinnfear aon chontae, contaebhuirg, buirg nó ceantar uirbeach ina dtoghlimistéir (lena n-áirítear ordú arna dhéanamh faoi alt 14, nó de bhun cheanglais alt 20, den Acht seo) nó trína leasófar nó trína modhnófar roinnt den sórt sin (ar ordú é dá ngairtear “an t-ordú roinnte” feasta san alt seo), go mbeidh ceantar vótaíochta nó cuid de cheantar vótaíochta suite i dtoghlimistéar, ar toghlimistéar é a bheidh sonraithe san ordú roinnte agus nach mbeidh comhionann ó thaobh limistéir agus ainm, le haon toghlimistéir a bhí ar marthain díreach roimh an lá a dhéanfar an t-ordú roinnte, féadfaidh an tAire, le hordachán, socrú a dhéanamh chun ainm an toghlimistéir sin a thaifeadadh, i leith an cheantair vótaíochta nó cuid den cheantar vótaíochta, i ngach clár toghthóirí agus liosta de cheartuithe a bheidh ullmhaithe faoi Chuid II den Acht Toghcháin, 1963, agus foilsithe ag údarás clárúcháin roimh na toghcháin áitiúla is túisce a dhéanfar tar éis an t-ordú roinnte a dhéanamh.
Comhshocraíochtaí sealadacha maidir le ceantair vótaíochta áirithe.
23.—(1) Más rud é, de bhíthin ordú a dhéanamh trína roinnfear aon chontae, contaebhuirg, buirg nó ceantar uirbeach ina dtoghlimistéir (lena n-áirítear ordú arna dhéanamh faoi alt 14, nó de bhun cheanglais alt 20, den Acht seo) nó trína leasófar nó trína modhnófar roinnt den sórt sin (ar ordú é dá ngairtear “an t-ordú roinnte” feasta san alt seo), nach mbeidh ceantar vótaíochta, a bheidh ar marthain díreach roimh an lá a dhéanfar an t-ordú roinnte, suite go hiomlán laistigh de cheann de na toghlimistéir a bheidh sonraithe san ordú roinnte, déanfaidh an t-oifigeach iomchuí, maidir leis an gcuid den cheantar vótaíochta atá suite i dtoghlimistéar a bheidh sonraithe amhlaidh—
(a) an chuid sin, nó codanna di, a chur i gceangal le haon cheantar nó ceantair vótaíochta tadhlacha, nó
(b) ceantar vótaíochta a dhéanamh di agus áit vótaíochta a cheapadh di.
(2) Aon chomhshocraíocht a dhéanfar de bhun fho-alt (1) den alt seo beidh, maidir le ceantar vótaíochta lena mbaineann sí, éifeacht léi go dtí go dtiocfaidh an scéim i ngníomh is túisce a dhéanfar tar éis thosach feidhme an ordaithe roinnte ábhartha de réir bhrí an fho-ailt sin (1), ar scéim í faoi alt 22 den Acht Toghcháin, 1963, a bhaineann leis an gcontae, leis an gcontaebhuirg, leis an mbuirg nó leis an gceantar uirbeach, de réir mar is iomchuí, ina bhfuil an ceantar vótaíochta suite agus ní bheidh éifeacht léi amhlaidh dá éis sin.
(3) San alt seo ciallaíonn “an t-oifigeach iomchuí”—
(a) i ndáil le ceantar vótaíochta atá suite i gcontaebhuirg, an bainisteoir chun críocha na nAchtanna a bhaineann le bainistí na contaebhuirge (lena n-áirítear duine a bheidh cuícheaptha mar ionadaí don bhainisteoir sin nó chun gníomhú in áit an bhainisteora sin le linn dó bheith as láthair nó éagumasaithe nó le linn folúntais ina oifig),
(b) i ndáil le ceantar vótaíochta atá suite i dtoghchontae bunaithe, Bainisteoir Cathrach agus Cléireach Baile Bhaile Átha Cliath (lena n-áirítear duine a bheidh cuícheaptha mar ionadaí don bhainisteoir sin nó chun gníomhú in áit an bhainisteora sin le linn dó bheith as láthair nó éagumasaithe nó le linn folúntais ina oifig), agus
(c) i ndáil le haon cheantar vótaíochta eile, rúnaí na comhairle contae ina bhfuil an ceantar vótaíochta suite (lena n-áirítear duine a bheidh cuícheaptha mar ionadaí don rúnaí sin nó chun gníomhú in áit an rúnaí sin le linn dó bheith as láthair nó éagumasaithe nó le linn folúntais ina oifig).
Cumhacht achtacháin a leasú, a oiriúnú, a mhodhnú, a aisghairm nó a chúlghairm.
24.—Má dhealraítear don Aire—
(a) ag féachaint d'aon fhoráil den Acht seo, gurb iomchuí déanamh amhlaidh, nó
(b) gur gá nó gur fóirsteanach d'fhonn a chumasú go mbeidh éifeacht de réir an Achta seo le haon achtachán, seachas an tAcht seo, nó le haon ordú, rialachán, riail, fodhlí nó ionstraim eile, nó comhaontú, nó
(c) gur gá nó gur fóirsteanach d'fhonn aon neamhréireacht idir aon achtachán nó ionstraim den sórt sin agus an tAcht seo a leigheas, nó
(d) gurb amhlaidh, maidir le haon achtachán nó ionstraim den sórt sin, go bhfuil aon fhoráil den Acht seo curtha go leordhóthanach ina ionad nó nach gá é mar gheall ar an bhforáil sin,
féadfaidh an tAire, i ndáil le haon achtachán (lena n-áirítear aon fhoráil in aon Acht áitiúil, pearsanta nó príobháideach), ionstraim nó comhaontú den sórt sin, foráil a dhéanamh le hordú—
(e) le go gcuirfí chun feidhme é, i dteannta aon mhodhnaithe nó oiriúnaithe a bheidh sonraithe san ordú, maidir le húdaráis áitiúla go ginearálta, le húdaráis áitiúla d'aicme nó de thuairisc a bheidh sonraithe san ordú nó le haon údarás áitiúil ar leith nó le haon chuid a bheidh sonraithe amhlaidh de limistéar feidhme údaráis áitiúil a bheidh sonraithe amhlaidh, nó
(f) le nach gcuirfí chun feidhme é maidir le húdaráis áitiúla go ginearálta, le húdaráis áitiúla d'aicme nó de thuairisc a bheidh sonraithe amhlaidh nó le haon údarás áitiúil ar leith nó le haon chuid a bheidh sonraithe amhlaidh de limistéar feidhme údaráis áitiúil a bheidh sonraithe amhlaidh, nó
(g) le go leasófaí é ar shlí eile nó le go ndéanfaí é a aisghairm, a chúlghairm nó a fhoirceannadh.
Córaim d'údaráis áitiúla áirithe.
25.—(1) (a) Ar an ngnáthlá scoir agus tar éis an ghnáthlae scoir do chomhaltaí na Comhairle Cathrach (de réir bhrí alt 9 den Acht seo) is túisce a tharlóidh tar éis thosach feidhme alt 11 den Acht seo, is é a bheidh sa líon comhaltaí den Chomhairle sin is córam ná trí dhuine dhéag.
(b) Forléireofar alt 31 (2) den Acht Rialtais Áitiúla (Baile Átha Cliath), 1930, agus beidh éifeacht leis, faoi réir mhír (a) den fho-alt seo.
(2) (a) Ar an ngnáthlá scoir agus tar éis an ghnáthlae scoir do chomhaltaí Chomhairle Bhuirg na Gaillimhe is túisce a tharlóidh tar éis thosach feidhme alt 6 den Acht seo, is é a bheidh sa líon comhaltaí den Chomhairle sin is córam ná ceathrar.
(b) Forléireofar alt 15 den Acht Rialtais Áitiúla (Gaillimh), 1937, agus beidh éifeacht leis, faoi réir mhír (a) den fho-alt seo.
(3) Má dhéanann an tAire ordú faoi alt 16 (6) den Acht seo lena sonrófar líon comhaltaí chomhairle Bhuirg Dhún Laoghaire, socróidh sé le hordú faoin bhfo-alt seo córam don chomhairle sin.
(4) I gcás go mbeidh ordú faoi fho-alt (3) den alt seo i bhfeidhm de thuras na huaire, forléireofar alt 43 (1) den Acht Rialtais Áitiúla (Baile Átha Cliath), 1930, agus beidh éifeacht leis, faoi réir théarmaí an ordaithe.
An líon comhaltaí ar choistí talmhaíochta áirithe.
26.—Maidir le Riail 3 (a cuireadh isteach le halt 26 (1) den Acht Talmhaíochta (An Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta), 1979) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Talmhaíochta, 1931, déanfar, i gcás Choiste Talmhaíochta Bhaile Átha Cliath agus cibé coistí talmhaíochta eile (más ann) a bheidh sonraithe de thuras na huaire in ordú a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, í a fhorléiriú, agus beidh éifeacht léi, amhail is dá gcuirfí “an líon céanna leis an líon a cheapfar ag an gcruinniú bliantúil den chomhairle is túisce a thionólfar roimh thosach feidhme alt 12 den Acht Rialtais Áitiúil (Atheagrú), 1985”, in ionad “ceithre oiread líon na dtoghlimistéar contae a bheidh sa chontae ar dháta an chruinnithe bhliantúil sin”.
Ceapacháin ag údaráis áitiúla chun coistí áirithe agus chun comhlachtaí eile.
27.—(1) Faoi réir fho-alt (4) den alt seo, tráth a bheidh údarás áitiúil, trí ainmniúchán nó trí thoghchán, ag ceapadh comhaltaí den údarás áitiúil nó daoine nach comhaltaí den údarás áitiúil (i gcás sin a bheith údaraithe le haon achtachán nó faoi aon achtachán a bhaineann le ceapacháin den sórt sin) le bheith ina gcomhaltaí d'aon chomhlacht a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo nó d'aon choiste talmhaíochta déanfaidh an t-údarás sin na ceapacháin sin—
(a) i gcás ceapacháin chun comhaltas coiste talmhaíochta, de réir na rialacha atá leagtha amach i gCuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, agus
(b) i gcás ceapacháin chun comhaltas aon chomhlachta a luaitear amhlaidh, de réir na rialacha atá leagtha amach i gCuid II den Chúigiú Sceideal sin.
(2) Is iad seo a leanas na comhlachtaí (seachas coiste talmhaíochta) dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo—
(a) coiste nó bord d'údarás áitiúil,
(b) comhchoiste nó comhbhord d'údarás áitiúil agus d'údarás áitiúil amháin eile nó níos mó,
(c) coiste gairmoideachais,
(d) údarás cuain,
(e) coiste freastail scoile,
(f) eagraíocht um fhorbairt réigiúnach,
(g) eagraíocht um thurasóireacht réigiúnach,
(h) Ardchomhairle na gComhairlí Contae,
(i) Comhlachas Údarás Bardasach na hÉireann, agus
(j) cibé comhlachtaí eile a bheidh de thuras na huaire sonraithe i rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo (cibé go ginearálta nó faoi threoir aon údaráis áitiúil ar leith nó aon aicme nó tuairisc d'údarás áitiúil).
(3) Beidh éifeacht le fo-alt (4) d'alt 7 den Acht um Bainistí Chathrach agus Contae (Leasú), 1955, amhail is dá scriosfaí na focail “agus, maidir le gach togh-límistéir acu sin, ceapfar chun an choiste beirt de na comhaltaí comhairle a toghadh don límistéir sin”.
(4) (a) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le daoine nach comhaltaí d'údarás áitiúil a cheapadh chun comhaltas coiste gairmoideachais nó coiste freastail scoile.
(b) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a ghníomhaíonn chun a chur faoi deara nach gá, le haghaidh ceapacháin chun oifige, poist nó ionaid ar bith, aon eolas speisialta, taithí na cáilíocht eile a bheith ag duine nach foláir de réir dlí a bheith aige le haghaidh ceapacháin chun na hoifige, chun an phoist nó chun an ionaid.
(c) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a dhéanann difear do dhul i gcomhaltas, nó do shealbhaíocht comhaltais, aon chomhlachta nó aon oifige eile, a shealbhaítear ex officio.
(5) Aon tagairt do choiste, bord, comhchoiste nó comhbhord i míreanna (a) nó (b) d'fho-alt (2) den alt seo, forléireofar í mar thagairt a fholaíonn tagairt do choiste, do bhord, do chomhchoiste nó do chomhbhord a cheapfar le reacht nó faoi reacht chun feidhmeanna údaráis áitiúil a chomhlíonadh.
Muirtheorainneacha contaetha agus contaebhuirgí.
28.—(1) (a) An talamh atá idir teorainn láithreach chontae riaracháin Chorcaí agus líne shamhailteach dhíreach arna tarraingt ó Phointe an Mhucra i mBá Bheanntraí go Pointe na Léige sa bhá sin déanfar faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, ar thosach feidhme an ailt seo agus dá éis, é a áireamh sa chontae riaracháin sin agus beidh sé ina chuid de agus beidh teorainn an chontae sin athraithe dá réir.
(b) Beidh éifeacht le mír (a) den fho-alt seo—
(i) i gcás ordú faoi mhír (c) den fho-alt seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire, chun na gcríoch a bheidh sonraithe san ordú,
(ii) i gcás nach mbeidh ordú den sórt sin i bhfeidhm amhlaidh, chun gach críche.
(c) (i) Féadfaidh an tAire a fhoráil le hordú go mbeidh éifeacht, chun cibé críocha a bheidh sonraithe san ordú, agus chun na gcríoch sin amháin, le mír (a) den fho-alt seo.
(ii) I gcás ordú faoin mír seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire, forléireofar tagairtí in aon achtachán do limistéar feidhme údaráis áitiúil, agus beidh éifeacht leo, faoi réir théarmaí an ordaithe.
(2) (a) D'ainneoin aon achtacháin a bhaineann le síneadh, coigeartú nó athrú eile ar theorainn chontae nó chontaebhuirge, ach faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, féadfaidh an tAire a fhoráil le hordú, maidir le haon talamh a bheidh sonraithe san ordú ar talamh é lena mbaineann an fo-alt seo, go ndéanfar, ar cibé dáta a bheidh sonraithe san ordú agus tar éis an dáta sin, é a áireamh i gcontae nó i gcontaebhuirg a bheidh sonraithe san ordú agus go mbeidh sé ina chuid den chéanna agus beidh teorainn an chontae nó na contaebhuirge sin athraithe dá réir.
(b) Sula ndéanfaidh sé ordú faoin bhfo-alt seo, rachaidh an tAire i gcomhairle le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn agus le haon Aire eile den Rialtais lena mbainfeadh an cás, ina thuairim, agus le comhairle aon chontae nó le bardas aon chontaebhuirge a ndéanfaí difear dó, ina thuairim.
(c) Baineann an fo-alt seo le talamh—
(i) atá tadhlach leis an gcontae nó leis an gcontaebhuirg lena mbaineann ordú faoin bhfo-alt seo, agus
(ii) a bhfuil gach cuid de suite faoin líne bharr láin, agus
(iii) atá ar thaobh na talún de líne a bhfuil gach pointe di trí mhíle ón líne bharr láin, agus
(iv) nach bhfuil ina chuid d'aon chontae ná d'aon chontaebhuirg.
(d) Féadfaidh ordú faoin bhfo-alt seo a fhoráil go mbeidh éifeacht leis an ordú chun gach críche nó chun cibé críocha a bheidh sonraithe san ordú agus chun na gcríoch sin amháin, agus i gcás go sonrófar críocha amhlaidh, ansin fad a leanfaidh an t-ordú ábhartha i bhfeidhm forléireofar tagairtí in aon achtachán do limistéar feidhme údaráis áitiúil, agus beidh éifeacht leo, faoi réir théarmaí an ordaithe.
(3) (a) Féadfaidh an tAire le hordú cibé forálacha teagmhasacha, iarmhartacha agus forlíontacha a dhéanamh is dóigh leis a bheith fóirsteanach le go mbeadh éifeacht le fo-alt (1) den alt seo.
(b) Féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, iarmhartacha agus forlíontacha is dóigh leis an Aire a bheith fóirsteanach a bheith in ordú faoi fho-alt (1) (c) (i) nó (2) den alt seo.
(c) Gan dochar do ghinearáltacht mhír (a) nó (b) den fho-alt seo, féadfaidh an tAire le hordú faoin bhfo-alt seo—
(i) socrú a dhéanamh—
(I) faoi chomhair ullmhú léarscáileanna oifigiúla agus fiúntas na léarscáileanna sin mar fhianaise,
(II) faoi chomhair an talamh a bheidh sonraithe san ordú, nó aon chuid den talamh sin, a áireamh in aon bhuirg, ceantar uirbeach nó baile, nó in aon limistéar nó ceantar riaracháin, toghcháin nó geografach eile, nó
(III) faoi chomhair aon ábhair nó ní dá bhforáiltear nó dá dtagraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, nó
(ii) aon ní a dhéanamh is féidir a dhéanamh le hordú faoi alt 24 den Acht seo.
(4) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a dhéanann dochar do ghinearáltacht alt 24 den Acht seo.
(5) San alt seo—
folaíonn “talamh” aon déanmhas agus aon talamh faoi uisce, lena n-áirítear an fharraige;
folaíonn “déanmhas” aon tógáil, tochailt, nó ní eile (nó aon chuid díobh) a fhoirgnítear, a thógtar nó a dhéantar ar aon talamh, in aon talamh nó faoi aon talamh, lena n-áirítear aon ardán nó suiteáil eile de dhéantús an duine ar ghrinneall na farraige nó os a chionn, cibé atá nó nach bhfuil an déanmhas sin, is cuma cad é staid na taoide, go hiomlán nó go páirteach os cionn, nó go hiomlán faoi bhun, dhromchla na farraige agus i gcás go gceadaíonn an comhthéacs amhlaidh, folaíonn sé an talamh ar a bhfuil, nó ina bhfuil, nó faoina bhfuil an déanmhas suite.
Cosaint.
29.—Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní a chuireann isteach, nó a fhearann ar shlí eile, ar mharthanacht leanúnach chomhairle Chontae Bhaile Átha Cliath nó Bhardas Bhuirg Dhún Laoghaire nó ar fheidhmiú nó comhlíonadh aon fheidhme dá fheidhmeanna ag ceachtar de na comhlachtaí sin.
AN CHÉAD SCEIDEAL
Na Limistéir Eisiata agus na Limistéir Bhreise
CUID I
Léiriú
1. Sa Sceideal seo—
(a) forléireofar tagairt don teorainn láithreach mar thagairt do theorainn na Cathrach mar a bhí díreach roimh thosach feidhme alt 10 den Acht seo,
(b) déanfar tagairt do líne shamhailteach arna tarraingt feadh aon bhóthair, lána, garráin, ascaille, abhann, cainéil nó geata a fhorléiriú mar thagairt do líne den sórt sin arna tarraingt feadh lár an bhóthair, an lána, an gharráin, na hascaille, na habhann, an chainéil nó an gheata sin,
(c) déanfar tagairt don phointe mar a dtrasnaíonn aon bhóthar, lána, garrán, ascaill, abhainn, cainéal, geata nó samhailfhadú aon bhóthar, lána, garrán, ascaill, abhainn, cainéal, geata nó samhailfhadú eile, nó don phointe mar a mbuaileann siad le chéile, a fhorléiriú mar thagairt don phointe mar a ndéanfaí líne, arna tarraingt feadh lár ceann díobh nó, i gcás samhailfhadú, feadh ceann díobh, a thrasnú ag líne arna tarraingt feadh lár an chinn eile nó i gcás samhailfhadú, feadh an chinn eile, nó don phointe mar a mbuailfeadh siad le chéile,
(d) déanfar tagairt do phointe mar a dtrasnaíonn aon bhóthar, lána, abhainn nó samhailfhadú aon teorainn, nó do phointe mar a mbuaileann siad leis an teorainn sin, a fhorléiriú mar thagairt don phointe mar a ndéanfadh líne arna tarraingt feadh lár an bhóthair, an lána, nó na habhann sin nó, i gcás samhailfhadú, feadh an fhadaithe, an teorainn sin a thrasnú nó don phointe mar a mbuailfeadh an líne sin leis an teorainn sin.
CUID II
Codanna den Chathair a bhaintear di agus a chuirtear leis an gContae de bhua alt 10 (1).
2. (1) An chuid den Chathair atá laistigh den teorainn láithreach agus de líne shamhailteach arna tarraingt mar a leanas:—
Ag tosú ag an bpointe mar a gcasann an teorainn láithreach le teorainn thiar líne iarnróid Bhaile Atha Cliath-Béal Feirste ag Stáisiún Iarnróid “Acomhal Bhinn Éadair”, as sin ó dheas feadh na teorann thiar sin go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Bóthar Chill Bharróg, agus ag leanúint ar deireadh soir feadh Bhóthar Chill Bharróg agus feadh a samhailfhadaithe (soir ó dheas) trasna Bhóthar Bhaile Átha Cliath go dtí an pointe mar a mbuaileann an samhailfhadú sin leis an teorainn láithreach ar chladach thuaidh Chrompán Chill Fhionntain.
(2) An chuid den Chathair ina gcuimsítear an t-oileán “Inis Mac Neasáin” agus a ghóilíní agus a charraigeacha go léir máguaird.
(3) An chuid den Chathair atá laistigh den teorainn láithreach agus de líne shamhailteach arna tarraingt mar a leanas:—
Ag tosú ag an bpointe ar an teorainn láithreach ag acomhal Bhóthar Chamaí Thiar agus Gharrán Shealtain, as sin soir ó dheas feadh Bhóthar Chamaí Thiar go dtí an pointe mar a mbuaileann sé le Bóthar Dhúnghoirt, agus ag leanúint siar ó dheas feadh Bhóthar Dhúnghoirt go dtí an pointe mar a mbuaileann sí leis an teorainn láithreach.
(4) An chuid den Chathair atá laistigh den teorainn láithreach agus de líne shamhailteach arna tarraingt mar a leanas:—
Ag tosú ag an bpointe ar an teorainn láithreach ag acomhal Bhóthar Dhúnghoirt agus Bhóthar Theach Mealóg, as sin soir ó thuaidh feadh Bhóthar Theach Mealóg go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn Bóthar Theach Mealóg samhailfhadú (siar ó thuaidh) theorainn thiar theas Pháirc na Sceach, as sin soir ó dheas feadh an tsamhailfhadaithe agus na teorann sin agus feadh a samhailfhadaithe (soir ó dheas) go dtí go dtrasnaíonn an teorainn láithreach é.
(5) An chuid den Chathair atá laistigh den teorainn láithreach agus de líne shamhailteach arna tarraingt mar a leanas:—
Ag tosú ag an bpointe ar an teorainn láithreach mar a ndéanann an Dothra Bheag acomhal leis an Dothra, as sin, soir ó thuaidh i dtosach, feadh na Dothra go dtí an pointe mar a mbuaileann sí leis an teorainn láithreach.
(6) An chuid den Chathair atá laistigh den teorainn láithreach agus de líne shamhailteach arna tarraingt mar a leanas:—
Ag tosú ag an bpointe ar an teorainn láithreach mar a gcasann sí leis an bpointe is faide siar de theorainn “Radharc na Coille” agus Pháirc Ghlasbháin, as sin soir feadh theorainn thuaidh “Radharc na Coille” agus feadh a samhailfhadaithe (soir) go dtí an pointe mar a mbuaileann an samhailfhadú sin le Bóthar Stigh Lorgan agus ag leanúint soir ó dheas feadh Bhóthar Stigh Lorgan go dtí an pointe mar a mbuaileann sí leis an teorainn láithreach.
(7) An chuid den Chathair atá laistigh den teorainn láithreach agus de líne shamhailteach arna tarraingt mar a leanas:—
Ag tosú ag an bpointe mar a dtrasnaíonn samhailfhadú (siar ó dheas) theorainn thoir theas Lóiste Cranford an teorainn láithreach, as sin soir ó thuaidh i dtosach feadh an tsamhailfhadaithe sin agus na teorann thoir theas sin agus feadh theorainn theas Ghalfchúrsa Pháirc na Leamhán agus feadh theorainn thuaidh Theach Bellevue go dtí a hacomhal le teorainn thoir thuaidh Theach Bellevue ag a lóiste geata, as sin siar ó dheas feadh na teorann is deireanaí a luadh agus feadh a samhailfhadaithe (siar ó dheas) go dtí an pointe mar a mbuaileann sí leis an teorainn láithreach.
CUID III
Codanna den Chontae a bhaintear de agus a chuirtear leis an gCathair de bhua alt 10 (2).
3. (1) An chuid den Chontae atá laistigh den teorainn láithreach agus de líne shamhailteach arna tarraingt mar a leanas:—
Ag tosú ag an bpointe mar a dtrasnaíonn an teorainn láithreach líne iarnróid Bhaile Átha Cliath-Béal Feirste ag Bóthar na Gráinsí, as sin ó thuaidh feadh theorainn thiar líne iarnróid Bhaile Átha Cliath-Béal Feirste go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn an teorainn thiar sin an Mhaighin, ansin ag leanúint siar feadh na Maighne agus chainéal thuaidh na Maighne go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn an Mhaighin teorainn thoir Shíneadh Imród Sheantraibh, ansin ag leanúint siar ó dheas feadh theorainn thoir Shíneadh Imród Sheantraibh go dtí go dtrasnaíonn Lána na Cúlóige (Bóthar Oscair Mhic Thréinfhir) é, ansin ag leanúint siar feadh Lána na Cúlóige (Bóthar Oscair Mhic Thréinfhir) go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Bóthar Shoird, ansin ag leanúint ó dheas feadh Bhóthar Shoird go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le hAscaill Sheantraibh, ansin ag leanúint siar feadh Ascaill Sheantraibh go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Bóthar Bhaile Munna, ansin ag leanúint ó thuaidh feadh Bhóthar Bhaile Munna go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Bóthar Theampall Mhaighréide, ansin ag leanúint, siar i dtosach, feadh Bhóthar Theampall Mhaighréide go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Bóthar Bhaile Shéamais, agus ag leanúint ar deireadh ó dheas feadh Bhóthar Bhaile Shéamais go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sí an teorainn láithreach.
(2) An chuid den Chontae atá laistigh den teorainn láithreach agus de líne shamhailteach arna tarraingt mar a leanas:—
Ag tosú ag an bpointe mar a gcasann an teorainn láithreach le teorainn thoir Bhaile Fearainn Chill Domhnáin, as sin feadh líne dhíreach siar ó dheas go dtí an pointe mar a gcasann an teorainn láithreach le teorainn theas Bhaile Fearainn Chill Domhnáin, ansin ag leanúint siar feadh na teorann theas sin go dtí an pointe mar a gcasann sí le teorainn thoir Bhaile Fearainn na Ceapóige, ansin ag leanúint ó dheas i dtosach feadh na teorann thoir sin go dtí an pointe mar a gcasann sí le teorainn thuaidh Scoil Labhráis d'Óg-Chiontóirí, ansin ag leanúint siar i dtosach feadh theorainn thuaidh agus theorainn thiar na scoile agus theorainn thiar Pháirc Avila agus feadh shamhailfhadú (ó dheas) theorainn thiar Pháirc Avila go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Bóthar Cheapaí agus ag leanúint ar deireadh soir ó dheas feadh Bhóthar Cheapaí go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sí an teorainn láithreach.
(3) An chuid den Chontae atá laistigh den teorainn láithreach agus de líne shamhailteach arna tarraingt mar a leanas:—
Ag tosú ag an bpointe mar a dtrasnaíonn an teorainn láithreach an Tulcha ag cúinne thoir theas Pháirc Bhaile Scriobail, as sin siar feadh na Tulchan agus chainéal thuaidh na Tulchan go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sí Bóthar Dhún Saithne, ansin ag leanúint, ó dheas i dtosach feadh Bhóthar Dhún Saithne trasna na Canála Ríoga agus líne iarnróid Bhaile Átha Cliath-Gaillimh ag an gcrosaire comhréidh díreach siar ó stáisiún Bhaile Astún agus feadh Bhóthar Bhaile Astún go dtí a acomhal le Bóthar na hUaimhe ar an taobh thiar den chompal os coinne an tí tábhairne dá ngairtear “the Halfway House”, ansin ag leanúint soir ó dheas feadh Bhóthar na hUaimhe go dtí an pointe mar a mbuaileann sé le Bóthar Chaisleán Cnucha, ansin ag leanúint ar deireadh siar ó dheas feadh Bhóthar Chaisleán Cnucha go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sé an teorainn láithreach ag Geata Bhaile Astún de Pháirc an Fhionnuisce.
(4) An chuid den Chontae atá laistigh den teorainn láithreach agus de líne shamhailteach arna tarraingt mar a leanas:—
Ag tosú ag an bpointe mar a dtrasnaíonn an teorainn láithreach Bóthar Bhaile Formaid, as sin, siar i dtosach feadh Bhóthar Bhaile Formaid agus Bhóthar an Bhaile Ghaelaigh go dtí an pointe mar a mbuaileann an bóthar sin is deireanaí a luaitear le Bóthar Chnoc Seimre, ansin ag leanúint, ó dheas i dtosach feadh Bhóthar Chnoc Seimre go dtí an pointe mar a gcasann sé le teorainn thuaidh Bhaile Fearainn Bhaile Mhic Chnagáin ag Iostán Chnoc Seimre, ansin ag leanúint, soir ó dheas i dtosach feadh theorainn thuaidh Bhaile Fearainn Bhaile Mhic Chnagáin go dtí an pointe mar a gcasann sí le teorainn thiar Bhaile Fearainn Bhaile an Ghalúnaigh, ansin ag leanúint, ó dheas i dtosach feadh na teorann thiar sin go dtí an pointe mar a gcasann sí le teorainn thuaidh na Canála Móire, agus ar deireadh ag leanúint soir feadh theorainn thuaidh na Canála Móire go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sí an teorainn láithreach.
(5) An chuid den Chontae atá laistigh den teorainn láithreach agus de líne shamhailteach arna tarraingt mar a leanas:—
Ag tosú ag an bpointe mar a dtrasnaíonn an teorainn láithreach an compal ag acomhal Bhóthar Bhaile an Aird, Íochtarach, Bhóthar Bhaile Bhailcín, Íochtarach agus Bhóthar Dhún Chromail, as sin soir feadh Bhóthar Dhún Chromail go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sé an teorainn láithreach.
(6) An chuid den Chontae atá laistigh den teorainn láithreach agus de líne shamhailteach arna tarraingt mar a leanas:—
Ag tosú ag an bpointe mar a dtrasnaíonn an teorainn láithreach samhailfhadú (siar) na teorann idir an “Sportsground” agus “Richview Press” ag Bóthar Chnoc na bhFeánna, as sin, soir i dtosach, feadh an tsamhailfhadaithe sin agus na teorann idir an “Sportsground” agus “Richview Press” go dtí an pointe mar a gcasann teorainn thoir an “Sportsground” le teorainn thiar Eastát Chnoc na bhFeánna, agus ag leanúint soir ó dheas i dtosach feadh theorann thiar agus theas Eastát Chnoc na bhFeánna go dtí an pointe mar a mbuaileann sí leis an teorainn láithreach.
AN DARA SCEIDEAL
Forálacha de dhroim an athraithe ar theorainneacha a dhéantar le halt 10
1. (1) A luaithe is féidir tar éis thosach feidhme alt 10 den Acht seo, ullmhóidh an Coimisinéir Luachála ceithre chóip de léarscáil, ar cibé scála oiriúnach agus i cibé uimhir oiriúnach de bhileoga ar leithligh is cuí leis, a thaispeánfaidh na limistéir eisiata agus na limistéir bhreise agus teorainneacha athraithe na Cathrach agus an Chontae agus nuair a bheidh na léarscáileanna sin ullmhaithe ag an gCoimisinéir sin séalóidh sé gach léarscáil acu sin agus a luaithe is féidir dá éis sin taiscfidh sé iad mar a leanas, is é sin, ceann acu i bpríomhoifig an Choimisinéara sin, ceann eile in oifigí an Bhardais, ceann eile in oifigí na Comhairle Contae agus ceann eile in oifigí an Aire.
(2) Gach léarscáil a thaiscfear de bhun mhír (1) den Airteagal seo i bpríomhoifig an Choimisinéara Luachála nó in oifigí an Bhardais nó na Comhairle Contae, coimeádfar í san oifig nó sna hoifigí inar taisceadh í amhlaidh agus beidh gach léarscáil acu sin nó cóipeanna dílse díobh ar fáil lena n-iniúchadh in aisce san oifig nó sna hoifigí inar taisceadh iad amhlaidh, ag aon duine aon uair a bheidh an oifig nó na hoifigí sin ar oscailt chun gnó poiblí a dhéanamh, agus is dleathach don Choimisinéir sin, don Bhardas nó don Chomhairle Contae cóip dhílis den léarscáil a taisceadh amhlaidh leis nó leo, nó d'aon chuid áirithe di, a ullmhú agus a sholáthar d'aon duine a iarrfaidh í agus cibé suim a shocróidh sé nó siad, le ceadú an Aire Airgeadais, a ghearradh ar an gcóip sin.
(3) Beidh de dhualgas ar an gCoimisinéir Luachála, ar an mBardas agus ar an gComhairle Contae, faoi seach, aon uair a iarrfaidh aon Chúirt Bhreithiúnais é, cóip dhílis den léarscáil nó d'aon chuid shonraithe den léarscáil a taisceadh leis nó leo faoin Airteagal seo a ullmhú agus a thabhairt ar aird don Chúirt sin agus an chóip sin a fhíorú don Chúirt sin le mionn duine dá oifigigh nó dá n-oifigigh, agus, ar aon chóip den sórt sin a thabhairt ar aird agus a fhíorú don Chúirt sin amhlaidh, glacfaidh an Chúirt sin an chóip sin i bhfianaise agus air sin beidh an chóip sin, mura suífear a mhalairt, ina fianaise dhóthanach ar na limistéir eisiata, ar na limistéir bhreise agus ar theorainneacha athraithe na Cathrach agus an Chontae (a mhéid a thaispeánfar sin ar an gcóip sin) d'ainneoin aon neamhréireachta idir an chóip sin agus an tuairisc atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo nó d'ainneoin aon athbhrí nó neamhchinnteachta sa tuairisc sin nó ina feidhmiú.
2. (1) Faoi réir mhír (5) den Airteagal seo, féadfaidh an Bardas agus an Chomhairle Contae, ó am go ham de réir mar is gá sa chás, coigeartú cothromasach (dá ngairtear “coigeartú comhaontaithe” sa Sceideal seo ina dhiaidh seo) a dhéanamh i dtaobh aon ábhair nó ní is gá a choigeartú eatarthu de dhroim an athraithe ar theorainneacha na Cathrach agus an Chontae a dhéantar le halt 10 den Acht seo agus nach bhfuil socrú eile ina thaobh san Acht seo agus féadfaidh siad go háirithe, gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, coigeartú comhaontaithe a dhéanamh maidir leo seo a leanas go léir nó le haon cheann díobh—
(a) aon ghlanchaillteanas ioncaim, iarbhír nó ionchasach, a thabhóidh an Bardas nó an Chomhairle Contae nó a d'fhéadfadh siad a thabhú, de dhroim athrú ar theorainn a dhéantar le halt 10 den Acht seo,
(b) maoin, cibé réadach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean), a bheidh dílsithe don Bhardas nó don Chomhairle Contae nó a bheidh dá gcuid féin acu nó ar teachtadh ar iontaobhas dóibh agus a bheidh go hiomlán nó go páirteach sna limistéir eisiata nó sna limistéir bhreise, nó in aon chuid áirithe díobh, nó a bhainfidh leis na limistéir nó leis na codanna sin,
(c) fiacha (lena n-áirítear fiacha morgáiste), muirir arna mbunú le reacht agus dliteanais eile (lena n-áirítear méideanna neamhleachtaithe, damáistí neamhleachtaithe a d'eascair ó thortanna nó ó sháruithe conartha agus dliteanais fhaibhritheacha nó ionchais), a bheidh dlite den Bhardas nó den Chomhairle Contae agus gan íoc acu, nó tabhaithe agus gan ghlanadh acu agus a bhainfidh go hiomlán nó go páirteach, leis na limistéir eisiata (nó le haon chuid ar leith díobh) nó leis na limistéir bhreise (nó le haon chuid ar leith díobh).
(2) Féadfaidh coigeartú comhaontaithe i ndáil le maoin, a fhoráil go gcoimeádfaidh an Bardas nó an Chomhairle Contae an mhaoin sin nó go n-aistreofar an mhaoin sin chun an Bhardais nó chun na Comhairle Contae nó go n-úsáidfidh an Bardas nó an Chomhairle Contae an mhaoin sin i gcomhpháirt agus féadfaidh sé a fhoráil freisin go n-íocfar airgead, in aon íocaíocht amháin nó ina dhá thráthchuid nó níos mó, ón mBardas leis an gComhairle Contae nó ón gComhairle Contae leis an mBardas as an maoin sin a choinneáil, a aistriú, nó a úsáid i gcomhpháirt.
(3) Féadfaidh coigeartú comhaontaithe i ndáil le haon fhiach nó dliteanas eile a fhoráil go mbeidh iomlán an fhéich nó an dliteanais sin ar an mBardas nó go mbeidh iomlán an fhéich nó an dliteanais sin ar an gComhairle Contae nó (ach amháin i gcás fiacha morgáiste) go gcionroinnfear an dliteanas san fhiach nó sa dliteanas sin idir an Bardas agus an Chomhairle Contae agus féadfaidh sé a fhoráil freisin go n-íocfar airgead, in aon íocaíocht amháin nó ina dhá thráthchuid nó níos mó, ón mBardas leis an gComhairle Contae nó ón gComhairle Contae leis an mBardas i leith an fhéich nó an dliteanais sin.
(4) Faoi réir mhír (5) den Airteagal seo, uair ar bith a theipfidh ar an mBardas agus ar an gComhairle Contae comhaontú ar choigeartú cothromasach i dtaobh aon ní nó ruda a bheadh, ach é a bheith comhaontaithe, ina ábhar coigeartaithe chomhaontaithe faoin Airteagal seo, déanfaidh an tAire, ar an mBardas nó ar an gComhairle Contae á iarraidh sin, coigeartú (dá ngairtear “coigeartú éigeantach” sa Sceideal seo ina dhiaidh seo) i dtaobh an ní nó an ruda sin agus féadfaidh sé leis an gcoigeartú sin aon fhoráil a dhéanamh i ndáil leis an ní nó leis an rud sin a d'fhéadfaí a dhéanamh faoin Airteagal seo le coigeartú comhaontaithe.
(5) Tabharfar aird ar Airteagal 12 den Sceideal seo nuair a bheidh aon choigeartú comhaontaithe nó aon choigeartú éigeantach á dhéanamh.
(6) Beidh éifeacht le gach coigeartú comhaontaithe agus le gach coigeartú éigeantach de réir a théarmaí agus beidh sé críochnaitheach agus dochloíte agus, dá réir sin, beidh sé infheidhmithe ag an mBardas nó ag an gComhairle Contae in aghaidh a chéile.
3. (1) (a) Faoi réir fhomhír (b) den mhír seo, gach fodhlí, riail agus rialachán a rinne an Bardas go dleathach agus is infheidhmithe aige sna limistéir eisiata nó in aon chuid díobh, agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme alt 10 den Acht seo, leanfaidh sé, a mhéid nach mbeidh sé ar neamhréir leis an Acht seo, de bheith i bhfeidhm agus beidh éifeacht leis, ar an tosach feidhme sin agus dá éis, sna limistéir eisiata nó sa chuid díobh, amhail is dá mba fhodhlí, riail nó rialachán é, de réir mar is iomchuí, a rinne an Chomhairle Contae agus a tháinig i ngníomh ar an tosach feidhme sin i leith an limistéir nó i leith cibé méid den limistéar atá laistigh de na limistéir eisiata ar lena n-aghaidh agus ina leith a rinneadh an céanna i dtosach agus dá réir sin féadfar gach fodhlí, riail agus rialachán den sórt sin a choimeád i bhfeidhm, a leasú, a athrú nó a chúlghairm agus féadfaidh an Chomhairle Contae aon phionós agus forghéilleadh a tharlóidh faoin gcéanna ar an tosach feidhme sin nó dá éis sna limistéir eisiata a ghnóthú nó a fheidhmiú ar shlí eile amhail mar a d'fhéadfadh agus chomh hiomlán agus a d'fhéadfadh an Bardas an céanna a choimeád i bhfeidhm, a leasú, a athrú, a chúlghairm, a ghnóthú nó a fheidhmiú ar shlí eile dá mba nár achtaíodh alt 10 den Acht seo.
(b) Ní leanfaidh aon fhodhlí, riail nó rialachán a luaitear i bhfomhír (a) den mhír seo, a mhéid a choimeádtar i bhfeidhm é leis an bhfomhír sin (a), de bheith i bhfeidhm amhlaidh tar éis dheireadh na tréimhse aon bhliana dar tús dáta thosach feidhme alt 10 den Acht seo mura rud é, laistigh den tréimhse sin, go ndearbhóidh an Chomhairle Contae, le rún, go leanfaidh an fodhlí, an riail nó an rialachán, a mhéid a choimeádtar i bhfeidhm é leis an bhfomhír sin (a), de bheith i bhfeidhm tar éis dheireadh na tréimhse sin.
(c) Ní bheidh feidhm sna limistéir eisiata ag aon fhodhlí, riail nó rialachán a bhí i bhfeidhm sa Chontae díreach roimh thosach feidhme alt 10 den Acht seo, ná ní thabharfar réim dó, sna limistéir sin de bhua amháin gur áiríodh na limistéir sin sa Chontae le halt 10 den Acht seo ach féadfaidh an Chomhairle Contae tráth ar bith, le rún, laistigh den tréimhse aon bhliana dar tús tráth thosach feidhme alt 10 den Acht seo, réim nó feidhm a thabhairt d'aon fhodhlí, riail nó rialachán den sórt sin sna limistéir eisiata, nó in aon chuid díobh, agus ar réim nó feidhm a thabhairt dó faoin bhfomhír seo, aon fhodhlí, riail nó rialachán a coimeádadh i bhfeidhm sna limistéir eisiata nó i gcuid nó i gcodanna de na limistéir sin le fomhír (a) den mhír seo agus atá ar neamhréir leis an bhfodhlí, leis an riail nó leis an rialachán lena mbaineann rún ábhartha na Comhairle Contae, scoirfidh sé d'éifeacht a bheith leis sna limistéir eisiata nó, de réir mar is iomchuí, sa chuid nó sna codanna sin.
(2) (a) Faoi réir fhomhír (b) den mhír seo, gach fodhlí, riail agus rialachán a rinne an Chomhairle Contae go dleathach agus is infheidhmithe aici sna limistéir bhreise nó in aon chuid díobh, agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme alt 10 den Acht seo, leanfaidh sé, a mhéid nach mbeidh sé ar neamhréir leis an Acht seo, de bheith i bhfeidhm agus beidh éifeacht leis, ar an tosach feidhme sin agus dá éis, sna limistéir bhreise nó i gcuid díobh, amhail is dá mba fhodhlí, riail nó rialachán é, de réir mar is iomchuí, a rinne an Bardas agus a tháinig i ngníomh ar an tosach feidhme sin i leith an limistéir nó i leith cibé méid den limistéar atá laistigh de na limistéir bhreise ar lena n-aghaidh agus ina leith a rinneadh an céanna i dtosach agus dá réir sin féadfar gach fodhlí, riail agus rialachán den sórt sin a choimeád i bhfeidhm, a leasú, a athrú nó a chúlghairm agus féadfaidh an Bardas aon phionós agus forghéilleadh a tharlóidh faoin gcéanna ar an tosach feidhme sin nó dá éis sna limistéir bhreise a ghnóthú nó a fheidhmiú ar shlí eile amhail mar a d'fhéadfadh agus chomh hiomlán agus a d'fhéadfadh an Chomhairle Contae an céanna a choimeád i bhfeidhm, a leasú, a athrú, a chúlghairm, a ghnóthú nó a fheidhmiú ar shlí eile dá mba nár achtaíodh alt 10 den Acht seo.
(b) Ní leanfaidh aon fhodhlí, riail nó rialachán a luaitear i bhfomhír (a) den mhír seo, a mhéid a choimeádtar i bhfeidhm é leis an bhfomhír sin (a), de bheith i bhfeidhm amhlaidh tar éis dheireadh na tréimhse aon bhliana dar tús dáta thosach feidhme alt 10 den Acht seo mura rud é, laistigh den tréimhse sin, go ndearbhóidh an Bardas le rún, go leanfaidh an fodhlí, an riail nó an rialachán, a mhéid a choimeádtar i bhfeidhm é leis an bhfomhír sin (a), de bheith i bhfeidhm tar éis dheireadh na tréimhse sin.
(c) Ní bheidh feidhm sna limistéir bhreise ag aon fhodhlí, riail nó rialachán a bhí i bhfeidhm sa Chathair díreach roimh thosach feidhme alt 10 den Acht seo, ná ní thabharfar réim do, sna limistéir sin de bhua amháin gur áiríodh na limistéir sin sa Chathair le halt 10 den Acht seo ach féadfaidh an Bardas tráth ar bith, le rún, laistigh den tréimhse aon bhliana dar tús dáta thosach feidhme alt 10 den Acht seo, réim nó feidhm a thabhairt d'aon fhodhlí, riail nó rialachán den sórt sin sna limistéir bhreise, nó in aon chuid díobh, agus ar réim nó feidhm a thabhairt dó faoin bhfomhír seo, aon fhodhlí, riail nó rialachán a coimeádadh i bhfeidhm sna limistéir bhreise nó i gcuid nó i gcodanna de na limistéir sin le fomhír (a) den mhír seo agus atá ar neamhréir leis an bhfodhlí, leis an riail nó leis an rialachán lena mbaineann rún ábhartha na Comhairle Contae, scoirfidh sé d'éifeacht a bheith leis sna limistéir bhreise nó, de réir mar is iomchuí, sa chuid nó sna codanna sin.
4. (1) (a) Gach rún a rith, gach ordú a rinne, agus gach fógra a sheirbheáil an Bardas roimh thosach feidhme alt 10 den Acht seo i ndáil leis na limistéir eisiata nó le haon chuid díobh nó le haon ní a rinneadh nó a bhí le déanamh iontu agus nach mbeidh a oibriú, a éifeacht ná a théarma scortha nó caite roimh an tosach feidhme sin leanfaidh sé, a mhéid a bhainfidh sé leis na limistéir eisiata nó le haon chuid díobh nó le haon ní a rinneadh nó a bhí le déanamh iontu agus a mhéid nach mbeidh sé ar neamhréir leis an Acht seo, de bheith i bhfeidhm agus beidh éifeacht leis, ar an tosach feidhme sin agus dá éis, ionann is dá mba rún é a rith, ordú a rinne nó fógra a sheirbheáil an Chomhairle Contae ar an dáta a rith, a rinne nó a sheirbheáil an Bardas é iarbhír agus ionann agus dá mbeadh na limistéir eisiata ar áireamh sa Chontae ar an dáta sin.
(b) (i) Aon ní a rinne an Bardas, nó a rinneadh ar an mBardas nó i ndáil leis, nó ar glacadh leis de bhua aon achtacháin go ndearna an Bardas é nó go ndearnadh é ar an mBardas nó i ndáil leis, roimh thosach feidhme alt 10 den Acht seo i ndáil leis na limistéir eisiata, le linn don Bhardas aon cheann dá chumhachtaí, dá fheidhmeanna nó dá dhualgais a fheidhmiú nó a chomhlíonadh glacfar leis, a mhéid nach mbeidh sé ar neamhréir leis an Acht seo, mar ní a rinne an Chomhairle Contae nó a rinneadh ar an gComhairle Contae nó i ndáil léi.
(ii) Aon tagairt don Bhardas in aon doiciméad dá dtagraítear i mír (3) den Airteagal seo forléireofar í, a mhéid nach mbeidh sí ar neamhréir leis an Acht seo, mar thagairt don Chomhairle Contae.
(2) (a) Gach rún a rith, gach ordú a rinne, agus gach fógra a sheirbheáil an Chomhairle Contae roimh thosach feidhme alt 10 den Acht seo i ndáil leis na limistéir bhreise nó le haon chuid díobh nó le haon ní a rinneadh nó a bhí le déanamh iontu agus nach mbeidh a oibriú, a éifeacht ná a théarma scortha nó caite roimh an tosach feidhme sin leanfaidh sé, a mhéid a bhainfidh sé leis na limistéir bhreise nó le haon chuid díobh nó le haon ní a rinneadh nó a bhí le déanamh iontu agus a mhéid nach mbeidh sé ar neamhréir leis an Acht seo, de bheith i bhfeidhm agus beidh éifeacht leis, ar an tosach feidhme sin agus dá éis, ionann is dá mba rún é a rith, ordú a rinne nó fógra a sheirbheáil an Bardas ar an dáta a rith, a rinne nó a sheirbheáil an Chomhairle Contae é iarbhír agus ionann is dá mbeadh na limistéir bhreise ar áireamh sa Chathair ar an dáta sin.
(b) (i) Aon ní a rinne an Chomhairle Contae nó a rinneadh uirthi nó i ndáil léi nó ar glacadh leis de bhua aon achtacháin go ndearna an Chomhairle Contae é nó go ndearnadh é uirthi nó i ndáil léi, roimh thosach feidhme alt 10 den Acht seo i ndáil leis na limistéir bhreise, le linn don Chomhairle Contae aon cheann dá cumhachtaí, dá feidhmeanna nó dá dualgais a fheidhmiú nó a chomhlíonadh glacfar leis, a mhéid nach mbeidh sé ar neamhréir leis an Acht seo, mar ní a rinne an Bardas nó a rinneadh ar an mBardas nó i ndáil leis.
(ii) Aon tagairt don Chomhairle Contae in aon doiciméad dá dtagraítear i mír (3) den Airteagal seo forléireofar í, a mhéid nach mbeidh sí ar neamhréir leis an Acht seo, mar thagairt don Bhardas.
(3) San Airteagal seo folaíonn “ní” an méid seo a leanas—
(a) aon chomhaontú i scríbhinn nó aon ionstraim eile i scríbhinn nó aon chinneadh nó dearbhú a rinne an Bardas nó an Chomhairle Contae nó a rinneadh thar a gceann nó a nglactar leis go ndearna an Bardas nó an Chomhairle Contae iad nó go ndearnadh thar a gceann iad,
(b) aon treoir a thug an Bardas nó an Chomhairle Contae nó a tugadh dóibh nó a nglactar léi mar threoir a thug an Bardas nó an Chomhairle Contae nó a tugadh dóibh,
(c) aon cheadúnas, cead, toiliú, ceadú, díolúine nó maolú a dheonaigh nó a thug an Bardas nó an Chomhairle Contae nó a deonaíodh nó a tugadh dóibh nó a nglactar leis gur dheonaigh nó gur thug an Bardas nó an Chomhairle Contae iad nó gur deonaíodh nó gur tugadh dóibh iad,
(d) aon iarratas, togra nó agóid a rinne an Bardas nó an Chomhairle Contae nó a rinneadh chucu, nó a nglactar leis go ndearna an Bardas nó an Chomhairle Contae iad nó go ndearnadh chucu iad,
(e) aon choinníoll nó ceanglas a d'fhorchuir an Bardas nó an Chomhairle Contae nó a forchuireadh orthu, nó a nglactar leis gur fhorchuir an Bardas nó an Chomhairle Contae iad nó gur forchuireadh orthu iad.
5. Ar thosach feidhme alt 10 den Acht seo agus dá éis—
(a) measfar an oiread sin de chlár na dtoghthóirí a bhí, díreach roimh an tosach feidhme sin, i bhfeidhm don Chathair maidir leis na limistéir eisiata, a bheith ina chuid de chlár na dtoghthóirí a bheidh i bhfeidhm don Chontae agus taispeánfar é ar leithligh i cibé slí a ordóidh an tAire; agus
(b) measfar an oiread sin de chlár na dtoghthóirí a bhí, díreach roimh an tosach feidhme sin, i bhfeidhm don Chontae maidir leis na limistéir bhreise, a bheith ina chuid de chlár na dtoghthóirí a bheidh i bhfeidhm don Chathair agus taispeánfar é ar leithligh i cibé slí a ordóidh an tAire.
6. (1) I gcás go dtarlóidh, díreach roimh thosach feidhme alt 10 den Acht seo, go mbeidh ceantar vótaíochta go páirteach sna limistéir eisiata, déanfaidh Rúnaí Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath, i gcás an chuid den cheantar vótaíochta atá suite amhlaidh, agus Bainisteoir Cathrach agus Cléireach Baile Bhaile Átha Cliath, i gcás an chuid den cheantar vótaíochta sin atá an tráth sin lasmuigh de na limistéir eisiata—
(a) an chuid sin nó codanna di a chur le haon cheantar nó ceantair vótaíochta atá tadhlach léi, nó
(b) ceantar vótaíochta a dhéanamh di agus áit vótaíochta a cheapadh di.
(2) I gcás go dtarlóidh, díreach roimh thosach feidhme alt 10 den Acht seo, go mbeidh ceantar vótaíochta go páirteach sna limistéir bhreise, déanfaidh Bainisteoir Cathrach agus Cléireach Baile Bhaile Átha Cliath, i gcás an chuid den cheantar vótaíochta atá suite amhlaidh, agus Rúnaí Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath, i gcás an chuid den cheantar vótaíochta atá an tráth sin lasmuigh de na limistéir bhreise—
(a) an chuid sin nó codanna di a chur le haon cheantar nó ceantair vótaíochta atá tadhlach léi, nó
(b) ceantar vótaíochta a dhéanamh di agus áit vótaíochta a cheapadh di.
(3) Aon chomhshocraíocht a dhéanfar de bhun an Airteagail seo beidh éifeacht léi go dtí go dtiocfaidh an chéad scéim, a dhéanfar tar éis thosach feidhme alt 10 den Acht seo, faoi alt 22 den Acht Toghcháin, 1963, i ndáil leis an gCathair nó leis an gContae, de réir mar a bheidh, i ngníomh agus ní bheidh éifeacht léi dá éis sin.
(4) San Airteagal seo—
(a) folaíonn tagairt do Bhainisteoir Cathrach agus Cléireach Baile Bhaile Átha Cliath tagairt do dhuine a chuí-cheapfar mar ionadaí don bhainisteoir sin nó chun gníomhú in áit an bhainisteora sin le linn dó bheith as láthair nó éagumasaithe nó le linn folúntais ina oifig, agus
(b) folaíonn tagairt do Rúnaí Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath tagairt do dhuine a chuí-cheapfar mar ionadaí don rúnaí sin nó chun gníomhú in áit an rúnaí sin.
7. (1) Gach Acht áitiúil a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme alt 10 den Acht seo sa Chathair nó i ndáil léi, beidh réim aige sna limistéir bhreise agus, ar an tosach feidhme sin agus dá éis, forléireofar é agus beidh éifeacht leis fara cibé modhnuithe is gá chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an Achta seo.
(2) Gach Acht áitiúil a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme alt 10 den Acht seo sa Chontae nó i ndáil leis, beidh réim aige sna limistéir eisiata agus, ar an tosach feidhme sin agus dá éis, forléireofar é agus beidh éifeacht leis fara cibé modhnuithe is gá chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an Achta seo.
8. (1) I gcás an phlean forbartha don Chathair amhail mar a bhí sé díreach roimh thosach feidhme alt 10 den Acht seo, leanfaidh sé, sa mhéid go raibh, díreach roimh an tosach feidhme sin, éifeacht leis maidir leis na limistéir eisiata, den éifeacht sin a bheith leis, ar an tosach feidhme sin agus dá éis, go dtí go ndéanfaidh an Chomhairle Contae plean forbartha nua nó go ndéanfaidh an Chomhairle Contae, maidir leis na limistéir sin, athrú ar an bplean forbartha don Chontae.
(2) I gcás an phlean forbartha don Chontae amhail mar a bhí sé díreach roimh thosach feidhme alt 10 den Acht seo, leanfaidh sé, sa mhéid go raibh, díreach roimh an tosach feidhme sin, éifeacht leis maidir leis na limistéir bhreise, den éifeacht sin a bheith leis, ar an tosach feidhme sin agus dá éis, go dtí go ndéanfaidh an Bardas plean forbartha nua nó go ndéanfaidh an Bardas, maidir leis na limistéir sin, athrú ar an bplean forbartha don Chathair.
(3) San Airteagal seo ciallaíonn “plean forbartha” plean forbartha de réir bhrí na nAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1983.
9. Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní a dhéanann difear d'aon Ordú Rialaithe Fostaíochta a rinne an Chúirt Oibreachais faoi fhorálacha na nAchtanna Caidrimh Thionscail, 1946 go 1976.
10. Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní a dhéanann difear d'aon ordú a rinne an tAire Tionscail, Trádála, Tráchtála agus Turasóireachta faoi Acht na Siopaí (Uaire Trádála), 1938.
11. (1) Baineann an tAirteagal seo le hoidhreachtáin sna limistéir eisiata ar measúnaíodh an ráta bardasach orthu nó a raibh an ráta bardasach inmheasúnaithe orthu, don bhliain airgeadais áitiúil 1985.
(2) Chun críche an ráta contae a mheasúnú agus a thobhach ar oidhreachtán lena mbaineann an tAirteagal seo, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas gach bliain de na chéad deich mbliana airgeadais áitiúla tar éis 1985:
(a) i gcás arb ionann luacháil an oidhreachtáin agus an luacháil chaighdeánach nó ar lú ná sin í, laghdófar an luacháil go dtí an chionmhaireacht, a shonraítear sa Tábla a ghabhann leis an Airteagal seo don bhliain áirithe, den luacháil ar a mbeadh an ráta contae le measúnú mura mbeadh sin, agus
(b) i gcás ar mó luacháil an oidhreachtáin ná an luacháil chaighdeánach, laghdófar an méid den luacháil is ionann agus an luacháil chaighdeánach go dtí an chionmhaireacht, a shonraítear sa Tábla a ghabhann leis an Airteagal seo don bhliain áirithe, den luacháil ar a mbeadh an ráta contae le measúnú mura mbeadh sin.
(3) San Airteagal seo—
ciallaíonn “luacháil” an luacháil faoi na hAchtanna Luachála;
ciallaíonn “an luacháil chaighdeánach” i ndáil le hoidhreachtán lena mbaineann an tAirteagal seo, luacháil an oidhreachtáin sin mar atá sa liosta luachála athbhreithnithe a fuair an Bardas ón gCoimisinéir Luachála don bhliain airgeadais áitiúil 1985.
AN TÁBLA | |
Teorainneacha leis an Ráta Contae | |
Na chéad deich mbliana ina mbeidh an tAcht seo i bhfeidhm tar éis 1985 | An Chionmhaireacht den Luacháil (arna léiriú i gcéaduithe) |
1986 | 81 |
1987 | 83 |
1988 | 85 |
1989 | 87 |
1990 | 89 |
1991 | 91 |
1992 | 93 |
1993 | 95 |
1994 | 97 |
1995 | 99 |
12. (1) Na rátaí go léir agus na muirir eile a bhí, díreach roimh thosach feidhme alt 10 den Acht seo, dlite don Bhardas nó don Chomhairle Contae agus iníoctha leo, nó a bhí ag faibhriú chun a ndlite i leith na bliana airgeadais áitiúla 1985, nó aon bhliain airgeadais áitiúil roimhe sin, cibé acu i leith oidhreachtáin sna limistéir eisiata nó sna limistéir bhreise, nó ar shlí eile, leanfaidh siad, ar an tosach feidhme sin agus dá éis, de bheith dlite agus iníoctha agus ag faibhriú chun a ndlite amhail is dá mba nár achtaíodh alt 10 den Acht seo agus féadfar iad a bhailiú agus a ghnóthú dá réir sin.
(2) Más rud é, ar thosach feidhme alt 10 den Acht seo nach mbeidh an ráta bardasach do 1985 déanta ag an mBardas ná an ráta contae do 1985 déanta ag an gComhairle Contae, déanfaidh an Bardas, le linn dó an ráta bardasach do 1985 a dhéanamh, an ráta i leith oidhreachtán sna limistéir eisiata agus déanfaidh an Chomhairle Contae, le linn di an ráta contae do 1985 a dhéanamh, an ráta i leith oidhreachtán sna limistéir bhreise agus féadfaidh an Bardas nó an Chomhairle Contae, de réir mar is iomchuí, nó féadfar thar a gceann, aon ráta a bheidh déanta amhlaidh a bhailiú agus a ghnóthú, amhail is dá mba nár achtaíodh alt 10 den Acht seo.
AN TRÍÚ SCEIDEAL
Teorainneacha Toghchontaetha Bunaithe
CUID I
Léiriú
1. Sa Sceideal seo—
(a) forléireofar tagairt don Chontae nó don Chathair mar thagairt don Chontae nó don Chathair mar a bheidh díreach tar éis thosach feidhme alt 10 den Acht seo agus forléireofar tagairt do theorainn an Chontae nó na Cathrach mar thagairt do theorainn den sórt sin mar a bheidh díreach tar éis thosach feidhme an ailt sin 10,
(b) déanfar tagairt do líne shamhailteach arna tarraingt feadh aon bhóthair, ascaille, lána, cúirte, páirce, abhann nó fo-abhann a fhorléiriú mar thagairt do líne den sórt sin arna tarraingt feadh lár an bhóthair, na hascaille, an lána, na cúirte, na páirce, na habhann nó na fo-abhann sin,
(c) déanfar tagairt don phointe mar a dtrasnaíonn aon bhóthar, ascaill, lána, cúirt, páirc, abhainn, fo-abhainn nó samhailfhadú, aon bhóthar, ascaill, lána, cúirt, páirc, abhainn, fo-abhainn nó samhailfhadú eile, nó don phointe mar a mbuaileann siad le chéile, a fhorléiriú mar thagairt don phointe mar a ndéanfaí líne, arna tarraingt feadh lár ceann díobh nó, i gcás samhailfhadú, feadh ceann díobh, a thrasnú ag líne arna tarraingt feadh lár an chinn eile nó, i gcás samhailfhadu, feadh an chinn eile, nó don phointe mar a mbuaileann siad le chéile,
(d) déanfar tagairt don phointe mar a dtrasnaíonn aon bhóthar, ascaill, lána, cúirt, páirc, abhainn, fo-abhainn nó samhailfhadú aon teorainn, nó don phointe mar a mbuaileann siad leis an teorainn sin, a fhorléiriú mar thagairt don phointe mar a ndéanfadh líne arna tarraingt feadh lár an bhóthair, na hascaille, an lána, na cúirte, na páirce, na habhann nó na fo-abhann sin nó i gcás samhailfhadú, feadh an fhadaithe, an teorainn sin a thrasnú nó don phointe mar a mbuailfeadh an líne sin leis an teorainn sin.
CUID II
Teorainneacha
2. (1) Teorainn Thoghchontae Bhaile Átha Cliath — Fine Gall
An chuid sin den Chontae a bhfuil gach áit inti ó thuaidh ó líne shamhailteach arna tarraingt mar a leanas:
Ag tosú ag an bpointe mar a dtrasnaíonn an Life teorainn Chontae Chill Dara ag Léim an Bhradáin agus as sin, ag leanúint soir ó thuaidh i dtosach, feadh na Life go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sí an samhailfhadú díreach ó Dheas ó theorainn thiar chúirtealáiste Uimh. 20 Radharc na Cora, Leamhcán; as sin ó thuaidh feadh an tsamhailfhadaithe sin agus na teorann sin go dtí a hacomhal le teorainn chúil an chúirtealáiste sin; as sin soir ó thuaidh feadh na teorann cúil sin agus feadh theorainn chúil chúirtealáistí thithe Uimh. 19 go 1 Radharc na Cora go dtí a hacomhal le teorainn thoir chúirtealáiste Uimh. 1 Radharc na Cora; as sin ó dheas feadh na teorann thoir sin agus a samhailfhadaithe díreach ó Dheas go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sí Bóthar Leamhcáin Íochtarach; as sin soir ó thuaidh feadh Bhóthar Leamhcáin Íochtarach go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sí teorainn thuaidh bhaile fearainn Láithreach Con; as sin soir ó dheas feadh na teorann is deireanaí a luadh go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sí an Life; agus ag leanúint ar deireadh, soir ó thuaidh i dtosach, feadh na Life go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sí teorainn na Cathrach.
(2) Teorainn Thoghchontae Bhaile Átha Cliath — Béalgard
An chuid sin den Chontae nach bhfuil i dToghchontae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin ná i dToghchontae Bhaile Átha Cliath — Fine Gall.
(3) Teorainn Thoghchontae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin
An chuid sin den Chontae a bhfuil gach áit inti soir ó líne shamhailteach arna tarraingt mar a leanas:
Ag tosú ag an bpointe mar a dtrasnaíonn teorainn na Cathrach samhailfhadú soir ó thuaidh theorainn thiar chúirtealáiste Choláiste Diagachta Eaglais na hÉireann agus ag leanúint as sin siar ó dheas feadh an tsamhailfhadaithe sin, feadh theorainn sin an Choláiste sin agus feadh shamhailfhadú siar ó dheas na teorann sin go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sí Bóthar Pháirc na Dothra; as sin siar ó thuaidh feadh Bhóthar Pháirc na Dothra go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sí samhailfhadú ó thuaidh theorainn thiar chúirtealáiste Uimh. 1 Céide Shleas na Coille; as sin ó dheas feadh an tsamhailfhadaithe is deireanaí a luadh agus na teorann is deireanaí a luadh go dtí a hacomhal le fo-abhainn gan ainm den Dothra; as sin ag tosú siar ó dheas i dtosach, feadh na fo-abhann gan ainm sin go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sí teorainn thiar Ghalfchúrsa an Chaisleáin; as sin, siar ó dheas i dtosach, feadh na teorann is deireanaí a luadh agus a samhailfhadaithe ó dheas go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sí Ascaill Gharrán na gCnó; as sin soir ó dheas feadh Ascal Gharrán na gCnó go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sí samhailfhadú soir ó thuaidh theorainn thiar chúirtealáiste Uimh. 54 Ascaill Gharrán na gCnó; as sin siar ó dheas feadh an tsamhailfhadaithe is deireanaí a luadh agus na teorann is deireanaí a luadh go dtí a hacomhal le teorainn thuaidh chúirtealáiste Scoileanna Bantiarna Loreto Náisiúnta; as sin siar ó thuaidh feadh na teorann is deireanaí a luadh go dtí a hacomhal le teorainn thiar an chúirtealáiste is deireanaí a luadh; as sin siar ó dheas feadh na teorainn is deireanaí a luadh go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le teorainn na Cathrach (mar a mhínítear sin sa Sceideal a ghabhann le hOrdú Sealadach Chathair Bhaile Átha Cliath (Tórainn a Leathnú), 1953, arna dhaingniú le hAcht Daingnithe Orduithe Shealadaigh Rialtais Áitiúil, 1953 (Uimh. 1 (Príobháideach) de 1953)); as sin, soir ó dheas i dtosach feadh na teorann is deireanaí a luadh go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sí an teorainn idir Uimhreacha 77 agus 79 Rae Loreto; as sin soir feadh na teorann is deireanaí a luadh agus a samhailfhadaithe soir go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sí an Deargail Bheag; as sin ó dheas feadh na Deargaile Bige go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sí samhailfhadú soir theorainn thuaidh chúirtealáiste Uimh. 103 Ascaill Mharlaí; as sin siar feadh an tsamhailfhadaithe is deireanaí a luadh agus na teorann is deireanaí a luadh go dtí a hacomhal le teorainn chúil an chúirtealáiste is deireanaí a luadh; as sin, ó dheas i dtosach feadh na teorann cúil sin agus theorainn chúil chúirtealáiste na dtithe ar an taobh thiar d'Ascaill Mharlaí go dtí a hacomhal le teorainn theas chúirtealáiste Uimh. 49 Ascaill Mharlaí; as sin ag leanúint ó dheas feadh líne dhíreach shamhailteach arna tarraingt ó chúinne thiar theas chúirtealáiste Uimh. 49 Ascaill Mharlaí go dtí cúinne thiar thuaidh chúirtealáiste Uimh. 47 Ascaill Mharlaí; as sin ag leanúint ó dheas feadh theorainn chúil chúirtealáiste na dtithe ar an taobh thiar d'Ascaill Mharlaí go dtí a hacomhal le teorainn theas chúirtealáiste Uimh. 1 Ascaill Mharlaí; as sin ag leanúint ó dheas feadh líne dhíreach shamhailteach arna tarraingt ó chúinne thiar theas chúirtealáiste Uimh. 1 Ascaill Mharlaí go dtí cúinne thiar thuaidh chúirtealáiste Uimh. 15B Cúirt na Gráinsí; as sin ag leanúint ó dheas feadh theorainn chúil chúirtealáiste na dtithe ar an taobh thiar de Chúirt na Gráinsí agus feadh a samhailfhadaithe díreach ó Dheas go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sí Bóthar na Gráinsí; as sin soir ó dheas feadh Bhóthar na Gráinsí go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sí samhailfhadú soir ó thuaidh theorainn thiar Pháirc Mharlaí; as sin siar ó dheas i dtosach, feadh an tsamhailfhadaithe agus na teorann sin go dtí a hacomhal le teorainn thoir Ghalfchlub na Gráinsí; as sin ó dheas feadh na teorann idir an galfchlub sin agus Páirc Mharlaí agus feadh a samhailfhadaithe díreach ó Dheas go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sí Bóthar an Choláiste; as sin siar feadh Bhóthar an Choláiste go dtí a hacomhal le Bóthar Theach Breatan; as sin siar ó dheas feadh Bhóthar Theach Breatan go dtí a hacomhal is faide siar le Lána na gCaorach; as sin siar feadh Lána na gCaorach go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sí an teorainn idir bailte fearainn na Cruaiche agus Theach Breatan; as sin, ó dheas i dtosach, feadh na teorann is deireanaí a luadh go dtí a hacomhal leis an teorainn idir bailte fearainn na Cruaiche agus Ghleann Dubh; agus ar deireadh ag leanúint, siar ó dheas i dtosach, feadh na teorann is deireanaí a luadh go dtí a hacomhal le teorainn Chontae Chill Mhantáin.
AN CEATHRÚ SCEIDEAL
Limistéir a bhaintear de Cheantar Sláinte Contae na Gaillimhe agus a chuirtear le Buirg na Gaillimhe de bhua alt 19 (1)
CUID I
Léiriú
Sa Sceideal seo déanfar tagairt do bhaile fearainn a raibh cuid de ar áireamh i mBuirg na Gaillimhe, mar a bhí sí roimh thosach feidhme alt 19 (1) den Acht seo, a fhorléiriú mar thagairt don chuid den bhaile fearainn sin amháin nach raibh ar áireamh amhlaidh roimh an tosach feidhme sin.
CUID II
Tuairisc Limistéir
An limistéar atá ina chuid de Cheantar Sláinte Contae na Gaillimhe agus ina n-áirítear na bailte fearainn, Cúil Each, Cora Ghrian agus Dabhach Uisce i dtoghroinn ceantair Bhaile an Teampaill; baile fearainn Bhaile an Dúlaigh i dtoghroinn ceantair Cheathrú an Bhrúnaigh; na bailte fearainn, an Baile Bán Beag, an Baile Bán Mór, Baile an Bhriotaigh, an Caisleán Gearr, Cúil Each, Gleann na Néal, Mionlach, Páirc Merlin, Muirbheach, an Pháirc Mhór, Ráth Uillinn, Ros Cam, an Bealach, Barr na Crannaí, Páirc na Sceach, an Daingean Íochtair, Leitreach agus Rathún i dtoghroinn ceantair na Gaillimhe (Tuath); agus na bailte fearainn, Baile na mBúrcach, Baile an Mhóinín Thoir, Baile an Mhóinín Thiar, Baile na hAbhann Thoir, Bearna, an Cheapach, Cluain na nGabhar, an Claí Bán, an Caorán, an Coimín Mór, an Léana Bodhar, Mionchluain, an Seanbhaile Dubh, Seanghort, na hAcraí, Doire Lonaí, Gort na Leice, Cnoc na Cathrach, Poll na Ruama Thiar agus an Roisín i dtoghroinn ceantair Bhearna.
AN CÚIGIÚ SCEIDEAL
Rialacha a bhaineann le ceapacháin ag údaráis áitiúla chun coistí áirithe agus chun comhlachtaí eile
CUID I
Rialacha maidir le Ceapacháin a Dhéanamh chun Coistí Talmhaíochta
1. Na daoine a mbeidh feidhm maidir lena gceapacháin ag Riail 2 (2) de Rialacha 1931 ceapfar iad sula gceapfar aon daoine eile mar chomhaltaí ar an gcoiste lena mbaineann.
2. I gcás ceanglais Riail 1 den Sceideal seo a bheith comhlíonta déanfar ina dhiaidh sin cibé ceapacháin (más ann) a bheidh riachtanach an tráth sin chun ceanglais Riail 4 de Rialacha 1931 a chomhlíonadh agus is trí vótáil tromlaigh a dhéanfar gach ceapachán den sórt sin.
3. I gcás ceanglais Rialacha 1 agus 2 den Sceideal seo a bheith comhlíonta déanfar ina dhiaidh sin na ceapacháin a bheidh le déanamh an tráth sin chun ceanglais Rialacha 1931 a chomhlíonadh agus is de réir na Rialacha atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal seo a dhéanfar amhlaidh gach ceapachán den sórt sin.
CUID II
Rialacha maidir le Ceapacháin a dhéanamh chun Coistí agus Comhlachtaí eile a luaitear in alt 27 (2) nó a shonrófar in ordú faoin alt sin.
4. Más rud é go mbeidh duine amháin, agus nach mbeidh ach duine amháin, le ceapadh ag údarás áitiúil chun coiste talmhaíochta, nó chun coiste nó comhlachta eile a luaitear in alt 27 (2) den Acht seo, nó a shonrófar in ordú faoin alt sin, ceapfar é, trí thromlach vótaí de chomhaltaí an údaráis áitiúil a bheidh i láthair ag an gcruinniú den údarás an tráth a shroichfear gnó déanta an cheapacháin.
5. Más rud é go mbeidh beirt nó níos mó le ceapadh ag údarás áitiúil chun coiste talmhaíochta nó chun coiste nó comhlachta eile a luaitear in alt 27 (2) den Acht seo, nó a shonrófar in ordú faoin alt sin, ceapfar iad de réir na bhforálacha seo a leanas:
(a) féadfaidh aon ghrúpa comhaltaí de chuid an údaráis áitiúil, ina mbeidh an líon comhaltaí is gá chun críocha na Rialacha seo, duine a ainmniú chun bheith ina chomhalta den choiste nó den chomhlacht eile agus ceapfar an duine amhlaidh ar an ainmniúchán sin gan aon vótáil; agus
(b) na comhaltaí den choiste nó den chomhlacht eile a bheidh fágtha lena gceapadh dá éis sin, ceapfar iad go leanúnach trí thromlach vótaí de chomhaltaí an údaráis áitiúil nach comhaltaí d'aon ghrúpa dá dtagraítear i mír (a).
6. (a) Faoi réir mhír (b) den Riail seo, déanfar an líon comhaltaí de chuid údaráis áitiúil is gá chun grúpa a chruthú chun críocha na Rialacha seo, a fháil trí líon iomlán na gcomhaltaí sin a bheidh i láthair ag cruinniú an údaráis an tráth a shroichfear gnó déanta na gceapachán ábhartha lena mbaineann an Sceideal seo a roinnt ar an líon ceapachán a bheidh le déanamh amhlaidh, nó, i gcás nach slánuimhir an uimhir a gheofar amhlaidh, an chéad slánuimhir eile os cionn na huimhreach a gheofar amhlaidh.
(b) Ní bheidh aon chomhalta de chuid údaráis áitiúil ina chomhalta de bhreis is aon ghrúpa amháin chun críocha na Rialacha seo.
7. Sa Sceideal seo ciallaíonn “Rialacha 1931” na Rialacha atá sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Talmhaíochta, 1931.